1.
foithnín; seamaide.
+–
Níor fhan dlaoi ghruaige ar a cloigeann nár thit
Níor fhága siad dlaoi uirthi thoir ann. Thug siad lomadh na caorach di. Cén bhrí ach go sílfeá go raibh sí siúd chomh galánta agus nach dtabharfadh sí míol ná aicíd léithe ina crioslaigh …
TUILLEADH (2) ▼
Dlaoi de ghruaig a máthar atá sa ruidín beag sin atá faoina muineál. Is ceart dlaoi de ghruaig t'athar nó do mháthar a choinneáil. Ní fhéadfaidh tú tada eile a choinneáil
Níl dlaoi ar a mullach nach bhfuil faoi shneá
+–
Níl dlaoi fhéir ar bith ar na cnocáin nach bhfuil spalptha leis an triomach. An ghionnóid féin níl ann
Is diabhlaí pointeáilte an fear é. Más é an coca tuí fhéin é, ní fhágfaidh sé dlaoi ná dlaíóig ar sliobarna leis. Chonaic mé thuas é ag scrathadh portaigh an lá faoi dheireadh. Nuair a bheadh píosa scraite aige i gcónaí, ghabhfadh sé ar ais go mbainfeadh sé lorgachaí a chos as an mbinse!
TUILLEADH (4) ▼
Ní fheicfeá dlaoi fhéin bhroimfhéir sna fataí i mbliana, ní ag tabhairt gutha air é! Meas tú cén fáth! Nó an é an sneachta a ghiorródh leis
Is diabhlaí an loscadh sléibhe é sin a bhí ar chuid T. an oíche cheana. Ní bheidh dlaoi fhraoigh i mbliana ann
Foighid ort! Tá dlaoitheachaí féir ar do sheaicéad. Cá raibh tú do t'únfairt féin?
Cuir an racán ar an gcoca sin agus bain na dlaoitheachaí sin dó. Tá sé cuileach ar fad. Is gránna an rud a fhágáil mar sin
+–
Tá an rópa sin uilig ag sceitheadh. An bhfeiceann tú na dlaoitheannaí ag teacht dhe?
Faigh dlaoi ruainne agus fáisc air sin é. Coinneoidh sin é
TUILLEADH (3) ▼
Ní bheadh dlaoithín ar bith agat a dhéanfadh glinne. Is gearr go dté mé ag iascach
Sin fíonnach bó — an dlaoi sin. Is furasta a aithinte é
An bhfuil a fhios agat céard é sin? Sin dlaoi oakum. Is mór dhe a spíon mé sa bpríosún
2.
sláimín gruaige, lín, barraigh, féir srl.
·
"Bheidís dhá bhualadh ar an talamh ina dhlaoitheachaí nó go ndéanfaidís a lagachan le tuairgín lín — na dornáin scaoilte istigh acu ar an urlár. Nuair a bheadh sé lagtha, thugaidís leo é agus d'fhaighidís cathaoir agus leagaidís ó dhlaoi go dlaoi ar shlinneán na cathaoireach é, agus iad dhá bhualadh le slis scuitseála agus sceamh ar chaon taobh di mar a bheadh bois maide rámha. Bhaineadh an scuitseáil an síol agus eile as" (giota as cuntas faoin líon a fuair mé ó m'athair)
·
Tá a gruaig ina dlaoitheannaí móra fada caite thrína chéile
Sraoill cheart í sin. Má théann tú isteach chuici lá ar bith — Domhnach is dálach is aon chás amháin é — ní bhíonn a dhath cíoradh ar a gruaig aici, ach í ina dlaoitheachaí móra gránna anuas ina súile. Tointe fada na hóinsí, adeir siad
+–
D'fheicfeá ag fás ina dhlaoitheannaí ar na clocha thíos sa gcladach é
Ná bac le tuí chuileach! Níl dlaoi den méid tuí a chuir sé ar an teach nach bhfuil cuileach as éadan
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbáití istigh sa teach é, dheamhan dlaoi tuí a chuireas mise dhó. Ba chomaoin dom go deimhin!
·
Tá mé go dtí an dlaoi mhullaigh leis an stráca seo. Dhá mbeadh cupla dual agus baibín agam inti, ní dhéanfainn níos mó inniu — an tuí is airde a bhíos ar an teach, os cionn an mhaide mullaigh
Tabharfaidh mé liom go dlaoi mhullaigh anois an stráca seo ó thosaigh mé chor ar bith air. Is measa an chíor ná an teach féin
3.
fogha amháin de chorrán ag baint arbhair.
+–
Bhain mé dlaoi choirce agus chaith mé thar claí chuici é, ach ní thabharfadh sí bolg dhó — an oiread is a bhainfeá d'aon fhogha amháin le corrán
Leagann sé na dlaoitheachaí thart ar sraith gan a nglanadh chor ar bith
TUILLEADH (6) ▼
Cuir dlaoi eile ann. Má tá tú dhá leagan ina dhornáin, níl cion dornáin sa méid sin
Is áibhéil an dlaoi corráin atá aige. Diabhal mé go bhfuil dornán i chuile dhlaoi
Pioc an sop as an dlaoi sin. Is maith an buanaí thú! Ní féidir go bhfuil tú dhá leagan thart mar sin ar feadh an lae. Má tá muis, níl ann ach athobair. 'Sé a théifeas má tá mórán de shop an tséaláin sin ann
Is furasta coirce a bhaint a fhearacht seisean. Ní bheadh ar dhuine ach an dlaoi a leagan thairis gan glanadh ná piocadh ar bith. Ghabhfainn féin poll maith isteach i ngarraí coirce lá ar an gcaoi sin
Seo é atá agat a dhéanamh nuair a bhainfeas tú an dlaoi. Breathnaigh ormsa. Beir ar a cheann mar sin, agus scag amach a bhun, agus lig don tsop titim as. Croith go maith é mar sin, ach coinnigh greim maith ar a cheann. Níl mórán call glanta dhó má ghníonn tú sin leis
Ní bheadh gar ar bith dhuit a dhul ar do dhearnachaí ansiúd mar chaithfeá éirí in do ghamal le chuile dhlaoi, tá an eorna siúd chomh salach sin
4.
an ribe nó an fíonnach ar náire mná.
+–
Scoilt sé an dlaoi aici — scoilt sé an dallán aici ; scoilt sé a ribe; an rud a dtugtar an maiden hair air a bhriseadh; ach deirtear é le comhriachtain ar bith le bean go minic
Scoilt sé an dlaoi aici lena chleith chábáin
TUILLEADH (1) ▼
Tá an dlaoi scoilte go maith aici faoi seo ar aon chor
dlaoi in iontrálacha eile (1)
→
dlaoinín
(Rópa dlaoiníní — rópa tuí cáiteach) "Rópa a dhlaoithfeá de bhroibh. Na broibh a fháil suas ansin sna barra. Broibh mhóra láidre: fiógaí. A dtarraingt as an bhfréimh. A gcrochadh suas ar phionna nó ar an gcnagadán cupla lá nó go dtriomaídís. Ní mórán triomach a d'iarrfaidís. Iad a shnoíchan ansin: a ndlaoithiú. Bhéarfá ar an dlaoinín le t'fhiacail. 'Sé an dlaoinín an craiceann atá taobh amuigh ar an mbrobh. B'fhearr t'fhiacail ná t'ionga leis an dlaoinín a tharraingt anuas de na broibh. Mura mbeirteá mar sin air, dhéanfadh an rud bog atá istigh sa bhfióig mionbhas. Níl maith ar bith leis an rud bog sin ach a chaitheamh uait. De na dlaoiníní a dhéanfá an rópa. Le corrán nó le corrshúgáin a dhéanfá é. Dhá mbeadh fear maith dhá dhéanamh, bheadh sé chomh maith le rópa ruainne — rópa rua. Trí duail a chur ann. Chuirfeá ar chocaí féir é. Nuair a chuirfeá ar chocaí é, ní iarrfá é a fhíochan chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú; agus ar chruacha coirce freisin. Chuirfeá ar mhuic é ag dul ar an aonach agus ar ghadrachaí maoil asail ag tarraingt mallaigh feamainne. Dhéanfadh fear maith an-chaol é, agus bheadh sé go maith ina dhiaidh sin. Dhá mbeifeá ag déanamh rópa muc dhó (dhe), chaithfeá trí rópa a dhéanamh agus na trí rópa a fhíochan suas ina chéile: trí duail … Slata: nuair a bheadh slata bliain istigh chaithfidís a mbáthadh lena mbogadh, má ba leat cléibh, scoilb nó eile a dhéanamh dhíobh. Bheidís mí ar bogadh i gclaise shula n-oibrítí iad. Bhruithfeá slata le aghaidh cléibhín ime. A ndlaoithiú ansin, agus dhéanfadh na dlaoiníní rópa, ach ní bheadh sé chomh maith leis an rópa dlaoinín broibh. D'fheicfeá mná ag cur dlaoiníní na mbroibh nó na slat i gcluasa an tuirne (dlaoinín nó fiataíl an dá rópa is fhearr) mar is ann istigh a bhíos an fearsaid, agus an tsreang ag imeacht ar an bhfearsaid … Solas: dhlaoithfidís anuas na fiógaí agus d'fhágaidís stríoc bheag den dlaoinín ar an mbrobh, i gcruth is nach dtitfeadh a mbeadh istigh ann amach ina mhionbhas. Chuiridís bealadh ansin orthu: ola faoitín nó ola ronnaigh, agus a leá ar cham agus a dtumadh ann. Mura bhfágthá dlaoi bheag síos ar fhad an dlaoinín, leáfadh a mbeadh istigh ann. Bhíodh faoitíní agus ronnaigh ina snáth mura anseo an uair sin. Na haobha a leá ar an tine, agus nuair a bheadh lochán agat, na broibh a thumadh uileag ann, nuair a bheidís dlaoite: an dlaoinín bainte dhíobh. A gcrochadh suas ar stálú sa simléar nó go mbeidís tirim … " (Sliocht as cuntas faoi rópaí, dlaoithiú agus eile ó Mháirtín Ó Cadhain, Cnocán Glas, Spidéal)