Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Déan suas
1.
suimiú.
+
Bhí sé ag déanamh suas an chunntais rómham
Déan suas na figiúirí sin go bhfeicidh tú cé mhéad atá len íoc agam.
TUILLEADH (3) ▼
Rinne sé suas ar pháipéar annsiúd, cé mhéad teach ins an bparáiste. Tá as cionn trí chéad ann
Ní raibh aon-rath orm ariamh ag déanamh suas ag an scoil. Chinn "sums" ariamh orm
'Ar ndú' má chinn air an méid sin a dhéanamh suas níl scoláireacht air bith air, ná cuid de scoláireacht
2.
cóirighthe, gléasta.
+
Tá sé an-déanta suas = gléasta; gléasta go gáibhtheach nó go gairéadach
Casadh fear dom ag dul suas bóithrín an C. D. indiu agus é an-déanta suas, faoi "chollar agus tie" agus eile. Nímé cé a bheadh ann?
TUILLEADH (13) ▼
Tá mac annsin thoir ag S. Mh. C. agus tá sé cho suimeamhail, cho déanta suas agus a bheadh máistir scoile ann. Ach 'ar ndú' mo léan b'fhurasta dhó an leithead a thabhairt ó'n a mháthair
Caitheann sí dhá uair dhá déanamh féin suas 'chuile mhaidin. Shílfeá gur inghin duine uasail í leis an ngléas a bhíos uirre. Diabhal a leithide de ghléas!
Chaill an déanamh suas siúd atá uirre pighinn mhaith agus a dhaoireacht agus atá éadach. Shílfeá go bhféadfadh sí a theacht le éadach ní ba tíreamhla ná é siúd. Is gearr uirre a bhfuil sí a shaothrú déarfainn
Beannacht Dé dhuit! Is mó an déanamh suas atá ar an scráibín ná ar an duine uasal anois. Chonnaic mise an saoghal agus níl sé an fhad sin chor ar bith ach oiread, agus ní leigfeadh an náire d'fhear na tíre seo "collar" a chur air fhéin mara mbeadh posta ar foghnamh aige. Ach feicim anois iad, agus dheamhan agus móide luach a mbéilí a bheadh aca, agus tá "collair" orra cho leitheadach leis an té a mbeadh rud aige
Tá an déanamh suas air ceart go leor. Shílfeá le breathnú mar sin air gur bó mhór é, ach níl de chur leis aige ach an ghaoth
Bíonn siad cho déanta suas le "ladies" Dé Domhnaigh, ach dhá bhfeictheá lá de'n tseachtain iad, ní fhaca tú i gcaitheamh do shaoghail ariamh aon-tsraoilleannaí go dtí iad. Chuirfidís uais ort. Ach déanann siad sin an oiread oibre agus a dhéanfadh triúr fear ar bith
Is furasta aithinte uirre gur Punncán í. 'Bhfeiceann tú a bhfuil de dhéanamh suas uirre. Nach mbainfeadh an feisteas sin an t-amharc as do shúil
Is cuma cé'n déanamh suas a chuireas an ceann céadna uirre féin, ní chuirfidh sin aon-tslacht uirre in a dheidh sin. Tá sí mí-shlachtar ó Dhia agus ó'n saoghal
Is maith an t-údar é do thalmhaidhe, fear ar bith a chaitheas leath an lae dhá dhéanamh féin suas agus dhá shlíocadh féin: Is beag an dochar dhó náire a bheith air, agus a gharrdha in a churásach annsiúd thuas.
Do dhuine gaedhealach mar é, diabhal mé go raibh sé an-déanta suas indiu, mara luadar pósta a bheadh air. Thiocfadh dhó gurb eadh freisin
Duine de chailleaichíní na Gaedhilge sin í. Ní bheadh aon-bhean tíre cho déanta suas sin. Ach dheamhan a fhios agam. Is measa mná na tíre anois ná mná an bhaile mhóir fhéin, go h-áirid ó tosuigheadh ag dul go Sasana
Tá rún siúbhlóide aige seo amach anocht agus an déanamh suas atá air. Feicim an aos óg anois cho gléasta trathnóna de'n tseachtain agus a bheidís Dé Domhnaigh
Cailín Domhnaigh í sin anois. Mara chéile an déanamh suas a bhíos uirre Domhnach agus dálach cho maith le chéile.
3.
+
Tá sé ag iarraidh déanamh suas le inghin Mh. anois = tá sé ag suirghe léithe, nó ag iarraidh mórtas a dhéanamh léithe
Is beag an néal air sin! Tá sé ag déanamh suas le C. seo thiar, ach ní le C. atá sé ag déanamh suas ach len a cuid airgid. Airigheann sé sparán teann aice
TUILLEADH (7) ▼
Nach bhfuil an cúpla sin déanta suas le chéile aríst. Má b'fhíor go raibh an brachán dóirtthe: troid na mbó maol a bhí ann sílim
Sin é an lá a ndearna sé lom dearg an mhíádha — ní dhá roint leis é — an lá a ndearna sé suas léithe sin. Ní fhágfaidh sí bonn bán air nach n-ólfaidh sí. Is gearr ar a scóig siúd a chuid céadta
Rinne siad suas le chéile aríst an t-am a bhfuair an mháthair bás. Go dtí sin, ní raibh siad ag beannú dhá chéile. Shílfeá go bhfuil siad ina dhá chuid déag le chéile anois aríst
Cá'id déanta suas í féin agus J. … Diabhal an féidir. Déanfaidh sí bún anois mar adeir an bádóir. Is fada í ag iarraidh duine eicínt a fhastú agus tá aice faoi dheireadh. Fanfaidh an liobaire sin mór léithe, mar chinn sé air féin aon-chailín a fháil
Ní dhéanfaidh mé suas leis aríst go n-imighidh an ball dubh de'n fheadóig. Marach cho túatach agus a rinne sé féin é, b'fhéidir dhom, ach fanfaidh mé glan air feasta
Tá sí i muinghín a croidhe agus a cruite ag iarraidh déanamh suas leis an bpóilí ruadh atá annsin thiar, agus gan é sin ach ag baint a ghaisneas aisti, agus ag magadh fúithe in a dhiaidh sin. Tá óinseoigíní ar an saoghal fós!
Ní stró duitse máistreás scoile a fháil, ach caithfidh mise déanamh suas le talmhaidhe eicínt a mbeidh dhá chráig mhóra gharbha uirre agus clár droma l'aghaidh an chléibhín!

Féach freisin

suas