Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dócha, dóigh, dóighide (dóighidí)
ainm-fhocal, aidiacht.
Fuaim — ní cloistear an a deireadh i "dócha" go h-iondamhail. "Dóigh" = dhá shiolla ann — dó-í, agus béim ar an gcéad siolla. Bíonn fuaim í fada indeireadh dóighide go h-iondamhail.
Tá an dá leagan ann "dócha", "dóigh", ach is coitianta "dóigh" ná "dócha"
1.
cosamhail; incheaptha; inmheasta; ag luighe le na tuara; a dtiocfadh dó a theacht chun críche, gan mórán stró; a bhfuil sé go mór ar a sheans a theacht chun críche.
a.
+
Is dóch' é muis. Sin é a cheapfainn
Ní dóch' go mbeadh. Ach is deacair a rádh
TUILLEADH (3) ▼
Is dóigh, cheapfainn é
Is dóigh go bhfuil sé cruadhógach leis an móin ar an aimsir seo
Is dóigh ó'n gcaoi a bhfuil sé, go bhfuil rud eicínt air
+
Is dóigh liom go ngabhfaidh sé ar cuairt anocht
Ba dóigh leat le breathnú uirre go mba inghean duine uasail í = shílfeá
TUILLEADH (2) ▼
Is dóigh liom ó'n lasadh atá ann go bhfuil braon ins an gcoirricín aige
Ba dóigh leat ó'n taghd a bhuail é, go mba leis féin an bóthar agus gan aon-bhaint aige dhó ach an oiread liomsa
·
Dair (dar) liom, is dóigh liom, agus sílim péin: triúr dearbhráthar atá ag an mbréig (sean-fhocal) = is iondamhail an uair a dheireas duine ceachtar de na trí rud sin go mbíonn luighe na bréige ar a chuid cainte
Ná bac le "is dóigh liom". Ar chuala tú ariamh é: dair liom, is dóigh liom agus sílim péin; sin triúr dearbhráthar atá ag an mbréig
+
Is dóigh uirre gur bean ar foghnamh í = tá sé len aithneachtáil uirre
Is dóigh air gur póilí é. Tá súil agus imeacht an phóilí aige
TUILLEADH (1) ▼
Is dóigh dó imeacht go goirid
+
Tá sé cho dóigh dó a bheith caillte len a bheith beo. Níor tháinic scéal ná scuan uaidh leis an tsíorruidheacht
Síleann tú nach dtiocfaidh sí anocht. Tá sé cho dóigh. Beidh siad ag tuineadh léithe ag iarraidh fanacht
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé cho dóigh céadna anois nach bpósfaidh sé le go bpósfaidh. Mara bhfaghaidh sé an phighinn deireadh de'n airgead isteach in a ghlaic, ní ghabhfaidh aon-bhrat pósta go deo air léithe
Tá sé cho dóigh céadna go ndéanfaidh sé an rud contráilte leis an rud ceart. Níl splanc aige
b.
+
Ní dóighide eisean dhá dhéanamh ná Seumas
Ní dóighide an Ghearmáin a bhualadh fós ná Sasana
TUILLEADH (6) ▼
Ní dóighide an lá indiu a bheith tirm ná fliuch
Measaim nach dóighide feamuinn dearg a bheith istigh ná gan a bheith
Ní dóighide an ceart a bheith agadsa ná agamsa
Níl mé indon mórán breitheamhnas a bhaint as an spéir sin. Níor dóighide go breagh é ná in a dhórtadh
B'fhéidir go ndéanfadh sé a ghna ceart. Níor dhóighide sin, ná praiseach ar fad a dhéanamh dhó (dhe)
B'fhéidir di a bheith an-fháilidhe. Níor dhóighide sin ná cibhear a thabhairt isteach ar na fiacla dhuit. Tá sí sáthach anglánta má thogruigheann sí é
+
Ní dóighide an Cháisc ar an Domhnach nó 'sé a rinne é = is cinnte gurb é a rinne é
Ní dóighide an Cháisc ar an Domhnach ná go raibh tusa rannpháirteach ann freisin
TUILLEADH (1) ▼
Ní dóighide an Cháisc ar an Domhnach nó tá sé ag dul ag pósadh
+
Ní dóighide beirthe é mar adeir tusa ná é a theacht isteach ar a bhealach anuas. Bígidh faoi réir roimhe
Tá sé criogtha. Indomhnach ní dóighide beirthe é. Nach air a bhí an smál agus liostáil, fear a raibh fuigheall na bhfuigheall ag baile aige
TUILLEADH (2) ▼
Cheapfá go bhfuil sé thar am imeacht? Ní dóighide beirthe é. Tá an clog sin ag dul in earraidheacht ar fad le gairid
Beidh ocras air. Dheamhan an dóighide beirthe é muis. Bhí cáil an ghorta ariamh ar an áit a bhfuil sé
+
Ní dóighide dhó eirghe ná fanacht in a chodladh
Thiocfadh dhó a bheith annseo ó ló. Níor dhóighide dhó sin, ná fuirtheacht go maidin. Níor mharbhuigh a dheifir ariamh é ag teacht
TUILLEADH (4) ▼
Is dóighide dó a bheith ins an mbaile anois ná tráthnóna.
Ní dóighide dhi a dhul ann, mara dteighidh mise ann
Chuaidh sí in éinfheacht leis an bhfear sin agus é cho dóighide dhó a bheith pósta le gan a bheith. Cá rabh a fhios aice-se?
Cé dóichide do dhuine eile a dhéanamh. Tá sé sáthach aigeanta len a dhéanamh ar aon-chor
+
Cuirfidh mé geall leat gur fhan sé ó'n scoil. Ní dóighide cleas dó i ndomhnach
Níor dhóighide cleas di anois ná thíos ar a cuairt tigh J. Is beag a bhéarfadh orm bualadh síos go bhfeicinn an mbeadh
TUILLEADH (1) ▼
Ní dóighide cleas do'n diabhlánach siúd ná a bheith ar meisce in áit eicínt. Nach muid an truagh-Mhuire aige
+
Dheamhan an dóighide rud dá ndéanfadh sé siúd ná T. Sh. a ionnsuighe má bhíonn deoir ar bith caithte aige
B'fhéidir nach dóighide rud dhá ndéanfainn fós ná fanacht as ar fad. Is iomdha daol a theigheas thríomsa ó a theighim a chodladh ins an oíche nó go n-eirighim aríst ar maidin. D'fhéadfá a rádh gurb iomdha
TUILLEADH (1) ▼
Ní dóighide áit dhá bhfuightheá é anois ná tigh Ph.
+
Ní dóighide caoi dhá bhfuil air anois ná sínte in a scraiste i dteach ósta eicínt, agus gan é indon cois a chur faoi
Ní dóighide caoi dó ar ala na h-uaire, ná mar dubhairt tú. D'imigh an diabhal air mar sin féin má' chuaidh sé ag déanamh cleas de'n tsórt sin
TUILLEADH (1) ▼
Níor dhóighide caoi dhá mbeadh air muis. Sin é atá sé a thuar dhó féin ar aon-nós. Oibrigheadh leis!
2.
·
Dar ndóigh (uaillbhreas dearbhuighthe) [Fuaim = ar (a tosuigh i "gcapall") nú). Tá ú in áit ó agus an "igh" maon ar fad. I dtús nó i lár cainte, bíonn an bhéim ar ar (dar), ach má cuirtear isteach i ndeireadh cainte é, ar "ndú" (ndóigh) a bhíos an bhéim go h-iondamhail, mara bhfuil aon-fhocla eile iontuighthe in a dhiaidh, a mbeadh ceangal ghramadaighe aca leis an méid a bhí roimhe sin. "Pósfaidh sé i mbliana — pósfaidh 'ar ndú." "Déanfaidh sé é — déanfaidh ar ndú" (chreidim, tá mé ag ceapadh agus rl.). Ach an uair a bhíos béim ar ndú (ndóigh) bíonn cinnteacht agus dearbhthacht áirid cainte i gceist ann) = go cinnte, go siúráilte, gan aon-aimhreas, gan bréig, go dearbhtha agus rl.
+
'Ar ndú' tiocfaidh sé faoi Cháisc
'Ar ndú' is féidir leat do rogha rud a dhéanamh. Cé'n bheann atá agad ar aonduine
TUILLEADH (13) ▼
'Ar ndú' mharbhóchadh sé é marach nach leigfeadh an faitíos dó roimh an gcuid eile
Is cosamhail, 'ar ndú' gurb é a rinne é
Pósfaidh sé i mbliana 'ar ndú' = go cinnte; béim ar "ndú"
Ise a bhris é 'ar ndú'
'Ar ndú féin is cuma dhuit céard a dhéanfas tú an uair nach mbeidh an rud ag eirghe leat
'Ar ndú' féin má rinne, é féin a bhí siar leis = "Indeed then itself" (Béarla na h-Éireann)
'Ar ndú' féin má thosuigh agus gur thosuigh, é féin a d'íoc an tséiléaracht
Caithfidh 'ar ndú'. Chaithfeadh agus píopa Ainde Mhóir dhá bhfaghadh sé é
Feicfidh 'ar ndú. An síleann tusa go ngabhfaidh sé sin go G. gan í sin a fheiceál?
'Ar ndú, 'ar ndú' má tá, eirigh as = an focal a rádh in ath-uair, le tuilleadh spreacadh a thabhairt dó. Igcás de'n tsórt seo bíonn béim na cainte ar "ndú"
Is iomdha caoi, 'ar ndú' le rud a rádh thar agus a rádh amach. Tá seisean ro-aigeanta len a rádh amach
'Ar ndú mara bhfeileann sé duit fág do dhiaidh é. 'Sé an rud is gnaoidheamhla duit a dhéanamh é
Bhí a raibh aca ann ag imirt chártaí agus bhí Seán ag imirt 'ar ndú
+
'Ar ndú' mo léan níor labhair sé leat
'Ar ndú' mo léan ní ghabhfadh sé ann
TUILLEADH (7) ▼
'Ar ndú mo léan bhí sé ag ól = is rí-dhóigh go raibh sé ag ól
'Ar ndú' mo léan bogfaidh tú siar ambáireach. Chonách sin ort a dhuine chroidhe
'Ar ndú' mo léan is beag an sásamh a bhí le fáil uaidh
'Ar ndú mo chreach ní dhéanfadh sé aon-bhuille oibre. Baoghal air!
'Ar ndú' mo chreach ní raibh aon-mhaith leis an gceann se'againne ann
'Ar ndú' mo chreach, bhí sciolladóireacht aice. D'eireochadh dhi
'Ar ndú' mo chreach, má d'iarras féin, ní raibh le fáil agam ach cluais bhodhar
+
Má bhris tú féin é 'ar ndúinín (dar ndóighnín) ní miste. Is iomdha rud is mó scéal ná é a briseadh (béim ar 'ar)
'Ar ndúinín má ghníonn tú é sin beidh an sagart ins an mullach ort. Agus tá sé sáthach beo droch-mhúinte
TUILLEADH (3) ▼
'Ar ndúinín is suarach an t-iongnadh má thug féin. Chaith sí go maith leis. Diabhal bréag nar chaith
'Ar ndúinín má fheiceann sé thú déanfaidh sé do chreach. Sin é a bhfuil in a thimcheall
'Ar ndúinín féin b'fhearr dhuit gan bacadh. Má ionnsuigheann "máthair an áil agus an t-ál uiliog thú" beidh scéal agad air. Agus ionnsóchaidh má leagann tú méirín fhliuch air sin

Féach freisin

deis