Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dóigh, dócha, dóichíde (dóichídí)
ainmfhocal, aidiacht
fuaim: ní cloistear an a deiridh i dócha go hiondúil. dóigh: dhá shiolla ann dó-í, agus béim ar an gcéad siolla. Bíonn fuaim í fada i ndeireadh dóichíde go hiondúil
tá an dá leagan ann dócha, dóigh, ach is coitianta dóighdócha
1.
cosúil; incheaptha; inmheasta; ag luí le na tuartha; a dtiocfadh dó a theacht chun críche, gan mórán stró; a bhfuil sé go mór ar a sheans a theacht chun críche.
a.
+
Is dócha é muis. Sin é a cheapfainn
Ní dócha go mbeadh. Ach is deacair a rá
TUILLEADH (3) ▼
Is dóigh, cheapfainn é
Is dóigh go bhfuil sé cruógach leis an móin ar an aimsir seo
Is dóigh ón gcaoi a bhfuil sé, go bhfuil rud eicínt air
+
Is dóigh liom go ngabhfaidh sé ar cuairt anocht
Ba dóigh leat le breathnú uirthi go mba iníon duine uasail í ─ shílfeá
TUILLEADH (2) ▼
Is dóigh liom ón lasadh atá ann go bhfuil braon sa gcoirricín aige
Ba dóigh leat ón taghd a bhuail é go mba leis féin an bóthar, agus gan aon bhaint aige dhó ach an oiread liomsa
·
Dar liom, is dóigh liom, agus sílim péin: triúr dearthár atá ag an mbréig (seanfhocal) ─ is iondúil nuair a dheireas duine ceachtar de na trí rud sin go mbíonn luí na bréige ar a chuid cainte
Ná bac le "is dóigh liom". Ar chuala tú ariamh é: dar liom, is dóigh liom agus sílim péin; sin triúr dearthár atá ag an mbréig
+
Is dóigh uirthi gur bean ar fónamh í ─ tá sé le n-aithneachtáil uirthi
Is dóigh air gur póilí é. Tá súil agus imeacht an phóilí aige
TUILLEADH (1) ▼
Is dóigh dó imeacht go gairid
+
Tá sé chomh dóigh dó a bheith caillte lena bheith beo. Níor tháinig scéal ná scuan uaidh leis an tsíoraíocht
Síleann tú nach dtiocfaidh sí anocht. Tá sé chomh dóigh. Beidh siad ag tuineadh léithe ag iarraidh fanacht
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé chomh dóigh céanna anois nach bpósfaidh sé le go bpósfaidh. Mura bhfaighidh sé an phínn deiridh den airgead isteach ina ghlaic, ní ghabhfaidh aon bhrat pósta go deo air léithe
Tá sé chomh dóigh céanna go ndéanfaidh sé an rud contráilte leis an rud ceart. Níl splanc aige
b.
+
Ní dóichíde eisean dhá dhéanamh ná Séamas
Ní dóichíde an Ghearmáin a bhualadh fós ná Sasana
TUILLEADH (6) ▼
Ní dóichíde an lá inniu a bheith tirim ná fliuch
Measaim nach dóichíde feamainn dearg a bheith istigh ná gan a bheith
Ní dóichíde an ceart a bheith agatsa ná agamsa
Níl mé in ann mórán breithiúnas a bhaint as an spéir sin. Níor dóichíde go breá é ná ina dhórtadh
B'fhéidir go ndéanfadh sé a ghnaithe ceart. Níor dhóichíde sin, ná praiseach ar fad a dhéanamh dhó (dhe)
B'fhéidir di a bheith an-fháilí. Níor dhóichíde sin ná cibhear a thabhairt isteach ar na fiacla dhuit. Tá sí sách anglánta má thograíonn sí é
+
Ní dóichíde an Cháisc ar an Domhnach nó 'sé a rinne é ─ is cinnte gurb é a rinne é
Ní dóichíde an Cháisc ar an Domhnach ná go raibh tusa rannpháirteach ann freisin
TUILLEADH (1) ▼
Ní dóichíde an Cháisc ar an Domhnach nó tá sé ag dul ag pósadh
+
Ní dóichíde beirthe é mar adeir tusa, ná é a theacht isteach ar a bhealach anuas. Bígí faoi réir roimhe
Tá sé cniogtha. I nDomhnach ní dóichíde beirthe é. Nach air a bhí an smál agus liostáil, fear a raibh fuíoll na bhfuíoll ag baile aige
TUILLEADH (2) ▼
Cheapfá go bhfuil sé thar am imeacht? Ní dóichíde beirthe é. Tá an clog sin ag dul in earraíocht ar fad le gairid
Beidh ocras air. Dheamhan an dóichíde beirthe é muis. Bhí cáil an ghorta ariamh ar an áit a bhfuil sé
+
Ní dóichíde dhó éirí ná fanacht ina chodladh
Thiocfadh dhó a bheith anseo ó ló. Níor dhóichíde dhó sin, ná fuireacht go maidin. Níor mharaigh a dheifir ariamh é ag teacht
TUILLEADH (4) ▼
Is dóichíde dó a bheith sa mbaile anois ná tráthnóna
Ní dóichíde dhi a dhul ann, mura dté mise ann
Chuaigh sí in éineacht leis an bhfear sin agus é chomh dóichíde dhó a bheith pósta le gan a bheith. Cá raibh a fhios aicise?
Cé dóichíde do dhuine eile a dhéanamh. Tá sé sách aigeanta lena dhéanamh ar aon chor
+
Cuirfidh mé geall leat gur fhan sé ón scoil. Ní dóichíde cleas dó i nDomhnach
Níor dhóichíde cleas di anois ná thíos ar a cuairt tigh J. Is beag a bhéarfadh orm bualadh síos go bhfeicinn an mbeadh
TUILLEADH (1) ▼
Ní dóichíde cleas don diabhlánach siúd ná a bheith ar meisce in áit eicínt. Nach muid an trua Mhuire aige
+
Dheamhan an dóichíde rud dá ndéanfadh sé siúd ná T. Sh. a ionsaí má bhíonn deoir ar bith caite aige
B'fhéidir nach dóichíde rud dhá ndéanfainn fós ná fanacht as ar fad. Is iomaí daol a théas thríomsa ó théim a chodladh san oíche nó go n-éirím aríst ar maidin. D'fhéadfá a rá gurb iomaí
TUILLEADH (1) ▼
Ní dóichíde áit dhá bhfaightheá é anois ná tigh Ph.
+
Ní dóichíde caoi dhá bhfuil air anois ná sínte ina scraiste i dteach ósta eicínt, agus gan é in ann cois a chur faoi
Ní dóichíde caoi dó ar ala na huaire, ná mar a dúirt tú. D'imigh an diabhal air mar sin féin má chuaigh sé ag déanamh cleas den tsórt sin
TUILLEADH (1) ▼
Níor dhóichíde caoi dhá mbeadh air muis. Sin é atá sé a thuar dhó féin ar aon nós. Oibríodh leis!
2.
·
Dar ndóigh (uaillbhreas dearbhaithe). Fuaim: ar núa tosaigh i gcapall. Tá ú in áit ó agus an igh maon ar fad. I dtús nó i lár cainte, bíonn an bhéim ar ar (dar), ach má cuirtear isteach i ndeireadh cainte é, ar ndóigh a bhíos an bhéim go hiondúil, mura bhfuil aon fhocla eile iontaithe ina dhiaidh a mbeadh ceangal ghramadaí acu leis an méid a bhí roimhe sin. Pósfaidh sé i mbliana — pósfaidh ar ndóigh. Déanfaidh sé é — déanfaidh ar ndóigh (chreidim, tá mé ag ceapadh srl.). Ach nuair a bhíos béim ar ndóigh bíonn cinnteacht agus dearfacht áirid cainte i gceist ann ─ go cinnte, go siúráilte, gan aon amhras, gan bréig, go dearfa srl.
+
Ar ndóigh tiocfaidh sé faoi Cháisc
Ar ndóigh is féidir leat do rogha rud a dhéanamh. Cén bheann atá agat ar aon duine
TUILLEADH (13) ▼
Ar ndóigh mharódh sé é murach nach ligfeadh an faitíos dó roimh an gcuid eile
Is cosúil, ar ndóigh gurb é a rinne é
Pósfaidh sé i mbliana ar ndóigh ─ go cinnte; béim ar ndóigh
Ise a bhris é ar ndóigh
Ar ndóigh féin is cuma dhuit céard a dhéanfas tú nuair nach mbeidh an rud ag éirí leat
Ar ndóigh féin má rinne, é féin a bhí siar leis indeed then itself (Béarla na hÉireann)
Ar ndóigh féin má thosaigh agus gur thosaigh, é féin a d'íoc an téiléireacht
Caithfidh ar ndóigh. Chaithfeadh agus píopa Ainde Mhóir dhá bhfaigheadh sé é
Feicfidh ar ndóigh. An síleann tusa go ngabhfaidh sé sin go G. gan í sin a fheiceáil?
Ar ndóigh, ar ndóigh má tá, éirigh as ─ an focal a rá in athuair, le tuilleadh spreacadh a thabhairt dó. I gcás den tsórt seo bíonn béim na cainte ar ndóigh
Is iomaí caoi, ar ndóigh, le rud a rá thar is a rá amach. Tá seisean ró-aigeanta lena rá amach
Ar ndóigh mura bhfeileann sé duit fág i do dhiaidh é. 'Sé an rud is gnaíúla duit a dhéanamh é
Bhí a raibh acu ann ag imirt chártaí agus bhí Seán ag imirt ar ndóigh
+
Ar ndóigh mo léan níor labhair sé leat
Ar ndóigh mo léan ní ghabhfadh sé ann
TUILLEADH (7) ▼
Ar ndóigh mo léan bhí sé ag ól ─ is rídhóigh go raibh sé ag ól
Ar ndóigh mo léan bogfaidh tú siar amárach. Chonách sin ort a dhuine chroí
Ar ndóigh mo léan is beag an sásamh a bhí le fáil uaidh
Ar ndóigh mo chreach ní dhéanfadh sé aon bhuille oibre. Baol air!
Ar ndóigh mo chreach ní raibh aon mhaith leis an gceann s'againne ann
Ar ndóigh mo chreach, bhí sciolladóireacht aici. D'éireodh dhi
Ar ndóigh mo chreach, má d'iarras féin, ní raibh le fáil agam ach cluais bhodhar
+
Má bhris tú féin é ar ndóighnín, ní miste. Is iomaí rud is mó scéal ná é a briseadh (béim ar ar)
Ar ndóighnín má ghníonn tú é sin beidh an sagart sa mullach ort. Agus tá sé sách beo drochmhúinte
TUILLEADH (3) ▼
Ar ndóighnín is suarach an t-ionadh má thug féin. Chaith sí go maith leis. Diabhal bréag nár chaith
Ar ndóighnín má fheiceann sé thú déanfaidh sé do chreach. Sin é a bhfuil ina thimpeall
Ar ndóighnín féin b'fhearr dhuit gan bacadh. Má ionsaíonn "máthair an áil agus an t-ál uileag thú" beidh scéal agat air. Agus ionsóidh má leagann tú méirín fhliuch air sin

Féach freisin

deis

dóigh in iontrálacha eile (100+)

+
abair
Ó dúirt agus gur dhúirt, níor cheart dó a dhul siar air. Seasadh fear lena fhocal
TUILLEADH (7) ▼
D'fhéadfá a rá gur maith a chuaigh an imirce dhó (ní athraíonn d'fhéadfá pearsa. Leagan ríchoitianta i gcaint é) — is fíor gur srl.; deirimse leat srl.; abair gur maith srl.
Tá J. ag cur a chosa uaidh ag iarraidh pósadh freisin anois. Dúirt sé leis an athair an lá faoi dheireadh, bean a fháil dó nó an sagart! Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Rug sé i ngreim chúl cinn ar Mh. Mh. agus thug sé Bóthar na Muice Báine amach dó. Anois céard adeir tú le Gaillimh. Is beag a cheapfadh go mbeadh an méid sin guis ann chor ar bith!
Déarfainn gur dona na gnaithí atá air a bheith ag imeacht ar a shláinte go fánach mar sin, agus a fhusacht dó a dhul go Sasana, agus saothrú maith ann
Sin é, adeir siad. Ach cá bhfios dúinne é. Diúltaímid dhó
Bhuailfí tuí srathaire air deirimse leat, murach gur thug Dia dhó a bheith imithe
Déarfá gur gearr eile a bheadh an troid ar siúl, nuair a bheadh puca déanta dhó (dhe) ag M.
+
Chuaigh S. Bh. a bhí anseo thoir sna céadéaga. Sílimse go raibh sé os cionn cláir nuair a shuigh sé aniar aríst agus a rinne sé caint eicínt. Ar an dá luath is ar tugadh deoch dó, shéalaigh sé
TUILLEADH (2) ▼
Ar ndóigh más fíor do na seandaoine, ghnídís uachtaí fadó sna céadéaga. Is beag na céadéaga atá ann anois, ach thú fuadaithe ag an séipéal chomh luath agus a aireofar an anáil imithe asat. Ní fhéadfaidís gan rud eicínt a theacht orthu an uair sin. Nach gcoinnídís seachtain dhá dtórramh iad
Chuaigh sé sin, nuair a bhí sé ina pháiste bheag, sna céadéaga le convaidhlsiuns (convulsions). Ba mhinic nach raibh a fhios a imeacht nó a theacht dó. Chuir mé trí thuras air ag tobar Cholm Cille dhá dtugadh Dia biseach dó. Thug, míle buíochas leis féin. Shrian sé as théis liostachais fhada. Sílim dheamhan aird ar na turais aige ina dhiaidh sin, ainneoin go mbíonn muid ag stróiceadh leis ag iarraidh air a gcur dó (dhe)
+
Thug sé amach é agus gan é baileach dearg aige. Ní raibh sé ach cródhearg (dath na fola mórán) agus thosaigh sé ar an bpointe ag múnlú an chrú. Ar ndóigh ní fhéadfadh an crú sin gan a bheith fabhtach, ach ba chuma sa tubaiste leis siúd ó bhí furú air cén chaoi a raibh sé ach comharthaíocht an chrú a bheith air chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Foighid ort! Ní mór dó a bheith cródhearg agus níl sé dubhdhearg féin fós
+
Bhí sé ar nós gasúr a dtiocfadh dhá chroí dhó nuair a d'fhágfaí ón scoil é — tháinig an-ríméad air
TUILLEADH (2) ▼
Tá dó is pínn agam (2s. 1d) (dó is dhá phínn … leathchoróin … dó is aon phínn déag)
Thug mé dó is dhá fhichead air (£2 2s) (trí is dá fhichead, deich is dá fhichead, dó dhéag is dá fhichead, … seacht déag is dá fhichead srl.)
+
Beidh daidhce air nó go bhfaighe sé daite é; agus gheobhaidh as a dheireadh. B'fhearr dhuit ag gabháil de chlocha ar do cheirteacha ná a bheith i gcleithiúnas a dhul ag baint aon cheart dó. Is fada atá sé ag rith leis, ach nuair a gheobhas sé é, gheobhaidh sé in éineacht é, agus is fada dhá thuaradh dó féin é
TUILLEADH (2) ▼
Sin é ceird gasúir i gcónaí: daidhce orthu faoina dhul chuig an scoil. Shílfeá i nDomhnach, gur mó an luí atá ag gasúir anois léithe ná fadó. Ar ndóigh, ba mhó a bhuailtí orthu fadó
Daidhce air nó dhó (dhe) anois, caithfidh sé imeacht. Tá a (ár) ndóthain againn cheana, slán a bheas siad, agus gan a dhul ag beathú bromaire atá in ann a chuid féin a shaothrú
 
Bhí mé thíos ann lá anseo anuraidh. Domhnach a bhí ann. Bhí sí ag stróiceadh ag iarraidh a dhul síos chun bóthair. Ní ligfeadh an mháthair di. Bhí rud eicínt le déanamh: soithigh le níochán nó rud fánach ar aon nós. D'iarr an mháthair uirthi é a dhéanamh. Dhá bhfeictheá chomh daidhciúil agus a d'iompaigh sí ar a cois, agus siar léithe a chodladh. Dá mba mise an mháthair, bheinn dhá lascadh fhad is a gheobhainn teas ina craiceann. Bhí sí dochorraithe freisin, ach níor lig sí amach mórán dhó (dhe) liomsa
 
Cén sórt daigéad de shagart é sin atá thíos ann anois. Níl aon phointe den ló dhá gcasfadh sé leat nach mbíonn sé séidte, ach ar ndóigh is beag an dochar dhó sin, agus na gríscíní feola atá air
+
daigh
Ní fhaca tú aon fhear ariamh ab fhearr a bhíodh ná é go mbuaileadh an daigh é, ach ó bhuailfeadh, mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis go n-imíodh sí aríst. Ach ba bheag réidh an achair a thug sí dhó chor ar bith san aimsir dheiridh. Chothaíodh sí i gcónaí é
TUILLEADH (12) ▼
M'anam muise an té a mbuailfidh an daigh sin é (buinneach), nach foláir dó siúl a bheith aige
Tháinig dó (daigh) bhoilg ar an T. agus b'éigean éirí as an gcéilí agus gan é nach (ach) uair ar siúl. Ní hé a (ár) mbeannacht a thug muid do bholg an T. an oíche sin ar chaoi ar bith! (daigh bhoilg — pian bhoilg)
Bhí dó bhoilg orm ar feadh an lae inné. Chaith mé an lá ag imeacht ar fud an tí léithe, mar ní fhéadfainn cónaí a dhéanamh in áit ar bith
Is olc í an dó bhoilg sin. Chaith sí an tsíoraíocht ormsa. Fuair mé fuascailt bhreá uaithi anois le cúig nó sé de bhlianta. Ní fhágfadh sí siúl an bhóthair ionat
Chaith mé an lá inné agus snaidhm reatha ar mo phutógaí ag dó bhoilg. Fhóbair nár chniog sí mé. Is minic a bhí sí orm cheana; ach ní raibh sí chomh gártha siúd ariamh orm. Sílim go mbogfaidh mé soir ag an dochtúr an chéad lá eile, ach is beag a mhaith sin. Gheobhaidh mé an buidéal buí! Sin é an méid!
Tá dó (daigh: /dəi/, /dɛ̄/, //) ghoile ag dul dom — pian isteach faoin gcliabhrach nó i mbéal an chléibh. Teagann sí ar dhuine mura mbeidh a chuid bídh ag teacht leis, nó ag feiliúint dó, nó mura bhféadann sé aon cheo a dhéanamh thrína cholainn. Cineál indigestion é
Tá an dó ghoile sin orm le seachtain, agus má tá féin is olc an éadáil í. Níl aon lá ó tháinig an caifí bradach sin nach mbaineann sí cupla lá sa tseachtain asam. Is furasta a aithinte dhom an lá a dtiocfaidh sí: an lá a n-ólaim an caifí
Chuir mé mé fhéin chun domlais le poitín inné — poitín dóite Sh. Dh. — agus tá a shliocht orm inniu, tá dó ghoile orm ó mhaidin
Níl neart agamsa ruainnín feola ar bith a ithe nach mbuaileann dó ghoile mé. Dhá bhfeictheá mé thuas Dia Domhnaigh agus an-hate(heat?) ag an gcuid eile ar leota caoireola, agus gan agamsa ach driobaillín de scadán agus mé dhá chrinneadh liom sa gclúid
Tá dó croí agus dó ghoile agus dó bhoilg agus chuile dhó dhá bhfuil ann ag dul dó. Ach is maith atá a fhios agamsa céard atá ag dul dó sin: neart leoistíochta agus rístíocht. Dhá mbeireadh an t-athair ar mhaide nuair a thosaíos sé sin ag fuasaoid, agus tosaí dhá rúscadh leis aniar ar an dromán agus é a ruaigeadh amach ina ghnaithe, mise i mbannaí gur beag a fhuasaoid a bheadh aríst aige. Ach ag peataíocht leis a bhíos siad ina leaba sin
Daigh ghoile a theacht air siúd go deimhin! Tá coimpléasc aige siúd a leáfadh an chloch ghlas dhá dtugtaí dhó ina bhrúitín í. Is air, mo léan, nach mbeadh an mhairg. Chonaic mise ag ithe fataí fuar beithíoch cheana é
Dó croí (fc. )
 
Daighean a ligfeadh an faitíos dó a chois clí ná dheas a chur taobh amuigh de dhoras
+
'Sé Baile an Daighin é má cheannaíonn sé clog eile. Nach bhfuil an teach aige treanach ar tigh F. cheana le cloig. Ach ní feasach dó, ach an oiread le duine, cén chóir chaite a chuirfeas sé ar a chuid airgid
TUILLEADH (1) ▼
'Sé Baile an Daighin é má dhéanann siad rud mar sin: a chuid féin a bhaint den duine bocht. Ní fhéadfaidís a dhéanamh. Nó dhá bhféadadh, is cneámhairí ar na hailt na dlíodóirí. Ar ndóigh ní dadaí eile iad
+
dáil
Ba cheart dó a bheith i ndáil le ar fáil anois. Is fadó inniu a d'imigh sé
TUILLEADH (2) ▼
Chuaigh sé i ndáil le ar a ghlúine dhó
Tháinig sé i ndáil le ina imní uirthi nuair nach raibh ag teacht dó
+
dáimh
Is dual dáimhe dhó a bheith mar sin; is dual dáimhe agus muintire dhó a bheith mar sin — ní ón ngaoith a thug sé é; fáisceadh as sin é
TUILLEADH (1) ▼
Ha muise, is dual dáimhe agus daoine dhó a bheith drochmhúinte. Ar ndóigh dhá dtéadh sé le Clainn Mhac Chonfhaola, ní bheadh léamh ná inseacht scéil air
 
'Sé a labhair go daingean. Bhí a fhios agam ar an bpointe nach dtiocfadh aon athrú intinne dó ón gcaoi ar labhair sé
+
Níl an creideamh sách daingnithe iontu. Dá mbeadh, ní bheidís ar an gceird sin. Is dóigh gurb í an tír s'againn féin is fhearr creideamh anois
TUILLEADH (2) ▼
Tá mé chomh daingnithe istigh sa sé pínne sin, agus nach gcuirfidh do cheann fine as mé. Faoi dhó cheana a bhí sé ar na bacáin agam a bheith as, ach diabhal mé gur rith liom chuile thrip
Tá sí an-daingnithe isteach sa talamh sin anois, agus ar ndóigh, tá an fear thoir ag daingniú léithe tuilleadh — ag borradh léithe; ag cur a chosa i dtaca tuilleadh
 
'Sé an dainséar is mó atá ann anois nach ndiúlfaidh sé ar aon chaora, nó má dhiúlann féin, go nglacfaidh siad fuath dhó
+
dairt
Chuaigh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'éirigh sé faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinig táirm ar bith orthu go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann drochmhúineadh. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na hailt. Dhonaigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáite sa mbinse é. B'éigean an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola ina srúillí: i gcruthúnas dhuit, mar adeir an fear fadó, nuair is fhearr an súgradh gurb ea is fhearr ligean dó
TUILLEADH (12) ▼
Tá a shúil sa meath chéanna anois le trí bliana ó buaileadh dairt air thuas ar an bportach. Ceann crua a bhí ann. Níor lig an té a chaith é, ná aon dhuine dhá chineál, tada as a láimh ariamh ach le gangaide. Dhún súil Ph. d'aon iarraidh. Chuaigh sí chun othrais. Chaith sé scaitheamh san easpaicil (ospidéal) léithe, ach dheamhan mórán maitheasa a rinne siad dó ansin ach gur fhuaraigh siad an phian air. Tá clúdach aige uirthi i gcónaí. Is maith an t-ádh atá air má bhíonn aon amharc aige aríst go brách inti. Dá leanadh sé amach mac Mh. fúithi thiocfadh sí daor air. Ach ní leanfadh. Tá sé ró-réchúiseach an duine bocht
Ní comórtas ar bith do bhuachaill óg a dhul ag caitheamh dairteachaí le malraigh nach bhfuil bliain as an gcliabhán fós — tada leis. Téadh sé dhá gcaitheamh lena chomhaoiseacha féin, is é is córa dhó
B'fhearr dó anois go díreach glan a dhul ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh ná a bheith ag iarraidh ceart a bhaint den tseanlánúin sin. Lá is gur chinn siad sin ar bhaile cheana, tá sé fánach aigesean a bheith leo. Agus dar fia, bhí set ar an mbaile sin roimhe seo nach raibh ar fónamh
Is ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh dó é, a dhul ag saothrú an riascaigh údan. Dheamhan fata a thabharfas sé go brách dó, dá gcuireadh sé a bhfuil d'aol i dtornógaí na hÉireann air. Abraíodh fear na bhfataí a rogha rud. Cén scil atá aige sin ann ach an oiread liomsa, a leathoiread sin féin! (níl aige ann)
B'fhearr duit tosaí ag caitheamh dairteachaí anois leis an mbogha báistí sin a fheiceas tú san aer ná a dhul ag cur chomhairle air sin. Is measa é sin ná Mac na Míchomhairle. Fuair Mac na Míchomhairle grásta idir an stíoróip agus an talamh, ach é sin: mura bhfuil ag Dia níl i ndán grásta dhó go ndéantar dhá leith glanoscartha dhá mhuineál i dtosach
B'fhearr dhó a dhul síos ansin thíos ag an gcladach agus a dhul ag caitheamh dairteacha le Contae an Chláir (Árainn srl.) ná a bheith ar an gceird atá air. Ag réiteach agus ag rómhar seanchlochair ansin thiar, agus é ag ceapadh go ndéanfaidh sé bun ar na cupla acra gágach sin. Dheamhan bun muise lena luiseag
Mura bhfuil aige faoi dheireadh, théis a chuid scoileannaí agus coláistí, ach ag breathnú i ndiaidh faochan, is dona a chuir sé a shaol. Deirim leat go mb'fhearr dhó ag caitheamh dairteachaí go Contae an Chláir ná a bheith ag fálróid thart ag forcamhás ar chupla buitín faochan a chruinneos muintir an L.
Ara beannacht Dé dhuit, ní raibh sa rud a bhí ann an uair sin ach caitheamh dairteacha le hais na gcogaí a bhíos ann anois. Daoine a dhul amach ar aghaidh a chéile le claimhí, le sleáchaí agus le tuaití. Ar ndóigh, dheamhan deichniúr a bheadh maraithe seachtain. Is mó an t-ár a dhéanfadh bomb amháin anois ná a dhéanfaidís i gcaitheamh a saoil. Seo é deireadh an domhain ach grásta Dé. 'Sé Cogadh an Domhain é: Cogadh na gCríoch a bhí tugtha síos sa targaireacht. Dheamhan ceo dhá raibh sa targaireacht nach bhfuil istigh. Fainic thusa nach bhfuil
Ní raibh ansin muise ach caitheamh dairteachaí nó go n-ionsaí sí féin é. Deirim leat go dtiocfadh sé ó Sh. Thabharfadh sé iarraidh dhó ceart go leor, ach ní dhéanfadh sé aon troid thútach. Ach í siúd! Is maith nach mór dó a bheith ar a airdeall féin nó cuirfidh sí an scian idir dhá easna ann. Tuilleadh ghéar den diabhal aige! Nach mór an spochadh a bhíos aige leo!
Ní raibh sa bpassáil(scrúdú) sin ach caitheamh dairteachaí más fíor dó fhéin, i gcomórtas an phassáil a chuaigh ar a mhac seisean. Bhí Laidin ann agus Gréigis agus rud eicínt eile a dtugann siad Pat Tommy air … Sin é é — Botany. Pat Tommy arsa mise! M'anam dhá gcloiseadh Pat Tommy é dhá bhaint as a ainm, go bhfaigheadh sé faoina foraí (fabhraí) é, hé brí (pé ar bith) céard a phassáil an mac
Tharraing sé anuas aonach na Gaillimhe. Dúirt sé go raibh an-imeacht ar chaoirigh, agus go mb'fhiú cion a bheith orthu anois. 'Sé an chaoi a raibh sé ag baint dairteachaí ag an scéal eile: ag súil go dtairgfeadh S. na moilt siúd a cheannacht aríst uaidh. Ligfeadh sé uaidh anois iad ar an méid a thairg sé dhó mí ó shin
Bhí sé thíos anseo thíos oíche aonaigh agus braon maith sa gcoirice aige. Má bhí féin bhealaigh sé an teanga aige. Bhí ruibh na cainte ceart air. D'ionsaigh sé an fear thíos faoi nach raibh sé ag pósadh. 'Tá gabháltas maith go leor agat,' adeir sé, 'ach is gearr go mbí sé ina stopóig ort cheal a shaothraithe. Breá nach bpósann tú agus gan a bheith in do phlíoma ansin, isteach is amach ag cothú an dá splainc sin. Gheofá bean dhá mbeadh sé de ghus ionat fhéin í a iarraidh.' Níor labhair sé ar a inín féin, ach is ag baint dairteachaí aige sin a bhí sé. Bheadh sí le fáil ag an bhfear thíos ach a hiarraidh. Is beag nár thiomain sé air í. Ach ar ndóigh mo léan ní chorródh canta gelignite an fear thíos as an gcúinne
+
dalba
Nach dalba an cheird atá oraibh? Breá nach ligfeadh sibh dó uair eicínt agus gan a bheith ag siocadh leis i gcónaí i gcónaí
TUILLEADH (1) ▼
Garraí dalba é sin. Bhí sé chomh maith dhuit a dhul amach i lár easca shléibhe agus tosaí dhá saothrú le bualadh faoin ngarraí sin. Théis ar chaith mé de dhúthracht leis dhá leasú, agus dhá shocrú agus dhá thriomú, chinn orm aon bharr slachtmhar a bhaint ariamh dó (de). Bheadh sé fliuch de do sheacht míle buíochas. Tá máithreach an uisce faoi
 
dall 2
Ní fhaca mé aon duine ariamh ba daille (/deʟ′ə/) ná é ag dul chuig an scoil. Chaith G. a dhúthracht leis, agus thugadh sé dual na droinne dhó chuile ré solais, ach má thugadh féin, ba aon mhaith amháin dó é
+
dall 3
Phléasc an buidéal, agus fuair sé a raibh ann idir an dá shúil agus dhall sé é. Tá sé dall ó shin. Deir siad nach léir dó an bhánshoilse féin
TUILLEADH (4) ▼
Tá mé dallta ag an deatach sin. Osclaidh doras na gaoithe agus b'fhéidir dhó a thabhairt leis
Níl an oiread coirce ar thóin an chomhra seo anois agus a dhallfadh do shúil hé brí céard a rinne sibh leis. Ach rinne sibh plaicín ghabhair dhó (dhe) ar chuma ar bith
Cér dalladh mar siúd S. Sh.? Ar ndóigh arsa tusa, is dallta i gcónaí atá sé
Ní ligfeadh sé uaidh mé nó go ndalladh sé mé murach gur imigh mé i ngan fhios dhó
+
Chuir sé an dallach dubh ort. Breá ar ghéill tú dhó. Nach simplí an mhaise dhuit é feasta choíchin. Ag tabhairt scilling do shomachán nach raibh aithne ná eolas agat air, ar chuntar go dtabharfadh sé cigarettes agat. Bhí baol air go deimhin. Tá tú réidh le do scilling anois. Caith sneachta ar a lorg — gheall an gasúr dó go raibh a fhios aige féin áit a bhfaighfí toitíní, agus mheall sé scilling ón bhfear
TUILLEADH (4) ▼
Tá sí ag cur dallach dubh ceart air. Teagann seisean sé mhíle bealaigh "ag comhrá" léithe gacha le oíche agus fear eile in éindí léithe chuile oíche eile den tseachtain. Ní cheal muise nár hinsíodh dó sách minic cén aisiléireacht atá uirthi …
Go bhféacha Dia ort a dhuine sin! Chuirfeadh sé sin dallach dubh ar Rí na Méaracán, ní hé amháin ortsa. Tá sé glanta leis anois i bpas eicínt siar go ndéana sé nead i gcluais duine eicínt eile. Níor chás duit é chor ar bith ó bhí sé chomh saor sin agat: coróin is punt. Deir siad gur thug fear as M. hocht bpunta dhéag dó ar an gcuntar céanna … fuair muis. Tugadh sé buíochas le Dia nach tuilleadh a thug sé dhó
Bhí S. gróigthe istigh chois an teallaigh agus chuile chosúlacht air go mba é a chaladh ar feadh na hoíche é. Nach diabhaltaí an dallach dubh a chuir an ceann eile air ina dhiaidh sin, nuair a thosaigh sé ag saighdeadh faoi, agus gur éirigh sé agus gur dheisigh sé an seanbhicycle nárbh fhéidir a dheisiú ar maidin má b'fhíor dó féin. Dheisigh a mh'anam, agus lasc leis an mbeirt siar ar an T. ag céilí
Ara ab é an fear a bhuail dallach dubh ar shagart an pharóiste! Thug an sagart punt dó nuair a chuir sé an béal bocht air fhéin go raibh an bhean agus an chlann i ngéarchall. D'imigh leis agus d'ól sé é
+
Cuirfidh sí sin dalladh púicín ar na súile dhó — ciméar, ortha an dul amú
TUILLEADH (2) ▼
Cén sórt dalladh púicín atá ort? Nach bhfeiceann tú go bhfuil siad ag déanamh dóigh mhagaidh dhíot. Breá a dtaobhaíonn tú iad
Muise chreidim gur dalladh púicín féin atá air, nó céard is léir dó fúithi le go bhfuil sé ag dul dhá pósadh? Más léir, tá faitíos orm nach léir d'aon duine eile é ar chaoi ar bith
+
Nach deas a chuir sé dallamullóg anois ar J! Is fhearr liom é ná punt airgid in mo phóca. Bhí an oiread gaisce agus floscaí aige, mar dhóigh dhe nach raibh duine ar bith in ann imeartas air fhéin
TUILLEADH (1) ▼
Mura bhfuil uirthi ach dallamullóg, tiocfaidh sí uaidh. Má chuireann tú ar athrú áite í, mise i mbannaí gur gearr a bheas aon cheo dhó sin uirthi. Bhí na híochtair sin rófhliuch aici
+
Má ligeann tú dóibh, feicfidh tú go gcuirfidh na dalláin sin craobh amach aríst in athbhliain. 'Siad atá deas air. Ach má roiseann tú mar sin é bain do shúil dó (dhe). Ní fhéadfadh crann ar bith goineachan ar tugadh an úsáide dó a fuair an crann sin
TUILLEADH (2) ▼
Chonaic mise bó thiar anseo ag N. Mh. Bhí an úth calctha aici. Chinn orthu aon deoir bhainne a fháil uaithi théis a ndíchill. Bhí fear beag ag obair anseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cinnte ar C. agus ar chuile dhuine. Fuair sé ruainnín den wire beag sin a d'fheicfeá ar scloig na mbuidéil lemonade. Dhírigh sé amach é nó go raibh sé chomh díreach le dorú. Sháigh sé suas i chaon dallán den úth é i ndiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé lena láimh ach é a shá leis suas. B'iontas an chaoi a raibh sé in ann é a dhéanamh ach níorbh é a chéad uair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleán ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rá leis. Bhí bleánach dhó (dhe) ar an talamh shular féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an diumar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách simplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh freeáilte agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i yard Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus haway leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do wireínse ar ball?
+
Tá an duine bocht ina dhallarán. Ní léir dhó an bhánshoilse — tada leis
TUILLEADH (1) ▼
Nach é an dallarán ceart é má tá chuile dhailtíneach in ann imeartas mar sin air. Dheamhan splanc chéille a thiocfas go deo dhó. Tá sé réidh léithe
+
Tá sé le dhá oíche anois ar neamhchodladh — oíche ag céilí agus oíche ag aonach — agus is beag an dochar dó a bheith ina dhall dúda le codladh féin
TUILLEADH (1) ▼
Má tá sé ina dhall dúda féin is beag an dochar dhó. Tionúr níor tháinig ar a shúil i gcaitheamh na hoíche aréir ach ag abhlóireacht agus ag diúgaireacht. D'éirigh mé faoi dhó ag téamh bainne dhó, ach sin é a raibh de mhaith dhom ann. Ní dhéanfadh sé aon suaimhneas ina dhiaidh sin
 
Déanfaidh an cogadh seo damáiste shula mbeidh réidh dhó
 
Nár dhamáisteach an cleas dó cead scoir a thabhairt dhá chuid gamhna mar sin agus a fhiosacht dó go ngabhfaidís i mbradaíl. Ach ba chuma leis
+
Tá sé sin damanta má damnaíodh aon duine ariamh — ach diúltaí muide dhó. Tús na breithe ag Mac Dé! Bhí sé go suarach, go ndéana Dia grásta air!
TUILLEADH (4) ▼
Ní fiú puintín bioráin an méid sin a dhéanamh as bealach, a dhuine chroí. Ar ndóigh más peaca é bheith buí, nach bhfuil na mílte damanta mar adeir an ceann eile
Chuala mé gur buaileadh P. go damanta Oíche Fhéil Stiofáin. Tuilleadh ghéar den diabhal aige. Is fada é dhá thuaradh sin dhó féin
Is damanta an lear oibre atá déanta aige le seachtain. Má mhaireann dó ar an dúchan siúd, beidh siad curtha aige Lá Fhéile Pádraig
Ba damanta an cleas dó a dhul ag baint an gheadáinín talúna sin de na dílleachtaí bochta. Déarfá go mba bheag an tsúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a bhuailfeadh faoi
 
damba
Chuir siad damba ar an abhainn sin thiar mar dhóigh dhe go gcuirfidís ag lasadh an S. le solas í. Níor chuala mé aon cheo faoin solas ó shin, ach cloisim gur mór an leas do shaighdeoirí an damba. Ach arsa tusa, ní theagann síon i dtír nach fearrde duine eicínt
 
Ar ndóigh, bhí sé an damhadh réag san oíche an uair sin. Bhí an chéad eadra glaoite ag an gcoileach ar aon nós. Nárbh aisteach an tráth d'aon duine a theacht ar a chuairt é. Ach chreidim murach go raibh blogam caite aige nach rachadh sé ag cur teach ar bith ina shuí an tráth sin
 
Théis an aois atá aige, is maith gasta a dhamhsódh sé sin a phort dhá bhfaigheadh sé aon ugach. Ar ndóigh bhí dhá chroí aige sin
+
"Ach féacha gur damnaíodh leanbh na chúig mblian, a athair agus a mháthair agus é féin, mar gheall gur thug siad toil dhó a bheith ag loscadh na mionnaí mór agus ag maslú Dé" (as Argóinteacht Oisín agus Phádraig)
TUILLEADH (4) ▼
Aingeal geal sna flaithis a bhí sa Diabhal — diúltaí muide dhó — i dtosach. Ach damnaíodh é faoi rá is go raibh sé ag iarraidh an chomhairle ar fad a bhaint de Dhia agus í a bheith aige féin
Go ndamnaí an cat mara é mura beag an fiúntas é. Níor chomaoin dó muise thusa a ligean uaidh gan córtas eicínt a chaitheamh leat. Dar fia dhá gcastaí thusa air ag béal do dhorais féin, is beag an baol go ligfeá thart é gan fiafraí dhó (dhe) an raibh béal air.
Damnú síoraí ar an bpoitín céanna! D'ól mé scaird inné dhó, agus go deimhin má d'ól féin, ní bláth ná biseach a chuir sé orm. Dar leat, tá roth na glintíochta istigh in mo cheann ó mhaidin aige
Damnú síoraí air, an dailtíneach bradach, is tú adúirt lomlán an chirt leis. Nach sonnta an mhaise dhó é! Dheamhan aithne air nach duine é atá i riocht gníomh eicínt a dhéanamh!