Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Damhadh réag
/dawərēɡ/
ainm-fhocal
níl a fhios céard is inscin dó mar níl sé ach in aon-leagan amháin. In Árainn a chuala mé é
meán-oíche na gcártaí; an oíche a bheith thar druim; domhain ins an oíche; taréis meán-oíche; indiaidh am codlata; amach ins an oíche.
+
Ní theigheann siad seo a chodladh go mbíonn sé an damhadh réag ins an oíche. Agus in a dheidh sin féin bíonn siad in a suidhe le mochóirighe.
Bhí sé an damhadh réag ins an oíche nuair a tháinic siad. Dheamhan a fhios agam-sa nach raibh sé in a ghairm na gcoileach
TUILLEADH (6) ▼
Ní fheicfidh tú é sin isteach go mbeidh sé an damhadh réag ins an oíche. Páidín Mheán-oíche ceart é
Ná bac leis an dream atá annseo a dhul a chodladh in am. Ní theagann P. oíche ar bith go mbíonn sé an damhadh réag, S. nuair a ghlaodhas an coileach, agus M.! Ní theagann M. go mbíonn sé in a lá gheal go minic. Ach is féidir leis sin an mhaidin a chodladh, ní hé sin do'n chuid eile é
'Ar ndú', bhí sé an damhadh réag ins an oíche an uair sin. Bhí an chéad-eadradh glaoidhte ag an gcoileach ar aon-nós. Nacharb' aisteach an tráth d'aonduine a theacht ar a chuairt é. Ach chreidim marach go raibh blogam caithte aige nach rachadh sé ag cur teach ar bith in a shuidhe an tráth sin
Chuaidh mé a chodladh luath go leor, ach níor thuit aon-néal orm go raibh sé an damhadh réag ins an oíche. Uair annamh a ólaim aon-tae ag dul a chodladh dhom, ach d'ól mé aréir é, agus bhí a shliocht orm: bhain sé an codladh dhíom
Má's lib imeacht cuirigidh crudh in a thosach, nó beidh sé an damhadh réag ins an oíche shul dhá mbeidh sib ar ais. Is buan an t-aistir as seo é go G.
Cé'n mhaith a bheith ag fuireacht leis. Nach bhfuil a fhios agaibh go ndéanfaidh sé sin an cleas a ghníos sé i gcomhnaí: gan a theacht nó go mbeidh sé an damhadh réag. Ní fhaca muide istigh roimhe ariamh é
·
Bí ag imeacht feasta mara leat é a leigean an damhadh réag ort fhéin. Fanann sib ro-fhada ar an teallach annseo 'chuile oíche. Déanann sib clogán streille de'n oíche ach go h-áirid
Má tá rud ar bith ann, ní fhéadfá gan é a fheiceál agus an tráth a dteagann tú abhaile. Bíonn sé an damhadh réag ort 'chuile oíche ins an aer

Féach freisin

dara