Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
damhadh réag
/dawərēɡ/
ainmfhocal
níl a fhios céard is inscne dó mar níl sé ach in aon leagan amháin. In Árainn a chuala mé é
meán oíche na gcártaí; an oíche a bheith thar droim; domhain san oíche; tar éis meán oíche; i ndiaidh am codlata; amach san oíche.
+
Ní théann siad seo a chodladh go mbíonn sé an damhadh réag san oíche. Agus ina dhiaidh sin féin bíonn siad ina suí le mochóirí
Bhí sé an damhadh réag san oíche nuair a tháinig siad. Dheamhan a fhios agamsa nach raibh sé ina ghairm na gcoileach
TUILLEADH (6) ▼
Ní fheicfidh tú é sin isteach go mbeidh sé an damhadh réag san oíche. Páidín mheán oíche ceart é
Ná bac leis an dream atá anseo a dhul a chodladh in am. Ní theagann P. oíche ar bith go mbíonn sé an damhadh réag, S. nuair a ghlaos an coileach, agus M.! Ní theagann M. go mbíonn sé ina lá gheal go minic. Ach is féidir leis sin an mhaidin a chodladh, ní hé sin don chuid eile é
Ar ndóigh, bhí sé an damhadh réag san oíche an uair sin. Bhí an chéad eadra glaoite ag an gcoileach ar aon nós. Nárbh aisteach an tráth d'aon duine a theacht ar a chuairt é. Ach chreidim murach go raibh blogam caite aige nach rachadh sé ag cur teach ar bith ina shuí an tráth sin
Chuaigh mé a chodladh luath go leor, ach níor thit aon néal orm go raibh sé an damhadh réag san oíche. Uair annamh a ólaim aon tae ag dul a chodladh dhom, ach d'ól mé aréir é agus bhí a shliocht orm: bhain sé an codladh dhíom
Más libh imeacht cuirigí crú ina thosach nó beidh sé an damhadh réag san oíche shula mbeidh sibh ar ais. Is buan an t-aistir as seo é go G.
Cén mhaith a bheith ag fuireacht leis. Nach bhfuil a fhios agaibh go ndéanfaidh sé sin an cleas a ghníos sé i gcónaí: gan a theacht nó go mbeidh sé an damhadh réag. Ní fhaca muide istigh roimhe ariamh é
·
Bí ag imeacht feasta mura leat é a ligean an damhadh réag ort fhéin. Fanann sibh rófhada ar an teallach anseo chuile oíche. Déanann sibh clogán streille den oíche ach go háirid
Má tá rud ar bith ann, ní fhéadfá gan é a fheiceáil agus an tráth a dteagann tú abhaile. Bíonn sé an damhadh réag ort chuile oíche san aer

Féach freisin

dara