Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deóis
—/d′ōš/ : /ɡ′ōš/ scaithtí
—ainm-fhocal, buineann
—geiniúnach uathaidh: na deoise
—uimhir iolraidh: na deoiseannaí; na geoiseannaí
—
stiúir chainte a chur ort fhéin; do chloigeann a leigean amach de bheagán 'nuair a bheitheá ag caint nó ag éisteacht le duine.
+–
Tá sé ag cur deóise air fhéin. Gheobhaidh sib caint anois 'mo choinsias
Bíonn geóis mar sin i gcomhnaí air. Is geall le cat é
TUILLEADH (2) ▼
An bhfeiceann tú an deois atá ar an mbithiúnach. Ní bheidh a dhath ariamh dhár dúradh anois nach mbeidh craoibhscaoilte gan mórán achair. Ní cóir tada a rá as a choinne sin ar chaoi ar bith
Sheas sé i bhfus ag ceann an bhóithrín agus chuir sé deois air fhéin feai'nt an gcluinfeadh sé leide ar bith. Ach coinníodh beophianta é deirimse leat. Sin é an deasú air sin. Piteóig bhradach. Sháruigh sé sean-chailleach

Féach freisin