Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
caoldruim
"caol an droma" nó "an caol druim", an áit chaol de'n druim as cionn na gcorróg. Is ceann de "chúig chaoil" na colainne é.
+
Deir siad nach raibh aon-bhean a chuir aghaidh le aer ariamh ba bhreaghtha na í, agus in a dheidh sin féin thiocfadh a caoldruim thríd chró snáthaide
Ins an gcaoldruim a airighim é. Ní bheadh goir agam mé féin a lúbadh mar sin anois chor ar bith, nach mbéarfadh an phian orm isteach faoi'n gcroidhe. Deir siad sin gur arrainn é, ach measaim nach h-eadh
TUILLEADH (1) ▼
Níl neart agam cor ar bith a bhaint asam féin, nach dteagann pian chráidhte isteach faoi mo chaoldruim. Brath mhór atá agam a dhul chuig an dochtúr léithe, ach dheamhan agus móide meabhair a bhainfeadh sé sin aiste ach an oiread liom féin. Is minic nach mbaineann
+
Tá caol an droma an-lag aige. Ar chuala tú ariamh é: "Is minic fear fada lag as a lár"
Chuir sé barróig orm faoi chaol an droma, agus mo cheann-finne, ní scarfadh uaidh. Ba gheall le iarainn na bun-righeachaí a bhí air
TUILLEADH (2) ▼
Annsin, slán an tsamhail, i gcaol an droma a sáitheadh é. Dhá dteigheadh sé ionga eile isteach, bhí sé thrídhn a chuid aobha, agus leagha na bhFíann ní leigheasfadh é. Is maith a chuaidh sé as
Is diabhlaí leigthe atá sí as caol an droma. Ba mhaith í ag baint choirrlighe. Bheadh an síneadh fada aice.

Féach freisin