Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dias (Déas adeirtear i gcomhnaí)
ainm-fhocal; fireann
geineamhnach uathaidh: déise.
uimhir iolraidh: déasachaí.
Déas adeirtear san ainmneach
an chuid de'n arbhar a mbíonn an gráinne ann.
a.
+
Tá an coirce indéis = teagann déas ar an gcoirce thar éis a bheith i gcraoibh dó
Tá an coirce ag dul (nó ag teacht) i ndéis = tá an coirce ag dul 'un déise
TUILLEADH (1) ▼
Dar brigh an leabhar tá an garrdha sin thoir ar fad i ndéis. Le seachtain muis a chuaidh sé indéis
+
Is gearr anois go gcuiridh sé déas amach = go dteighidh sé indéas
Bíonn an déas cruinnighthe in a mogall san eorna, sa gcoirce agus sa seagal. Níl le déanamh agad ach breathnú ar ghort ar bith agus feicfidh tú féin é
TUILLEADH (5) ▼
I gCrích Lochlainn atá an chuach anois. Ní imigheann sí as seo go dtugann sí déas in a béal léithe = deirtear nach n-imigheann an chuach as Éirinn nó go mbíonn an t-arbhar i ndéis
Tá an chuach ar fáil. Ní imeochaidh sí aríst nó go mbeidh déas ag imeacht in a béal aice. Is fada é sin i mbliana
Cuireann an phis chapaill déas amach freisin
Tá sí in a ceanna déas ar fad (fc. ceanna)
Tá cáith na déise ag tuitim. (fc. cáith)
+
Tá mé ag baint corr-dhéas as = ag tosuighe ag baint an arbhair
Beidh sé in am déas a bhaint as lá ar bith feasta = in am a dhul ag baint an arbhair
TUILLEADH (4) ▼
Ní mór dhom a dhul ag baint déas as anois. Tá sé in a bhainne bhán
Níl tú ag brath air a dhul ag baint aon-déas as, ná eile. Má theigheann féin ní bhainfidh tú glas as é
Tá sé thar am déisín a bhaint as. Nach bhfuil sé ag tuitim dá cheann?
Tá camóig ar bharr 'chuile dhéas ag gabhail leis. Sin é a d'innseochadh duitse go bhfuil sé in alt a bhainte. Cho luath agus a fheicfeas tusa an chamóig, bí ar do dhearnachaí annsin
b.
+
"Is maith é an congnamh lá na déise" (sean-fhocal) = is maith an rud congnamh a bheith ann leis an arbhar a chur ar an iothlainn nó leis an arbhair a bhaint. An Chailleach Bhéarra adubhairt é sa gcaismirt a bhí aice leis an mbuachaill
Ní bheitheá agam lá na déise leath cho maith, ach, mo léan tiocfaidh tú lá na méise
TUILLEADH (1) ▼
Feicfidh tú é sin 'chuile lá ach lá na déise: an lá a mbíonn an chruadhóg ann

Féach freisin