Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díbirt
Briathar agus Ainm-fhocal (Ainm-bhriathar)
díbrighim agus rl.
ruaigeadh, a chur ag imeacht, a shaghdadh chun bealaigh, a chur gan bhuidheachas as áit, a dhíthsheilbhiú, a chaitheamh amach.
+
Dhíbir an t-athair é féin agus an bhean = chuir sé amach as an teach iad
Díbrigheadh ó'n mbaile é
TUILLEADH (19) ▼
Díbreochaidh an sagart duine ar bith a bheas ar meisce, ó'n gcéilidhe
Tá an tsean-bhean seo thiar díbrighthe aríst ag bean an mhic = ruaigthe as an teach
Dhíbir sé dá chuid talmhana lucht an bháire
Is deacair an slaghdán céadna a dhíbirt ó a ghabhfas sé in do chrioslaigh aon-uair amháin
Bhí mé ag ól fuisce ag ceapadh go gcoinneochainn an "fliú" díbrighthe, ach mo chreach mhaidne ghéar, bhí sé fánach agam
Níl an poitín díbrighthe as an tír fós agus an téagar seo féin a bheith le fáil
Dhíbir an madadh na caoirigh siar amach
Mara bhféadaidh mise a ndíbirt anois le deagh-chaint is lib go maidin iad
Shílfeá go bhfuil an tae do do dhíbirt. 'Ar ndú' bail ó Dhia ort ní nuaidheacht ar bith agadsa tae, ní hé a fhearacht sin ag daoine eile é. Leig do scíth go fóilleach. Beidh tú sáthach luath ins an mbaile
Dhíbir sé an cailín aríst
Tá an sagart ag díbirt daoine de'n bhóthar 'chuile oíche
Céard a dhíbir an t-iasc de'n chuan. Smál eicínt is dóigh
Tá na daoine díbrighthe aige de na bóithre le faitíos roimh a mhótar
Dhíbir sé soir thar teorainn na caoirigh
Dhíbir an t-athair as amach é = as seilbh an tighe agus na talmhana
Ní chomhnóchaidh siad go ndíbrighidh siad as amach é = siopadóir nua ag tosuighe ag díolachán in áit agus na siopadóirí eile in a aghaidh
Díbir rómhat siar an t-asal sin pé'rbith cá'id atá tú ag dul
Dhíbir sé abhaile í th'éis cupla lá ach dheamhan leath an chirt a rinne sé léithe, dheamhan é sineacht (sin)
"Sagart de na Ruaircigh mé, a d'imigh ins na caoirigh strae; Tháinic an ghaoth adtuaidh orm, agus díbrigheadh ó mo mhuintir mé" (Dhá líne as amhrán nach feasach dom cé'n t-ainm atá air)
+
Déanfaidh sé siúd díbirt ach a dteighidh sé suas. Ní fhágfaidh sé duine faoi chaolachaí an tighe
Rinneadh díbirt as an áit sin. Deir siad nachar fágadh Críostuidhe an bhéil bheo ar an dúithche sin nachar díbrigheadh
TUILLEADH (2) ▼
Shílfeá go raibh na póilíos ag brath ar díbirt a dhéanamh th'éis an aonaigh. Bhí an-sceaimhínteacht achrainn anonn agus anall ann
Rinne sé díbirt aríst indiu ar lucht na h-imeartha. Dheamhan blas de'n cheart nach bhfuil aige leo. Níl áit ar bith dhá sású ach i lár an bhealaigh
+
Cuirfidh mé díbirt ar a bhfuil agaibh ann má chloisim druid eile uaib. Breagh nach mbeadh sib ar an gceird seo ins an mbaile agaibh féin. Ní bheadh, arae ní éistfí lib
Cuir díbirt ar na cearca sin siar amach agus ná déanaidís cis ar easair de na cupla súileog céad-fhoghmhair sin th'éis ar n-anró.
TUILLEADH (5) ▼
Céard a chuir díbirt ar na fámuirí agus ar na Gaedhilgeoirí ach an droch-cháil sin a chuaidh amach de'n áit, tá cupla bliain ó shoin. Dheamhan aithne ar dhochtúirí nach raibh 'chuile dhuine ins an dá pharáiste ag dul ar na maidí de ghort an gharta
'Sé an sneachta seo anois a chuirfeas díbirt ar an bhfuacht agus ar an ngaimh atá insan uair, ach níl aon-mhaith ann mara gcuiridh sé scráib mhaith dhó (dhe)
Chuir an sagart díbirt orra as an bparáiste ar fad. Má chuir féin is aige a bhí an ceart. Níor dhream ar bith a bhí ionnta i gceartlár daoine gnaoidheamhail
Ba bheag an díbirt a d'iarr siad. Is ionann agus gur imigh siad dhá dtoildeona féin. Tá siad an-fhaiteach de'n tsaoghal
Chaith siad sin a saoghal ag cur díbirt' agus fáin ar dhaoine bochta, agus tá na préacháin ag déanamh neadracha ins na simléir aca féin anois. Má's feall fillfear

díbirt in iontrálacha eile (28)

 
dálta
Tá an mac sáthach síodamhail, ach níorbh é a dhálta sin ag an athair é an fhad agus a mhair sé, go ndéanaidh Dia trócaire air, mar sin féin. Ba mhór leis rud ar bith d'aon-duine. Mara bhfeiceadh sé ach an míol buidhe ar do chuid talmhana d'fhéachfadh sé len a dhíbirt, faitíos go n-eireochadh leat é a mharbhú. Sin é an sórt duine a bhí ann
 
déan 1
Mara mbeadh agad ach aon-gháire amháin, chaithfeá a dhéanamh dhá bhfeictheá ag teacht amach é, agus é cho maolchluasach le madadh a gcuirfí díbirt air
+
Cé'n fáth a dtiubharfá a leithide sin de thabhairt ort féin a leithide de lá. Má's dona annseo é tá an bóthar amach díbeartha ar fad. Níl claidhe ná fál leis, ná fascadh ná dídean air, ach lorg cois na bó ar an gcneagaire
TUILLEADH (11) ▼
Dhá dheannachtaighe dá dtiocfaidh an lá, bíonn fascadh eicínt ar na bóithrí seo, ach tá na bóithrí siar an-díbeartha críochnuighthe. Ní bheadh a fhios agad dhá dteightheá ar "bhicycle" ins an oíche ann nach amach indiaidh do mhullaigh i bhfiodán a chuirfí tú. Fuair mise mo dhóthain díob
An bóthar L., bóthar an-díbeartha é. Tháinic oíche shneachta orm cheana idir M. agus an áit seo, agus shíl mé nach srianfainn anuas go deo é. Bhí an bóthar plúchta, agus gan a fhios agam cé'n nóiméad a gcaithfí ar mo bhéal agus ar m'fhiacla soir le fánaidh ins na lag-phuill domhainne siúd mé. Is mise a bhí buidheach ach ar rug mé anuas ar na fálta ag tigh Ph. Ch.
Tá an áit siúd a bhfuil sé cho righte, cho díbeartha le tamhnóig i lár an tsléibhe. Ní fhaca mé aon-áit go h-iomaidh is mó a fhuagruigheas gála ná é. Bhí mé thuas ann oíche ar cuairt anuiridh, agus shílfeá go raibh an teach dhá thógáil dhá lúdracha leis an gcaoi a raibh an ceann ag sníomh agus ag gioscán
Is díbeartha an áit a bhfuil sé ag cur a inghine: isteach ar an mbáinseoigín luachra sin idir dhá chíocra, agus nach síon dá séidfidh nach mbainfidh cleite aisti (fuadóchaidh sí an teach uirre)
Ná bac le fascadh. Níl fascadh annsiúd ar ghaoith ar bith. Nach bhfuil sé i mbéal an ghairbhshin. Áit díbeartha críochnuighthe é.
Mo choinsias 's dar m'anam, bainfidh an ghaothtalach seo gíoscán as na creatlaigh aige indiu, ná ag fear ar bith eile atá ag déanamh an bhóthair sin. 'Sé leiceann ó thuaidh Ch. Bh. an giodán is díbeartha in Éirinn. Níl aon-tsíon dhá séideann aníos ó mhullach an domhain nach n-aimsigheann é
Cladach díbeartha é. Tá sé ar aghaidh na righteachta ceart. Badh é do chloch neart seasamh ann lá geimhridh. D'fhuadóchadh an sinneán de do bhonnaidheachaí thú. Dheamhan thairis sin de ghaisce insan samhradh féin é
Is dona na gnatha a bheadh ort a dhul do do chailleadh féin suas an bealach díbeartha sin leithide an lae indiu. Dhá mbeadh an bóthar faoi do chois, níor chás duit é, ach ag caruidheacht le réidh-chasáin nach siubhalfeadh na gabhair. Ní leithne an t-aer ná an timpiste a mhic ó. Is fánach an chaoi a mbainfí leagan asad, agus thú a chur go dtí do dhá shúil igcaochpholl. Tá do dhóthain breithe agad a dhul annsin. Is iomdha lá breagh a thiocfas as seo go dtí lá Bealtaine seo chugainn
Is doiligh díbeartha an t-aistir é ag aon-Chríostuidhe beo indiu. Ach dheamhan a dhath drugail aige siúd roimhe. Tá an chleachtadh mhór aige air. Chonnaic mise é sin ag imeacht oícheanntaí as seo le dhul abhaile, agus dheamhan a dtiocfá cho fada le ceann an sconnsa sin dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Ní bheadh aon-mhaith é a bhacadh in a dheidh sin. Bhuailfeadh sé a dhá shéirín taobh thíos dhá dhá ghlúin, agus dá mbadh í an oíche í ar ith Ceile na bradáin ghreadfadh leis abhaile
Is ridire caorach é, ach tá sé cínnte dubh agus dubh air aon-bhean a fháil in a dheidh sin. Níl aon-tsaint ag bean ar bith a dhul amach ar thamhnóig cho h-aistreánnach, cho díbeartha leis an áit siúd. Cé'n bhrigh dhá mbeadh cupla teach ann, ach níl teach ná árus níos goire dhó ná F., agus tá sin cheithre mhíle uaidh, má tá sé taobh leis. Cá'il an bhean a bhuailfeadh faoi áit de'n tsórt sin. Bhí an saoghal ann agus dhéanfadh, ach ní anois é
Tá an teach thiar ag gob na locha faoi aill. Tá lúibinn bheag isteach ann agus é le h-ais na lúibinne. Níl tada timcheall air ach eascaidheachaí agus cíocraí agus scrath-ghlugair, agus seisceallach ann a dtiocfá go h-ascallaí innte. An uair a bhíos stolladh ar bith ann, diabhal mé go mbíonn an loch cho coipthe agus a bhíos an fhairrge sin thíos. Áit díbeartha ceart é, ach mhairfeá in a dheidh sin ann, dhá mbeadh fuighleach airgid agad
 
dochar
Sin é anois an duine deire dhá chuid cloinne imighthe uaidh. Tá sé fágtha gan Murrchadha gan Mánus anois. Tuilleadh diabhail anois aige gan dochar gan díobháil duinne, dar gcuid ná dar maoin. Ní shin í mo chéad eascainidhe air muis, agus fearann an eascainidhe ar chaoi eicínt. Ba bheag an scruball a bhí aige féin eascainidhe a dhéanamh ná daoine a dhíbirt. Tá sé faighte faoi na foraí aige féin anois
+
droim
Ní chomhnóchaidh siad len a gcuid dlí go gcuiridh siad de dhruim seoil an duine bocht. Cé'n t-údar atá aca dhó anois? Breagh nach leigfidís dó. Siúd é atá orra: ag iarraidh a dhíbirt as teach agus as talamh atá siad, go mbeadh a bhfuil ann aca féin
TUILLEADH (9) ▼
Ní fhágfaí in aon-choláiste faoin domhan é, nach gcuirfí druim díbeartha air as, mara indán agus go gcasfaí i gcoláiste "bligeárds" é go díreach. Bheadh sé in a cheann feadhain annsin (druim díbeartha a chur air = é a dhíbirt, a ruaigeadh, a ionnarbadh, a chur chun bealaigh de'n bhuidheachas)
Cuireadh druim díbeartha air uiliog as an tír seo. An t-am a raibh sé tugtha síos faoi'n ngearrchaile sin thoir, chuaidh an sagart go dtí é, agus d'fhuagair sé air a bheith ag imeacht go beo deifreach, nó go gcuirfeadh sé féin ag imeacht é. Go deimhin, níorbh áirge mhór ar bith i bpobal é
Ar an mbaile seo a bhí sé taithighthe uiliog tamall, ach cuireadh druim díbeartha air as. D'ionnsuigh seala de na gearrbhodaigh oíche é. Dheamhan ceo dhá chuid millteanais a chonnaic mé, ach bhí le rádh in a dheidh sin go raibh sé ag tabhairt scaibhtéaracht faoi deara dhó féin insan aimsir deireadh
Is diabhlaí nach bhfuil deoir phoitín ar bith ins an tír anois. Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid póilíos! Bhí sé fánach ag na póilíos an ceann is fhearr a fháil air, ach 'siad na misinéaraí a chuir druim díbeartha air. 'Siad a bhí deas air. An uair a thosuigh sé siúd ag scaimhléaracht agus ag loscadh mionnaí mhóra, níor leig an faitíos d'aonduine gan a chomhairle a dhéanamh mar a mbeadh bairillín bréan — poll fataí d'fhear — mar é sin thíos ann, go díreach. Ach duine ar an dioscán é sin … Tá a fhios ag an lá gur imigh an tsubháilce as an tír an lá ar imigh an poitín. Ba é "Bainne Dubh na Féile" é dháiríre
Meastú cá'id go dteighidh druim díbeartha ar na Sasanaigh as Cúige Uladh, nó an ngabhfaidh go bráth. Is fusa é a rádh ná a dhéanamh arsa tusa. Tá siad an-dubh ann, agus tá na Sasanaigh cho geanntáilte sin ann, agus go dtóigfidh sé aimsir a gcur de dhruim seoil. Déanann siad an-dícheannadh ar na Rúmhánaigh (Rómhánaigh = Caitlicigh) thíos ann, nach ndéanann. Ó tá rútaí Chromail go daingean annsin fós
Ba cheart druim díbeartha a chur ar na Ghiúdaigh sin ar fad as an tír, agus cead a thabhairt dóib a dhul ar ais go dtí an áit ar b'as iad. Ní éadáil ar bith ins an tír iad. Nach shin iad a chroch Mac Dé ins an gcrann. Chrochfadh agus aríst dhá bhfaghaidís luach saothair as a ucht. Is orra nach mbeadh an mhairg.
Druim díbeartha a bhí a chur air fhéin agus ar a dhreám as an tír, agus cead a thabhairt dóib a dhul anonn go Sasana ó's ann atá a gcroidhe. Bhí an-chion aca ar thighearnaí i gcomhnaí, ach ní fhaghann siad deis ar a gcuid brocamais a dhéanamh anois, mar a rinne siad roimhe seo do na B., nuair a chaith siad an bhean a bhí idtinneas cloinne amach chois an chlaidhe.
Dhá bhfairsingigheadh na h-easógaí chuirfidís druim díbeartha ar na luchain agus ar na francaigh. Deirimse leat gur beag an luch ná an fhrancach a lonnóchas ins an áit a mbeidh siad sin
Meastú an féidir druim díbeartha a chur chor ar bith ar an sionnach. Tá an baile — an tír arsa tusa — sladtha aige. Céard adeir tú leis a d'árduigh leis cearc de'n tsráid annsin indé go deireannach, as comhair mó dhá shúl. Airigheann sé go bhfuil púdar gann. Marach sin is beag de'n tsireoireacht seo a bheadh air in aice na dtighthe
 
Bhí sé an-dubhshlánach len a chuid máistirí. Ní ghéilleadh sé dóib faoi rud ar bith. Bhí a shliocht air. Cuireadh díbirt air as deireadh na cúise
 
Tá le rádh go bhfuil sé le díbirt = deirtear
 
Tá mé ag dul faoi dhuit nach raibh baint ná páirt agamsa le do réithe. Ní bhfuair mise ariamh ar mo chuid é ach uair amháin, agus ní dhearna mé níos airde leis an uair sin ná a dhíbirt soir thar tórainn aríst. Dar a shon a rachainnse ag déanamh créatúlacht ar do réithe. Má rinneadh leis é, ní mise ná aonduine in mo theach a rinne é. B'fhearr liom go mór thú a thabhairt 'un dlí faoi fhoghail, ná a dhul ag déanamh a leithide de chleas