Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dúchas
/dūxəs/
ainm-fhocal, fireann
geineamhnach uathaidh = dúchais
1.
nádúr nó cáilidheacht bhunaidh duine nó beithidhigh; claonta; do mhuintir nó ceanntar do thuismighthe.
+
"Briseann an dúchas thríd shúile an chuit" adeir siad = an nádúr nó an cháilidheacht atá induine nó imbeithidheach, briseann sí thríd, de bhuidheachas d'oileamhaint, d'oideachas, do chreideamh, agus do 'chuile rud dá ndéantar len a choisceadh ón a chlaonta bunaidh
"D'fheicfeá braon faoi shúile an chuit amanntaí: deir siad gurb shin é an dúchas" (ó m'athair)
TUILLEADH (2) ▼
Briseann an rud sin thríd mar a bhriseas an dúchas thríd an gcut
Th'éis a bhfuil d'fhoghluim air, tá caint fhada an tsléibhe ag briseadh thríd scaithtí mar a bhriseas an dúchas thríd an gcut
+
"Leanann báidh dúchas" (sean-fhocal) = bíonn báidh ag duine leis an mbaile nó leis an áit ar tóigeadh é, nó len a mhuintir nó le béasaí a mhuintire (Tá an sean-fhocal sin coitianta go maith in áiteachaí, ach is beag má tá sé in áiteacha eile chor ar bith)
Tá sé ag ól braonachaí poitín ó a tháinic sé abhaile th'éis nach leagfadh sé béal air an fhad agus a bhí sé imighthe. Ach leanann báidh dúchas, adeir siad
TUILLEADH (6) ▼
Is iongantach gur annsin atá sé ag dul ag déanamh tighe agus gan duine ar bith dhá mhuintir beo anois ann. Ach is cóir adeir siad go leanann báidh dúchas. Bhí nádúr aige leis an tsean-áit in a dheidh sin
Má seadh féin, th'éis ar shiubhail sé tá nósa na tíre tóigthe aríst aige. Deir tú leis a bhfuil na seidhríní thuas aige, fearacht an athar. Leanann báidh dúchas 'ar ndú'
Ní féidir go bhfuil bád ceannuighthe aige thuas annsin. Shílfeá nach mbeadh áit báid ar bith annsin. Shílfeá anois, th'éis an chaoi ar tóigeadh é, nach mbeadh sé ag leanacht do cheird an athar. Ach leanann báidh dúchas mar adeir na seandaoine
Tháinic fear timpeall annseo an bhliain cheana. Puicneach mhór mhillteach a bhí ann, agus ba deacair é a thuiscint. Bhí sé cho gállda sin. As áit eicínt idtóin Mheiriocá a tháinic sé. Chuir sé tuairisc na Loideánaigh, agus b'éigin sean-bhallaí Thomás Labhráis a 'sbáint dó. Sin é an áit ar rugadh mo shean-athair-sa adeir sé. Anois nach leanann báidh dúchas. Chroch sé leis fraigh de'n eidheann agus slam de'n chaonach atá ar an mballa.
Scríobh sé abhaile imbliana ag iarraidh seamrac rud nach ndearna sé cheana le mo chuimhne. Leanann báidh dúchas mar sin féin
Ní raibh aon-imní air ar uair a bháis ach nach dtiúrfaí abhaile é agus nach gcuirfí [é] san sean-teampall seo thíos san áit a bhfuil a mhuinntir uilig curtha. Féacha féin anois go leanann báidh dúchas, mar adeir siad
+
Tá sé ag dul in aghaidh dúchais = tá sé ag dul in aghaidh muintire; ní h-iad na tréartha is dual dó na tréartha atá ann; níl sé ar aon-cháilidheacht len a mhuintir roimhe
Ó ní fheicfidh tusa aon-duine aca sin ag taobhachtáil ceoil ná damhsa. Ach dheamhan a fhios agam céard adéarfainn leis an gceann óg sin ann. Tá an-fhonn amach uirre. B'fhéidir go ngabhfadh sí in aghaidh dúchais
TUILLEADH (6) ▼
Tá 'chuile dhuine go tóin aca mar sin cé's moite de P. Tá sé sin ag dul in aghaidh dúchais
Cébí cé uaidh a dtug sé é muis, tá sé gnaoidheamhail, ní hé sin don chuid eile é. Teigheann éan as 'chuile ál in aghaidh dúchais.
Diabhal suim ar bith ag J. in airgead. Chaithfeadh sé airgead na h-airrí agus bíodh sé aige. Chuaidh sé in aghaidh dúchais ceart muis. Ach bíonn cuilíneach ar 'chuile thréad adeir siad.
Níor dhual di muis a bheith mar sin. Chaithfeadh sé go bhfuil sí ag dul in aghaidh dúchais. Ní raibh duine ar an bhfeadhain aca sin nach raibh droch-mhúinte anglánta
Bheadh sé ag dul in aghaidh dúchais mar a ndéanadh sé é sin. Chonnaic mise a athair thíos 'sa teach cheana. Bhí duine de'n chlann sin anois in a ghasúr bheag ag tónachán ar an urlár. Tháinic P. F. isteach. Thug sé píosa sé pighne do'n ghasúr. Bhí an-phráinn ag an ngasúr as. Chreidim go raibh práinn cho mór ag an athair as, nó b'fhada leis go raibh muid ag imeacht nó caoi eicínt. Sciobann sé an sé pighne ó'n ngasúr ar chuma ar bith. Bhí na h-ollghártha ag an ngasúr ag iarraidh an airgid
A Dhia dhá thárrtháil muis! Cuir eanga sa ngabhail, má bhí duine de mhuintir Fhínneadha óltach. Ab é an smutachán beag sin? Is fear é muis a chuaidh in aghaidh dúchais. Níor chaith aon-duine aca ariamh bonn le ól cheana
+
Bíodh a fhios agadsa gur paiteanta a bhíos an Ghaeilge go minic ag cuid den dream seo a fholaimíos í, ná ag an té a bhfuil sé indán agus i ndúchas dó í a bheith aige = an té ar dual dó í; an té a mbíonn sí aige ó bhruinn (cuirtear indán agus indúchas le chéile mar seo go minic)
Tá sé indán agus indúchas d'fhear Chonamara i gcomhnaí achrann a tharraint áit ar bith dhá mbeidh sé
TUILLEADH (4) ▼
Slóchtaí é. Tá an cheird sin indán agus indúchas dó. Ar an róstadh agus ar an scólladh sin a tóigeadh an scéiméara sin
Tá chuile dhuine aca sin cuidiúil. Bhí sé indán agus indúchas dóib a bheith amhlaidh. Dheamhan duine is bunáití ná a n-athair le fáil
Tá sé an-doréara agus má tá féin, sin é an rud a bhí indán agus indúchas dó. A athair fhéin an fhad agus a mhair sé, bhíodh "peelers" tarraingithe ar an oileán aige chuile lá san aer
Tá sé indán agus indúchas do mhuintir an h-áite seo a bheith oilte ar an bhfairrge. Nach ar an bhfairrge atá a ngreim? Deile riu
·
[Ga]ol dáimhe na dúchais (fc. dáimh)
2.
gealta gadhair (hydrophobia).
a.
+
Tá an madadh sin amuigh le dúchas = galra a bhuaileadh mádraí roimhe seo. Theighidís ingealta. Ar uair uaibhrigh 'sa samhradh is mó a bhuaileadh sé iad. Bhéarfadh sé ar rud ar bith. Rud ar bith a mbéarfadh sé air, bhí sé fhéin le dúchas agus ba shin é a raibh de léas aige
Ní fhaca tú madadh le dúchas ariamh. Well ní fearr duit a fheiceáilt. D'fheicfeá go minic fadó iad. Bhí madadh againn annseo uair: madadh mór gliobach ruadh. Chonnaic mé féin thuas ar an teallach lá é agus é ag ligheachán a chuid uisce féin. Bhuail mé cnap air. Ba mhí-nádúrtha an rud é. Ba ghearr go raibh a chuid súile cho glórach len a bhfaca tú ariamh, agus claon-fhéachaint i gceann aca. Faoi cheann cupla lá, bhí sé ag creathadh ar fad, agus banlá dhá theanga amuigh agus gan mothú ná arann in a ghiall déarfá. Dheamhan asna dhó nach n-eirigheadh ar a chosa deireadh agus thugadh sé farradh 'san aer. Bhí tart céadtach air, agus síon chráidhte aige, agus é ag cur chubhair amach. Dhá bhfeictheá na creaithtí a bhí air. Agus bhíodh sé caithte anuas in a phleibistín 'chuile phuínte. Cailleadh é th'éis cúig nó sé de laetheantaí. Dúchas a bhí air. Is fada go mbeithí dhá bhuachailleacht anois. Chaithfí é
TUILLEADH (5) ▼
M'anam dhá mbeadh dúchas air, go mbeadh sé thar a bheith i "fits". Níl dochar ar bith sna "fits" sin. Ach ní fhaghadh an madadh dúchais biseach ar bith go marbhuighthí é. An té a mbéarfadh sé air, bhí sé le dúchas cho maith leis an madadh. Dhá bhféadthá an madadh a mharbhú, é a bhruith, agus an súgh a thabhairt len ól do'n té a mbéarfadh sé air, leigheasfadh sé é. Dhá mbeireadh madadh ort fadó, nó dhá bhfuileochadh sé chor ar bith ort, bhainfí ribe as an madadh agus leagfaí leis an ngearradh é
Ribe nó liobar fuilt as rioball an mhadaidh a leigheasfadh an dúchas
Dúchas 'sábhálaidh Dia sinn! Má tá sé le dúchas tá sé réidh. Is fada th'éis an madadh fuiliú ar dhuine, go séideann an dúchas. B'fhéidir go mbeadh sé sé seachtainí nó ráithe nó tuilleadh. Isteach faoi do dheallracán annsin slán an tsamhail a bhuailfeadh an phian thú, nó isteach in do gheolbhach. Thiocfadh scéin in do shúile, agus thosóchthá ag cur chubhair amach. Ó is gearr a mhairfeadh duine leis. Trí lá nó cheithre lá ar a fhad. Bheadh daol ort 'chuile phuinte agus meirbhthean in a dhiaidh. Ribe fíonnaigh as an madadh dúchais féin an t-aon-leigheas a bhí air. Deir siad nach mór do 'chuile shórt leigheas dhá chuid féin
Tá an madadh imighthe le dúchas
D'eireochadh dhó. Seo í a aimsir. An tráth seo 'bhliain igcomhnaí a theigheas na madraí le dúchas: aimsir mharbhánta uaibhreach. Uair thoirnighe mar seo
b.
+
Tá sé seo amuigh in a mhadadh dúchais = le buile, ingealta, oibrighthe
Ba gheall le madadh dúchais é ag imeacht ag tóraidheacht Mh. go marbhuigheadh sé agus go n-itheadh sé é
TUILLEADH (4) ▼
Bíonn sé sin in a mhadadh dúchais ag imeacht cho luath agus a bhlaiseas sé d'aon-deoir phoitín. B'éigin a chur "soir" cheana (go dtí an gealtlann imBéal Átha na Sluaighthe)
Bíonn sé in a mhadadh dúchais indiaidh mná soir annseo ar na bóithrí 'chuile oíche.
Tá sé cho dona le madadh dúchais = duine, capall nó rud ar bith imighthe i bhfiadhántas ceart
Tá an mac sin thiar aige ina mhadadh dúchais tá sé cho fiadháin sin
+
Teigheann beithidhigh le dúchas freisin. D'fheicfeá rud an-chosamhail leis ar na capaill fós
Má chloiseann sé é sin gabhfaidh sé le dúchas. Mo choinsias íosfaidh sé beo beithidheach é
TUILLEADH (7) ▼
Chreidim go raibh T. Sh. le dúchas aríst oíche an aonaigh. Bhí sé anuas annseo ar fud an bhaile ina stocaí. P. B. a bhí sé a thóraidheacht. Dhá bhfaghadh sé greim air ba thruagh dhó!
Tá dúchas nó diabhal eicínt air ar an aimsir seo. Diabhal baoghal ar bith nach bhfuil, agus cho fiadháin agus atá sé ag imeacht. An bhfaca tú an choinneal atá in a dhá shúil? Níl sé ag déanamh comhnaí ar bith ach oiread
Tháinic cubhar len a bhéal, agus dhá bhfeictheá cho glórach agus a bhí na súile aige. "Tá sé seo ag dul le dúchas" adeir J. Sh. Mh. An bhfuil maistín ar bith is mó ná é
Bhí sé imbéal an tseoil romhainn, agus a sheaicéad buailte faoi'n mbóthar aige, ag iarraidh fear ar bith dhá raibh ann amach ar "fair-play". "Cé'n chaoi a bhfuil an ghealach" a deir B. Sh. Th. "Diabhal mé gur shíl mé nach sheo(d) é an t-am de bhliain a dteigheadh na madraí le dúchas chor ar bith"
Ó h-eitigheadh é faoi'n mbean sin níl samhail ar bith aige ag imeacht ach madadh dúchais. Is beag obstaireacht a gheobhas sé anois, nuair a eireochas an ceann air. Tá sé leath-eirighthe go leor mar atá sé
Bhí an sagart ag dul le dúchas ar an altóir indiu, faoi chaint eicínt a caitheadh faoi fhéin agus a h-innsigheadh dó aríst. Ní fhaca mé cho bainte amach ariamh é agus a bhí sé indiu
Diabhal mé go ngabhfaidh na Sasanaigh salacha sin le [d]úchas mar bhfaghaidh siad corp Hitler. Ní shásóchadh tada iad ach [a] thabhairt go Londain agus a chrochadh suas go mbeidís ag [b]reathnú air, mar a rinneadh le corp Mussolini.

Féach freisin

dán

Dúchas in iontrálacha eile (6)

 
deil 2
Duine an-deaslámhach é le clár a dheil nó rud mar sin a dhéanamh ach é a bheith ar a mhian ceart agus dalladh tobac a bheith aige. Ach má bhíonn uireasa an tobac air, fan uaidh. Is fear le dúchas an uair sin é
 
An madadh faoi dheireadh a bhí agam, d'imigh sé le dúchas nó diabhal eicínt, agus níor facthas ariamh é. An ceann roimhe sin mharbhuigh mótar é. Níl na mádraí ag eirghe liom
 
drann
Dhá bhfeiceadh duine madadh ag drannadh fadó rithfeadh sé 'sna feire-glínteachaí uaidh, faitíos gur dúchas a bheadh air. Ba dearg-chontabhairt iad an uair sin ar chaoi ar bith, agus daoine ag dul thart ag iarraidh glinneadhachaí a bhaint as rible (drible, driobaill) na madraí a rug orra
 
dream
Daoine fiuntacha a bhí is 'chuile dhuine dhá dhream, agus ba deacair dhó féin a bheith ar a mhalrait mara dteigheadh sé in aghaidh dúchais
 
Níl droch-mhúineadh ná oilbhéas ann, agus go deimhin sin é atá indán agus i ndúchas aige freisin. Níor tháinig drisín ná dreancán ar a chine ariamh
 
dual 1
Ní tada eile is dual dó ach an túataighil. Mara mbeadh sé mar sin, bheadh sé ag dul in aghaidh dúchais.