Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dream
/d′r′æm/; /d′r′am/; /d′r′ām/
ainm-fhocal, fireann
geineamhnach uathaidh: an dreama (ach is rí-annamh a theagas claochlódh tuisil air)
uimhir iolraidh: na dreamannaí.
daoine, riar, cólucht, plód, scata, scuaine agus rl. (Focal rí-choitianta igcaint é agus chiallóchadh sé uimhir ar bith ó bheirt go dtí cupla milliún duine nó tuilleadh. Is iomdha leagan air i gcaint).
a.
+
Dream malluighthe iad = they are a damnable (execrable) lot
Dream túatach iad (dream olc, fíádháin, beag-mhaitheasach, láidir, dona, gan aon-rath, gan aon-bhiseach, gan aon-dul 'un cinn, gan aon-chaoi, saibhir, triollúsach, gaisceamhail, postamhail, ealadhanta, ciotach agus rl.)
TUILLEADH (10) ▼
Céard a bheadh dream beag caillte mar sin acmhuinneach ar a dhéanamh
Dream caillte uiliog atá annseo anois. Ná samhluigh ceol ná damhsa leo
Tá dream olc de chlann aige
Droch-dhream iad a dhearbhráthracha
An-dream go deo iad sin
Ná bac leis an dream sin. Fíor-dhream malluighthe iad
Dream sách aisteach iad na sagairt inDomhnach! Ar chuala tú céard adubhairt an sotach leis an máthair: bíonn a sompla agus a dteagasc seacht n-acra ó'n a chéile. Déan mar adéarfas siad, ach ná déan mar a dhéanfas siad
Dream leitheadach iad na máistirí scoile. Diabhal aithne orra nach ar a dtóin a eirigheas an ghrian
Dream gan náire iad agus a dhul ag déanamh a leithide de chleas
Dream gan tuiscint iad 'mo choinsias
+
D'imigh an dream ar foghnamh, a dhearbhráthair mo chroidhe, agus níl ann anois ach an bhrothtuinn
B'olc an dream a chuaidh dhá fhágáil annsin agus fios aca go raibh sé ar meisce = na daoine
TUILLEADH (3) ▼
Chaith sé cuid de'n dream a tháinic ann amach
Ní fhaca tú an dream seo (aos óg an tighe seo; muintir an tighe seo) in áit ar bith?
Is mór an t-iongnadh gur leig an dream seo an deireannas orra féin muis
+
Fagh dream le dhul in éindigh leat san gcurach
Ní iarrfá dream is deise ná iad
TUILLEADH (9) ▼
Airighim dream eicínt ag teacht.
Chuaidh dream aca soir agus dream siar.
Níl sé sin sásta dream ar bith a leigean isteach
Bhí dream as M. ar cuairt againn indiu
Chuaidh dream de mhuintir an tighe seo 'un farraige agus dream eile ag fiadhach an tsionnaigh
Tá dream de na mná rialta ag an gcladach anois
Tá dream faoi (ag obair)
Nach oraibh atá an smál thar dhream ar bith! Nach maith gur sibse a chaithfeas a bheith síos le 'chuile shórt!
Sé an chaoi a bhfuil an teach seo dream ag teacht agus dream ag imeacht ann igcomhnaí
+
Tá an dream siar fíádháin agus an dream soir mín. Ar chuala tú ariamh é: leig thart an fear aniar, agus ní baoghal duit an fear anoir = na daoine atá ar an taobh thiar
Béarla uiliog atá ag an dream suas (na daoine ó thuaidh) anois
TUILLEADH (5) ▼
An bhfaca tú an dream seo síos anocht
Tá an dream sin isteach (faoi na h-oileáin) roint francuighthe
Is mó de'n dream siar-amach a bhí ann ná de dhaoine aitheantais
Deir siad go bhfuil an dream síos amach — dream Chúig Uladh — ag cur a gcosa uatha aríst
Cuireann an dream suas gaineamh gorm ar an talamh igcomhnaí
+
Tá caint fhada bhog mar sin ag dream an tsléibhe (lucht)
Fan ó dhream Mh. C. (ainm áite)
TUILLEADH (5) ▼
Chonnaic mise dream U. Á. (ainm áite) ag bualadh báire annsin thiar, agus má chonnaic féin, ba dona iad
'Séard a dhéanfadh dream an Achréidh le na fataí sin anois a dtabhairt do mhuca
Bhíodh dream an bhaile mhóir amuigh ar an tráigh sin 'chuile phuinte nó go ndeachaidh laghdú ar na busannaí
An raibh dream na C. R. ag an damhsa?
Ar imigh dream R. uaibh fós?
+
Fan amach ó dhream na mbád má tá do leas ar Dhia. Chuirfidís sin i bhfarraige ar an toirt thú má tá aon-fhaltanas aca dhuit
An dtáinic dream na curaighe fós? (daoine a bhí igcuraigh)
TUILLEADH (6) ▼
Cheal nach bhfuil dream an fhraoigh ar fáil fós?
An bhfaca tú dream an chladaigh.
Cá'r fhága tú dream an phortaigh? = na daoine a bhí ar an bportach
Tá dream Aifrinn ag teacht anoir = daoine (nó cuid de na daoine) a bhí ag an Aifreann
Tá sé ar na puintí ag dream cladaigh a bheith isteach = dream a bheadh ag feamnadh, nó san tráigh
Tá dream Gaillimhe ag teacht anoir = daoine a bhí inGaillimh mar a bheidís ann lá margaidh nó mar sin
+
Bhí dream sagairt ar lóistín ag S. N. anuiridh = roint sagart; beirt nó triúr; ceathar nó cúigear etc.
Tá dream máistirí scoile annseo agus ní fiú do sheacht mallacht iad
TUILLEADH (9) ▼
Chonnaic mé dream daoine uaisle ag dul ag iascach ar an abhainn indiu
Bhí dream saighdiúir ann agus iad in a léine, in a maoil agus in a mbonnaidheachaí ag greadadh a chéile
Cá ndeachaidh an dream tincéaraí a bhí campáilte thoir annsin thoir?
Tá dream gliomadóirí thíos ar an gcéibh anois
Tháinic dream ceannachóirí anoir an t-aonach agus cheannuigh siad cupla gamhainín — cupla luipreachán — agus soir leo aríst, agus níor facthas anoir níos mó iad
Bhí dream mór póilíos ag an gcúirt indiu
Tá dream mór cloinne aige
Bhí dream mór mac aige
Is fadó an lá nach raibh aon-dream maith báireóirí annseo
+
Cé'n dream a bhfuil tusa ag vótáil dóib? = dream poilitiachta
Mara chéile 'chuile dhream go tóin aca. Geallfaidh siad an ghrian agus an ghealach duit nó go dteighidh siad isteach
TUILLEADH (1) ▼
Daidhean (deamhan) mé go bhfuil siad cho maith le dream ar bith eile le bhóta a thabhairt dóibh
·
Is deacair an dream óg (aos óg) a bharraidheacht
Níl dream óg ar bith anois ar an mbaile seo
b.
muintir, gaolta.
+
Is dona é fhéin agus a dhreám = a mhuintir; a ghaolta
Níl aon-dream daoine san tír is measa ná a mbaineann leis sin
TUILLEADH (7) ▼
Nar chuiridh Dia an t-ádh air fhéin agus ar a dhreám! Ní fhaca mise aon-cheo ariamh aca, ach ag scríobadh leis an ngánntann ar nós 'chuile dhuine
Is furasta aithinte as a dhreám é: luisneachán mór fada agus gan bior-eanga air
Lean an eitinn dhá dream sin
Tá an tinneas mór — beannacht le h-anam Phóil! — in a dhreám sin fré chéile
Níl aon-dreám daoine ar foth ná ar féar is measa ná iad sin. Tá an braoinín salach ionnta fré chéile
Ba suarach í féin agus a dreám, ní dhá roínt léithe é, ach dhá fhágáil aice
Daoine fiuntacha a bhí is 'chuile dhuine dhá dhream, agus ba deacair dhó féin a bheith ar a mhalrait mara dteigheadh sé in aghaidh dúchais

Féach freisin

Dream in iontrálacha eile (100+)

 
abair
Tá an dream seo níos measa ná an dream a bhí cheana ann, déarfá
 
Níl Gaeilge ná Béarla ag an dream óg sin an taobh suas anois. Sé teanam an dá chailleach é agus gan aon-chailleach ag tiacht
 
Tá sé cho daighceamhail, cho stuacach le nímé cé hé. Ghreamuigh sin dá dhream. Bhí aithne mhaith agamsa orra, agus ceart agam air.
 
dáimh
Níl aon-mhaith dhuit a bheith ag caint mar sin. Níl gaol dáimhe ná dúthchais ag an rud sin leis an scéal ar ball. Scéal ann féin é sin. Níl an Government ná dream ar bith eile indon tada a dhéanamh faoi sin, nó go ndéanaidh na daoine fhéin é
 
Ná bíodh imní ar bith ort. Tá tú istigh go daingean innte fós. Ach má eirigheann geábh eile cho maith leis an ngeábh deire leis an dream seo, scilling spurtha a bhéas innte = scilling in imirt chártaí, agus dream ag imirt innte
+
Tá sé cho daingnighthe istigh anois ins an dream sin, agus nach gcuirfeadh súiste Oscair amach asta é
TUILLEADH (3) ▼
Tá an droch-fháisc cho daingnighthe istigh ins an dream sin, agus nar mhór dóib tonn ghrásta cho mór le Tonn Uí Fhloínn len a cur amach
Tá an dream sin anois cho daingnighthe istigh ar an mbaile againn, agus nach mbainfeadh seacht gcatha na bhFiannta Éireann feanc asta. Diabhal é muis. Ní gar a bheith leo
Tá tusa ag ceapadh go gcaithfear an dream seo amach go gairid. Bíodh ciall agad a dhuine chroidhe. 'Sé an chóir a bhfuil an Government seo ag daighniú. Tá siad ag leigean an oiread airgid amach ar an tír agus go bhfuil gach duine ag maoidheachtáil leobhtha
+
dairt
Rinne siad dhá chomlán — an baile seo agus B. — agus thosuigh siad ag caitheamh dairteacha le chéile. Dar fiadh chuir an dream se'aghainne indiaidh a gcúil iad agus leanadar cho fada leis an sruthán iad ag caitheamh leo igcomhnuí. Badh é an cath ba mhó é a chonnaic mé ar phortaigh ariamh in mo shaoghal
TUILLEADH (2) ▼
Bheadh an scéal ceart go leor dá mbeithí taobh le dairteachaí a chaitheamh, ach seachain nar caitheadh clocha freisin. Ní thrustfainn A. Ní miste leis sin ins an gcatmara é, ach duine eicínt a dhonú. Streille gáire a chuirfeas sé air fhéin annsin. Is olc na gnaithí atá ar dhream ar bith a thiocfas i gcleitheamhnas a dhul ag déanamh spóirt ins an áit a mbeidh sé sin
Is túisce a ghabhfainn ag caitheamh dairteachaí le Árainn ná a bhuailfinn faoin obair gan tabhairt sin, agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair mar adeir an ceann eile. Meas tusa a dtiocfainnse do mo mheath féin agus ag cur mo chuid alluis ag iarraidh sean-mhóinteáin atá annsin suas a shaothrú — scáth chúig phunt airgid. Nach mé atá adhartha, mar adeir fear an Achréidh. Is deacair a dhul ag iarraidh maitheasa ar dhream ar bith a shíleas go mbeidh aon-tabhairt go bráth ins an muing chaca sin
 
dall 3
Bhíodh an dream sin soir dhá dhalladh ceart anuiridh, ag séideadh faoi, ach is cosamhail gur bhrath sé é féin. Ní thaobhuigheann sé chor ar bith imbliana iad
 
Ná bac leis an dream atá annseo a dhul a chodladh in am. Ní theagann P. oíche ar bith go mbíonn sé an damhadh réag, S. nuair a ghlaodhas an coileach, agus M.! Ní theagann M. go mbíonn sé in a lá gheal go minic. Ach is féidir leis sin an mhaidin a chodladh, ní hé sin do'n chuid eile é
 
damhsa
Faoi do chois é! Nar lagaidh Dia thú. Is tusa a thug an damhsa ó bhuaile leat ar chaoi ar bith agus ní h-iad an dream a mbíodh sé ráidhte leo
 
dána
Is diabhlaí dána atá na Sasanaigh sa tír fós. Tá mé ag ceapadh go bhfuil cuasnógaí aca i mBaile Átha Cliath agus in áiteachaí mar sin. Dream aca a rinne é sin
+
danra
h-Iarradh air fanacht ins an mbaile. Bhí siad in a suidhe go te, agus 'ar ndú is dó a shroichfeadh a raibh ann. 'Deile, agus é in a bhior in aon-tsúil. Ach ní bheadh aon-tsástuigheacht air go dtugadh sé ruaig go Sasana. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn 'ar ndú'. Duine aerach a bhí ann, agus bhí an dream a bhí i Sasana dhá shaghdadh. D'imigh leis. Chaoin a mháthair uisce a cinn ag iarraidh a choinneál, ach ba bheag an mhaith dhi é. Dheamhan ar dhubhairt an t-athair drúcht ná báisteach ach "A chomhairle féin do mhac dhanra" adeir sé "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa". B'fhíor dhó. Fuair sé fód a bháis i Sasana. Dhá mhí a bhí sé ann an uair a thuit ceann de na rudaí eile sin air — na "bombs"
TUILLEADH (1) ▼
Dream an-tsoilgheasach iad agus an-ghnaoidheamhail. Ach tá siad cho danra leis an tubaiste ar thada a rádh leo. 'Chuile shórt aca ach a dhul i gcleitheamhnas comhairle ar bith a chur orra. Is túisce go mór a ghabhfaidís in do phíobán ná a ghlacfaidís comhairle ar bith uait. Droch-bhodaigh iad ar an gcaoi sin.
 
An raibh siad ag dántaireacht ag an Aifreann indiu? Má tá féin níl aon-ghoir aca ar an dream atá sa teach pobail thiar. Tá an-ghuth ag an dream thiar
 
Chruinnigh cluiche de'n dream seo thoir air, 'chuile lá dhá dteigheadh sé soir, agus bhainidís an dara thairt as i gcomhnaí, dá bhrughadh agus dhá chartadh eatorra, shul má theagadh sé anoir aríst. Dar fiadh muise, bhí sé in a dhóigh ceart aca! Ach tháinic an oiread críonnacht' dhó faoi dheireadh agus gur fhan sé uatha uiliog!
+
Eirigheadh muid as. Cé'n mhaith dhuinn a dhul ag cur a(r) gcuid alluis ag priocadh leis an áirdín clochach sin, agus ní bheidh leath-chloch fataí choidhchin air. Fág annsin ag an deachma é, i dtigh diabhail. Má thogruigheann an dream a thiocfas in a' ndiaidh se'againne é a romhar oibrigheadh leo, ach díthcéille dhuinne a dhul dhá dhéanamh. Dearg-dhíthcéille
TUILLEADH (1) ▼
Tá a dóthain aice thar an ngeospailín siúd. Ní aireochadh sí ar iarraidh é in áit a bhfuil dháréag agus píobaire. Ar aon-nós, ní dhéanfaidh sé aon-bhiseach go bráth ach in a chraibiodáinín mar siúd. Is diabhaltaí an méid atá ag an dream eile air. Nach bhféadfad sí é siúd a thabhairt do'n deachma. Ní éadáil ar bith i dteach é ar chuma ar bith
 
Nach beag an luadh agad an deáfhocal a bheith agad. Ach ba deacair dhuit agus an dream atá tú a thaithiú. Cuirfidh siad sin i mbealach do bhasctha tú feicfidh tú fhéin air. Ach bíodh agad. Beatha do dhuine a thoil, adeir siad
 
Tá sé le dealú leis ambáireach agus má tá féin dheamhan mórán a chaoinfeas cuid againn in a dhiaidh. Is beag nar chuir sé thar bharr mo chéille mise ar aon-chor. Is mé a chaitheadh a dhul ag freastal air, an uair a bhíodh an dream eile reicthe aige
+
déan 1
Gheobhaidh sé a sháith mhór le déanamh feicfidh tú féin air agus an "bully" seo anoir a chur in aer. Ní chuirfidh sé in aer é, cho réidh agus a chuir sé an dream eile. Ní raibh ins na troideannaí eile sin dhó ach ag caitheamh dairteacha
TUILLEADH (1) ▼
Ná cuir a mhilleán air. Ní hé a rinne é leis an gceart a dhéanamh, ach an dream thiar
 
Lá de na laetheanta deannachtacha sin idtús an Aibreáin a bhí ann: laethantaí na sean-bhó. Bhí mé ag fódú súileog fhataí i ngarrdha Mh. G. Ar éigin saoghail a bhí mé indon seasamh ar an iomaire idir dhá ráig. Shanntuigh mé míle uair a dhul abhaile, ach déarfainn liom féin aríst an uair a d'fheicfinn fáfall beag triomaigh aige go mbaininn scathamh eile amach. Tháinig P. anuas an bóithrín agus chuir sé carra chainte orm. "Cá'il tú ag dul" adeirim féin. "Síos ar snámh" adeir sé. Shíl mé féin gur ag déanamh grinn a bhí sé, gur chuala mé aríst ag dream a bhí síos ag an gcladach narbh eadh. Ní raibh sé seachtain ó'n lá sin go raibh sé i mBéal Átha na Sluaighthe (ins an ngealtlann)
+
Deir siad an dream atá ag imeacht ins na báid aeir sin, nach mbeadh luighe ar bith aca le mótair ná le soithigh. Ní bheadh a ndóthain éascaidheacht' ionnta dóib. Chreidim gurb é an chaoi é, ó a bhéas duine déanta ar rud ar bith, nach mbíonn aon-tsásamh aige ann dhá fhuireasbhaidh. Ní thuas ionnta sin ab fhearr liom a bheith mar sin féin, agus gunnaí móra ag loscadh leat de'n talamh
TUILLEADH (1) ▼
Sin é Hitler déanta. Bhfaca tú a shamhail ariamh ach é ó phictiúr Hitler. Ní bheadh a fhios ag duine cé'n "breed" a bheadh ins an dream céadna
 
Déantas na fírinne níor leag mise súil ar an bhfear ariamh agus níl a fhios agam cén sórt srón atá air — leisce na bréige — ach léar (de réir) mar chloisim an dream seo a chonnaic é ag rá
 
dearc
Ba bheag a bhéarfadh ormsa a chur ó dhearcadh orm marach go raibh leisce orm faoi'n a raibh istigh. Ní raibh agad ach sin a dhéanamh leis: do mhéarachaí a ghlasáil mar sin, mar dhóigh dhe gur coinín a bheadh ann, agus bheadh sé ingealta ar an bpuinte. Ní thaithnigheann leis an dream sin coiníní a shamhlú leo, beag ná mór
+
Ní bhíonn dream ar bith líomhtha ag deargán ach muintir Mh. Tháinig P. anuas annseo anuiridh agus bhain sí slam duilisc agus ní bheadh fíth ná feáin uirre mara ndéantaí deargán di. Diabhal an raibh a fhios ag na gasúir céard a bhí sí a iarraidh. Ní fhaca siad sin aon-deargán ariamh. Ach m'anam go raibh a fhios aice siúd. Thug sí a sean-eire creathnaigh abhaile léithe. Nar ba hé amháin dhá bhfuil suas ann. 'Chuile bheaduidheacht dá mbíonn timcheall orainn a chrapadh leo, agus gan tada de bhrabach orra féin. Ní fhaca mé tada ag toidheacht anuas ariamh as. Uair a chuir muid fios suas annseo ar mhaingín cnothannaí aca, chuir siad scéala anuas go mbeidís againn an tseachtain a bhí chugad, ach ní fhaca muid aon-amharc ar na cnothannaí ó shoin
TUILLEADH (1) ▼
Bainfear as a chleachta feasta i Sasana é, mara mbeidh aon-sleamhcán ná aon-deargán le fáil aige. Ar chnúasach cladaigh a tháinig an dream sin suas ariamh, agus 'chuile dhuine ar a mbaile. Cé'n diabhal eile a bhí aca. Breathnuigh thú féin ar an mB. An bhfuil fód ag gabhail léithe le cur. Má tá ní léar domsa é
 
Ní fiú biorán duine as an dioscán, mara bhfuil ann ach sin. Ach chuala mé go raibh díthchreideamh ar na h-Éireannaigh uiliog atá i Sasana. Deir cuid de'n dream a theagas nach mbíonn siad mí ann, an uair nach dtaobhuigheann siad Aifreann ná Ord.
 
Dhá dteagadh deibhil ar bith d'fhéadfadh dream eicínt a dhul amach cho fada leo, ach ní raibh aon-bhád dhá rinneadh (dhár dearnadh) ariamh indon é a mharaidheacht (bharraidheacht?). B'fhada a chaith duine aca ar an gcarraig: nó gur árduigh an taoille tuile léithe an duine bocht. Ach cé'n neart a bhí air. Céad fáilte roimh Ghrásta Dé
 
deil 2
Níl neart agad focal cainnte a rá as a choinne nach mbeidh sé ag aithrist ort. Sé atá deas air freisin. B'aige siúd a bheadh an ghnatha sna drámaí agus ní ag an dream a bhíos ionnta. Dar fiagaí dhá mbeadh cainnt ar leithide Mh. Mh. in aon-dráma bheadh sé indon a dheil ar chaoi ar bith … Nathaíodóirí a bhí sna Cuilm sin frén a chéile. Ba bia agus ba beatha leó a bheith ar an gceird sin
 
Sin é an teach a bhfuil an tír ag déileáil ann. Maidir len a bhfuil ag déileáil ag an dream eile, 'sé cuid an bheagáin é. Annsiúd atá a n-aghaidh uiliog
+
Bhí an dream céadna taobh leis an déirce ariamh = i gclé, i gcleitheamhnas nó idtuilleamaí na déirce ariamh
TUILLEADH (1) ▼
Tá siad ag déanamh tighthe as éadan ann, agus gan cianóig dhár dhealbh an ghrian ag an dream atá ag dul a' comhnuidhe ionnta ach ag forcabhás ar an déirce sin (dole). Dream atá ar an scuir — poilitéaraí — ar fad atá ionnta. Diabhal mé gob (gurb) orra atá meas uiliog anois. Cuirfidh mé mo rogha geall leat gur túisce a gheobhfadh duine aca bean, ná fear a mbeadh cáil mhór air
 
Cé a íocfas J. nuair a bhéas an dream eile ar fad imighthe as an teach? Cuirfidh P. go dtí M. é, agus cuirfidh M. go dtí mac Ph. Th. é, ach 'sé'n scéal é faoi dheireadh thiar: íocfaidh an fear thoir an fear thiar agus íocfaidh Dia an fear deireadh
+
deis
Cé'n deis atá aige sin a dhul 'na scoile. Tá sé ag tastáil ro-ghéar ins an mbaile. Is fada fós go mbeidh ceachtar de'n dream eile ionchongantach
TUILLEADH (2) ▼
Ní fheicimse dream ar bith anois is fhearr a bhfuil deis tóigthe orra ná an dream atá ag imeacht ar an scuir. Mise imbannaí nach ngabhfaidh aonduine aca a chodladh an lá sin d'fhuireasbhaidh béilí feola, ní hé sin domsa agus duitse é.
Nach h-iad do dhream-sa a bhí ag tabhairt na deise.
 
Indomhnach is deacair 'chuile dheisiú a dhéanamh. Tá treampáin mhóra anois ar dhream atá ag dul ag pósadh nach mbíodh orra fadó chor ar bith
 
deoin
Ní ceart cur faoi ndeara do bhean ar bith fear a phósadh, marab é a deoin fhéin é. Ise a bhéas síos leis, agus ní h-iad an dream a chuirfeas 'un caitheachtála di é
+
Coinnigheann an dream atá i Meiriocá corr-dheoladh léithe ach má choinnigheann féin, tá sí ag fáil fuighleach le déanamh ó'n saoghal. M'anam daoine a bhfuil talamh agus deis féin aca anois, gur sáthach righte a theigheas sé leo, ní áirighim ise nach bhfuil nidh dhár dhealbh an ghrian aice, ach an "trifle" beag sin a fhaghas na daill
TUILLEADH (1) ▼
Tá an dream atá i Sasana ag coinneál deoladh linn, ach shílfeá go mbadh cheart dóib cruthú níos fhearr an uair a d'fheicfeá daoine eile. Tá mac annsin thiar ag T. Ph. agus níl sé ann ach cheithre mhí …
 
Ní raibh deoruidhe ar cuairt ann. Ghlac an dream seo siar fuath dhóib ar fad le goirid. Ní thaobhuigheann aon-dhuine aca chor ar bith anois é. Ach dheamhan agus móide fearr dhóib a thaobhachtáil. Mheáróchadh lucht cuart teach ar bith a mbíonn a dtathuighe
+
dia 1
Dia linn agus Muire! Breagh nach mbreathnaíonn tú romhat! Ach ní thú is measa ach an dream a d'fhága an stól i lár an bhealaigh
TUILLEADH (1) ▼
Níl ag an sean-dream sin uiliog ach ag caint ar thoil Dé, agus ag rá go n-eireóidh rud más toil le Dia é. Dheamhan dochtúr na mbeitheach a thiúrfaidís sin ag aon-bhó go deó. Ach d'ordaigh Dia féin cúnamh (fc. cinnire)
 
diabhal 1
Diabhal mé muis nach h-amhlaidh. Ná chor ar bith. Siad an dream is míne istigh ar do bhaile iad ina leabaidh sin
+
diaidh
Ní fheicfidh muid é sin, ach b'fhéidir go bhfeicfeadh an dream a thiocfadh in a' (ar) ndiaidh é
TUILLEADH (4) ▼
Ní chuirfidh mise mórán anró orm féin ag réidhteach talmhana. Déanadh an dream a thiocfas in mo dhiaidh a rogha rud = na línte atá le theacht
Bhí an tsaint indiaidh an dream céadna 'chuile lá ariamh. Ba mhian leo a dhá láimh a chuir timcheall ar an saoghal agus é a bheith acu féin ar fad.
Ní raibh aon-lá ó rugadh an chéad-fhear aca, nach raibh an deagh-chaint indiaidh na n-Éamuinn sin. Ar chuala tú aon-nathuigheadóir beo mar Joe sin. Bhuel ní raibh tada dhá thais ag Pádraig, agus, 'ar ndú sean-Éamonn féin, deir an dream a chonnaic é nach raibh cinneadh go deo leis
Deir 'chuile dhuine nach ndearnadh leath an chirt leis, agus nach bhfuair sé ach ar thuill sé. Ina dheidh sin agus uiliog, an dream céadna, atá ar an gcaint sin, dhéanfaidís féin an rud ceanann céadna nó rud is measa ná sin ar maidin ambáireach, dá sílidís go rithfeadh leo
+
'Sé'n chaoi a raibh sé ins an am sin, bhí na tighearnaí díbheirgeach le na daoine agus bhí na daoine díbheirgeach le na tighearnaí. 'Chaon dream aca ag baint barr dhá chéile. Bhí tighearna thoir annseo a raibh B. an D. aige. Níor fágadh bó ag gabhail leis nar speireadh aon-oíche amháin. Má speireadh féin leath an chirt ní rinneadh (dhearnadh) leis: bhí sé féin go h-olc
TUILLEADH (2) ▼
Badh shin iad an dream a bhí díbheirgeach len a gcuid buachaillí. Mara mbeidís in a suidhe le giolcadh an éin agus amuigh ag obair, bheadh an súiste ag S. suas in a n-éadan ar an lota. Bhí buachaill ann aniar as G. M. uair. Níor eirigh sé ar chuma ar bith an uair a glaodhadh air. Suas le sean-Sh. agus fás aige, agus thug sé cnap eicínt dó ins an leabaidh. Diabhal asna de'n bhuachaill nar eirigh in a chraiceann dearg agus nach mbeireann ar Sh. agus nach gcoigligheann faoi ins an leabaidh é, agus greim píobáin aige air nó go raibh a theanga bheag amuigh. Thachtfadh sé beo beithidheach é marach an chaoi ar iarr na mná ar son Dé air gan giorrú leis ar fad. Ó'n lá sin go ndeachaidh sé idtalamh, níor thóg sean-Sh. maide ag aon-bhuachaill. Fuair sé a chomhairleachan
Tá dream Mh. seo an-díbheirgeach i gcomhnuí. Níl sé mórán le mí ó shoin — an bhfuil — ó leagadh na claidhtheachaí annseo thiar. Thug T. Ch. píosa cainte do'n tsáirsint an uair sin, agus dubhairt sé go raibh sé ar cuairt tigh Mh. agus nar chorruigh sé as go dtí an dó dhéag agus nar casadh aon-duine ar an mbóthar dó ach mise agus P. Bh., agus gur siar a bhí a (ar) n-aghaidh. Mo léan géar bhí na póilíos istigh agam annseo in a dteine bhruithte, agus chuaidh siad go bog agus go cruadh orm ag fiafruighe dhíom cá raibh mé ag dul. Choinnigh mé féin ag nathuidheacht leo, agus níor leig mé amach tada go raibh siad i bpiolóid cheart agam. Is annsin adubhairt mé gur ag fanacht taobh amuigh a bhí mé le N. go dteagadh sí amach as tigh Mh. Bh. Bh. Bhí a fhios ag T. Ch. go raibh sí istigh ann cho maith liomsa atá pósta aice, ach dar leis féin go gcuirfeadh sé in adhastar an anró mé in a dheidh sin. Agus an bhfeiceann tú an t-agús a chuir sé ann: go raibh a (ar) n-aghaidh siar, arae mara dteigheadh sé ag déanamh bréag ní raibh aon-ghoir aige a rádh go rabh muid ag dul siar. Níor chuir mise luach leithphighne as do'n fhear chroidhe ariamh ach tá an aicís aige dhom in a dheidh sin faoi nach bhótálfainn dá dhreám
 
díbir
Chuir an sagart díbirt orra as an bparáiste ar fad. Má chuir féin is aige a bhí an ceart. Níor dhream ar bith a bhí ionnta i gceartlár daoine gnaoidheamhail
 
Leig de do chuid díbliú anois. Níor thuíll duine ar bith anseo an díbliú sin uait. Teirigh ag díbliú ar an dream a rinne rud ort. Ach ní rachaidh, mar ní leigfeadh an faitíos duit
 
Buaileadh iad indiaidh (tar éis) a ndíchill. Buaileadh agus go gránna. Ní raibh goir ná gaobhar aca ar an dream eile, agus ba cheart go mbeadh a fhios aca sin ó thús
+
díle 1
Sean-treibh ó'n Díle iad na C. annseo, ní h-ionann agus a chine-seisean — cine faoi chopóig. Chuala mise cur síos ag S. Ph. Sh. ar an dream sin ar fad.
TUILLEADH (4) ▼
Go deo na Díle aríst ní fheicfidh tú aon-chogadh th'éis an chinn seo. Beidh siad thrín a chéile cho sáthach de chogadh feasta agus gur luar (lughar) le 'chuile dhream an diabhal, ná é a tharraingt. Ba sheo é an cogadh is measa a tháinig fós. 'Sé an fear a bhí ins an mbaile ar an teallach is measa a shaothruigh an cogadh seo. Roimhe seo ní bhíodh dhá fháil faoi na foraí ach an saighdiúr bocht a bhíodh ar aghaidh na bpiléar.
Is cumasach an dream iad na tincéaraí féin. Chaith siad an oíche aréir amuigh faoi'n díle áibhéil sin, agus diabhal a dhath mairg a bhí orra ag dul soir an bóthar ar maidin, agus iad ag gabhail fhuinn
Diabhal aithne uirre nach hí an díle a bhí uirre, bhí sí ag caint cho sciobtha sin. Níor thuig mise focal as 'chaon trí fhocal uaithe. Is diabhlaí luath-chainteach an duine í. Ach cé'n chaoi a gcuimnigheann sí ar an síorádh siúd ar fad len a chur indiaidh a chéile. Siúd í a bhí a chur suas ar an "stage", thar agus an dream a bhíos ag dul ann.
Dhá bhfeictheá an díle cainte a tháinic air d'aon-iarraidh, agus 'ar ndú' mo léan, siúd é an áit nach bhfuigheadh sé cead cainte. Bhí 'chuile dhuine annsiúd ag cur dóibh as béal a chéile agus ní chloisfeá méir igcluais. Bhí sé an-líomhtha muise leis an dream eile a fhreagairt ach nar fhéad sé
 
dílis
Nach hé atá dílis do'n dream sin! Ní athróchaidh sé go h-éag ná dheamhan athrú
 
Ag dilleoireacht agus ag dilleoireacht a chaitheas sí a saoghal: ag dilleoireacht ag iarraidh a dhul ag damhsaí agus ag cuartaidheacht. Mo léan géar, fuair sí amach an té a leigfeadh ag damhsaí í! Dhá gcasad sí stuaic na binne bheadh an t-athair siúd aice scanruighthe gur árduighthe leis ag saighdiúr a bheadh sí. Bhí an scanradh sin ag rith leis an dream sin ariamh
+
ding
'Bhfaca tú Sasana an uair a chinn sé uirre an ceann is fhearr a fháil orainn annseo, gur shaghd sí dhá dhream againn in a chéile. B'fhurasta di magadh a dhéanamh fúinn an uair sin. Bhí muid fhéin ag déanamh a cuid oibre di. Gínn dhá cuid féin a scoilteas an liomhán adeir siad
TUILLEADH (1) ▼
Céard a d'fhága ar lár iad, ach a ndaoine féin. 'Siad a fhágfas an dream seo ar lár freisin muis. Duine eicínt mar sin a bhíos geanntáilte isteach a theigheas ag allúchan (ollmhúchan) na scléipe i gcomhnuí. Le ginn dhá geanntrachaí féin a scoiltear an dair
 
Beannacht Dé dhuit! Tá an ghráin dhíobhálach aige sin ar an dream thuas, ní nach iongnadh. D'imir siad ceart críochnuithe air an uair siúd faoi'n úachta.
 
Is dóibh is furasta a bheith díogáilte. Ní comártas (comórtas) ar bith dhuitse máistirí scoile ná póilíos: dream a fhéadfas leath an lae a chaitheamh dhá ngléas féin. Ach an té a chaithfeas a bheith thíos i gC. an U. leis an dearg-mhaidin ag sciobadh feamainn dearg (ní bhíonn aon-tuiseal geineamhnach ar an gcuingir fhocal sin feamainn dearg), bíonn rud ar a aire thar agus a bheith dhá dhíogáil féin. Tá an obair sin ceart go leor Dé Domhnaigh, ach ní fheileann sí Domhnach agus dálach. Má fheileann, ní do'n talmhuidhe é
 
Bhí sé thoir romhainn ag an D. Mh. Choinnigh sé in a' (ar) seasamh muid. "Cá'il do sholus" adeir sé liomsa. "Cé'n solus" adeirimse. "Nach bhfeiceann tú an lá ann". Agus bhí díogarnach lae ann freisin, arae bhí sé in a lá gheal againn ag S. na bhF. "Níl aon-mhaith in do dhíogarnach lae dhomsa" adeir sé. "'Sé an dlighe é go gcaithfidh soillse a bheith ag daoine ón a leitheid seo de chlog go dtín a leitheid seo de chlog". Dheamhan a fhios agamsa cé'n t-am adubhairt sé. Dá mbeadh ceachtar de'n dream eile ann, leigfidís bealach linn ach thóigfeadh seisean an mháthair a d'oil é, tá sé cho dúrainneach sin. Is beag a bhéas dhá bharr sin aige muis. Dheamhan ceo!
+
D'fhéadfá sin a rádh. 'Siad an díoghadh dhá ríre iad. An té atá igcleitheamhnas na "gclags" sin, b'fhearr dó imeacht cosnochtuighthe. Dá n-imigheadh duine ins na buinn, is gearr go mbeadh sé taithighthe air. An bhfeiceann tú na daoine a bhí annseo fadó. Fear sé nó seachráin a mbíodh bróig ar bith air, agus nach aca a bhíodh an tsláinte. Is beag na scoilteachaí a bhíodh dhá gcraipliú, ní hé fearacht an dream atá anois ann é
TUILLEADH (5) ▼
Beannacht Dé dhuit, ní díogha go dtí iad. Dream ar bith a thosuigh ag dul siar i mbéal an té a chuir a n-athair de'n tsaoghal, is daoine gan spioraid iad. Agus tá siad ag beannú aríst do'n dream ba cionntaighe le a ndeirbhshiúr a chur ó chrích. Dhá mbeinnse in a mbróga, bheinn ar siubhal go deo agus go bráth go n-eirigheadh liom mo shásamh a bhaint as cuid ar a chéile aca
Níl an deoruidhe féin aige annsin ach duine a fuinneadh agus a fáisceadh amach as an díogha. Tá a chomhairthidheacht len a chois. An oíche ar chuir muintir Ch. na R. achrann annsin thiar air, bhí claimhe de'n dream sin in éindigh leis. Céard a rinne siad. Baint as ar fad agus a fhágáil annsin go marbhóchadh muintir Ch. na R. é marach gur casadh mac Sh. Bh. agus cuid de mhuintir an Bh. L. ann. Chuir siad sin siubhal ag imeacht aca. 'Siad a bhí deas air. Dar príosta muise níor chumaoin dóib J. a shábháil ach oiread. An uair a bhí deis aige leas a dhéanamh dhóib, is mó a chuir sé as ná ann dóibh
Is deas an chaoi atá air anois, agus é taobh le roghain an dhá dhíogha: an talamh a dhíol agus imeacht, nó an talamh a thabhairt do J. in ómós na bhfiacha atá amuigh aige air. Tuilleadh géar do'n diabhal aige ó a chaithfeas mé a rádh leis! Bhí slí agus seifte aige annsin, agus tháinig an oiread aige ó'n dream a bhí i Sasana le trí bliana agus a d'íocfadh a raibh amuigh ar an mbaile. Ach b'fhearr leis ag imeacht dhá ól, agus ag "gobaireacht" má b'fhíor dó féin. Badh shin í an gobaireacht eile muis. 'Chuile shórt dhá raibh sé a cheannacht dhá bhánú. Nach bhfaca mé é ag díol dhá bhulán annsin thoir imbliana a cheannuigh sé an t-aonach roimhe sin, agus bhí sé deich scilleacha an ceann briste ionnta. Cé'n chaoi a bhféadfadh fear de'n tsórt sin cúis ar bith a dhéanamh!
Indomhnach níl ann anois ach roghain an dá dhíogha: í a dhíol ar bheagán, nó í a fhágáil annsiúd go ndéanfaidh sí deannach ins na cruacha. 'Sé an áit siar a shaoirsigh móin. Tá siad dhá fáil ann ar bhreith a mbéil féin. Dá mbeadh na daoine gan a dhul ar páighe chor ar bith ag an "nGovernment" ach a gcuid móna féin a bhaint, agus iad uilig a theacht suas annsin ar aon-phradhas amháin, tá mise ag rádh leat, go mbeadh móin in a h-ór. Ach fagh thusa an dream a dhéanfas é sin. Gheobhair muis!
Ní de'n díogha an dream sin chor ar bith ach de thogha na ndaoine: cineál Th. Mh. nachar fhéad aon-duine ariamh a dhul ag ithe ná gearradh orra. Níor dhúin siad a súil ariamh ar bhaintreabhach, ná ar dhílleachta, ná ar fhear an anshógha. Is mór a bheadh le fán ins an saoghal a chuaidh thart marach iad sin. Tá a fhios agad nachar eitigh T. M. aon-duine ariamh faoi'n rud a bheadh aige
 
díol 1
Má dhíol siad an déirce féin, dheamhan a bhfuil dhíob mar atá tuilleadh a bhí bocht agus a d'eirigh suas. Cuid de'n dream seo a fuineadh agus a fáisceadh as an mboichteanacht, cho luath agus a eirigheas siad as an lathach chor ar bith, ní leigfidh siad orra féin go bhfeicfidh siad thú. Ach iad-san, diabhal mé go bhfuil siad cainteach carthannach agus nach ndúinfidh siad a súile ar aonduine, bocht ná saibhir
 
díol 2
Dubhairt an dream seo an uair a chuaidh siad isteach go mbainfidís de'n té a mbeadh rud le cois a dhíol aige, ach mo chreach mhaidne, an deagh-ghealladh agus an droch-choimhlíonadh
 
Tháinig díoghaltas Dé anuas ar an dream sin ar fad de bharr an chréatúlacht agus an spídeamhlacht a thug siad do dhaoine bochta. Tá na caróga ag déanamh neádrachaí in a gcuid simléir indiu, agus gan cloch ar fhuaid a gcúirteanna, ach an féar ag fás ar a "hálldúre."
 
Sin iad an dream is díoghaltasaighe istigh ins an tír. Bacadh iad thíos annseo ag an gcladach anuiridh in áit a raibh 'chuile chlaidhe ag gabhail linn ann curta timcheall a gcuid cocaí feamuinne aca. Meastú nach ndeachaidh siad de shiubhal oíche, agus ar fhága siad claidhe i mbarr an bhaile againn nach raibh foghluighthe ar maidin!
+
Ní fhaca tú aon-áit ariamh ba díonmhaire ná a bhí aige, istigh i scailp agus í buailte taebh istigh agus dalladh raithnighe agus féir faoi agus thairis. Diabhal clóic ar bith a bhí ar fhear na tíre sin ins an am sin. Bhí neart scailpreacha agus úaineanna aige le dhul ar a chaomhamhaint féin ionnta. Ní raibh go dona ann ach an dream thart thíos nach raibh áit ar bith aca. Dhá dteagadh an ruaigeadh aríst, ní mheasaim go mbeadh sé cho h-éascaidh ag na daoine a gceann a thabhairt leo agus a bhí sé aimsir na "dTans"
TUILLEADH (1) ▼
Dream an-díonmhar a bhí i muintir Ph. Mh. Mh. sin. Níor chuir a mháthair sin bean bhocht ó'n dorus ariamh agus níor eitigh sí fear bóthair ná bealaigh faoi lóistín. Nach h-iad a thóig na G. bheaga sin 'chuile lá ariamh. Meastú marach gurb iad an mbeidís beo. Bhí sé fánach aca
 
Níl díreadas ar bith ins na daoine anois le h-ais an dream a bhí fadó ann. 'Chuile líne ag dul 'un míne agus 'un bréige adeir siad.
 
Dhírigh an póilí a chána uaidh síos ar dhream a bhí leigthe isteach ar shúil an droichid. Dair liom féin go raibh aimhreas aige gurb iad a rinne an bualadh. Ach níorbh iad, arae 'sé sin an fáth, bhí mise ar bhall na h-áite
+
Ná bac le cuid de'n dream sin a bhí i Sasana! Diúltaigheamuid dóib! Is maith na h-údair iad, go mba leo féin uainne é!
TUILLEADH (1) ▼
Deir siad muise go raibh sagart ins an áit seo a rinne an cleas sin. Diúltaigheamuid dóib. Ní dream ar bith iad na sagairt le cur in t'aghaidh. Tabhair a chuid dó, agus ná déan mór ná beag leis thairis sin … Eascainí sagairt adeir siad is cionntaighe leis an teach sin freisin. Ach diúltaigheamuid dó. Cá bhfios duinne an ndeárna sé aon-eascainí ariamh air.
 
Níl sé dlighmhear aige sin a bheith ins an bposta sin, dhá mbeadh ceart le fáil. Ach níl ceart le fáil. Ní hé is measa dar ndóigh ach an dream atá dhá choinneál ann
+
dligh
Ma dhligh sé bainis duinne fuair sé bainis in a h-ómós. Bhí bainis eile aige féin agus níor iarr sé muide, agus 'sí an chumaoin chéadna a chuirfeas muide air anois. Má tá sé ag tnuthán léithe is mór an dul-amudha atá air. Marach é féin ag déanamh oirille orainne, agus a dhul ag iarraidh an dream a bhí taobh thuas agus taobh thíos duinn (dínn) gheobhadh sé cuireadh anois uainn, gligheadh (dligheadh) sé é nó ná dligheadh; agus níor dhligh, mar ní raibh muide ag an mbainis deire a bhí aige fhéin, ach leigfinn é sin tharm marach an cleas a rinne sé féin
TUILLEADH (2) ▼
Deir siad (deirtear) gur mór a dligheadh dóibh ó'n údhachta nach bhfuair siad chor ar bith. Dar ndóigh má's cúrsaí de'n tsórt sin é, 'séard a bhí aca a dhéanamh dlighe a fháisceadh ar an dream thall aríst agus é a bhaint amach as a gcreatalaigh. Nach deacair le na diabhail scaradh leis. Ghreamuigh an tsaint dóibh i bhfus agus thall — ghreamuigh sin
Ní dhligheann duine ar bith faoi chaolachaí an tighe seo ná aon-duine dhá bhfuil ag tarraint ann ach oiread, do chuid achrainn uait a T. Teirigh agus déan do chuid achrainn leis an dream a dhligheas duit é — an dream a chuir puiteach ar an bpus agad goirid ó shoin. Ach mise imbannaí nach mbainfidh tú leo sin. Ach tá mé ag tabhairt "warning" anois duit crapadh leat as seo cho beo deifreach agus atá in do chosa, agus má thagann tú aríst go deo ag cur choc orainne, ní imeochaidh tú cho saor agus atá tú ag imeacht anocht
 
Ná bac leis an gcineál sin! Ní raibh mac ná inghean dhlisteanach ag gabhail leo. Dream tuatach a bhí ionnta sin ar 'chuile thaobh
 
1
Sin é an faisean atá aca uiliog anois; iad a bheith faoi dhóghadh gréine ó bhonn go baithis. Deir siad gur congnamh mór do'n tsláinte é. Tuiteann an sean-chraiceann díob, agus annsin cuimligheann siad ola dhóib féin a thugas dath buidhe orra. An t-ath-chraiceann a theagas orra in a dhiaidh, tá an-teacht aniar ann ar fhuacht an gheimhridh. Dheamhan a fhios agam beirthe é, ach de réir mar chloisim ag caint an dream seo eile
+
dochar
Dhá gcloistheá an nathuidheacht a bhí air. Chaith sé an oíche ag cur chaoi ar choiníní, agus mé ag ceapadh 'chuile phuínte go bhfeicinn buailte ag an dream seo thiar é, mar dhóigh dhe gur ag scaoileadh aca féin a bhí sé. Ach bhaineadh sé an dochar as aríst ar ais len a chuid leiciméaracht'
TUILLEADH (2) ▼
Is fada fada a bheinnse ag dul an bóithrín shul (dh)a chuimhneóchainn dochar ná díobháil a dhéanamh do do cheapaichín phlandaí. Leag ar an dream é a bhíos tugtha síos leis an bhfoghail i gcomhnuí
Cé a dhéanfadh é ach an dream a ghníos an dochar agus an díobháil i gcomhnuí? Tá sé de bheith ar na h-aidhbheirseoirí sin nach leigfidh siad rud ar bith tharta gan araoid a chur air. Tá sean-aithne agamsa orra sin
 
'Ar ndú' bhí sé ag plé le ceann a bhí 'chuile orlach cho dórainneach leis féin: M. seo thiar. Níor thug sé sin aon-tsásamh d'aonduine ariamh, agus diabhal baoghal a bhí air é a thabhairt do Sh. Chaith siad an-fhada ag cothuigheacht le chéile, agus 'chaon duine aca ní ba mheasa ná a chéile. "Dar diaguí" adeir M. faoi dheire "déanfaidh mé aon-lá amháin díot a Sh. shalach na míol. Rinne T. Mh. eadarscán annsin agus d'árduigh an dream thiar M. leo abhaile. Marach gur [a]rduigh chuirfeadh sé luighe fiadha ar Sh.