Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dream
/d′r′æm/, /d′r′am/, /d′r′ām/
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: an dreama (ach is rí-annamh a theagas claochlú tuisil air)
uimhir iolra: na dreamannaí
 daoine, riar, comhlacht, plód, scata, scuaine srl. Focal ríchoitianta i gcaint é agus chiallódh sé uimhir ar bith ó bheirt go dtí cupla milliún duine nó tuilleadh. Is iomaí leagan air i gcaint.
a.
+
Dream mallaithe iad they are a damnable (execrable) lot
Dream tútach iad (dream olc, fiáin, beagmhaitheasach, láidir, dona, gan aon rath, gan aon bhiseach, gan aon dul chun cinn, gan aon chaoi, saibhir, treallúsach, gaisciúil, postúil, ealaíonta, ciotach srl.)
TUILLEADH (10) ▼
Céard a bheadh dream beag caillte mar sin acmhainneach ar a dhéanamh
Dream caillte uileag atá anseo anois. Ná samhlaigh ceol ná damhsa leo
Tá dream olc de chlann aige
Drochdhream iad a dheartháracha
An-dream go deo iad sin
Ná bac leis an dream sin. Fíordhream mallaithe iad
Dream sách aisteach iad na sagairt i nDomhnach! Ar chuala tú céard adúirt an sotach leis an máthair: bíonn a sampla agus a dteagasc seacht n-acra óna chéile. Déan mar adéarfas siad, ach ná déan mar a dhéanfas siad
Dream leitheadach iad na máistrí scoile. Diabhal aithne orthu nach ar a dtóin a éiríos an ghrian
Dream gan náire iad agus a dhul ag déanamh a leithide de chleas
Dream gan tuiscint iad mo choinsias
+
D'imigh an dream ar fónamh, a dheartháir mo chroí, agus níl ann anois ach an bhratainn
B'olc an dream a chuaigh dhá fhágáil ansin agus fios acu go raibh sé ar meisce — na daoine
TUILLEADH (3) ▼
Chaith sé cuid den dream a tháinig ann amach
Ní fhaca tú an dream seo (aos óg an tí seo; muintir an tí seo) in áit ar bith?
Is mór an t-ionadh gur lig an dream seo an deireanas orthu féin muis
+
Faigh dream le dhul in éindí leat sa gcurach
Ní iarrfá dream is deise ná iad
TUILLEADH (9) ▼
Airím dream eicínt ag teacht
Chuaigh dream acu soir agus dream siar
Níl sé sin sásta dream ar bith a ligean isteach
Bhí dream as M. ar cuairt againn inniu
Chuaigh dream de mhuintir an tí seo chun farraige agus dream eile ag fiach an tsionnaigh
Tá dream de na mná rialta ag an gcladach anois
Tá dream faoi (ag obair)
Nach oraibh atá an smál thar dhream ar bith! Nach maith gur sibhse a chaithfeas a bheith síos le chuile shórt!
'Sé an chaoi a bhfuil an teach seo, dream ag teacht agus dream ag imeacht ann i gcónaí
+
Tá an dream siar fiáin agus an dream soir mín. Ar chuala tú ariamh é: lig thart an fear aniar, agus ní baol duit an fear anoir — na daoine atá ar an taobh thiar
Béarla uileag atá ag an dream suas (na daoine ó thuaidh) anois
TUILLEADH (5) ▼
An bhfaca tú an dream seo síos anocht
Tá an dream sin isteach (faoi na hoileáin) roinnt francaithe
Is mó den dream siar amach a bhí ann ná de dhaoine aitheantais
Deir siad go bhfuil an dream síos amach — dream Chúige Uladh — ag cur a gcosa uathu aríst
Cuireann an dream suas gaineamh gorm ar an talamh i gcónaí
+
Tá caint fhada bhog mar sin ag dream an tsléibhe (lucht)
Fan ó dhream Mh. C. (ainm áite)
TUILLEADH (5) ▼
Chonaic mise dream U. A. (ainm áite) ag bualadh báire ansin thiar, agus má chonaic féin, ba dona iad
Séard a dhéanfadh dream an Achréidh le na fataí sin anois, a dtabhairt do mhuca
Bhíodh dream an bhaile mhóir amuigh ar an trá sin chuile phointe nó go ndeachaigh laghdú ar na busannaí
An raibh dream na C. R. ag an damhsa?
Ar imigh dream R. uaibh fós?
+
Fan amach ó dhream na mbád má tá do leas ar Dhia. Chuirfidís sin i bhfarraige ar an toirt thú má tá aon fhaltanas acu dhuit
An dtáinig dream na curaí fós? (daoine a bhí i gcuraigh)
TUILLEADH (6) ▼
Cheal nach bhfuil dream an fhraoigh ar fáil fós?
An bhfaca tú dream an chladaigh
Cár fhága tú dream an phortaigh? — na daoine a bhí ar an bportach
Tá dream aifrinn ag teacht anoir — daoine (nó cuid de na daoine) a bhí ag an aifreann
Tá sé ar na pointí ag dream cladaigh a bheith isteach — dream a bheadh ag feamnú, nó sa trá
Tá dream Gaillimhe ag teacht anoir — daoine a bhí i nGaillimh, mar a bheidís ann lá margaidh nó mar sin
+
Bhí dream sagairt ar lóistín ag S. N. anuraidh — roinnt sagart; beirt nó triúr; ceathar nó cúigear srl.
Tá dream máistrí scoile anseo agus ní fiú do sheacht mallacht iad
TUILLEADH (9) ▼
Chonaic mé dream daoine uaisle ag dul ag iascach ar an abhainn inniu
Bhí dream saighdiúir ann agus iad ina léine, ina maoil agus ina mbonnaíochaí ag greadadh a chéile
Cá ndeachaigh an dream tincéaraí a bhí campáilte thoir ansin thoir?
Tá dream gliomadóirí thíos ar an gcéibh anois
Tháinig dream ceannaitheoirí anoir an t-aonach agus cheannaigh siad cupla gamhainín — cupla luipreachán — agus soir leo aríst, agus níor facthas anoir níos mó iad
Bhí dream mór póilíos ag an gcúirt inniu
Tá dream mór clainne aige
Bhí dream mór mac aige
Is fadó an lá nach raibh aon dream maith báireoirí anseo
+
Cén dream a bhfuil tusa ag vótáil dóibh? — dream polaitíochta
Mar a chéile chuile dhream go tóin acu. Geallfaidh siad an ghrian agus an ghealach duit nó go dté siad isteach
TUILLEADH (1) ▼
Daighean (deamhan) mé go bhfuil siad chomh maith le dream ar bith eile le bhóta a thabhairt dóibh
·
Is deacair an dream óg (aos óg) a bharraíocht
Níl dream óg ar bith anois ar an mbaile seo
b.
 muintir, gaolta.
+
Is dona é fhéin agus a dhream — a mhuintir; a ghaolta
Níl aon dream daoine sa tír is measa ná a mbaineann leis sin
TUILLEADH (7) ▼
Nár chuire Dia an t-ádh air fhéin agus ar a dhream! Ní fhaca mise aon cheo ariamh acu, ach ag scríobadh leis an nganntan ar nós chuile dhuine
Is furasta a aithinte as a dhream é: luisneachán mór fada agus gan bior eanga air
Lean an eitinn dhá dream sin
Tá an tinneas mór — beannacht le hanam Phóil! — ina dhream sin fré chéile
Níl aon dream daoine ar foth ná ar féar is measa ná iad sin. Tá an braoinín salach iontu fré chéile
Ba suarach í féin agus a dream, ní dhá roinnt léithe é, ach dhá fhágáil aici
Daoine fiúntacha a bhí i chuile dhuine dhá dhream, agus ba deacair dhó féin a bheith ar a mhalrait mura dtéadh sé in aghaidh dúchais

Féach freisin

dream in iontrálacha eile (50+)

+
Ná bain roghain ná díogha as an dream sin. Níl ann ach gach uile dhuine acu ag baint earasbarr dhá chéile. Nach fíor dhom é?
TUILLEADH (1) ▼
Chomh fada agus is léir domsa é, 'sé an chaoi a bhfuil gach dream acu ag baint earasbarr donacht dhá chéile. Ab é anois? M'anam go feictear dhomsa gurb é. Geallfaidh siad ar fad duit, ach 'sé an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh é, mar adeir an ceann eile.
 
fios
Is dream iad sin nach raibh fios a mbealaigh ariamh acu: ag sciotaráil gháirí faoin gcorp. Is deas an chaoi é sin
 
focal
Dhá mba leis an sagart a bheadh sé sin ag caint ní thabharfadh sé aon lascainí dhó ach an oiread le fear den bhaile. Níl modh focail aige le aon duine. Is mór an t-ionadh nár mharaigh duine eicínt ariamh é, agus chomh coilgneach agus a bhí an dream siúd timpeall air. Ach is le diabhal mar sin a rithfeadh sé!
 
Seachain anois a ndéanfá fraiseach den phunt sin mar a níos tú i gcónaí. Ní bheadh caitheamh ina dhiaidh ar bith agam murach an dream a mbíonn tú ag tiomaint óil orthu. Diabhal uisce na bhfataí a thabharfainn dóibh
 
féar
Fiafraím díot, cén chaoi a ndéanfaidh muintir na háite seo an saol a ríochan, nó go ndéantar a bhfuil tusa a rá. Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar, ab ea. Mar a chéile sibh ó sháil go rínn. Tá sibhse chomh dona le dream ar bith eile
 
Má chuireann aon duine den ghrifisc sin aon chaidéis ormsa, dar brí an leabhair, ní bheidh aige ach malrait. Chuile bhall agamsa ach duine den dream sin.
 
Tá sé in am aige feasta an charcair mhór d'inín sin aige a chur i gcrích, ach chuile sheans go bhfuil sé ag cinnt air aon fhear a dhéanamh amach di. Tá an dream siúd mór iontub fhéin.
 
Clifeartaigh móra millteacha chuile dhuine den dream sin.
 
Bíonn an dream sin siar ag saighdeoireacht nó ag coinnleoireacht chuile oíche anois ó buaileadh síos ceann na maor. Dheamhan mórán airde ag na maortha eile orthub, ní nach ionadh, ó tharla nach bhfuil tada dhá gcaillteamas fhéin leis.
 
M'anam muise gur holc an áit ar éirigh sé colgánta istigh i lár na n-amhas sin. Sin iad an dream céanna nach n-éistfeadh i bhfad leis go ndathaídís an smut aige.
 
Is beag an dochar don dream sin a bheith ina gcorcáin agus a n-itheann siad de bhia cladaigh, agus chuile sholamar den tsórt sin.
 
Bhí power sách fada ag an dream sin, agus má bhí fhéin, b'olc iad faoi. Anois tá cothromacan síne na huaire ag teacht orthub fhéin, agus go dtaga!
 
cíos
Chuala mé nach mbeidh cíos ná cabhlach ann níos mó ó chuaigh an dream seo isteach (dream polaiteachta)
 
Tá Gaillimh cóineasach don dream sin siar, ach is cóineasaí B. A. an R. anseo. Céard atá sé ach achairín beag os ceann dhá mhíle. Is ann is mó a théanns muintir na háite ag margadh.
 
Is géar géar a theastódh bóthar a dhéanamh ansin. Ba mhór an chóineas é don dream a bhfuil talamh acu suas i mbarr an bhaile.
 
Sagairt! I nDomhnach is míchuntanósach an dream iad le dhul ag iarraidh tada orthub. Tabhair chuile shórt dóibh fhéin, ach ná héiligh tada orthub.
+
Dar a shon go maslódh sé mise. Níor thug sé abhaile leis é ná aon duine dhá dhream — ní bhfuair sé ann fhéin mise a mhaslú; b'fhearr mise ná é fhéin; is fhearr an mianach daoine a dtáinig mise uathub ná é fhéin; níor thug mé (sé srl.) ó bhroinn liom é; níor pháirt de cháilíocht mo (a, srl.) mhuintire é (pé ar bith cén rud áirid atá i gceist)
TUILLEADH (2) ▼
Is furas aithne! Thug an dream sin an bhrocamas abhaile leob.
Níor thug tú abhaile leat go bhféadfá aon cheo a chasadh liomsa. Dream gnaíúil, amuigh is i mbaile, iad mo mhuintearsa, ní hé sin do lucht na bhfaochan agus na mine buí é.
+
baile
Dheamhan a gcreidfinn ó bhéal an tsagairt gurb é a rinne é murach go bhfaca mé le mo dhá shúil fhéin é! Anois céard adéarfá le Gaillimh agus gan ann ach baile beag! Ach cá bhfágfadh sé é? Dheamhan lá ariamh nach raibh a dhream luathlámhach (tugtha don ghadaíocht).
TUILLEADH (1) ▼
Dhá gcloiseadh an dream atá sa mbaile é seo, chuirfeadh sé a sáith iontais orthub — an dream atá sa ruta arb as muide
 
bannaí 1
Tá an t-airleacan caite aige le fada: 'siad an dream a chuaigh i mbannaí air atá an bainc a chur i dteannta anois.
+
Ní raibh aon bhealach deas ariamh leis fhéin ná le aon duine dhá dhream.
TUILLEADH (1) ▼
Tá bealaí beaga dhá gcuid fhéin acub sin nach bhfuil ag dream ar bith eile — tá gnáis nó nósa acu nach bhfuil ag daoine eile.
 
'Siad an dream a bhealaigh mo chuid aráin domsa, an dream a dtabharfaidh mé mo bhóta dóibh.
 
Ní ligeann siad sin an béilí fhéin thartub gan bealaíocht eicínt a bheith acub ina aice. Agus diabhal mise nach bhfuil slacht a gcodach orthub ina dhiaidh sin. Is mó an smais atá ar an dream atá taobh le arán tur ná orthub.
 
beanna
Tá an tSeamair Mhuire aige lá is go dtug sé a bhearna leis ón dream sin.
 
crinn
B'fhiú dhuit an churach thiar agus curach an bhaile seo a fheiceáil ag crinneadh a chéile sna geallta. Dheamhan ionga ná orlach a bhí ag ceachtar acub ar a chéile nó go raibh siad fhoisceacht dhá bhuille iomramha de cheann cúrsa. Sin é an uair a chuaigh na maidí in ascar ar an dream thiar, agus chailleadar an geall.
 
Má thagann cuaifeach as calm, níl léamh ar bith uirthi. Báitheadh bád i gConamara, tá blianta beaga ó shin, agus bhí an lá ar áilleacht. Dream a bhí amuigh ag déanamh aeir agus bhuail cuaifeach iad gan aireachtáil agus d'iontaigh sí an bád droim ar ais. Nár ba lúidire an trócaire ar Dhia, dheamhan ar fágadh sa gcomhaireamh ceann acub ach duine.
+
beo 1
Múinfidh sin thú gan drúcht ná báisteach a rá le aon duine den dream sin an dá lá is beo thú aríst.
TUILLEADH (5) ▼
Is fadó cheana nár chuala mé ucht ná acht ná éagaoineadh ón dream sin go dtí sin, ach is cosúil i nDomhnach go bhfuil siad beo i gcónaí
Shílfeá le bheith ag caint mar sin léithe nach leáfadh an t-im ina béal, ach déarfadh an dream a bhfuil eolas acub uirthi gurb í atá beo drochmhúinte.
Ní raibh aon duine dhá dhream nach beo drochmhúinte a bhí, agus ní dheachaigh seisean in aghaidh dúchais ach an oiread le duine.
Níl aon duine beo den dream céanna nach mar a chéile atá — níl duine ar bith.
Ní bhíodh bliain beo roimhe seo nach mbíodh ceapach oinniún curtha againn, ach tá an dream óg ag éirí astub ar fad. An iomarca leisce is dóigh!
 
Do cheann fhine ní fhéadfadh a dhul sa mbile buaic ar an dream sin, tá siad chomh himeartha sin.
 
bocht 1
Ní comhluadar ar bith an dream sin do mhac duine bhoicht.
 
Is aoibhinn Dia do dhuine ar bith nach gcaithfidh éisteacht leis an mbollaire siúd go minic. Go bhféacha Dia ar an dream atá ina aice i gcónaí!
 
Bornógaí móra troma a bhí sa dream sin ar fad.
 
borr
Sin é úll na haithne, ach is measa an dream atá ag borradh leis ná é fhéin.
 
Ní mó nó dhá mbeadh cat bradach ann go bhfaigheadh sé aon bhrabach ar an dream sin. Níl mórán boigréise ag siúl leob deirimse leat.
+
Ní ar bhrachán a tógadh mise chor ar bith, ní hé sin duitse é ná do do dhream.
TUILLEADH (5) ▼
Tá cead cainte ag chuile dhream ach ag dream an bhracháin.
Níor ól aon duine dhár bhain liomsa ariamh brachán jumpers, ní hé sin duitse ná do do dhream é.
Is leitheadaí a labhranns lucht an bhracháin ar an saol seo ná dream ar fónamh.
Níl an dream sin sásta go bhfeice siad an tír ina brachán aríst.
Dhá dtugtaí cead a gcinn don dream sin, is gearr go mbeadh an tír ina brachán acub.
 
Is deas an dream ar bhuail tú bleid orthub, bratainn bhradach na míol — is deas an dream a thogh tú mar chomhluadar (nó a ndeachaigh tú ag suirí le duine acub)
 
bruach
Bhí na bruachannaí sin ag rith leis an dream sin uileag.