Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dúbhán
Ainm-fhocal; fireann
geineamhnach uathaidh: dubháin.
Ainmneach iolraidh: dubháin
dubhán alla: feithideach: spider. feithideach nach bhfuil neamh-chosamhail le ciarógaí as a gcolainn, ach go bhfuil h-ocht nó naoi de streilleadhachaí móra fada asta leis an téad a fhigheachán is cosamhail, nó le míoltógaí agus cuileogaí a sháinniú. Tá dhá chuid is an gcolainn féin: cabhail, agus cuid eile amuigh mar a bheadh cloigeann ann. Deirtear gurb iad na dubháin bhuineanna a ghníos na téadrachaí. D'fheicfeá sórt ancoire amuigh aige ar na téada. Bíonn áiteachaí i dtighthe, agus i sciobóil, mara gcoinnighthear síor-ghlanta iad, faoi leabthachaí agus faoi théadrachaí dubhán alla as éadan. Is minic a d'fheicfeá na téadrachaí amuigh ar ghéagáin crainn nó is an bhféar freisin. Bíonn dubháin is an uisce freisin: i locháin, i srutháin agus i bhfíor-uisce
·
Tá an áit ar fad faoi leabthachaí dubháin alla
·
Tá an dubhán alla ag snámh. Cuirfidh sé éadaighe nua chugad = chítear an dubhán alla ag snámh scaithtí. Deirtear an uair sin go gcuirfidh sé éadaighe nua chuig duine
Éadaighe nua riu! Breathnuigh suas annsin 'sna cúinní fea'int a bhfeicfeá aon-dúbhán alla ag snámh ionnta. 'Sé a chuirfeas na h-éadaighe nuadh chugad. Tá tú asta dhá fhuireasbhaidh.