Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dúiseacht (36)

 
daol
Bíonn sí maith go leor nó go dteangaíonn daol léithe. Choinnigh sí in mo dhúiseacht mé ar feadh na hoíche aréir. Tá sí in aon bhró amháin anois (láimh)
 
dochar
Ba bheag an dochar di codladh féin a bheith uirthi agus í seachtain as éadan a chéile ar neamhchodladh, ar scáth néillín fhánach a d'fhaigheadh sí i ndeireadh oíche. Is agamsa atá a fhios é. Chaith mé féin ráithe in mo dhúiseacht ó oíche go maidin an t-am a raibh an triuch ar an gcuid a bhí anseo agam féin
 
domhain 2
Murach chomh domhain agus atá sé, d'imreodh muid cluiche eile, ach tá sé mór a dhul ag coinneáil teach ar bith ina ndúiseacht níos faide
+
dris
An dá rud nach gcodlaíonn chor ar bith: dris chosáin agus eascann. Is cuma cén t-am d'oíche ná de ló a ngabhfaidh tú thart, bíonn an dris chosáin ina dúiseacht: truisleálfaidh sí thú
TUILLEADH (1) ▼
Bíodh a fhios agat gurb in fírinne muis. Ní rug aon duine ariamh ina codladh ar eascann: i lár an mheán oíche beidh sí ina dúiseacht. Agus ar ndóigh mo léan, leagfaidh an dris chosáin thú uair ar bith d'oíche ná de ló a dtiocfaidh tú thairti. Tuige nach leagfadh agus a dhá cheann sa talamh
+
Is beag is aite leis sin a dhúiseacht as a chodladh. Nár fhuagair sé den altóir fios a chur air ó ló: sin nó é a fhágáil go dtí lá arna mhárach
TUILLEADH (30) ▼
Bhí mé in mo dhúiseacht le hóra lae inniu
Tá sé ina dhúiseacht ón ceathair a chlog ar maidin
Caithim an oíche i mo dhúiseacht. Tá neamhchodladh ag dul dom
Choinnigh an ghlafarnach a bhí ar na madraí in mo dhúiseacht i gcaitheamh na hoíche mé
Tá sé gan dúiseacht ó bhí tú anseo cheana — níor dhúisigh sé
Dhá laghad dúiseacht dhá ndearna mé, chuala mé an bháisteach
Ní dhéanaim mórán dúiseacht ó thitim i mo chodladh, ach is deacair liom titim i mo chodladh
Rinne mé cuid mhaith dúiseacht aréir hé brí céard a bhí orm. Codladh gan sásamh é nuair a bheas tú ag dúiseacht chuile mhionóid
Bíonn sé i gcónaí ag dúiseacht thrína chodladh. Ní thugann sé chúig nóiméid leis scaití gan dúiseacht
Is cantalach an éadáil é le dúiseacht.
Tá sé ó dhúiseacht anois má tá sé ansin (thar éis a chur sa reilig)
Tá sé ina chodladh adeir tú! Muise codladh gan dúiseacht aige!
'Sé an chaoi a raibh mé idir a bheith i mo chodladh agus i mo dhúiseacht — ní raibh mé in mo chodladh ceart, ná in mo dhúiseacht ach an oiread
Sin í mo cheirdse i gcónaí: idir a bheith i mo chodladh agus i mo dhúiseacht
Mar sin a chaithimse an oíche: idir a bheith i mo chodladh agus i mo dhúiseacht. Teagann néaltrúchaí orm agus dúisím aríst ar an toirt
Bhí suanaíocht orm ar maidin: idir mo chodladh agus mo dhúiseacht, agus d'airigh mé ag caint ar an tsráid é
Sin é an codladh a ghnímse i gcónaí: idir a bheith i mo chodladh agus i mo dhúiseacht mar sin. Ní fhágann sé éitir ar bith ionam lá arna mhárach
Codladh ina dhúiseacht atá air — codladh bréige; é a bheith in ainm is a bheith ina chodladh, ach fios maith aige faoi chuile shórt dá mbeifí a rá, nó dhá mbeadh ag tarlú, faoi is thairis
Sin é féin an codladh ina dhúiseacht a bhí air sin. Ní raibh sa gcodladh sin ach slusaíocht féint a leagfadh sibhse láimh ar aon cheo. Chuirfinn geall go raibh leathshúil leis osclaithe
Bíonn sé ag bordáil chodlata mar sin chuile oíche beo, ach codladh ina dhúiseacht a bhíos air
Tá baol uirthi a bheith ina codladh go deimhin. M'anam má tá gur codladh ina dúiseacht é. Sin é a ceird sin i gcónaí, go bhfeicfidh sí a n-abróidh an dream a bheas istigh aon cheo. Chuir mé féin agus T. Mh. Ch. splainc aníos in aice lena cois oíche, ag ceapadh go ndófadh sí í féin léithe, ach mo chreach mhaidne!
Níl ann ach codladh ina dhúiseacht — duine nach mbeadh aon ghus de rath ann, agus a bheadh an-támáilte, an-seachmallach ag imeacht. "Duine gan aon mhothú le rath agus a dhóthain mothú ann ina dhiaidh sin" (m'athair). Bíonn sin ag imeacht leis an gcodladh ina dhúiseacht, nach mbíonn ann ach amadán iarainn. Braitheann sé gach uile rud
Séard é féin codladh ina dhúiseacht. Shílfeá dhó nach bhfuil gus ar bith ann, ach is beag an néal atá air sin ina dhiaidh sin, té (cé) go gceapfadh an duine a d'fheicfeadh mar sin é go bhfuil
Ara ní bheadh sé déanta ag an gcodladh ina dhúiseacht siúd i mbliana murach go bhfuair sé cúnamh faoi
Céard a bhéarfadh domsa a dhul i gcleithiúnas codladh ina dhúiseacht mar é sin. M'anam nach ngabhfad muis
Déarfá le breathnú air nach bhfuil ann ach codladh ina dhúiseacht agus nach bhfuil meabhair ar bith ann. Ach deir siad ina dhiaidh sin go bhfuil éirim mhór ann nuair a bhainfeadh sé amach chun cainte. Ach is beag duine a ndéanann sé teanntás ar bith air
Dheamhan cuma máistir scoile chor ar bith air siúd. Níl ann ach codladh ina dhúiseacht ag imeacht. Deir siad go líonann na malraigh a chuid pócaí le méarógaí. Níl ceannchroim ar bith orthu ar aon chor ó tháinig sé ann
Diabhal coinín ann le dúiseacht. Ní fhaca tú rud ar bith ariamh a chuaigh chun gainne chomh mór leo le cupla bliain
Más leat rud den tsórt sin a dhúiseacht, bí faoi réir le aghaidh achrainn. Meas tú an ligfidh sé siúd leat é. Is beag an baol air
Tá sé mór agat a dhul ag dúiseacht rudaí a bhí fadó an lá ann. Más in é an scéal é, tá rud le dúiseacht ag chaon duine againn!