1.
cnapán, ualach, meall, neascóid.
·
Chuir sé an dubhradán dubh a bhí ar thóin a phutóige amach len a ndearna sé de gháiridhe. Bhí sé leigheasta annsin = Ridire an Gháire Dhuibh a raibh sé de bheith air aon-gháire a dhéanamh, ingeall agus go dteagadh girrfhiadh, agus go gcrochadh sí léithe a chuid beatha igcomhnuí an uair a shuidheadh sé in a mhiainis (fhiadhnuis) ag an mbord. An uair a marbhuigheadh an girrfhiadh chuir sé an t-ualach bróin agus lionnduibh aníos ó fhíor-íochtar a chroidhe agus shlánuigh an gáire é (cf. Céadtach Mhac Fhinn Rí Éireann; Ridire an Gháire Dhuibh)
Chuir an Ridire (Ridire an Gháire Dhuibh) an dubhradán dubh a bhí ar íochtar a phutóige le seacht mbliana aníos, agus rinne sé gáire an uair sin, a cloiseadh ins an Domhan Thoir
+–
An uair a chonnaic sí an rud a thug an ceannuidhe len ithe do'n dochtúr eile tháinig falrach gáire uirre agus chuir sí aníos an dubhradán dubh a bhí ar íochtar a putóige. "Sin é do mhaith anois" adeir an ceannuidhe. "Tá tú leigheasta. Is liom thú ó t'athair" = bean a raibh ualach lionnduibh uirre agus leigheas ceannuidhe mála í
Tháinig múisc orm agus shíl mé go gcuirfinn aníos an dubhradán dubh d'íochtar mo phutóige. Is olc é an braon broghach ag duine. Ach beidh a shliocht air. Is fada aríst go ndrannaidh cuid againn leis — diabhal bréag nach fada
TUILLEADH (5) ▼
Tháinig urlacan air ab eadh! Chuir sé aníos an dubhradán dubh d'á phutóig. Níl acmhuinn aige deoir ar bith a ól nach mbíonn sé ar an gcaoi chéadna — níl sin
Níor tháinig an fheoil leis. Bhuail tonn-taoscach é agus shíl mé go gcuirfeadh sé aníos an dubhradán dubh d'á phutóig. Dheamhan ceo a d'fhan in a bholg — ná cuid de cheo — i gcead an chomhluadair
Diabhal neart ag an duine bocht air. Mar sin atá sé i gcomhnuí, ach blaiseadh d'aon-deoir óil. Ní fhanfaidh a dhath ar a ghoile ar an bpuínte. An dubhradán dubh atá in a bholg, cuireann sé aníos é. Ach is deacair a chomhairleachan in a dheidh (dhiaidh) sin. Ní beo é gan a dhul in a ghoire agus a dhul ag blaismínteacht dó
Ara bail ó Dhia ort — leathcuain! Ní raibh na cnuic bheaga sin thuas faoi againn, an uair a bhuail sé fré chéile iad: mór-ghalra. D'fhéadfá mór-ghalra a thabhairt air. Bhuel, tá bean ruadh annsin thiar tigh N. agus shíl mé go gcuirfeadh sí an dubhradán dubh aníos leis an mbail a bhí uirre. Bhí sí leigthe amach ar bhord an bháid, agus ní raibh faitchíos ar bith orm agus an lúbarnaighil a bhí uirre ach go dtiocfadh sí i bhfairrge. Mara mbíonn duine déanta ar an bhfairrge sin é a cheird i gcomhnuí
Deiseall! An ndeacha sé le t'anáil. Déan réidhteach leat féin nó cuirfidh tú aníos an dubhradán dubh as do phutóig
+–
Chuir sé an dubhradán dubh a bhí ar thóin a phutóige amach le teann fórsa oibre = chuir sé a sceadamán nó a lúth amach le díocas oibre
Cuirfidh sé an dubhradán dubh atá ar iochtar a phutóige amach ag iarraidh a dhéanta
TUILLEADH (5) ▼
Dá gcuireadh sé an dubhradán dubh ar a phutóig amach, chinnfeadh air aon-ghaoth a thabhairt do'n chloich. M'anam muise go bhfaca mise Peaits B. ag árdú na cloiche sin cheana agus dhá leagan suas ar an gclaidhe, agus nach bhfuil colainn leath cho téagarach aige agus atá aige-san. Ach deir siad gur minic cnámha móra ag droch-mhadadh
Dhá gcuireadh sé an dubhradán dubh aníos dhá phutóig, dheamhan fód a choinneochadh sé casta do Sh., léis (tar éis) a raibh de ghaisce aige. D'athruigh siad annsin — eisean ar an gclaise agus S. ag casadh an bhuird — ach rinne S. puca dhó (de) aríst. Bhí maith dhó a bheith ag coimhlint leis siúd!
Ní raibh maith ná maoin leis ag obair. Bhí muid thiar annsin thiar ar bhóthar Sh. Chuaidh mé faoi bharra leis. Luchtuigh siad an barra duinn beagán thar an gceart, má's leis-sean a fhéachaint é, nó nar thug siad faoi deara é agus iad dhá líonadh. Chuaidh mé féin in a ceann agus eisean ingabhal an bharra. Dheamhan a corruighe de'n talamh a dhéanfadh sé, dhá gcuireadh sé an dubhradán dubh a bhí ar a phutóig amach léithe. 'Ar ndú, b'fhéidir go mbadh bheag dá chuid rístidheacht' é ach an oiread le scéal
Rug sé féin agus bruachán beag de scurach a bhí ann isteach ar a chéile: bruachán beag dona nach dtiubharfá deich triuf air. Chuir sé an dubhradán dubh amach ag iarraidh an bruacháinín a chur in aer, ach mo chreach mhaidne! Dá mbeadh sé leis ó shoin, dheamhan talamh a thiubharfadh sé dhó. Thiubharfadh muis! Ní raibh cruadhas ar bith ann, ach é in aon-gheoisteamán amháin!
Shíl mé go gcuirfeadh sé an dubhradán dubh a bhí ar íochtar a bhuilg amach ag iarraidh an leath-bhairille a chur suas. Bhí sé indon a chur treasna a ghlúine, ach ionga ná orlach thairis sin ní chuirfeadh sé é dá mbeadh Éire taobh leis. Rug S. M. Mh. air, agus chaith sé isteach thar an mbosca é gan tolgán ar bith a fháil ann. "Déan maith de do ghealladh anois" adeir S. "agus gludh (glaoidh) an leath-ghalún pórtair." Ghludh a mh'anam
2.
rud beag dona; rud fánach éidtreorach; rud gan mórán bisigh faoi; rud nach fiú trácht air.
+–
Tá sé in a dhubhradán = duine nó beithidheach beag dona éidtreorach
Is dona an dubhradán d'fhear é in a aois. Nach bhfuil bliain aige ar Phádraic se'againne, agus níl goir ná gaobhar aige a bheith cho mór ná cho téagarach, bail ó Dhia orra beirt!
TUILLEADH (8) ▼
An dubhradáinín sin thíos ag S. G. a bhí ag iarraidh achrainn ar an aonach. M'anam go raibh caithte dhó, dhá bhfaghadh sé an té a thiubharfadh áird air, ach níorbh fhiú le duine ar bith a dhul ag fiachadh ar a leithide de gheospailín
Tá dubhradáinín dona de mhac aige agus chuirfeadh sé ag mún in do cheirteachaí thú. Ní bhíonn iabh ar bith air ach ag iarraidh achrainn is 'chuile áit dá mbíonn sé, ach ní fiú le aon-duine araoid a chur air. Gheobhaidh sé iarraidh mharbhthach as a dheire ó dhuine eicínt. Is fada atá sé ag tabhairt na n-aobha leis
Ab é an dubhradán sin thoir. Is mór an ghna (gno) pósadh atá aige sin go deimhin. Ní rath atá leis i dtráigh fheamuinne, ingarrdha ná ibportach. 'Sé a chloch-neart sin anois an "dole" a tharraint. Agus tá mé ag rádh leat dhá mbeadh aistir fada air in a choinne sin féin nach dtarraingeochadh sé é
Th'éis an aire a thug sí do'n ghasúr siúd aice, is dona an dubhradán fir atá sé a dhéanamh. Ach d'eile cé'n chaoi a mbeadh sé. Níl an t-údar ann, mara dteagaidh aon-bhiseach fós air. Ach má theagann, tá sé féin agus a chosamhlacht in aghaidh a chéile.
Maidir len a bheith ag iarraidh maitheasa ar an dubhradán sin, níl aon-mhaith in a chionn. Céard atá sé indon a dhéanamh ar aon-chor agus déanadh sé a sheacht ndicheall. 'Ar ndú níl lán do ghlaice ann
Tá dubhradáinín dona d'athair aige muis — ní dhá roint leis é, ach dhá fhágáil aige. Dheamhan carr móna a bheadh bainte aige bliain mhór fhada agus é a fhágáil faoi féin. Ach dhá dhonacht dhá bhfuil sé anois ba mheasa go mór fadó é. Buille maitheasa ar bith ní dhéanadh sé ach fáiscthe síos ar bhóithrí agus ag súdaireacht soir annseo.
Tá dubhradán de dhochtúr thiar i R. agus deir siad nach bhfuil sé ag fágáil duine ar bith nach gcuireann sé 'un báis. Is maith an éadáil a leithide sin i dtír
Níl ort ach cúl-bhadar a thabhairt do'n dubhradáinín siúd agus cuirfidh tú luighe fiadha air … Mo léan deacrach muise an té atá láidir. Is dona a fritheadh Baile L. má bhuail dithreabhach mar siúd iad … Go dtugaidh Dia ciall duit! Ní bhuailfeadh sé míoltóg
+–
Tá dubhradán de ghamhain annsin thuas aige — gamhain breac — agus níor tháinig ionga ná orlach le bliain air. 'Ar ndú, is beag an dochar dhó scáth a bhfaghann sé len ithe. Tá sé cuibhrighthe ins an ngarrdha siúd le ráithe aige agus é crínnte (creinnte) go dtí an grinneal fadó aige. 'Sé is fearr ar bith nach bhfuil caillte fadó
Níl de mhuinghnín an tsaoghail aige anois ach an bhó, agus an dubhradán suaidhte de bhulán siúd, agus is furasta cur aca (chuca) sin. Má bheireann droch-gheimhreadh orra is mór m'fhaitíos nach sáróchaidh siad é. B'iongantas é dá sáruigheadh agus cho mór agus a chuaidh an mhí seo caithte tríotha
TUILLEADH (3) ▼
Tá dubhradán dona d'uascán — uascán na bliana anuiridh — thuas annsiúd thuas ar an gcriathrach aige. Is maith a chruthóchas sé má bhíonn sé ins an gcomhaireamh ceann mí ó indiu. Má's leis srianadh thríd, níor bh'fuláir dó aire, thar agus é a fhágáil thuas annsiúd ar an gcriathrach ag imeacht in a ghuróir faoi chlocha. Níl mothú ar bith ann, agus tuitfidh sé i bpoll eicínt nach dtiocfaidh sé as, nó is maith an t-ádh atá air
Tá amhantar muise ceannuighthe aige: an dubhradán de bhudóig sin a bhí ag D. Sh. Mh. Ní chuirfeadh a bhfuil de bhran istigh ins an muileann sciolltar uirre thar mar tá sí. Má ba leis muise a dhul ag tóruigheacht údar bó bhainne, diabhal bréag nach h-é a fuair amach í. Caillfear í siúd chois claidhe air, mara ndíolaidh sé í cho luath agus a fhéadfas sé.
Tá dubhradán beag de laogh aige agus ní fhaca mé an oiread díocais ar bheithidheach dhá bhearradh féin ariamh, agus atá air. Tá an drioball crínnte (creinnte) amach aige as féin. Is diabhaltaí nach bhféachfadh sé len a dhul roimhe siúd, shul 'á chuirfeas sé é féin ó mhaith
3.
rud beag fearacht dionnóid shalachair a theigheas faoi an tsúil, nó a d'fheicfeá ingloine phoitín nó a leithide.
a.
+–
Tá dubhradán istigh faoi an tsúil = dionnóid shalachair, oiread na frighde de rud ar bith; oiread puintín bioráin
Chuaidh dubhradán faoi mo shúil indé agus muid ag caitheamh dairteacha ar an bportach. Airighim fúithe fós é. Tá sé an-tinn
TUILLEADH (9) ▼
'Sé a raibh de shiocair aige idtosach dubhradán a dhul faoin a shúil. Shéid an tsúil agus chuaidh sí 'un óthrais. Mo choinsias 's dar m'anam is súil bhocht anois í. Chuaidh sé ag an dochtúr léithe, agus thug sé rud dó le cur fúithe as tiúb. Chaith sé coicís dhá chur fúithe, ach dheamhan maith a bhí ag teacht uirre. Bhí sé thoir aige an lá faoi dheire agus dubhairt sé go gcaithfeadh sé a dhul isteach ins an aspuicil (ospuidéal) léithe. Cheidim go gcaithfidh sé sin féin a dhéanamh mara dteagaidh aon-bhiseach go h-aibéil uirre. Is furasta cur ag an tsúil thar áit ar bith
Bhí sé ag cur amach fheamuinn — feamuinn tirm. Chuaidh dubhradán faoin a shúil. Ní dheacha sé roimpe in am. D'at sí suas in a builín. Sin é an uair a chuaidh sé G. léithe. Ní raibh aon-mhaith ann: leig sé ro-fhada í. B'éigean an tsúil a bhaint as agus súil ghloine a chur isteach in a leabaidh
Cé'n fáth a bhfuil an púicín siúd ar an tsúil ag C. Mh. Mh. … Bhí sé ag briseadh cloch. Bhuail sceabhadh de chloich ins an tsúil é agus chuaidh dubhradán beag isteach innte. Bhí sí tinn aige agus leig sé do 'chuile dhuine a dhul dhá laimhseáil. Dheamhan easna dhi nar at, agus dubhairt an dochtúr leis dá bhfágadh sé mórán achair eile í, go mbeadh sé gan súil. Caithfidh sé an clúdach sin a choinneál uirre go ceann fada
Is diabhaltaí grinn é. Bhain sé dubhradán a bhí istigh faoi shúil an mhadaidh amach aréir aindeoin nachar léar do dhuine ar bith é ach dó féin.
Níl de leigheas ar an dubhradán sin anois ach a dhul go dtí bean eicínt a bhfuil bainne cíche aice agus blighfidh sí cuid de'n bhainne isteach faoi an tsúil agad, agus is beag an dubhradán a fhágfas sin innte deirimse leat. Is minic a chonnaic mé daoine dhá dhéanamh fadó, agus le goirid féin an uair a bheadh súil bhocht aca … Náire. Cé'n sórt náire. Ní minic fear náireach éadálach ar chuala tú ariamh é … Mara dteighidh, fág mar sin í, agus feicfidh tú féin air go dtiocfá ann ar ball dá mbeadh breith ar t'aithmhéala agad
Chuaidh dubhradán faoi shúil an chapaill agus tá sí caoch anois i leath-shúil nó indáil leis. Deir an sórt dochtúr beithidheach sin atá ag dul thart gur fionn atá ar a súil, ach diabhal fionn ná fionn. B'fhurasta aithinte an dubhradán istigh innte na chéad laetheantaí, dá dtapuighinn an uair sin í, ach ó fuair sé ionbhadh, bhí sé mall a dhul di. Is mór an babhta uirre é pé aca sin é
Má's dubhradán atá faoi do shúil, bheadh fear a chuimleochadh a theanga trí h-uaire in aghaidh stuif d'ath-luachra go maith aige. Is minic ariamh a chuala mé é. Tá daoine ann a ghníos é th'éis cho gránna agus atá an ath-luachra.
Tá dubhradán eicínt faoi shúil na bó. D'fheicfeá isteach uait é ar a h-amharc. Tá an tsúil ag silt thar cionn aice. Ní mé an mbeadh aon-mhaith gráinne salainn a chuimilt di. D'fheicfeá daoine dhá dhéanamh
Dubhradán beag de dheannach spré-mhóna a chuaidh faoi mo shúil annseo an bhliain cheana. Chaith sí an-fhada go dona agam. Bhíodh sí ag silt agus ní fhéadainn a h-oscailt chor ar bith scaithtí. Is measa dhuit rud tirm a dhul faoi do shúil go fada ná rud fliuch. Calcann an rud tirm istigh agus is furasta leis séideadh.
+–
"Is léar duit an dubhradán atá i súil na comharsan ach ní léar duit an tsail mhór in do shúil féin" (sean-fhocal) = dubhradán = mote, speck. sail = beam. Is léar do dhuine locht dá fhánaighe ar an té údan eile, ach ní léar dó locht dá mhéad air féin. Cuireann sé milleán gach rud ar dhaoine eile, agus gan é ag leigean in a ghoire gurb é féin is mó is cionntsiocair leis
Ní fhaca tusa ariamh S. Mh. a bhí annsin thoir. Is minic a chuala mé dhá rádh é go ndéanaidh Dia grásta air: "is léar dó go maith an dubhradán i súil na comharsan, ach ní léar dó an tsail mhór in a shúil féin." Bhí sean-liagáistí móra ag S. Mh.
TUILLEADH (8) ▼
Sin é an siomsán a bhíodh ag an Athair P. i gcomhnuí an uair a bhíodh sé ag cur chomhairle ar bith ar an bpobal: "Is léar dó an dubhradán faoi shúil a chomharsan ach ní léar dó an tsail mhór faoin a shúil féin." Ba bhreagh ó'n Athair P. seanmóir a dhéanamh, an uair a bhuaileadh sé fúithe. Maidir le na sagairt a bhí ó shoin ann, ní bheadh a fhios ag duine céard a bheadh siad a rádh. Ach bhí an chaint aige siúd in a chomharthaidheacht féin
Tá milleán maith aige-sin ar 'chuile dhuine ach ní fhéadfadh milleán ar bith sroicheachtáil dó féin. Sin é an chaoi a mbíonn sé i gcomhnuí: "Feiceann duine an dubhradán faoi shúil duine eile, ach ní fheiceann sé an tsail mhór faoin a shúil féin." 'Sé cionntsiocair 'chuile dhuine eile é, ach a chionntsiocair féin
Ní raibh call di a dhul cho fada ó bhaile chor ar bith má ba léithe a dhul ag cur milleáin ar aonduine. Bhí an sean-scraiste siúd ins an gclúid aice cho mór 'e mhilleán le duine ar bith eile. Is maith mo léan a d'fheicfeadh sí an dubhradán faoi shúil na comharsan ach nach bhfeicfeadh sí an tsail mhór faoin a súil féin. Bhí an tsail mhór aice muis ar an teallach — agus sail gan mórán maitheasa (a fear féin)
Nach maith nach bhféadfadh sí an teach seo a leigean thairti gan an milleán a bhualadh thall air. Níor chuir duine ar bith ins an teach seo muise araoid ar bith ar a gamhainín. A clann féin a rinne díchúis air — 'siad sin. Is léar di sin go maith an dubhradán i súil daoine eile, agus an tsail mhór in a súil féin ní dhá roint léithe é. Nó mara bhfuil, tá sí in a clann
Nach teann uait a dhul ag coireamhaint ar 'chuile dhuine ins an tír agus gan duine ar bith ann is mó a dteastóchadh coireamhaint uaidh ná uait féin. Chonnaic muid do leithidí go minic: d'fheicfeá go maith an dubhradán i súil duine eile ach ní fheicfeá an tsail mhór in do shúil féin. Ó a bhain tú asam anois é gheobhaidh tú é — agus go bínn (binn)
Níl aon-duine faoi bhéal an aeir nach bhfuil tarraingthe anuas agus liobruighthe gearrtha aice. Tá 'chuile locht ar 'chuile dhuine eile, ach bainfidh sí a muintir féin as margadh igcomhnuí. An lá faoi dheire a raibh sí ag ithe agus ag gearradh ar an dílleachta bocht sin thiar tigh Sh., agus a raibh sí ag rádh nach bhfágann sí amach an teach ag P. Dh. chor ar bith, tháinig sé go dtí an béal agam a rádh léithe go bhfeicfeadh sí an dubhradán i súil duine eile go maith, ach nach bhfeicfeadh sí an tsail mhór in a súil féin chor ar bith. 'Sé a bhí agam a rádh léithe, ach leig mé tharm í in a dheidh sin, leisce clampar a tharraint
Is diabhluí an t-aon (t-aen) é. Ag caitheamh agus ag cáineadh agus ag baint fogha agus easbaidh as 'chuile dhuine ar an gcaoi sin. 'Séard a bhí a dhéanamh leis an chaint a bhíodh ag a athair — go ndéanaidh Dia maith air — a mheabhrú dó. 'Chuile uair a gcloiseadh an t-athair duine ag gearradh na comharsan 'séard adéarfadh sé i gcomhnuí: "Is léar do dhuine an dubhradán i súil na comharsan, ach ní fheiceann sé an tsail mhór in a shúil fhéin." Ba bheag ab ionann é féin agus an mac seo anois. Níor chuala aon-duine ariamh an t-athair ag gíbliú (díbliú) ar aon-duine, ní hé a fhearacht sin ag an mac é. Ó'n máthair a thug an mac an cheird sin. Marab eadh ní ó'n athair.
Is mór an úis (uais) iad agus an teanga atá aca. Tá an tír tarraingthe thrín a bhfiacla aca agus gan dream ar bith a chinnfeadh orra féin le brocamas agus le tuataighil. Ach feiceann siad an dubhradán i súil an duine eile agus ní fheiceann siad an tsail mhór in a súil féin. Is amhlaidh é
b.
+–
Tá dubhradán ins an ngloine seo = fuisce agus driúillín nó driúillíní dubha ann. Déarfadh na stiléaraí scaithtí gur comhartha deagh-fuisce é
Caith siar í a mhic ó agus go ndéanaidh sí maith agus sláinte duit. Tá dubhradán air sin. Níor ól tú a leithide le scathamh
TUILLEADH (1) ▼
Thosuigh sé ag breathnú ar an bpoitín agus ag rádh go raibh dubhradán ann. "Má's dubhradán ná dubhradán é" adeir B. "caith chugainn agus ná bí ag leiciméaracht leis níos fuide. Meastú an dtáinig muide an fhad sin bealaigh le dhul ag fosuidheacht annseo mar seo"