Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Duibheacht
Ainmfhocal.
+
Tá an oíche ag dul 'un duibheacht (nó "un duibhe" scaití) = ag eirghe dubh; ag duibheachan
Caith sneachta ar a lorg go maidin agus a dhuibheacht agus atá an oíche = ní féidir a fháil anocht agus an oíche cho dubh agus ata sí
TUILLEADH (5) ▼
Níl duibheacht ar bith san oíche anocht
Is beag an duibheacht chor ar bith atá in a chuid gruaige, th'éis go raibh ceann a athar ar dhuibheacht an áirne
Ní duibheacht (ní dubh) go dtí í. Sí an oíche is duibhe í a tháinic i mbliana
Ní duibheacht go dtí an oíche anocht. Tá sí cho dubh le anam tincéara
Is beag eile duibheacht a dhéanfadh é anois; dubh na h-iongan. … Teaga leis! A tá do dhá dhíol agad air anois

Duibheacht in iontrálacha eile (3)

 
diabhal 2
Tá an oíche in a diabhal le duibheacht (le gairbheadas agus rl.)
 
téigh
Is olc an bealach é an sliabh ag aonduine le dhul, má bhíonn aon-duibheacht ins an oíche
 
Cé'n fanacht atá oraibh: ag ceapadh go ngealfaidh an oíche. Nach ag dul 'un duibheacht' atá sé