Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dubhshnámh
ainm-fhocal, fireann
snámh a dhéanamh idir dhá uisce nó ar thóin na fairrge; nó snámh faoin uisce nuair a ghabhfá isteach ar mhullach do chinn (Fc. dubhléim); an chaoi a mbíonn bád fó thuinn ag imeacht.
+
Tá sé thar cíonn le dubhshnámh. D'fhanadh sé chúig nóiméad faoi uisce gan mhairg ar bith
Is diabhlaí an dubhshnámh atá aige. Chaith sé é féin indiaidh a mhullaigh de charraig an S. inniu, agus sé an áit a dtáinic sé ar barr taoille aríst ag gob an Storráin. Is maith an geábh é sin, nach maith!
TUILLEADH (1) ▼
An bhfuil aon-dubhshnámh agad? Mara bhfuil is beag an mhaith thú. Ní snámhóir é snámhóir ar bith mara dubh shnámhóir é freisin. Caithfidh snámhóir a bheith cho maith leis an iasc le bheith in a shnámhóir ceart.
·
Is dochreidthe an scéal go mbeadh dubhshnámh an méid sin ag bád ar bith: dhá fhichead lá faoi uisce. Nach diabhlaí nach bplúchtar iad. Ach ní chreidfinn go mbeidís an t-achar sin ag dubhshnámh. Seachain th'éis an oiread seo dubhshnámh nach gcaitheann siad a dhul ag snámh. 'Ar ndú' ar an gcaoi a bhfuil tusa ag caint sháraigh siad na faidhtíní.

Féach freisin