Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dubhléim
ainm-fhocal, buineann
léim a thiúrfadh duine gan breathnú roimhe; gníomh a dhéanfá as taghd, as guagaíl, as mí fhoighid, as forú agus rl. "A plunge in the dark." (cf. seomra dubh: unlighted room, dubhshnámh agus rl.).
+
Tugann an duine dona dubhléim = déanann sé rud gan breathnú roimhe, agus bíonn sé síos leis
Sin é an duine dona i gcomhnaí. Tugann sé dubhléim, adeir siad. Thug an fear bocht sin dubhléim ar chaoi ar bith. Dhá mbeadh foighid aige agus comhairle a ghlacadh, ach ní raibh aon-chomhairle ina chionn-siúd
TUILLEADH (6) ▼
Phós sé an bhean sin agus gan aithne ná eolas aige uirre go dtí le seachtain roimhe sin. Bheadh sé sin ceart go leor ag scráibín tíre, ach m'anam nachar mhór dhá leithide sin breathnú roimhe. Ar aon-chor h-imríodh an cluiche claonach air. Thug sé an dubhléim agus d'íoc sé ann.
Tóig comhairle ó dhuine dhoscúch agus na tabhair dubhléim mar sin. Ní bhíonn aon-ghreim ar an gcloich ó chaitear í, agus deirtear gur ina dhiaidh is feicears (a fheictear) don Éireannach a leas.
Tá faitíos orm go mba dubhléim do mo Hitler bocht é. Bhí sé ro-thobann. Bhí aige gúaim a chur air féin nó go mbeadh sé faoi réir ceart agus annsin é a thabhairt faoin tsean-bhalcais dóib. Ach mar tá sé anois is mór m'fhaitíos go mbeidh sé gan Mrucha (Murcha) ná Mánas
Is cuma san diabhal leis sin é ach dubhléim a thabhairt, bíodh sé buaiteach nó caillteach léithe. Bhí an t-ádh air go dtí anois ar aon-chor, agus is mór is fiú an t-ádh. Deir siad dhá mbeadh an t-ádh ar dhuine go ndoirfí bullán dó. Chreidim gurb amhlaidh a bhíos sé freisin
Thug sé an dubhléim ach má thug féin ní dona a ghabh sí dhó. Tá cac bó agus lochán aige dhá barr go h-áirid
Is mian leis chuile shórt a dhéanamh de léim. Fear gan foighid é. Sin a fhágas go dtugann sé an dubhléim i gcomhnaí.

Féach freisin

dona