Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dona
Aidiacht, Do-bhriathar.
Breis-chéim agus rl. = is measa, níos measa, ach deirtear is dona agus rl. go minic freisin
olc, tinn, craithte, suarach agus rl.
a.
+
Duine dona é (duinín dona) = duine gan lúd gan spreacadh, duine gan mhaith gan mhisneach; othar; duine gan aon-chiall; duine beag-mhaitheasach
"Tugann an duine dona dubh-léim" (fc. dubhléim)
TUILLEADH (18) ▼
Caith ar chrann dona é (fc. crann)
Beainín dhona chaillte í
Suaróigín dhona í
Laogh dona é = gan aon-ordú ná aon-teacht suas faoi
Piodarláinín dona de ghasúr atá aige
Bóín dhona shuarach í
Lá dona é = droch-lá
Teach dona atá aige
Obair dhona a dhéanfas sé ná atá sé indon a dhéanamh
Saol dona é
Tá sí ar aimsir cho dona agus a tháinic imbliana dhá mbeadh neart air
Gaeilge dhona atá aige (amharc dona atá aige, siúl dona atá aige agus rl.)
Ciall dhona a bhí agam an uair a fuair sé bás. Ach is cuímneach liom go maith é, mar sin féin = ní raibh ionnam ach gasúr beag bídeach
Ciall dhona atá aca ná a d'fhéadfadh a bheith aca. 'Ar ndú' ní ag iarraidh céille a bheitheá ar pháistí in a n-aois
Saol dona atá aige ná ag duine ar bith a bhfuil a dheis air
Sin é an duine dona i gcomhnaí. Ní bhíonn breathnú siar ar bith aige ar an "gcois thínn", ach a mbíonn aige a chaitheamh de rith agus de léim
A dhuinín dhona, céard a bhéarfadh dhuitse a bheith indon aige?
Sin í an onóir dhona (fc. onóir)
+
Eirghe dona atá sé indon a dhéanamh = níl ann ach go bhfuil sé indon eirghe de'n leabaidh, de bharr tinnis
Ithe dona atá mé indon a dhéanamh ag na fiacla atá agam
TUILLEADH (3) ▼
Scríobhadh dona atá sé indon a dhéanamh. Céard a chaith sé ag dul ag an scoil ach bliain nó dhó ar a mhéid?
Obair dhona a dhéanfas mise ná aonduine atá in m'aois. Is gearr nach mbeidh siúl an bhealaigh ionnam ní áirím a athrú
Sin í an ghróigeadh dhona a dhéanfas sé sin, mar nach air a ghnatha a bhéas áird aige
b.
+
Is dona thú nachar fhreagair é = bhí agad é a fhreagairt
Nach dona thú nachar bhuail é!
TUILLEADH (2) ▼
Nach dona thú feasta choichín mara bhfuil tú indon an méidín sin a dhéanamh
Is dona é muis má sin é a bhfuil de mhaith leis
+
Is dona atá mé indon é a dhéanamh, ach ó thárla nach bhfuil mo mhalrait ann buailfidh mé faoi
Is dona atá mé indon eirghe chor ar bith, ach caithim a bheith ag crochadóireacht liom in a dheidh sin
TUILLEADH (11) ▼
Is dona atá siúl an bhóthair ionnam, ní ceasacht ar Dhia é, agus mar sin fhéin ní mór dhom creachlaois eicínt a dhéanamh
Is dona a bhí mé indon mé féin a thabhairt abhaile, ní hé amháin aonduine eile
Is dona atá dhá lorry féin innte gan bacadh le trí cinn
Is dona a bhí eirghe 'mo sheasamh ionnam agus gan a dhul ag damhsa
Is dona atá mé deich gclocha agus gan a bheith dhá chloich dhéag
Is dona a d'fhéadfadh sib a dhul ar fairrge inniu. Níl an lá in araíocht
Is dona a d'fhéadfadh sé a bheith scór blianta fhéin fós, gan trácht ar a bheith cúig bhliana fichead
Is dona a chruthaigh tú nachar bhuail é = bhí agad a bhualadh
Is dona a chruthaigh sé muis. Gheobhadh sé ar shladmhargadh iad an lá sin
Fuair sé úachta agus is dona a chuaigh sí dhó (fc. téigh do)
Is dona a chuaigh an t-aistear sin dó
+
Níor dhúirt sé "is dona a rinne tú é", nó "is maith a rinne tú é". Dheamhan an smid fhéin a tháinic amach as a bhéal = níor thug sé le tuiscint gur thaithnigh mo ghníomh leis nó go raibh sé in a aghaidh
Dhá n-abraítheá leis sin gur mharaigh tú duine, ní abródh sé leat "is dona a rinne tú é". Sin é an sórt duine é
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbuailtheá isteach ar an smut é, ní abródh sé go mba dona a rinne tú é. Tá sé an-réidhchúiseach
·
Is dona a fríodh (fríothadh) muid, má tá bacach mar sin indon eirghe in ar mullach = is daoine gan mhaith muid
Is dona a fríodh thú 'mo choinsias, má leigeann tú uait é gan druimeáil bhuailte a thabhairt dó
+
Is dona an tuarastal aon-tsagart amháin fhéin ag na daoine agus gan beirt shagairt a íoc
Ní dona go dtí é
TUILLEADH (5) ▼
Is maith dona é = tá sé dona go leor
Is dona í a cheird, ní dhá roint leis é = níl a chuid oibre nó a chuid gníomhra, nó a iompar ionmholta
Is dona an chaoi é, a bheith tinn
Is dona é an fliuchán ag duine, dhá bhféadadh sé fanacht uaidh
Is maith í an fhoighid, ach is dona í an fhaillí (fc. foighid)
+
Ba dona an lá dhó an lá ar fhága sé an baile seo. Bhí sruth agus gaoth leis agus min in a chomhra cho uain agus a bhí sé annseo
Is dona an rud do dhuine a láimh a bheith i mbéal an mhadaidh aige má fhéadann sé
TUILLEADH (1) ▼
Is dona an chaoi dhó a bheith mar sin: ag fanacht ó'n Aifreann
·
Nach dona ó'n ngamhainín sin rud a ithe. Níl bail ar bith air ag ithe a chodach
Nach dona uaidh leitir a scríobhadh. Shíl mé go raibh riar scoláireacht thairis sin air
+
Ba dona léithe an talamh le ceannacht = cheap sí go raibh sé ro-dhona
Ba dona leis an fáilte a chuaigh roimhe, agus diabhal easna dhó nachar thug dhá shiúl abhaile aríst é
TUILLEADH (2) ▼
Ba dona linn an lá le dhul ann
Is dona leis an aimsir le dhul ag plé le féar
·
Is tú is measa faoin mbogha bán mara dtuigeann tú an méid sin agus an fhad agus atá tú ag dul ag an scoil
'Sé is measa dhá bhfaca mise ariamh. Níl meabhair ar bith ann ("measa" ar seo i gcomhnaí)
+
Aonach dona a bhí ann. Diabhal níos measa ("the devil a worse". "Measa" adeirtear i gcomhnaí i gcás den tsórt seo, is cuma cé'n tsár-chéim a bhíos ar dhona ag an gcainteóir ar ócáidí eile)
Tráigh dhona í. Diabhal níos measa (a d'fhéadfá a iarraidh; nó leagan eicínt mar sin iontuigthe in a dhiaidh)
TUILLEADH (3) ▼
Droch-thalamh é. Diabhal níos measa ann
Madadh droch-mhúinte é. Diabhal níos measa ann
Druncaera críochnuithe é. Diabhal níos measa faoi na bruit (brait. San tír, in Éirinn agus rl.)
+
S. seo thiar a bhí ann. Dar príosta ní measa fear eile = tá sé cho dona le duine ar bith a bheadh ann
Mac Ph. Sh. R. a chuir araoid ort! Dar diacaí ní measa fear eile
TUILLEADH (9) ▼
Slaghdán atá ort. Dar príosta muis ní measa rud (galra, gearán agus rl.) eile = tá sé cho dona le rud ar bith a bheadh ort
Doigheachaí! Ní measa galra eile, agus gan truaighe ag aonduine d'fhear na ndoigheachaí
Tá sé buailte adeir tú. Ní measa ar bith é = ní fhéadfadh rud ar bith níos measa a eirghe dhó ná a bheith buailte
Tá na fréimhreachaí ag borradh sna cosa agad aríst. Ní measa ar bith é (ní measa beirthe é)
Ag sneachta ab eadh! Dar fiadh ní measa beirthe é
Is measa thú ná a bhfaca mé ariamh; is tú is measa dhá bhfaca mé ariamh; is measa thú ná a dtiocfaidh agus ná a dtáinic; is measa thú ná "luirgní dóite"
Is measa é go mór ná an fear thoir
Sin é an scéal (an rud, an chaoi, an bealach agus rl.). Is measa dhom go gcaithfidh mé fanacht seachtain anois d'fhuireasa fáirnéis ar bith uaithe = that is the worst of it
Sin é an scéal is measa dhuit, nach bhfuil a fhios agad an soir nó siar a thiúrfas tú t'aghaidh
+
Dhá dhonacht S. is seacht measa T. = tá sé seacht n-uaire níos measa ná é
Dhá dhonacht cogadh is seacht measa gorta
TUILLEADH (3) ▼
Is míle measa an bhliain seo ná aon-bhliain dá dtáinic fós.
Go mba míle measa a bhéas tú bliain ó inniu a bhastairdín, má bheirim ort bainfidh mé an t-anam asad! (eascainí)
Go mba seacht míle measa a bheas sé bliain ó inniu, an címleachán caca, mara deas a gheobhadh sé ann féin a dhul ag baint fogha ná easba as duine ar fónamh
c.
+
Dona go leor a mh'anam! Tá do scéal sách dona
Dona go leor mo choinsias! Tá do sháith ar t'aire
TUILLEADH (3) ▼
Dona go leor a tháilliúir! = dhá n-innsíodh duine gearán duit, ach gan an gearán a bheith ro-dhona in a dhiaidh sin
Chaill tú do phíopa. Dona go leor a tháilliúir!
Agus goideadh an corrán uait! Dona go leor a tháilliúir. Daidhean neart air!
d.
+
Tá mé go dona gan speal
Níl go dona ann ach an té nach bhfuil ag saothrú tada = tá daoine eile go dona b'fhéidir ach eisean is measa ar fad
TUILLEADH (9) ▼
Ní raibh go dona ann ach mise, arbh éigin dom siúl abhaile
Ní bheidh go dona ann ar ball ach an leota a bhéas caithte amach
Tá sé ag cothú (ag coinneál, ag fanacht agus rl.) go dona i gcomhnaí (othar, droch-lá agus rl.)
Tá sé go h-an-dona (rí-dhona, fíor-dhona, sár-dhona, meath-dhona, réasúnta dona, sách dona, dona go leor, an-dona de'n tsaol agus rl.)
Tá sé (an scéal sin) ro-dhona dhá mbeadh neart air
Nach tú atá go dona againn anois cheal tobac! = aren't you badly off for tobacco!
Nach hé atá go dona againn nach bhfaghann sé cead a dhul ag rástaí!
Tá an fuisce go dona ag (do) an gcroí
Gabhfaidh an píopa sin go dona duit má chaitheann tú mórán dhe (fc. dul do)
·
Bhí go maith agus ní raibh go dona. D'imigh mé féin liom. = bhí sin mar sin; bhí an méid sin thart. Baintear leas as go minic dhá mbeadh duine ag innseacht scéil
Bhí go maith agus ní raibh go dona. Tháinic mé féin abhaile.
+
Buaileadh go dona é
Caitheadh go dona leis = cuireadh mí-chumaoin air
TUILLEADH (1) ▼
Níor labhair mé leis olc maith ná dona = chor ar bith
e.
+
An rud a fhaightear go dona imíonn sé go dona (sean-fhocal) = an rud a chruinnítear ar dhruim an diabhail imíonn sé ar a bholg (fc. druim)
Is iomdha airgead a rinne sé sin, agus ba mhaith uaidh, ach d'imigh sé go dona in a dheidh sin = ní dheachaidh aon-chaoi air
TUILLEADH (4) ▼
Feicfidh tú go n-imeóidh an t-airgead mailíseach go dona fós. Níorbh é leath-chóir Dé é mara n-imíodh
Caitheann sé a mbíonn aige go dona = go drabhlásach
Leig tú uait go dona é. Bhí agad a thapú
Leig tú an deis sin uait go dona
f.
+
Tá sé go dona (tinn)
Bhí sé go dona tinn inné, má b'fhíor dhó féin, ach feicim amuigh ag obair inniu aríst é
TUILLEADH (4) ▼
Is minic leis an gceann céanna a bheith go dona tinn
Duine ar bith atá go dona tinn sí an leabaidh a áit, agus ní ag dul isteach agus amach
Chreidim gur fada go dona tinn é
Cén neart atá aige air má tá sé go dona tinn. Ní bhíonn aon-neart ag an donacht féin air
+
Tá mé go dona le doigheachaí (ag doigheachaí)
Tá sé go dona le cois tinn
TUILLEADH (2) ▼
Tá mé go dona le mo chois
Bhí mé go dona ag (le) an slaghdán an tseachtain seo caithte
·
Fágann sin go dona é muis, mara bhfuil sé indon céad meáchain a árdú = cruthaíonn sin go bhfuil sé go dona (gan aon-lúd)
Fágann sin go dona tú mara bhfuil tú indon tada a ithe thairis sin

dona in iontrálacha eile (50+)

 
Ní baileach go bhfuil an tseachtain seo cho dona agus a bhí an tseachtain seo caite, ach dar mo leabhar níl mórán d'earasbár aice ach oiread
 
Ní raibh de bharr na trágha inniu againn ach cheithre fheánach capaill. Meas tusa nar dhona an fátall é sin ag triúr!
 
Aimsir fhearthainneach í. Tá sí go dona ag arúr. Scuirfidh sí as éadan é
+
Is dona a theigheas fliuchán domsa = báisteach, nó mo chosa a fhliuchadh san gcladach, san sliabh etc.
TUILLEADH (1) ▼
Tá an bealach sin thar a bheith go dona le fliuchán = go leór uisce, locháin etc. ar bhóthar
 
D'fhága sé a mhallacht ag an mbaile seo, agus ní gan údar. Ba dona a caitheadh leis ann
+
fág
Dhá gcuimhníodh sé ar an arán a hithiodh, ba bheag a luadh aige a dhul tharmsa gan cuireadh a thabhairt dom. Agus a liachtaí lá oibre a thug mé dhó. Ba dona é scathamh marach mise. Más thíos a fuair mé é is thuas a d'fhága mé é = bhí a chuid oibre gan déanamh. Rinne mise dhó í
TUILLEADH (4) ▼
Ba dona an teach a bhí annsin nó go ndeachaidh inín S. Th. isteach ann. Má tá bráigill orra inniu dise is cóir dóibh a bheith buíoch. Más thíos a fuair sí é (an teach) is thuas a d'fhága sí é.
Fágfaidh an láimh seo go dona mise (gan a bheith indon tada a dhéanamh; pian a bheith orm etc.)
Sin é a d'fhága go dona é; a bheith ag tabhairt áird uirri sin
Ara beannacht Dé dhuit. Ní iontas ar bith é sin. Cá bhfágfadh sí an onóir. Ní ón ngaoith a thug sí í sin chor ar bith. Níor sheas aon-bhean ariamh ar urlár ba honoraí ná a máthair. Ba shin í fhéin muis an onóir dhona.
 
Níl a fhios agam a mbeidh a cuid gruaige cho fáinneach siúd aice nuair a bhéas sí scathamh i S. Gh. Bainfear obair aiste annsin. Dar fia is dona an mhalrait aice é, agus an cháil airgid atá uirre, a dhul ag pósadh isteach ar an mbaile sin
 
féar
Fiafraím díot, cén chaoi a ndéanfaidh muinntir na háite seo an saol a ríochan, nó go ndéantar a bhfuil tusa a rádh. Fan beó a chapaill agus gheobhaidh tú féar, ab ea. Mar a chéile sib ó sháil go rínn. Tá sibse cho dona le dream ar bith eile
+
fóir
Tá sé go dona, go bhfoire Dia orainn! (Cuirtear "orainn" isteach mar seo go minic i leabaidh air, cé gur de dhuine eile a bheithí ag guidhe cabhair ó Dhia)
TUILLEADH (2) ▼
Tá an saol go dona anois a bhfoire Dia orainn (a = /ə/. Is minic a deirtear mar seo é. Nó amannta d'uireasa an "go" nó "a" (/ə/) chor ar bith)
Níl d'fhóirínt ag an dochtúr le déanamh air ach ceirín a chur leis. Is fóirínt é sin fhéin nó go bhfuaraí sé. Annsin bíonn sé cho dona céanna aríst nuair nach gcuirtear malrait ceiríní sách minic leis. Scrúdfadh sé thú ag éisteacht leis scaití. Ach ní bhíonn neart ag an tinneas air
 
Giorrócha an carraeracht leis as a dheire. Is olc é tuaradh na maidne a mhic ó, go mór-mhór ag sean-fhear dona, atá 'tarraingt ar na trí scóir.
 
ceal 1
Is duine dona a bheadh cheal teine a's a' méid coille atá 'tuitim in a críonach annsin thuas.
 
Cheannuigh mé capall aniar as Conamara annseo an bhliadhain cheana, a's níor mhór duine dhá cinnireacht leis a' treabhadh idtoiseach. Ach tá sí taithighthe leis anois, a's níl go dona chor ar bith dhi.
 
cobha
Buaileann an cabh cuid mhaith aca(b) ar uair mhóir mar seo, ach ní bhíonn aon-chlóic orra(b) leis, mara mbeadh sé an-dona go díreach.
 
Meastú tuige an coimhightheas atá sa mí seo 'chor a' bith? Ní fhaca mé an mhí seo a' teacht chomh dona ariamh cheana. Ach b'fhurasta 'aithne é, a's an lá 'dtáinic an ghealach. 'Gealach Sathairn a's í 'thoidheacht sa bhFoghmhar — uair sa seachtmhadh bliadhain, is maith leis a' máirnéalach í 'fheiceál.
 
Níor chumaoin dom an oiread sin fhéin a dhéanamh dhó, a's chomh dona a's bhí sé fhéin. Ach is maith an rud maith in aghaidh an uilc.
 
cora
Ba mhór a' t-ár é mac A. an R. seo thíos ag imtheacht ar fud an aonaigh indiu, a' cur carra chainnte ar chuile bhoicín, mar dhóigh dhe gur daoine muinntreacha dhó iad! Ach th'éis a bhfuil de ghairéad a's de ghaisce aige, is dona í a léine, ach an oiread liom fhéin!
 
Is cosamhail go raibh sí ag iarraidh a dhul thar a' díoga, a's gur chaitheadh indiaidh a leathtaoibhe síos innte í. Dheamhan stró a bheadh uirre, meireach na cosacáin, ach is beag an rud atá indon treampán a chur ar an rud dona, 'na dheidh sin.
 
Tá cosamhlacht bhuadhartha, dhona, mhaith, bhrónach, olc etc. air.
 
Dheamhan cóimhneas agam ná cuid de chóimhneas ach na buinn. Ach dheamhan go dona de dhuine 'fhad's tá siad sin fhéin ar fóghnamh aige.
 
Má thugann tú áird ar a chuid cóipíse sin, is gearr go mbeidh tú chomh-dona leis fhéin. Cluais (cluas) bhodhar a bhí aghad a thabhairt dó.
+
baile
Daoine dona atá ar na bailteachaí seo.
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan baile aige, anois, ach baile dona = is suarach le rádh an teach nó'n áit chomhnuidhe nó'n talamh atá aige anois; nó duine a bheadh a' gabhail thart ar aimsir, a's a' baint scathamh amach is chuile áit.
Níl go dona ann, ach a' té atá gan baile anocht (droch-oidhche).
 
baing
Is beag a' rud a bhainfeas baing as duine dona.
 
bannaí 1
Is beag a' mhaith dhuit bannaidhe béil a chur uirre sin, arae níl fascadh a' bith innte. Is dona na gnaithí a bhí ort é innseacht di chor a' bith.
+
Is beag a' mhairg air sin, mo léan, a' bealach a dhéanamh nó dhá mbeadh sé 'fhad eile. A' leigean cluanaidheachta air fhéin a bhío(nn)sé sin, nuair adeirea(nn)s sé go mbíonn sé go dona.
TUILLEADH (1) ▼
Cá'il tú ag iarraidh mé a thabhairt? Imbealach mo bhasctha! Ní beag dom, chomh dona a's atá mé faraor, a's gan mé a bheith níos measa!
 
Tá sé chomh dona an gabáiste sin a ithe, leis a' bhfeoil fhéin, má bealthuigheadh le feoil í.
 
beann
Is dona a frítheadh (nó a fágadh) mé má tá beann agham ortsa (adéarfadh duine le cur igcéill go raibh sé neamh-spleadhach ar dhuine eile).
 
InDomhnach bhí an lá indiu chomh dona le aon-lá a tháinic ar choruice dhuibh na bliadhna. Bhí barr sneachta ar a' mbáist(igh) a chaith sé taca am 'dinnéir.
 
Dheamhan ar dearnadh an oiread créatúlacht' ariamh i gcaitheamh an tsaoghail ar na daoine a's atá dhá dhéanamh anois. Bhí na tighearnaí sáthach dona, ach ba bheag a' bhrigh iad ar ghualainn na siopadóirí atá ann anois. Tá'n tír bánuighthe aca(b).
+
Tá a shúil go dona. An lá faoi dheire a raibh siad a' cáthadh, chuaidh cuilín de'n lóchán fúithe, a's chinn sé air é 'thabhairt amach. Tá sí dúinte fré chéile anois aige. Banaltra mhaith a theastóchadh uaidh (banaltra = bean oileamhna. Deirtí go mbíodh bainne cíoch go maith ag súil thinn, nó súil a mbeadh salachar nó dubhradán fúithe)
TUILLEADH (1) ▼
Fainic a mhuirnín, a' dtiocfadh aon-chuilín de'n choirce sin faoi do shúil, nó bheitheá go dona aige.
+
beo 1
Ní fearr dhó beo, má bhí sé chomh dona sin.
TUILLEADH (1) ▼
'Chuile fhear beo a's a bhean fhéin aige. 'Níl go dona ann ach a' té atá gan corrán' mar deir a' fear fadó. = 'chuile fhear ariamh aca(b) etc.
 
beo 2
Is cuma liom beo nó marbh, tá mé chomh dona sin.
 
biorach 2
Is dona an rud biorach a chuir ro-luath ar a' gcéad laogh, mar ní mian le na máithreachaí tál, má chuirtear.
+
bocht 1
Is breagh an rud a bheith bocht, le h-ais a bheith go dona do'n chomhursa.
TUILLEADH (4) ▼
Tá'n duine bocht go dona le seachtmhain.
Is bocht a' rud d'aonduine a chuid a chaitheamh go dona nó go dreabhlásach, idteach an óil.
'Is dona an rud a bheith go h-olc a's go bocht in a dhiaidh' (sean-fhocal — ní móide go gciallóchadh "bocht" annseo daidhbhir. Bheadh sé chomh dóichide go gciallóchadh sé éalannach, aithiseach, nó in an-chaoi. Chiallóchad sé amanntaí freisin, go mbeadh caitheamh ina dhiaidh ag an té a rinne an t-olc, arae nach dtiocfadh sé 'un tosuigh ná 'un tairbhe dhó fhéin)
Sin é 'bhfuil dá bharr anois aige. Is dona an rud a bheith go h-olc a's go bocht in a dhiaidh.
 
Bollaire maith é sin, 'san áit a n-airigheann sé na daoine go dona, ach a mhaiste, bheadh smideannaí beaga aige in aice chuid de na daoine, mar bheadh fhios aige nach n-éistfí leis.