Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dona

crann (42)

 
Is áibhéil an daigéad de bhean atá aige. Dar príosta dhá bhfeictheá an dá cholpa coise atá fúithi! Is geall le dhá starrán crainn iad
 
dair
"Aois dhair Shasana: trí chéad bliain ag fás, trí chéad bliain faoi bhláth, agus trí chéad bliain i gcrann loinge nó báid"
+
Níl dalláin an tseanchrainn daraí sin thíos ag goineachan amach chor ar bith i mbliana. Tá sé críonta. Is fada ar an saol an crann sin déarfainn. Ach ní fhásfadh tada san áit a raibh sé le riteacht
TUILLEADH (1) ▼
Má ligeann tú dóibh, feicfidh tú go gcuirfidh na dalláin sin craobh amach aríst in athbhliain. 'Siad atá deas air. Ach má roiseann tú mar sin é bain do shúil dó (dhe). Ní fhéadfadh crann ar bith goineachan ar tugadh an úsáide dó a fuair an crann sin
 
danra
Tá an fheamainn dubh atá againne in áit chomh danra agus a chonaic tú ariamh: thíos ar chúla an charracáin. Bealach chomh haistreánach é agus atá sa gcladach, ach níor chás dúinn é murach chomh hachrannach agus atá an roinn féin: clochair agus clocha gránna ar fad í. Dhá mbeadh crann ní ba mheasa ann, is againn a thitfeadh sé, ach beidh athroinnt ar an gcladach an bhliain seo chugainn le cúnamh Dé
+
Bris iad le cloich agus ith an eithne atá istigh iontu. 'Sé an bia sin atá le n-ithe. Nach seafóideach an malrachín thú má cheap tú go bhféadfá a ithe uileag. Níl maith ar bith sna blaoscannaí sin. Dheamhan maith. Fág ag an deachma iad sin. An bhfaca tú cnónnaí ariamh cheana? Is cosúil nach bhfaca agus thú in t'aineolaí chomh mór ina dtimpeall agus atá tú. Ach cá bhfeicfeá iad thiar i mB. an D. agus gan crann fhoisceacht fiche míle dhuit, ní áirím coill
TUILLEADH (1) ▼
Ní cás dó é má tá sé ar a sheanléim aríst. Tá sé luath láidir bail ó Dhia agus ó Mhuire air, agus ní bhfaigheadh sé tolgán ar bith i rud fánach den tsórt sin. Ach diabhal mé an aos óg féin go gcaitheann siad deachma na sláinte a íoc freisin, chomh maith le seanriadairí mar mé féin arb é mo chrann é feasta choíchin a bheith anóiteach. Dheamhan a fhios agamsa nach goilliúnaí aríst an óige ar an saol seo ná na seandaoine
 
Nuair a chaith mé dhíom an crann, d'airigh mé gíoscán in mo ghualainn agus thabharfainn an leabhar go raibh mo dhealrachán briste. Chaith mé trí nó ceathair de laethanta dhá fhuasaoid, ach dheamhan blas a bhí air ina dhiaidh sin féin
 
dearg 1
"Saighdiúirín dearg i mbarr an chrainn: cloch ina bholg agus maide ina dhroim" (sceachóire)
 
deifir
Cá'il mo dheifir ag dul ab ea? Nach bhfuil airde crann loinge d'fheamainn dearg sa gcaladh!
+
deilbh 1
An Crann Deilbh: "de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaití a dtomhais le riail le fad áirid a bheith iontu agus leithead áirid sna maidí trasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide trasna. Rinne P. M. Mh. ceann acu dhúinne anseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht i chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé chomh maith dhúinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go brách aríst. Ní bheadh na gearrchailí sin in ann aon deilbh a dhéanamh …" Cur síos an tsnátha ar an gcrann deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige) "an dá chuaille a chur ina seasamh ansin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim is ag giall an dorais. Ní bheidís chomh hard leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide trasna a chur suas orthu: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach iontu in eangaí mar a bheadh leaba. Bíonn rungaí ar nós dréimire sa dá mhaide a bhíos ina seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuí ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht is nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tí ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tointe fada na hóinsí a bheith agat! Ansin tosóidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéad uair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) den tsnáth — an méid banlámh a bheas le dul san uige (/ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcrann agus beidh siad dhá chur sin síos choíchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tabharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orthu ar fiar — ach gan snaidhm ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dté siad go barr. Anonn trasna ansin agus anuas ar an deis chéanna ar an taobh eile ó runga go runga go dteaga siad go talamh. Anall trasna go dtí an áit ar thosaigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéanna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar airde na maidí. Scaití bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adúirt sé) mar a fheilfeas dóibh. Tugtar céadta sa deilbh den uige léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad hocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mura mbeadh ann ach seacht gcéad, ní bheadh aon leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag hocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sreangáinín ar an méid sin. Céad a bheadh ansin. Beidh farasbarr leithid san éadach léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thograíonn tú. Chonaic mé chaon chineál acu. Bíonn chúig chlannaí fichead i chuile chéad. Ní foláir fios a bheith agat cé mhéad céad ann shula bhaineas tú den chrann deilbh é. Nach in é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach ina gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siúl i gcónaí i gcónaí. Ní fheilfeadh dhuit aon bhuille marbh a ligint in do chuid oibre dhá mbeifeá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. Sa ngeimhreadh bheifeá an lá leis ar fad. … Nuair a thógtar anuas den chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaidhm nó crios ar chaon chloigeann dhe ansin, agus déanfaidh tú suas ina throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an uige. Tá sé faoi réir ansin le dhul ag an bhfíodóir … Gan amhras is aon tsnáth amháin a bheas ann. Dhá mbriseadh an snáth sa deilbh, ghreamódh sí ar an bpointe den chuid eile den tsnáth é. Chuirfeadh sí snaidhm air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
TUILLEADH (1) ▼
"Chuirfidís an t-íorna timpeall ar an gcrann tochrais, agus bheadh an crann tochrais ansin ag teacht thar timpeall — an líon dhá thochras agus ag teacht leo ar cheirtlíní. É a dheilbh ar chrann ar nós flainín ansin. Chuirfí ag an bhfíodóir é agus dhéanfadh sé píosa dhó … " (Sliocht as cuntas faoin líon ó m'athair)
 
Chuaigh seisean faoi dheireadh an chrainn agus chuaigh mise faoina cheann, agus chroch muid linn é
 
Bhí an crann deilbhe deisithe aici ar m'aghaidh isteach inniu agus mé ag dul ag an bportach. Is mór an saothraí í, go dtéann sí ag deilbh fós
 
dia 1
A Mhic Dé a crochadh sa gcrann!
+
diaidh
Bun crainn a thruisleáil mé agus a chuir i ndiaidh mo mhullaigh isteach i gcrígh mé. Níor fágadh liobar leathair ná liobar éadaigh orm ach níor chás dom é agus a theacht chomh saor sin as. Tá an áit ar fad faoi bhunannaí crainnte agus faoi chlocha, agus is fánach an chaoi a bhfaigheadh duine drochthreascairt ann. Ní leithne an t-aer ná an timpiste adeir siad
TUILLEADH (2) ▼
Níl gnaithe ag aon duine a dhul a chodladh in aon leaba leis sin mura bhfága sé an leaba faoi féin. Tosaíonn sé ag coigilt agus ag rómhar agus ag dul i ndiaidh a leataoibhe nó nach mbeidh agat ach binnín bheag bhídeach amuigh ar colbha. Má thugann tú cead a chinn dó ansin, an chéad áit eile a mbeidh tú, ar an talamh. Cén bhrí ach go dtosaí sé ag srannadh. Shílfeá a dheartháir ó gurb í "Johanny Mary na dtrí gcrann," mar adeir an t-iascaire, "a bheadh ag seoltóireacht i mullach an tí."
Cuir isteach í i ndiaidh a crainn. Féadfaidh tú lann na speile a fhágáil taobh amuigh, agus greim a choinneáil uirthi, agus ní bheidh a dhath clóice uirthi
 
Tá an leathbhaile abhus réasúnta, agus is réasúnta é; ach maidir leis an leathbhaile thiar, níl fód istigh ar a fhuaid ach breaclachaí agus diomlachaí agus brocachaí sionnaigh. An crann féin ní fhásfadh ann, mura mbeadh an caor caorthann sin ann, nó driseacha
 
An áit a snoitear an crann is ann a bhíos a dhlisneachaí
 
Níl rud ar bith is dlúsúla ná a bhfuil d'fhataí ansin thoir a ghlanadh. Tá siad ite le flith agus le salachar. Diabhal mé go bhfuil airde crann báid iontu
+
dlúth 1
"'Sé an dlúth a dheilbhítear ar an gcrann deilbh. Cuirtear an dlúth ina uige chuig an bhfíodóir. Téann an t-inneach ina cheirtlín aige (chuige). Cuirfidh sé an dlúth isteach sa seol ansin. Cuireann sé an dlúth ar fhad an bhréidín sa bhfíochán. Caitear é a chur thríd an tslinn agus thrí na huamachaí. Bíonn an dlúth ansin leis an éadach ar a fhad ag dul ó gharmain go dtí an gharmain eile. Casann sé suas an dlúth ar gharmain an tsnátha. Nuair a bheas sé ag fíochán ansin, déanfaidh sé próistí beaga den inneach. 'Sé an t-ainm atá orthu eiteáin, agus beidh sé ag caitheamh na n-eiteáin thríd an dlúth léar (de réir) mar a bheas sé ag fíochán. Nár chuala tú M. Mh. Ph. ag caint ar chaitheamh an smóil. Sin é é. Bíonn sé ag cur tointí air, nó ag tointeáil. Ní mór an t-inneach a chaitheamh i chuile áit ar an dlúth i gcruth is go bhféadfaidh an tslinn é a fháscadh isteach. Tá clár ar an seol — an lámhchlár — agus bíonn a láimh ag an bhfíodóir air, dhá dhoirtim isteach is amach leis an inneach a chur ar an dlúth agus lena chruadhú. Istigh sa gclár sin atá an tslinn. Rudaí iarainn atá sa tslinn. Fáisceann sí an t-inneach isteach ar an dlúth. Bíonn cláirín ar chiumhais an éadaigh, agus teannann sé isteach é sa tslinn. Is éascaíocht dó é sin freisin leis an inneach a chur ar an dlúth. Tá sé ag tarraingt an tointe, adéarfas sé, nó chaith sé an toint: sin é léar (de réir) mar a bheas sé dhá fhíochán, beidh sé dhá tharraingt air den gharmna. Tá an dhá gharmna ann: garmna an tsnátha agus garmna an abhrais. Is mó an t-inneach nach foláir don dlúth caol ná de dhlúth atá sníofa ramhar. Bíonn cuid den bhréidín a mbíonn leithead ann thar a chéile léar (de réir) mar a bheas an tslinn … Sa deilbh a bhíos na clannaí. Sin an dá snáth a chur le chéile — dhá snáth dlútha — nuair a bheas tú dhá dheilbh. Bíonn easnamh agus lán stéige ann scaití freisin." (Sliocht as cuntas faoi éadach a fuair mé ó m'athair)
TUILLEADH (1) ▼
"Ina uige — ina throisleáin — a bhíos an snáth théis an crann deilbh a fhágáil. Ina cheirtlíní a bhíos an t-inneach. Chuirfeadh an fíodóir an uige sa seol agus thosódh sé ag caitheamh an innigh air, nó go mbeadh na ceirtlíní ídithe. Mura mbeadh a dhóthain innigh ag an bhfíodóir, bheadh easnamh (/æsɴə/) ort, agus chaithfeá tuilleadh a fháil, hé brí cá bhfaightheá é. É a thógáil ó bhean eicínt … Inneach bán a chaitheamh ar dhlúth dubh, sin é an ceann easna. Dhá mbeadh dlúth agus inneach bán ann, sin é an flainín bán — ábhar drárannaí agus báiníní agus pluideannaí. Bíonn an t-inneach agus an dlúth dubh le dhá ghlas chaorach. Nó d'fhéadfá olann daite a chur ar bhán, le aghaidh treabhsair agus bheist. Daitear an dlúth agus an t-inneach le aghaidh seaicéid nó chasógaí. Chuiridís láib ar an dath leis an mbréidín dhubh a bhíos sna seaicéid thíre a dhathú. Dhá ndaiteá inneach le scraith chloch, agus oiread na fríde glas chaorach a chaitheamh thríd an dlúth, dhéanfadh sé éadach breá. Rinne mo mháthair culaith dhó dhom anseo uair. Bhainfeadh sé an solas as do shúile. Ní raibh aon bhean óg sa tír nach in mo dhiaidh a bhí nó go raibh sí caite! Ach caitheadh in aer an obair sin. Níl triúr ban istigh in do thír inniu atá in ann olann a dhathú. Níl a fhios acu céard a bhaineas dó" (Sliocht as cuntas faoi éadach ó Mháirtín Ó Cadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
 
Níl doirnín ar bith sa speil aige, ach é i ngreim sa gcrann
 
dóirt
Dhóirt Críost a chuid fola ar chrann na páise le muide a cheannacht ó chathaithe an Diabhail. Nach beag an chuimhne a bhíos ag cuid de na daoine air sin
 
dona
Caith ar chrann dona é (fc. crann)
 
Tá buile chatha eicínt air seo thíos ag uallfairt ar an mbóithrín. I ndiaidh asail atá sé! Sea mo choinsias! Donóidh sé asail anois. Tá cleith aige atá chomh fada le crann loinge
 
"Triúr clainne Dhónaill óig a chuaigh chun na coille maidin cheo; an crann nár bhain siad thugadar leo iad; agus an crann a bhain, d'fhágadar ina ndiaidh iad" (Tomhais: préacháin a bhí ag teilgean a gcuid cleiteachaí i gcoill)
 
draoi
Tháinig an draoi feamainn dearg anuraidh. Bhí airde crann báid di sa gcladach agus lobh a leath; cheal gan na daoine a bheith in ann freastal di. Ná bac le seanleasú anois ó thosaigh an táirm seo: ag déanamh bóithrí
 
Bhí muid i ndroch-chrann. Murach an fear a bhí in éindí liom sa gcurach, bhí mo chnaipese déanta ar aon chor
+
droim
Tá airde crann loinge d'fheamainn thíos ansiúd agus í ag éirí de dhroim a chéile cheal aon duine a thógfadh í. Ba mhór an sciobadh a bhí acu uirthi le bliain, dhá gcailleadh féin ag imeacht roimhe lá ina héadan, ach tá cead lobhadh aici ansiúd anois agus gan iad ag féadachtáil freastal di
TUILLEADH (1) ▼
Ba cheart droim díbeartha a chur ar na Ghiúdaigh sin ar fad as an tír agus cead a thabhairt dóibh a dhul ar ais go dtí an áit arb as iad. Ní éadáil ar bith sa tír iad. Nach in iad a chroch Mac Dé sa gcrann. Chrochfadh agus aríst dhá bhfaighidís luach saothair as a ucht. Is orthu nach mbeadh an mhairg
 
Roinn muid an lucht feamainne droimscoilte — leath ag an duine. Dheamhan crann ná crann a cuireadh air. Thug mé breith is dhá roghain do Sh. Rinne sé roghain go díreach ar an leith a thabharfainn féin dó, dhá bhfaighinn breith mo bhéil féin. Níor leasaigh mo chuidse ach an dá chúl thoir de gharraí Dh. Fh. agus an cúl ó dheas. Bhí scaipiúch bheag d'fhuílleach agus chaith mé isteach í ar an bpóicín sin thiar le haghaidh meaingeals. Leasaigh cuid Sh. Garraí na C. dó agus an T. A. Ba mhó an drabhlás a bhí ina chuid seisean ar chuma eicínt, ainneoin go ndearna muid an dá leith droimscoilte di mar atá mé théis a rá leat
 
druid 2
Tá an cladach druidte le feamainn dearg. Tá airde crann báid di i gC. an U.
 
dubh 1
Chinnfeadh sé dubh is dubh orthu an Ghearmáin a bhualadh murach Meiriceá! Breá an scéal atá agat! Nach mbeadh a fhios ag fear adhartha é sin. Níl aon chrann seasta eile ag Sasana ach Meiriceá. Ach is suarach an t-ionadh sin. Cuid den mhuic an drioball
 
"Sin é an dubhghrá, nuair a fhaigheas siad bás dhá chéile. Ghnídís é sin fadó ach níl grá ar bith anois ann. Ar chuala tú ariamh faoi Barbary Ellen … Bhuel, ba in dubhghrá … Nó faoi Úna Bhán: 'A Úna Bhán is gránna an luí sin ort; Sínte síos i measc na mílte corp; Mura dtige tú in mo láthair a phlandóigín a bhí ariamh gan locht; Ní chaithfidh mé aon oíche in t'áras go brách ach an oíche anocht.' Cuireadh an bheirt le hais a chéile istigh ar an oileán agus d'fhás crann ar chaon uaigh, agus nuair a mhéadaigh siad, shnaidhm siad ina chéile agus rinne siad aon chrann amháin" (ó Bheartla Rua Ó Flaithearta, Camus, Ros Muc)
 
dúid
Tá an crann fuinseoige a bhí ansiúd ag béal an dorais aige bainte aníos ó bhun na dúide aige. Níl a fhios agam fhéin an bhfuair sé a chead ó na póilíos nó nach bhfuair, ach mura bhfuair, is gearr go mbeidh a fhios é
+
Seas isteach faoi dhuilliúr na gcrann
TUILLEADH (2) ▼
Duilliúr an chrainn a bháigh uilig mé
Dhá bhfanadh sé sin go dtagadh an duilliúr ar an gcrann, diabhal mé go bhféadfadh sé a dhul i bhfolach thuas i gcrann agus nach bhfeicfí choíchin é
 
Chuaigh an crann ormsa — is mise a bhí leis an rud a dhéanamh, nó is mise a chaill an chreach srl.
 
Chuaigh an crann sin ó úlla ar fad i mbliana, pé ar bith tuige — ní raibh aon úll air