Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dona

crann (43)

 
Is áibhéil an daigéad de bhean atá aige. Dar príosta dhá bhfeictheá an dá chalpa (colpa) coise atá fúithe! Is geall le dhá storrán crainn iad
 
Tá sé sin anois cho daingean istigh ins an mbaile sin agus a bheadh sean-chrann i gcoill. Tá fréimhreachaí amuigh aige is 'chuile áit, agus chaithfeá 'chuile cheann aca a bhriseadh, shul á d'fhéadfá a chur de dhruim seoil
+
dair
"Aois dhair Shasana: trí chéad bliain ag fás, trí chéad bliain faoi bhláth, agus trí chéad bliain i gcrann luinge nó báid"
TUILLEADH (1) ▼
Bain an sean-chrann daraighe sin ag tóin an tighe agus is fada go bhfeicidh tú deire do chuid brosna caithte. Bheadh an-smutáin air sin
+
Níl dalláin an tsean-chrainn daraighe sin thíos ag goineachan amach chor ar bith imbliana. Tá sé críonta. Is fada ar an saoghal an crann sin déarfainn. Ach ní fhásfadh tada ins an áit a raibh sé le rithteacht
TUILLEADH (1) ▼
Má leigeann tú dóibh feicfidh tú go gcuirfidh na dalláin sin craobh amach aríst in aithbhliain. Siad atá deas air. Ach má roiseann tú mar sin é bain do shúil dó (dhe). Ní fhéadfadh crann ar bith goineachan ar tugadh an úsáide dó a fuair an crann sin
 
danra
Tá an fheamuinn dubh atá againne in áit cho danra agus a chonnaic tú ariamh: thíos ar chúla an characáin. Bealach cho h-aistreánnach é agus atá ins an gcladach ach níor chás duinn é marach cho h-achrannach agus atá an roinn féin: clochair agus clocha gránna ar fad í. Dhá mbeadh crann ní ba mheasa ann, is againn a thuitfeadh sé, ach beidh aithroint ar an gcladach an bhliain seo chugainn le congnamh dé
+
Bris iad le cloich agus ith an eithne atá istigh ionnta. 'Sé an biadh sin atá len ithe. Nach seafóideach an malraichín thú má cheap tú go bhféadfá a ithe uiliog. Níl maith ar bith ins na blaoscannaí sin. Dheamhan maith. Fág ag an deachma iad sin. An bhfaca tú cnathannaí ariamh cheana? Is cosamhail nach bhfaca agus thú in t'aineoluidhe cho mór in a dtimcheall agus atá tú. Ach cá bhfeicfeá iad thiar i mB. an D. agus gan crann 'fhoisceacht fiche míle dhuit, ní áir(mh)ighim coill
TUILLEADH (1) ▼
Ní cás dó é má tá sé ar a shean-léim aríst. Tá sé luath láidir bail ó Dhia agus ó Mhuire air, agus ní bhfuigheadh sé tolgán ar bith i rud fánach de'n tsórt sin. Ach diabhal mé an aos óg féin go gcaitheann siad deachma na sláinte a íoc freisin, cho maith le sean-riadairí mar mé féin arb é mo chrann é feasta choidhchin a bheith anshóighteach. Dheamhan a fhios agamsa nach goilleamhnaighe aríst an óige ar an saoghal seo ná na seandaoine
 
Nuair a chaith mé dhíom an crann d'airigh mé gíascán in mo ghualainn agus thiubharfainn an leabhar go raibh mo dheallrachán briste. Chaith mé trí nó ceathair de laetheanta dhá fhuasaoid, ach dheamhan blas a bhí air in a dheidh sin féin
 
dearg 1
"Saighdiúirín dearg i mbarr an chrainn: cloch in a bholg agus maide in a dhruim" (sciochóire)
 
deifir
Cá'il mo dheifir ag dul ab eadh? Nach bhfuil aoirde crann luinge d'fheamainn dearg sa gCaladh!
+
deilbh 1
"An Crann Deilbh: de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaithtí a dtomhais le riail le fad áirid a bheith ionnta agus leithead áirid is na maidí treasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide treasna. Rinne P. M. Mh. ceann aca dhuinne annseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht is 'chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé cho maith dhuinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go bráth aríst. Ní bheadh na gearrchaileadha sin indon aon-deilbh a dhéanamh … Cur síos an tSnátha ar an gCrann Deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige): an dá chuaille a chur in a seasamh annsin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim agus ag giall an dorais. Ní bheidís cho h-árd leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide treasna a chur suas orra: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach ionnta in eangaí mar a bheadh leabaidh. Bíonn rungaí ar nós dréimre 'san dá mhaide a bhíos in a seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuighe ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht agus nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tighe ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tuinte fada na h-óinsighe a bheith aghad! Annsin tosóchaidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéaduair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) de'n tsnáth — an méid banlá a bhéas le dul 'san eige (aige: /ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcránn agus beidh siad dhá chur sin síos choidhchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóchaidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tiubharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orra ar fiar — ach gan snaoim (snaidhm) ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dteighidh siad go bárr. Anonn treasna annsin agus anuas ar an deis chéadna ar an taobh eile ó runga go runga go dteagaidh siad go talamh. Anall treasna go dtí an áit ar thosuigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéadna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar aoirde na maidí. Scaithtí bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adubhairt sé) mar a fheilfeas dóib. Tugtar céadta 'sa deilbh de'n eige 'léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad h-ocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mara mbeadh ann ach seacht gcéad ní bheadh aon-leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag h-ocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sriongáinín ar an méid sin. Céad a bheadh annsin. Beidh fearas bárr leithid 'san éadach 'léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thogruigheann tú. Chonnaic mé 'chaon chineál aca. Bíonn chúig chlannaí fichead is 'chuile chéad. Ní fuláir fios a bheith agad cé mhéad céad ann shul a bhaineas tú de'n chrann deilbh é. Nach shin é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach in a gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siubhal i gcomhnaí 'gcomhnaí. Ní fheilfeadh dhuit aon-bhuille marbh a leigint in do chuid oibre dhá mbeitheá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. 'San ngeimhreadh bheitheá an lá leis ar fad. … Nuair a thóigtear anuas de'n chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaoim (snaidhm) nó crios ar 'chaon chloigeann dhe annsin, agus déanfaidh tú suas in a throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an eige. Tá sé faoi réir annsin le dhul ag an bhfigheadóir … Gan aimhreas is aon-tsnáth amháin a bhéas ann. Dhá mbriseadh an snáth 'san deilbh, ghreamóchadh sí ar an bpuínte de'n chuid eile de'n tsnáth é. Chuirfeadh sí snaoim (snaidhm) air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
TUILLEADH (1) ▼
["Chuirf]idís an t-iarna timpeall ar an gcrann tochrais, agus bheadh an crann tochrais annsin ag teacht thar timpeall — an líon dhá thochras agus ag teacht leo ar cheirtlíní. É a dheilbh ar chrann ar nós flainín annsin. Chuirfí ag an bhfigheadóir é agus dhéanfadh sé píosa dhó … " (Sliocht as cuntas faoi'n líon ó m'athair)
 
Chuaidh seisean faoi dheireadh an chrainn agus chuaidh mise faoin a cheann, agus chroch muid linn é
 
Bhí an crann deilbhe deisighthe aice ar m'aghaidh isteach indiu agus mé ag dul ag an bportach. Is mór an saothraidhe í, go dteigheann sí ag deilbh fós
 
dia 1
A Mhic Dé a crochadh san gcrann!
+
diaidh
Bun crainn a thruisleáil mé agus a chuir in diaidh mo mhullaigh isteach i gcrích mé. Níor fágadh liobar leathair ná liobar éaduigh orm ach níor chás dom é agus a theacht cho saor sin as. Tá an áit ar fad faoi bhunannaí crainnte agus faoi chlocha, agus is fánach an chaoi a bhfuigheadh duine droch-threascairt ann. Ní leithne an t-aer ná an timpiste adeir siad
TUILLEADH (2) ▼
Níl gnatha ag aon-duine a dhul a chodladh in aon-leabaidh leis sin, mar bhfágaidh sé an leabaidh faoi féin. Tosuigheann sé ag coigilt agus ag rómhar agus ag dul in diaidh a leathtaoibhe, nó nach mbeidh agad ach binnín bheag bhídeach amuigh ar colbh. Má thugann tú cead a chinn dó annsin, an chéad áit eile a mbeidh tú, ar an talamh. Cé'n bhrigh ach go dtosuighidh sé ag srannadh. Shílfeá a dhearbhráthair ó gurb í "Johanny Mary na dtrí gcrann" mar adeir an t-iascaire "a bheadh ag seoltóireacht i mullach an tighe".
Cuir isteach í indiaidh a crainn. Féadfaidh tú lann na speile a fhágáil taobh amuigh, agus greim a choinneál uirre agus ní bheidh a dhath clóic' uirre
 
Tá an leath-bhaile a bhfus réasúnta, agus is réasúnta é; ach maidir leis an leath-bhaile thiar níl fód istigh ar a fhuaid, ach breaclachaí agus diomlachaí agus brocachaí sionnaigh. An crann féin ní fhásfadh ann, mar mbeadh an caor caorthann sin ann, nó driseacha
 
"An áit a snuidhtear an crann is ann a bhíos a dhlisneachaí"
+
dlúth 1
"Sé'n dlúth a dheilbhightear ar an gcrann deilbh. Cuirtear an dlúth in a aige chuig an bhfigheadóir. Teigheann an t-inneach in a cheirtlín aige (chuige). Cuirfidh sé an dlúth isteach is an seol annsin. Cuireann sé an dlúth ar fhad an bhréidín 'san bhfigheachán. Caithtear é a chur thríd an tslinn agus thrí na h-úghmachaí. Bíonn an dlúth annsin leis an éadach ar a fhad ag dul ó ghairimin go dtí an ghairimin eile. Casann sé suas an dlúth ar ghairimin an tsnátha. Nuair a bhéas sé ag figheachán annsin, déanfaidh sé próistí beaga de'n inneach. 'Sé an t-ainm atá orra eiteáin, agus beidh sé ag caitheamh na n-eiteáin thríd an dlúth 'léar (de réir) mar a bhéas sé ag figheachán. Nachar chuala tú M. Mh. Ph. ag caint ar chaitheamh an smóil. Sin é é. Bíonn sé ag cur tuintí air, nó ag tuinteáil. Ní mór an t-inneach a chaitheamh is 'chuile áit ar an dlúth i gcruth agus go bhféadfaidh an tslinn é a fháisceadh isteach. Tá clár ar an seol — an láimh-chlár — agus bíonn a láimh ag an bhfigheadóir air, dhá dhoirtim isteach agus amach leis an inneach a chur ar an dlúth agus len a chruadhú. Istigh san gclár sin atá an tslínn. Rudaí iarainn atá 'san tslínn. Fáisceann sí an t-inneach isteach ar an dlúth. Bíonn cláirín ar chiumhais an éadaigh, agus teannann sé isteach é 'san tslínn. Is éascaidheacht dó é sin freisin leis an inneach a chur ar an dlúth. Tá sé 'tarraingt an tuinte, adéarfas sé nó chaith sé an tuint: sin é 'léar (de réir) mar a bhéas sé dhá fhigheachán, beidh sé dhá tharraingt air de'n gharumna. Tá an dhá gharumna ann: garumna an tsnátha agus garumna an abhrais. Is mó an t-inneach nach fuláir do'n dlúth caol ná de dhlúth atá sníomhtha reamhar. Bíonn cuid de'n bhréidín a mbíonn leithead ann thar a chéile léar (de réir) mar a bhéas an tslínn … 'San deilbh a bhíos na clannaí. Sin an dá snáth a chur le chéile — dhá snáth dlútha — nuair a bhéas tú dhá dheilbh. Bíonn easnamh agus lán stéige ann scaithtí freisin". (Sliocht as cuntas faoi éadach a fuair mé ó m'athair)
TUILLEADH (1) ▼
"In a aige — in a throisleáin — a bhíos an snáth th'éis an crann deilbh a fhágáil. In a cheirtlíní a bhíos an t-inneach. Chuirfeadh an figheadóir an aige 'san seol agus thosóchadh sé ag caitheamh an innigh air, nó go mbeadh na ceirtlíní ídighthe. Mara mbeadh a dhóthain innigh ag an bhfigheadóir, bheadh easnamh (/æsɴə/) ort, agus chaithfeá tuilleadh a fháil, hébrí cá bhfuightheá é. É a thógáil ó bhean eicínt … Inneach bán a chaitheamh ar dhlúth dubh sin é an ceann asna. Dhá mbeadh dlúth agus inneach bán ann, sin é an flainín bán — ábhar drárannaí agus báiníní agus pluideannaí. Bíonn an t-inneach agus an dlúth dubh le dhá ghlas chaorach. Nó d'fhéadfá olann daithte a chur ar bhán, l'aghaidh treabhsair agus bheist. Daithtear an dlúth agus an t-inneach l'aghaidh seaicéid nó chasógaí. Chuiridís láib ar an dath leis an mbréidín dhubh a bhíos 'sna seaicéid thíre a dhathú. Dhá ndaithteá inneach le scraith chloch, agus oiread na fríde glas chaorach a chaith thríd an dlúth, dhéanfadh sé éadach breagh. Rinne mo mháthair culaith dhó dhom annseo uair. Bhainfeadh sé an solas as do shúile. Ní raibh aon-bhean óg 'sa tír nach in mo dhiaidh a bhí nó go raibh sí caithte! Ach caitheadh in aer an obair sin. Níl triúr ban istigh in do thír indiu atá indon olann a dhathú. Níl a fhios aca céard a bhaineas dó" (Sliocht as cuntas faoi éadach ó Mháirtín Ó Chadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
 
docht 2
Go gcuiridh Mac dílis Dé an t-ádh ort! Ní cheannóchadh duine ar bith aon-cheo uaidh sin. Tá sé cho docht le sean-chrann
 
Níl doirnín ar bith sa speil aige, ach é ingreim sa gcrann
 
dóirt
Dhóirt Críost a chuid fola ar Chrann na Páise le muide a cheannacht ó chathuighthe an Diabhail. Nach beag an chuímne a bhíos ag cuid de na daoine air sin.
 
dona
Caith ar chrann dona é (fc. crann)
 
Tá buile chatha eicínt air seo thíos ag uallfairt ar an mbóithrín. Indiaidh asail atá sé! Seadh mo choinsias! Donóidh sé asail anois. Tá cleith aige atá cho fada le crann luínge
 
"Triúr cloinne Dhomhnaill óig a chuaidh 'na coille maidin cheo; an crann nar bhain siad thugadar leo iad; agus an crann a bhain d'fhágadar in a ndiaidh iad" (Tomhais: préacháin a bhí ag tligean a gcuid cleiteachaí i gcoill)
 
draoi
Tháinig an draoi feamuinn dearg anuiridh. Bhí aoirde crann-báid di ins an gcladach agus lobh a leath; cheal gan na daoine a bheith indon freastal di. Ná bac le sean-leasú anois ó thosuigh an táirm seo: ag déanamh bóithrí
+
droim
Tá aoirde crann luinge d'fheamainn thíos annsiúd agus í ag eirghe de dhruím a chéile cheal aonduine a thóigfeadh í. Ba mhór an sciobadh a bhí aca uirre le bliain, dhá gcailleadh féin ag imeacht roimhe lá in a h-éadan, ach tá cead lobhadh aice annsiúd anois, agus gan iad ag féadachtáil freastal di
TUILLEADH (1) ▼
Ba cheart druim díbeartha a chur ar na Ghiúdaigh sin ar fad as an tír, agus cead a thabhairt dóib a dhul ar ais go dtí an áit ar b'as iad. Ní éadáil ar bith ins an tír iad. Nach shin iad a chroch Mac Dé ins an gcrann. Chrochfadh agus aríst dhá bhfaghaidís luach saothair as a ucht. Is orra nach mbeadh an mhairg.
 
Roinn muid an lucht feamuinne druimscoilte — leath ag an duine. Dheamhan crann ná crann a cuireadh air. Thug mé breith a's dhá roghain do Sh. Rinne sé roghain go díreach ar an leith a thiubhar[fainn] féin dó, dhá bhfaghainn breith mo bhéil féin. Níor leasuigh mo chuid-se ach an dá chúl thoir de gharrdha Dh. Fh. agus an cúl ó dheas. Bhí scaipiúch bheag d'fhuighleach agus chaith mé isteach í ar an bpóicín sin thiar le h-aghaidh "mangols". Leasuigh cuid Sh. Garrdha na C. dó agus an T. Á. Ba mhó an drabhlás a bhí in a chuid-seisean ar chuma eicínt, aindeoin go ndearna muid an dá leith druimscoilte di mar atá mé th'éis a rádh leat
 
druid 2
Tá an cladach druidthe le feamainn dearg. Tá aoirde crann báid di i gC. an U.
 
dubh 1
Chinnfeadh sé dubh agus dubh orra an Ghearmáin a bhualadh marach Meiriocá! Breá an scéal atá agud! Nach mbeadh a fhios ag fear adhartha é sin. Níl aon-chrann seasta eile ag Sasana ach Meiriocá. Ach is suarach an t-íonadh sin. Cuid den mhuic an drioball
 
"Sin é an dubh ghrádh, nuair a fhaghas siad bás dhá chéile. Ghnídís é sin fadó ach níl grádh ar bith anois ann. Ar chuala tú ariamh faoi 'Barbary Ellen' … Bhuel, ba shin dubh ghrádh … Nó faoi Úna Bhán: 'A Úna Bhán is gránna an luighe sin ort Sínte síos imeasc na mílte corp Mara dtige tú in mo láthair a phlandóigín a bhí ariamh gan locht Ní chaithfidh mé aon-oíche in t'áras go brách ach an oíche anocht.' Cuireadh an bheirt le h-ais a chéile istigh ar an oileán, agus d'fhás crann ar 'chaon uaigh, agus nuair a mhéadaigh siad, shnum (shnaidhm) siad ina chéile, agus rinne siad aon-chrann amháin." (ó Bheartla Ruadh Ó Fhlaithearta Camus, Rosmuc)
 
dúid
Tá an crann fuinseoige a bhí annsiúd ag béal an dorais aige bainte aníos ó bhun na dúide aige. Níl a fhios agam fhéin a bhfuair sé a chead óna póilíos nó nach bhfuair, ach mara bhfuair is gearr go mbeidh a fhios é
+
Seas isteach faoi dhuilleabhar na gcrann
TUILLEADH (2) ▼
Duilleabhar an chrainn a bháith uilig mé
Dhá bhfanadh sé sin go dtagadh an duilleabhar ar an gcrann, diabhal mé go bhféadfadh sé a dhul i bhfolach thuas igcrann agus nach bhfeicfí choidhchin é
 
Chuaidh an crann ormsa = is mise a bhí leis an rud a dhéanamh, nó is mise a chaill an chreach agus rl.
 
Chuaidh an crann sin ó ubhla ar fad imbliana, pé'r bith tuige = ní raibh aon-ubhall air