Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

onóir (37)

 
Chas bean an Ch. léithe é, a fhearacht siúd, nach mór a bhain bean an Ch. di. An iomarca fad a bheith ar a teanga ar ndóigh. Deile! Sílim muise nach róbhuíoch di fhéin atá sí as ucht bean an Ch. a tharraingt uirthi fhéin. Roinn sí an onóir léithe. 'Sí atá i riocht
 
Ní mór froigisí beaga ar thaobh na honóra den gheansaí sin. Ná bac leis an taobh thiar. Ní fheicfidh aon duine é — slacht agus ornáidí a chur ar an taobh abhus nó an taobh a bheadh os comhair an tsaoil
+
fág
Más thíos a fuair mé é is thuas a d'fhága mé é. Roinn mé an onóir leis — rinne mé an-sciolladóireacht air
TUILLEADH (1) ▼
Ara beannacht Dé dhuit. Ní iontas ar bith é sin. Cá bhfágfadh sí an onóir. Ní ón ngaoith a thug sí í sin chor ar bith. Níor sheas aon bhean ariamh ar urlár ba honóraí ná a máthair. Ba in í fhéin muis an onóir dhona.
 
Níor eitigh mé fear bóthair ná bealaigh ariamh faoi lóistín na hoíche ó d'iarrfadh sé é in onóir Dé agus Mhuire.
+
bocht 1
Tháinig bean bhocht chuig an doras agus d'iarr sí déirce in onóir Dé agus Mhuire.
TUILLEADH (1) ▼
Má iarrann duine bocht déirce in onóir Dé agus Mhuire, ní cóir é a dhiúltú.
+
ainm
Ní raibh call dób (dóibh) ainm leath chomh galánta a thabhairt air, ach cár fhága tú an onóir dhona (fc. onóir)
TUILLEADH (1) ▼
Dhá gcaintíodh sé oiread agus ina ainm air, roinnfinn an onóir leis — thabharfainn an teanga dhó
 
Bhain focal focal eile amach agus as sin, roinneadar an onóir le chéile — thosaíodar an sciolladóireacht ar a chéile.
 
anam
"An Paidrín Páirteach a bhí i nGairdín Pharthas; in onóir na mná a bhí ariamh gan locht; a Íosa Críost is a Rí na ngrásta; go dtuga tú áras dá anam bocht!" (deirtear i ndiaidh an Phaidrín Pháirtigh ar thórraíochaí, nó nuair a cuirtear corp faoi bhrí na guí.)
 
fill
An bhfaca tú an hata atá ar an inín sin thiar ag P. Tá sé cocáilte ar chúl a cinn agus filleadh suas ann. Sin í an onóir chreidim
 
Rud ar bith nach dtaitneoidh leis, feicfidh tú é ag cur fuarchruit air. Tá go leor bealaí beaga den tsórt sin leis. Sin í an onóir chreidim!
+
deis
"Is dona an rud onóir gan deis" (seanfhocal) — duine a bheith uaibhreach, leitheadach agus gan aon chur leis ann; uaisleacht dhona; beggared gentility
TUILLEADH (7) ▼
"Onóir gan deis nó putóg gan geir" ar chuala tú ariamh é
Sin í féin muis, an onóir dhona atá ag imeacht leo sin: onóir gan deis nó putóig gan geir, adeir siad
Níl luach a bhéilí aige, agus ina dhiaidh sin agus uileag, shílfeá gur mac duine uasail é, tá sé ag imeacht chomh suimiúil, chomh leitheadach sin. Onóir gan deis ná putóig gan geir, adeir siad
Diabhal bréag nach fiú dhó a bheith ag imeacht agus a chollar agus a tie air. Ní raibh aon lá ariamh nach raibh stróic den leithead ag imeacht le na Seáiníní céanna, pé ar bith sa diabhal cén fáth. Onóir gan deis ar ndóigh. Deile
Ghabhfadh sí thart ar an mbóthar anois gan beannú duit. Tá sí an-mhór inti féin i gcónaí, té (cé) nach mórán le cois na sláinte atá aici anois. Má tá sí in ann snáth a choinneáil faoin bhfiacail, 'sé a clochneart é. Ach tá an onóir inti ina dhiaidh sin — an onóir gan deis
Níl duine ar an bhfeadhain acu nach bhfuil an bealach céanna leis: ardnós agus onóir. Chuala mise ariamh é: putóig gan geir nó onóir gan deis. Sin é a fhearacht acu sin anois é. Is iomaí cor sa saol ón am a bhféadfaidís sin cis ar easair a dhéanamh den tír. Ní dhéanfaidh siad níos mó é, dar mo choinsias
Ní mórán somhaoine dhóibh an onóir sin: onóir gan deis, mar adeireadh T. Ph. Sh., go ndéana Dia grásta air!
 
Tá tú ag deismínteacht leis fós. Tá sé in am agat feasta do dhóthain slaicht a bheith air. I nDomhnach dhéanfadh geansaí a mbeadh i bhfad ní ba lú froigisí ná sin air mise. Níl tada ar an taobh thiar agat. Is cuma é ach taobh na honóra a bheith go deas!
+
dia 1
Tabhair dhom déirce in onóir Dé agus Mhuire
TUILLEADH (2) ▼
In onóir Dé agus Mhuire lig amach mé, agus ná fuiligh orm
In onóir Dé agus Mhuire na heitigh mé faoi lóistín an oíche bheannaithe atá ann!
 
Tá sé chomh storrúil chomh diongbháilte agat, agus go sílfeá gur leis féin an bóthar uileag dhá bhfeictheá ag spaisteoireacht é. Ar ndóigh, sin í an onóir dhona aríst
 
dona
Sin í an onóir dhona (fc. onóir)
 
doras
Duine ar bith a iarrfas lóistín ort choíchin in onóir Dé agus Mhuire, ná cuir ó dhoras é
 
Mharódh sé thú le onóir agus suimiúlacht, ach b'fhéidir gur maith dreancaideach í a leaba ina dhiaidh sin
+
dual 2
Sin í an onóir: duailín mar sin a fhágáil as an mbaithis
TUILLEADH (1) ▼
Tá an-chataíl inti, agus dual dá cuid gruaige anuas ar a leiceann. Sin í an onóir chreidim
 
Mura n-iarra siad an déirce in onóir Dé agus Mhuire, ní agróidh Dia ort gan a tabhairt dóibh
 
Bhainfeadh chuile dhuine a gcasfadh sí leis a dhíocas aisti siúd. Gearrchaile laethúil gan leithead gan onóir í, agus í agat ar sheol na braiche más leat a dhul ag déanamh grinn ná siamsa
 
díol 1
Dar mo choinsias, ní aithneoidís daoine dona ó dhíol siad an déirce. Galántacht agus galamaisíocht uileag ó shin iad. Onóir — onóir dhona!
 
Chuaigh ag an ocras ar an náire, agus bhuail mé isteach i dteach i leataobh an bhóthair agus d'iarr mé greim bídh in onóir Dé. 'Níl aon ghreim cháca bruite sa teach,' adeir suaróigín bheag a bhí ann
+
Tá tú ag brath ar a dhul san onóir — éadaigh galánta a chur ort féin, nó a dhul ag cuimilt le na daoine móra
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh tú san onóir ar fad le scaitheamh. Ní aithneofá daoine dona anois