Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

déarfainn (50+)

 
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó ligfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maíochtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl ina dhiaidh sin
 
fliuch 2
Déarfainn féin gur fliche an carraigín seo inniu ná inné, agus shílfeá nár buaileadh aon deoir bháistí air idir dhá am
 
fága
Tá an fharraige ag míniú anuas aríst. Is furasta a aithinte é, agus a bhfuil de na fágaí sin inti. Rinne an bádóir seol inniu, ach ní dheachaigh sé thar bharr na C. D'fhill sé ar ais aríst. B'oibrithe leis a bhí sí déarfainn. Tá sé saothraithe go maith ag an duine bocht agus fuiríocht calaidh air ansin le seachtain.
 
Ar an dá luath agus ar fhuagair mé air, sheas sé suas ina chaidhfte agus níor fhan smid aige. Bhí sé ag gabháil na huaire móire air, déarfainn, ach i nDomhnach, ba bheag sin agamsa.
 
calm
Tá tú i ndeireadh cailm, déarfainn. Feicim an seol mór ag líonadh — tá an calm caite, arae feicim soinneán gaoithe ag teacht faoin seol mór
 
Chuala mé go raibh na carraeraí atá ar na bóithrí ag ceasacht páí an tseachtain seo ghabh thart, agus go raibh siad ag brath ar tabhairt suas mura bhfaighidís ardú. Tá siad réidh leis déarfainn. Séard a dhéanfar, na bóithrí a chaitheamh suas ar fad.
 
Meas tú cé mhéad a fuair an sagart Lá Nollag? Déarfainn má fuair sé céad gurb é a chlochneart é, ach measaim go ndeachaigh sé rite leis.
 
Is coilgneach an éadáil í sin le póg a bhaint di, déarfainn.
 
Déarfainn go bhfuil sé corradh ar dheich mbliana ó cuireadh é. Cuimhním go maith gurbh é Lá'il San Bairtliméad a bhí sé dhá thabhairt chuig an roinnín. Ba gártha an lá é, le gála agus báistigh.
 
Déarfainn rud eicínt le Seán anseo, bail ó Dhia air, go bpósfadh sé go gairid, mar 'sé is mó cosúlacht.
 
Ní le aon duine aitheantais an maol buí sin. Déarfainn gur ceann cuideáin í sa taobh seo.
 
bannaí 1
Cuireadh punt air agus bannaí, agus déarfainn gur cuireadh a cheart air, scáth a ndearna sé.
 
Dhá gcuirtheá bealadh air, b'fhéidir go mbainfeá scaitheamh eile as, ach déarfainn go bhfuil sé ó mhaith ar aon chor.
 
beart
Déarfainn fhéin nach mbeadh beart ar bith ba chríonna do dhuine ná gan bacadh le ceachtar acub ach an oiread le chéile. High for Blakes and Dalys agus pléidís fhéin le chéile é, mar adeir an tseanbhean fadó Duine de na Blácaigh agus duine de Chlainn nDálaigh a bhí ag úmaíocht (iomaíocht) i dtoghchán i nGaillimh fadó. Ní raibh aon ghnaoi ag an tseanbhean ar cheachtar acu
 
crinn
Déarfainn má thagann cruatan mór ar bith an geimhreadh seo go dtabharfaidh sé cnáimh le crinneadh dhuit é a shárú. Tá leathchailleadh maith cheana fhéin ort, ach giorróidh an fuacht seo leat (as greann)
 
Dheamhan mórán ordú air, ach cheal beathú atá dhá dhéanamh sin. Murach chomh cuisneach agus a bhí sé, ní bheadh sé beo chor ar bith agus laghad is a fuair sé le n-ithe. Údar maith gamhnach é déarfainn.
 
Déarfainn nach áit buaile ná seanbhaile dhúinn an áit seo anois má fhéadann muid imeacht as, ach sin é an buille! Ní mé an bhféadfaidh?
 
beo 1
Níor bheo é go dtéadh sé a charraíocht liom, agus nuair a chuaigh muid a charraíocht, ba gearr go ndearna mé cleas an tradhaill leis. Ní bheidh an oiread fonn air aríst déarfainn.
 
beo 2
Fear ar bith a chuaigh isteach ina lár sin, déarfainn gur fear é gan mórán suim ina bheo ná ina mharbh.
 
Dheamhan mórán is fiú don fhéar an beochan gaoithe seo. Dá neartaíodh sí, déarfainn rud eicínt.
 
beoigh
Tá sé chomh maith dhúinn greadadh abhaile. I nDomhnach, tá sé beoaithe amach chun báistí. Caithfidh sé í anois déarfainn.
 
binse
Mura bhfuil tú in ann an binse a choinneáil scraite dhom ná bac leat fhéin! Is olc an oidhe do bhéilí thú déarfainn.
 
bocht 1
Chuirfinn geall gur beag an mheas a bheadh aige anois ar bheatha an duine bhoicht. Is cam a bhreathnódh sé ort déarfainn dá dtairgtheá scadán caoch agus fataí tura dhó.
 
Más ag súil le brabach ar siúd atá tú, beidh tú dhá uireasa déarfainn.
+
bruach
Déarfainn go bhfuil sé ar bhruach lae. Tá an fáinne bán imithe soir ar fad
TUILLEADH (1) ▼
Tá bruach nó goirín eicínt ar fhora na súil aige. Déarfainn go raibh sé air ariamh.
 
aer
Ní thaitníonn na cosa gréine sin i mbun an aeir liom. Tá sé tolgadh báistí déarfainn.
 
Déarfainn an méid sin d'ainneoin an tsaoil — de bhuíochas don tsaol
 
amach
Ní ar chúla an chlaí a rachainnse leis chor ar bith: déarfainn amach é.
 
amuigh
Is fada fiannach an punt sin amuigh. Tá mé réidh leis déarfainn.
 
anuas
Níl sé an céad amach is amach déarfainn, ach tá sé suas is anuas leis.
 
Déarfainn gur gearr uainn athrú
 
Níl an fata seo folláin déarfainn — slán; tá sé fabhtach istigh ann
 
Dheamhan a bhfuil folláin dhó (dhe) déarfainn. Nach mbíonn an creatán sin air i gcónaí. Deile cén chaoi a mbíonn sé sin air ach le mífhollántas
 
iontas
Sin é an t-iontas is mó faoin mbogha gréine déarfainn féin — rud an-iontach amach is amach é
 
istigh
Dhá mbeadh i ndán is go mba lámh istigh agus lámh amuigh a bheadh acub, déarfainn nach mbeadh ionga ná orlach (ourlach adeirtear) acub ar a chéile — bheidís an-chothrom agus ar chomhspreacadh dhá mbeidís i ngreim ina chéile ina láimh istigh agus ina láimh amuigh
 
Chuaigh sé siar le íochtar tráthnóna deireanach. Súnás (saobhnós) feamainne dearg a bhí air déarfainn (fonn cráite feamainn dearg a fháil)
 
fiach 2
Chuir an buille sin a fuair sé ón gcapall ar an leabhar ag an bhfiach dubh é. Tá sé ag dul ar gcúl ón lá sin. Déarfainn, ach grásta Dé, gur beag eile de shaol atá aige. Thug sé uaidh go mór le cupla mí fhéin. Is beag le go bhfuil sé i ndiaidh a chéile anois
 
folach 2
Cheannaigh sé seo thuas seala eile caorach inné. Tá folach na talúna aige anois ach is furasta dhó sin: folach dhá phóicín. Feicfidh tú dlí anois déarfainn, arae foghlóidh siad siúd a bhfuil istigh ar an mbaile
 
Ní mé céard atá sé a dhéanamh anseo thíos faoin gclaí. Ag forcamhás ar bhean déarfainn. Tá sí imithe soir — ag faire uirthi go priaclach
 
fuar 2
Níor tháinig aon oíche chomh fuar ná chomh feannta léithi ariamh déarfainn. Tá mé seacáilte
 
Déarfainn gur sách fuarchúiseach a chuaigh sé 'na chladaigh inniu. Chuile cheird aige sin ach a chur ag feamnú
 
Fuarsceird chríochnaithe í an roinn talúna sin thiar aige. Breaclach bhradach gan foscadh ná dídean. Ó diabhal fód ag gabháil léithe ach leic. Dhá gcuirtheá slat ar an tír, déarfainn nach bhfaightheá aon gheadán eile is maolscreamhaí ná é sin. An bhfuil a fhios agat cén t-ainm a thugadh N. Th., go ndéanadh Dia grásta air, uirthi: garrantaí dóite na míola críonna. B'fhíor dhó
 
Níor airigh mé aon ghoimhfhuacht sa ngeimhreadh fós go dtí tráthnóna anocht. Is gearr uaidh cruas déarfainn
+
abair
Déarfainn go bhfuil olc dhá bhualadh — ceapaim; ach tá sé an-choitianta mar seo sa modh coinníollach
TUILLEADH (5) ▼
Déarfainn go raibh diomdha ag teacht air an uair sin nach ndeachaigh sé féin ann freisin
Déarfainn go bhfuil an cogadh ionann is thart
Déarfainn nach ndéanfadh sé aon mhaith
Déarfainn gur bocht an chaoi dhá leithide a bheith teáltaithe istigh sa teach sin chuile ré solais agus iad sin ag magadh faoi
Déarfainn gur suarach an éadáil do dhuine ar bith a bheith i dtuilleamaí déirce bheag den tsórt sin