Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

baile (100+)

+
abair
Shéanfadh sé go raibh sé ina chiontsiocair leis an achrann! Sea a mh'anam! Níor dhúirt mise tada, adeir an fear a chuir an baile ag troid! (sórt seanfhocal) — an fear a rinne an mhístaid, shaor sé é féin
TUILLEADH (8) ▼
Is minic gurb é fear an réitigh a íocas an téiléireacht, agus an té a tharraingíos uileag é, nach dtuilleann sé milleán ó aon duine. Sin é é: níor dhúirt mise tada, adeir an té a chuir an baile ag troid
Ar chuala tú an chailicéireacht a bhí air, ag sárú orm nach raibh sé ann le linn a thúis chor ar bith, agus gurb é a shaighid ar fad iad. Níor dhúirt mise tada, adeir an ceann a chuir an baile ag troid
Tá J. ag cur a chosa uaidh ag iarraidh pósadh freisin anois. Dúirt sé leis an athair an lá faoi dheireadh, bean a fháil dó nó an sagart! Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Nuair a tharraing mé an ruóig anuas de dhrioball na bodóige agus a shlíoc mé síos é, meas tú nár tháinig leath an driobaill liom. Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Ag stróiceadh go dtéadh sí ag damhsaí! A leithide de ghiostairín! Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Diabhal a chois ná a chnáimh a ghabhfadh ann, dhá mbeinn leis nó go gcaithfinn mo theanga. Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag! Nach maith luath atá sé ag dul ó smacht
Deir tú liom ar chinn sé dubh is dubh orm aon feaig a fháil istigh ar shlata an bhaile sin inniu! Tá mé scrúdta!
Déarfainn fear maith le P. s'agaibhse, ach ná bac le fear ar bith eile ar an mbaile — thabharfainn fear maith ar Ph.; ceapaim gur fear maith é
 
Tá an baile ina dhá leith anois — é ina dhá dhream agus iad in aghaidh a chéile
+
daba
Tá an sconmhíol atá ar an mbaile sin mar a bheadh madraí ann. Má chaitheann tú daba ag madadh, leanfaidh sé i dtigh diabhail thú. Sin é a fhearacht acu sin é. Tugann M. corrdhaba dhóibh, agus tá sé ina dhia beag acu a mhic ó
TUILLEADH (1) ▼
Díogha ceart é sin agus chuile fhear ar a bhaile. Mhair siad sin ariamh ar dhabaí an tiarna sin a bhí i mbéal an dorais acu, agus tá a shliocht orthu: tá béasaí Shasana bealaithe isteach iontu, agus ní scarfaidh siad leo go luath
 
daigh
Sin í ansin an cailín a bhfuil na daitheachaí inti. Tá poll inti agus fearsaid eile ag dul anonn thríd an bpoll, agus feictear dhom gur thríd an bhfearsaid sin a theagas an driog i gcónaí. Beidh a shliocht uirthi: ní bheidh sí ann ach feadh is mise a dhul 'na bhaile mhóir Dia Sathairn
+
'Sé Baile an Daighin é má théann sé ann (leagan Achréidh) — is iontas é má théann sé ann; is diabhaltaí an rud é má théann sé ann
TUILLEADH (5) ▼
Ní rachaidh sé ar an aonach amárach leis an dá luchín siúd. 'Sé Baile an Daighin é má théann. Dheamhan chúig phunt a rachaidís
'Sé Baile an Daighin é má cheannaíonn sé clog eile. Nach bhfuil an teach aige treanach ar tigh F. cheana le cloig. Ach ní feasach dó, ach an oiread le duine, cén chóir chaite a chuirfeas sé ar a chuid airgid
'Sé Baile an Daighin é má dhéanann siad rud mar sin: a chuid féin a bhaint den duine bocht. Ní fhéadfaidís a dhéanamh. Nó dhá bhféadadh, is cneámhairí ar na hailt na dlíodóirí. Ar ndóigh ní dadaí eile iad
'Sé Baile an Daighin é más féidir leis éirí i mullach na ndaoine ar an gcóir sin. Bhfaighidh (gheobhaidh) sé maide dhá mheá féin fós, nó is mór atá mise ag dul amú. Ach bíodh a lear air féin. An té a dhéanas an t-olc, is maith an oidhe air a bhfaighidh sé féin dhe
'Sé Baile an Daighin é mura bhfuil tú in ann chúig chárta a imirt. An oiread céanna atá againn uileag, agus féachann muid lena n-imirt. Cén sórt amparán de dhuine thú féin thar is cearrbhach ar bith eile?
+
dáil
Tá sé thuas i ndáil le Baile Átha an Rí — in aice Bhaile Átha an Rí (Achréidh; iarthar na Gaillimhe)
TUILLEADH (3) ▼
Dhíol sé a chuid talúna anseo agus chuaigh sé suas i ndáil le Baile Átha Cliath. Deir siad go bhfuil feilm mhór aige ansiúd
Tá a theach thíos ansiúd i ndáil leis an gcladach. 'Sé an teach is faide síos den bhaile ar fad é, 'sé sin
Bhí mé i ndáil le roimhe sa mbaile. Is beag eile a bheadh agam agus bheinn roimhe
 
dáimh
Go deimhin níl gaol dáimhe ná dúchais ag J. le duine ar bith eile dhá bhfuil istigh ar an mbaile sin. Amhais de speireadóirí uilig iad ach é féin. Níor rugadh aon duine ariamh ar an mbaile sin nach mbeadh anam duine air — cosúlacht
 
Tá sé sin anois chomh daingean istigh sa mbaile sin agus a bheadh seanchrann i gcoill. Tá fréamhrachaí amuigh aige i chuile áit, agus chaithfeá chuile cheann acu a bhriseadh shula d'fhéadfá a chur de dhroim seoil
+
Ní mór na bunannaí a dhaingniú sa mbaile nó tabharfaidh siad uathu
TUILLEADH (2) ▼
Tá an dream sin anois chomh daingnithe istigh ar an mbaile againn, agus nach mbainfeadh seacht gcatha na bhFiannta Éireann feanc astu. Diabhal é muis. Ní gar a bheith leo
Ní fhéadfaidís éirí as anois. Tá an poitín daingnithe isteach iontu sin le fiche líne. Ní bhainfí amach é astu, mura dtigeadh V2 a chuirfeadh an baile uileag i dtigh diabhail in aer
+
dairt
Rinne siad dhá chomlán — an baile seo agus B. — agus thosaigh siad ag caitheamh dairteacha le chéile. Dar fia chuir an dream s'againne i ndiaidh a gcúil iad agus leanadar chomh fada leis an sruthán iad ag caitheamh leo i gcónaí. Ba é an cath ba mhó é a chonaic mé ar phortaigh ariamh in mo shaol
TUILLEADH (4) ▼
Bhí mé ag teacht anoir as an oíche cheana agus ní fhaca tú aon ghábh ariamh mura ndeachaigh mé ann. Bhí a raibh de ghasúir uileag ar an mbaile faoi réir faoi mo chomhair ag bóithrín na bF. agus bhí mé do mo chaidhleadh le dairteacha acu, as sin anoir go dtí an gleann. Níor caitheadh cloch na méaróig liom gan doubt. Ó fuair mise an gó sin tharm, tiocfaidh uisce le fána aríst shula fheicfear mise aríst i mbaile Bh.
B'uafás iad na dairteacha a bhí ag dul amach thar an mullach agam. B'éigean dom imeacht ar mo chromada istigh faoin gclaí gur bhailigh mé suas an Ch. nó scuchaidís an cloigeann dom (díom). Chuile eallach i mbaile ach na diabhlánaigh sin. Tá marú duine orthu
B'fhearr dó anois go díreach glan a dhul ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh ná a bheith ag iarraidh ceart a bhaint den tseanlánúin sin. Lá is gur chinn siad sin ar bhaile cheana, tá sé fánach aigesean a bheith leo. Agus dar fia, bhí set ar an mbaile sin roimhe seo nach raibh ar fónamh
Go dtuga Dia ciall duit! Caitheamh dairteachaí a bhí ansin … bhuel b'ionann is gurbh ea. Ach an t-achrann atá mise a rá; bhí dhá bhaile uileag amuigh. Ceann acu ar chaon taobh den alt siúd atá sa mbóthar taobh thiar d'Ard an Mh. Ba gheall le clocha sneachta iad na spallaí ag dul thart. Bhí mná agus gasúir freisin amuigh: chuile dhuine ó aois liath go leanbh ar na bailteachaí agus daigéad de chloch aige. Bhí muide ar an bhfoscadh tigh Gh. agus feiceáil againn ar fad air
 
Tá dalladh foghlamtha agat anois. Nach raibh tú sa Sixth Book. Fan sa mbaile!
 
Dheamhan thiomanta caora istigh ar do bhaile i mbliana nach bhfuil dallamullóg uirthi, hé brí cén smál atá ar an mbliain seo thar bhliain ar bith eile. Ach is smál féin é chreidim. An iomarca drochaimsir atá dhá dhéanamh déarfainn
 
Ar chuala tú céard adúirt sé? Níl fios a labhartha aige ar chuma ar bith. Nó is aige atá sé ach nach bhfuil aon chuibhiúlacht ann. 'Bhris mé an dallán inti leis an gcéad shacadh den chleith chábáin,' adúirt sé. Anois a bhfuil biseach agat? Is mór adéarfá le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
 
Nach damanta na goití atá aige. Diabhal mé go sílfeá gur leis féin an baile
+
Tá mé damnaithe ag an diabhlánach d'asal sin ag imeacht i mbradaíl chuile ré solais. Dar mo choinsias dá mbeadh an ghlaicín mhóna atá ansiúd thuas amuigh, bheadh a shliocht air. Gheobhadh sé ruaigeadh na Muice Báine chun an aonaigh. Diabhal baol go mbeidh mise dhá bhuachailleacht níos faide, agus mé sceanta ag an mbaile dhá fhuagairt chuile lá
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhéadaim a dhul soir i mbéalbhachaí an bhaile seo thoir beag ná mór nach bhfuil mé damnaithe aige ag cur comaoine orm agus do mo tharraingt isteach i dtithe ósta as cosa i dtaca. Ach is maith atá a fhios agamsa céard atá ag goilliúint ar an mbuachaill sin
 
dán
Mura bhfuil i ndán is go mbeadh rud ar bith air. Is mór an t-ionadh liom nach dtáinig sé abhaile. B'annamh leis sin fanacht oíche ó bhaile muis
 
dána
Is diabhlaí dána atá na Sasanaigh sa tír fós. Tá mé ag ceapadh go bhfuil cuasnógaí acu i mBaile Átha Cliath agus in áiteachaí mar sin. Dream acu a rinne é sin
+
danra
hIarradh air fanacht sa mbaile. Bhí siad ina suí go te, agus ar ndóigh is dó a shroichfeadh a raibh ann. Deile, agus é ina bhior in aon tsúil. Ach ní bheadh aon tsástaíocht air go dtugadh sé ruaig go Sasana. Is glas iad na cnoic i bhfad uainn ar ndóigh. Duine aerach a bhí ann agus bhí an dream a bhí i Sasana dhá shaighdeadh. D'imigh leis. Chaoin a mháthair uisce a cinn ag iarraidh a choinneáil ach ba bheag an mhaith dhi é. Dheamhan ar dhúirt an t-athair drúcht ná báisteach ach: 'A chomhairle féin do mhac dhanra,' adeir sé, 'agus ní bhfuair sé ariamh níos measa.' B'fhíor dhó. Fuair sé fód a bháis i Sasana. Dhá mhí a bhí sé ann nuair a thit ceann de na rudaí eile sin air — na bombs
TUILLEADH (2) ▼
Chaith muid an bhliain ag achainí air an garraí thíos a chur. Bhí sé cóngarach agus soleasaithe. Dúrabhán atá ann agus ní iarrfadh sé ach daithín beag leasaithe le an-fhataí a thabhairt. Ach thug sé an chluais bhodhar dhúinn. An garraí seo thuas i mbarr an bhaile a bhí dhá chur thar bharr a chéille. An-dóigh fataí é, adeireadh sé. Níor chuir an t-aistear suas aon chúl air, ná an chréafóig chloch bheag a dteastaíonn riar maith uaithi lena leasú. Chuir sé é. Ní raibh ann ach screacháin (creacháin). Tabhair screacháin orthu. A chomhairle féin do mhac dhanra arsa tusa, agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
An bhfaca tú aon fhear ariamh is danra ná é ar thada a rá leis. Bhí mé lá thiar in éindí leis i gC. Ch. Bhí an oíche ag teacht orainn agus muid i bhfad ó bhaile. Níor tháinig iamh ar a bhéal i gcaitheamh an lae ach ag caint ar a dhul abhaile nó gur tháinig an tráth le n-imeacht. Ansin níor fhan smid ar bith aige faoi. Nuair a chonaic mé féin dhá ligean rófhada é sa deireadh, d'iarr mé air a theacht. Spréach sé. Shílfeá gur mó dhá fhonn a bhí air a dhul do mo lascadh féin. Ní raibh gair agam an baile a shamhlú leis gur tháinig sé dhá thoil deona féin sa deireadh
+
daol
Bhuel teagann daol oilc air scaití agus bíonn sé chomh corraithe sin agus go (gur) beag nach mbaineann sé lao as chuile bhó ar an mbaile. Sin é a bhealach. Ar an dá luath is a dtéann sé chun míneadais aríst, dheamhan duine go hiomaí is fheiliúnaí ná é. Bhainfeadh naíonán ceart dó. Dheamhan neart aige air. Sin é an chaoi a bhfuil sé. An té atá saor arsa tusa, caitheadh sé cloch
TUILLEADH (2) ▼
Deir na scorachaí sin a bhí thall in éineacht leis go mbíodh sé ar an gceird chéanna i Sasana. Bhuaileadh daolanna cumha é scaití, agus bhíodh sé bog te ag dul abhaile maidin lá arna mhárach. Ach maidin lá arna mhárach ní bhíodh aon chuimhne aige go raibh aon bhaile ariamh ann. A raibh de bháid aeir ag an German ní bhainfeadh feanc as aríst go saothraíodh sé páí na seachtaine
Cén chaoi a bhfuair sé an daol sin? Bualadh soir maolabhrach go dtí tigh Th. agus fanacht ann ó bhí sé an dó a chlog go dtí an trí ar maidin. A Dhia dhá tharrtháil muis! Tá mé ag ceapadh go raibh nóta (nóta puint) sách sportha aige shula tháinig sé abhaile. Rath a cheirde air muis! Múisiam mór eicínt a cuireadh air sa mbaile le go dtug sé an tuairt sin air féin.
 
daor 1
Dar príosta muis, tá mé ag ceapadh gur daor an ailím a dhul ag ceannacht máilín móna i mBaile Átha Cliath, théis go bhfuil sí ar shladmhargadh anseo. Sin é é. Tá chuile dhuine agus a ailp féin aisti. Ach tá mé ag ceapadh nuair a théas sí chomh fada le na hocastóirí beaga a dhíolas libhse í, go mbíonn sí thrí lasadh ceart
 
Bhuail sé mé ar an daoradh teacht abhaile, ach bhí mé sa mbaile mar sin féin. Ba mhian leo a shárú siar in mo bhéal go raibh mé dóite, ach dheamhan dó ná dó. Bhí mé istigh ar an daoradh shular theangmhaigh sí liom
 
Dar príosta níl daorbhasctha dhó ag gabháil fhoinn. Dhá mbeadh sé súgach agus an t-amhrán a theacht leis, tá an-ghuth aige. Bhíodh na Gaeilgeoirí sin ag iarraidh air a dhul go Baile Átha Cliath le amhrán a rá ag an Oireachtas. Ach mo léan géar muis, fuair siad amach an ceann a thiocfadh go Baile Átha Cliath. Ní mó ná dá mbeadh an tOireachtas ag tigh Bh., agus luach cupla pionta a bheith ag C., go mbogfadh sé aniar. Ní mó ná sin anois é
+
deacair 1
Mo dheacair nár fhan mé sa mbaile agus gan an áit seo a thaobhachtáil beag ná mór! — mo bhrón; mo lom dóláis!
TUILLEADH (5) ▼
Mo sheacht ndeacair gur chuir muid ann ariamh í. Sa mbaile a bhí againn a coinneáil
Mo bhrón agus mo dheacair, adeir sí, gur tháinig mé isteach ar shlata an bhaile mhóir ariamh
Mo chumha agus mo dheacair gur fhága mé an baile an chéad lá ariamh. Murach gur fhágas, ní tolgtha a bheinn anois!
Mo chumha agus mo dheacair gur lig mé chomh fada ó bhaile ariamh í, agus a liachtaí duine aitheantais nach raibh sméaróid na ngrást acu ina dhiaidh
Cuirim léan agus deacair orthu, ó liath go leanbh, amuigh agus sa mbaile. Ba gheal an croí a bheadh agamsa anocht meireach an bhratainn bhradach sin
 
deacair 2
Is deacair do mhuintir an bhaile seo móin ar bith a bheith acu agus an t-aistear portaigh atá orthu
 
Tá do dhá dhíol dea-chainte uileag agat. Breá nach bhfanann tú thoir ar do bhaile fhéin agus a dhul ag dea-chaint leo, go bhfeice tú cáid a éistfear leat. Ba ghearr go mbeadh rud ar a shon agat, deirimse leat!
+
Bhí fuíoll na bhfuíoll acu i gcónaí. Níor chuir siad an deachma ariamh ar cairde go dtí an saol seo féin, ach níl sa mbuachaill óg seo atá sa mbaile anois ach cúl le rath. Is cuma leis é ach ól agus ceol agus ragairne
TUILLEADH (3) ▼
Ní raibh aon teallach istigh air an mbaile seo nár chuir an deachma ariamh ar cairde ach iad féin. Bhí tarraingt a láimhe go maith ariamh acu. Má bhí féin ba mhaith an oidhe sin orthu, mar níor ghann ná níor ghortach faoi iad
Féadfaidh sibh an ghrifisc bheag sin soir i mB. L. a thabhairt don deachma. Ar ndóigh ní in ann ball a bhualadh atá siad sin. Tá muis. Bhuailfeadh imreoir maith a bheadh ar an bpáirc ar rugadh ariamh acu. Is feasach domsa go maith céard é a ngníomh sin. Nach mbínn ag traíáil a n-aithreachaí fadó, nuair a bhíodh muid dallta anseo thoir. Bhuailinn a raibh istigh ar thrí bhaile acu; agus mé ar mo chromada. Is minic a bhuail. Ach bheadh neart glaomaireachta acu nuair nach n-aireoidís aon fhear maith ann … Siúd é anois a ndéanfainnse leo — a dtabhairt don dul amú. Ní fhónfaidís do thada eile
Maidir le na murlacha sin atá thíos ansin aige, ní bhuachfaidh sé aon phínn go brách orthu. Dheamhan pínn muis. Nach mór den leibideacht atá air a bheith dhá gcoinneáil fálaithe. Cén bhrí ach bíonn claíochaí chomh hard aige orthu le balla an phríosúin: ag iarraidh daoine a bhascadh, agus treampán a chur orthu, deile. Dhéanfadh an draíodóirín siúd lena chuid aisiléireachta é. An bhfuil a fhios agat céard adúirt sé liom an lá cheana: go raibh sé ag brath ar an gcurach thoir acu a leasú i mbliana. 'Go gcuire Dia an t-ádh ort,' adeirimse. 'Tabhair don deachma iad agus ná bídís ansin in do bhealach féin, agus i mbealach an bhaile, scáth an tairbhe atá orthu'
+
Ba shomhaoiní do dhuine fuireacht ina chodladh ná a dhul amach ag iascach. An lá a n-éireoidh aon ghlaicín leat fhéin, tá chuile dhuine istigh ar an mbaile ag tnúthán le cupla breac uait, agus mura dtuga tú dóibh iad, is drochdhuine thú. Tá an iomarca deachmaíocht ann nuair a bhíos baile taobh le iascaire amháin
TUILLEADH (1) ▼
Níl rud ar bith a bhfuil an oiread deachmaíocht ann leis an móin ina dhiaidh sin. An bhfeiceann tú a dtéann amú dhi dhá cruachadh? Cár fhága tú an líonadh ar an lorry ansin agus an folú aríst, agus athlíonadh agus b'fhéidir an tríú líonadh. Bíonn sí mionnaithe go maith ach a mbíonn sí i mBaile Átha Cliath ar chaoi ar bith
 
Bhíodh dea-chomharsanacht ar an mbaile seo fadó, ach d'imigh sin. Is mór leo féin a chéile anois, agus bíonn siad ite le cantal, má fheiceann duine acu maith bheag ar bith ar an duine eile. Tá an aicis sna daoine anois
 
Faraor ghéar dheacrach nach sa mbaile a d'fhan mé!
 
Is mó an deacracht an talamh anuas anseo ar an mínleach ná an talamh riascach sin i mbarr an bhaile, ach ní thugtar aon saothrú ar bharr an bhaile nuair a théitear dhá shaothrú féin. Ba cheart é sin a lagan le aol agus le gaineamh gorm agus le dóib agus le chuile rud mar sin, shula chuirfí rud ar bith ann
+
dealbh 1
'Dar brí na mionn,' mar adeir C. an Ph., 'má fheicimse a dhealbh isteach ar an mbaile seo aríst, is trua Mhuire dhó. Gheobhaidh sé dual na droinne. Buailfidh ceathar againn in aghaidh a chéile é'
TUILLEADH (1) ▼
Póilí! Tá cúlshráideannaí ansiúd nach bhfeictear a dhealbh iontu ó bhliain go bliain. Go gcuire Mac Dé an t-ádh ort a mhic ó! Is measa an póilí i New York ná an crochadóir is mó sa mbaile mór. Níl ort ach ladhar a chaitheamh ag an bpóilí ann, agus d'fhéadfá lán sráide a mharú agus ní thiocfadh aon tréas go brách ort. Bhí aithne agamsa ar dhaoine a bhí sna póilíos ann — Éireannaigh. Cuid acu amach as do pharóiste féin …
+
dealg
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneáil istigh, ach ag bóithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharaigh sé é, agus thug sé chuile dhíol air go minic. Chodlaíodh sé sa gcró leath na n-oícheanta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an doras. Bhí bó aige le aghaidh lao an oíche seo agus b'éigean dó fanacht ina shuí dhá cionn. Tháinig an mac domhain san oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoide ar bith an uair seo air — bhí sé sáraithe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiagaí dúirt sé an oíche seo leis gan drochmhúineadh ar bith: 'is fhearr leat ag bóithreoireacht agus ar do chuid drabhláis,' adeir sé, 'ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt don bhó, i leaba t'athair bocht a bheith caillte anseo dhá cionn.' Níor dhúirt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaigh an t-athair a chodladh as sin go maidin. Nuair a d'éirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach sa teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suim aimsire agus gan tuairisc ná fairnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriceá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an railway. 'Sé an focailín sin adúirt a athair a spadhar é, i gcruthúnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
TUILLEADH (2) ▼
Baile na nDeilgne a thabharfainnse air. Bhí mé ag bainis ann agus níor léir dom tada ann ach draighean agus driseachaí
Níl aon lá ó tháinig sí isteach ar an mbaile nach in é a ceird. Tá a dealg sáite aici ionamsa agus chuile shórt dhá bhféadfaidh sí a chur as dom déanta aici. Níor chomaoin di muis agus a liachtaí gar a rinne ar bhain liomsa di agus dá fear
 
deamhan 1
Dheamhan fiú agus teacht ar an mbaile a dhéanfadh sé anois!
+
déan 1
Níl déanamh d'uireasa bicycle ag fear ar bith atá ag obair chomh fada sin ó bhaile
TUILLEADH (4) ▼
Ag imeacht ag déanamh cuartaíochta ar fud an bhaile atá sí sin i leaba aird a bheith aici ar a teach
Tá sí ag déanamh na Cásca sa mbaile — ag caitheamh na Cásca; ag caitheamh laethantaí saoire na Cásca sa mbaile
Déanfaidh mé an Nollaig i mBaile Átha Cliath i mbliana sílim. Ní fiú dhom a theacht abhaile ar scáth cupla lá
Déanann garrantaí bharr an bhaile lobhadh bán i gcónaí. Níl aon mhaith a gcur
+
Tá sé thar am a bheith ag déanamh ar an mbaile
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhéadfá déanamh ar an sagart sin. Tá sé róghalánta, róleitheadach. Mo ghrá na sagairt nach raibh aon ghoití acu thar dhuine féin. Ba gheall le fear den bhaile an tAthair P.
 
Dúirt mé léithe a dhul agus móin a fháil ó Mh. ó bhí sí chomh mór sin leis agus gur thug sí ar a bainis é, lá is nárbh fhiú léithe deoraí eile ar an mbaile a thabhairt ann. Dheamhan tiomanta caorán a thug mise di. Nach raibh an ceart agam, nó nárbh é a dhéanamh léithe é.
 
Chuala mé gur bhain an fear seo thuas deannach as na másaí ag an inín faoi fhanacht amuigh san oíche Dé Domhnaigh. Bhí sé roimpi ag giall an dorais chuala mé, le beilt, agus bhí chaon iarraidh aige uirthi aniar sa gcadairne léithe ar feadh uaire ina dhiaidh sin. D'fhan muintir bharr an bhaile ag éisteacht leo ar feadh i bhfad. Ní raibh tada le cloisteáil uaidh ach "do gcuirfidh mise faoi ndeara dhuit" (do — aithris ar fhear nach raibh in ann a chuid g a rá; do = go)
 
Duine de chailleaichíní na Gaeilge sin í. Ní bheadh aon bhean tíre chomh déanta suas sin. Ach dheamhan a fhios agam. Is measa mná na tíre anois ná mná an bhaile mhóir fhéin, go háirid ó tosaíodh ag dul go Sasana
+
'Sé an diabhal dearg é mura bhfuil tú déanta ar an mbaile sin fós. Breá nach mbrúnn tú orthu. Ní fhéadfaidh siad thú a ithe. Buail amach ar cuairt, agus déan teanntás orthu. Chonaic mise laethúil fáilí ariamh iad, ach tá an iomarca den phúcaíocht ag siúl leat féin ó chaithfeas mé a rá leat …
TUILLEADH (2) ▼
Mura bhfuil sé déanta ar an scoil feasta choíchin ná bac leis. Tá a chuid scoile ar iarraidh déarfainn. Dódh sé a chuid leabhar agus fanadh sé sa mbaile
Is Árannach déanta í. Tá an-tslinneáin agus an-chlár droma aici, baile ó Dhia agus ó Mhuire uirthi
 
An té nach bhfuil déanamh na maitheasa ann, is beag an ghnaithe atá aige ansiúd. Siúd é an áit a mbeidh a fhios cé hé searrach na dea-lárach. Dheamhan triúr ar do bhaile a sheasfadh ann uair an chloig
+
deara
'Sé an chéad uair ar thug sí faoi deara go raibh rud eicínt ag dul di an lá ar cuireadh SeanMh. Ar éigean a rinne sí an baile an lá sin le pian ghártha a tháinig ina taobh. Dhá dtéadh sí roimhe an uair sin féin, bhí aici, ach d'fhága sí mar [...] cion faillí, go dtí ráithe ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Measann tusa go bhfuil an scrománach mór siúd ann amuigh ina mháistir scoile. Tabhair faoi deara. Cá raibh sé le cupla bliain. Dúirt siad féin gur thuas i mBaile Átha Cliath é, ach an gcreidfeá céard a chuala mise fear eolasach ag rá: go raibh sé ag obair in éineacht leis féin i bhfactory Ford i gCorcaigh, ag déanamh carrannaí. Breathnaigh ar an dá láimh atá air. Ní ag plé le peann a bhíos siad. Is beag an baol
+
dearg- 3
Tá an deargolc aige do chuile dhuine ar an mbaile seo
TUILLEADH (1) ▼
Rinne sé dearg-mhístaid timpeall an bhaile chomh uain is a bhí sé ann. Ba mhaith an scéal don bhaile gur bhailigh sé leis
+
Ceannaigh staic den deargán eile sin — cén t-ainm atá air — raddle — le na caoirigh a mharcáil. Beidh muid dhá mbearradh lá eicínt an tseachtain seo chugainn, agus caithfear comhartha eicínt a chur orthu más linn a gcur chun sléibhe … Gheobhaidh tú i siopa Ch. nó tigh Gh. é. Tóraigh an baile mór go bhfaighe tú é ar aon chor
TUILLEADH (2) ▼
'Sí atá dhá cur fhéin in adhastar an anró ceart, a dhul isteach ar an mbaile sin, áit nach raibh aon cheo ariamh ach bairnigh agus deargán. Diabhal ceo eile! Beidh sí ag scríobadh leis an nganntan dhá lá a saoil. Nach ar a hathair a bhí an ciméar agus a cur ansiúd, agus a liachtaí fear ar fónamh sa tír a phósfadh í
Bainfear as a chleachta feasta i Sasana é mura mbeidh aon sleabhcán ná aon deargán le fáil aige. Ar chnuasach cladaigh a tháinig an dream sin suas ariamh, agus chuile dhuine ar a mbaile. Cén diabhal eile a bhí acu. Breathnaigh thú féin ar an mB. An bhfuil fód ag gabháil léithe le cur. Má tá ní léir domsa é
+
dearmad 1
Nach maith luath atá dearmad déanta den bhaile aige
TUILLEADH (2) ▼
Nach iad na deargdhiabhail anois iad, aistir a bhaint asamsa siar go D. an Fh. ar scáth na cupla scillingín dole sin. Bhí sé thiar romham i dteach an phosta ann, ach b'fhurasta a chomhaireamh nuair a bhí mé sa mbaile: chuile bhean ósta agus a hailp fhéin as. Orthu féin a bhí an dearmad. Ach cuirfidh mise geall gur beag an dearmad uathu a bheas orthu. Má chuireann siad scilling agat le cois, is maith luath a bheas leota de pháipéar amach ina coinne aríst, agus ní go teach posta Dh. an Fh. a chuirfeas siad é ach oiread! — moltanas ar fheabhas na Státsheirbhíse é seo
Fuinneoig Ch. and G. a mheabhraigh dhom é. Meas tú ar chuimhnigh mé ariamh ar chloigeann an lampa a thabhairt liom go bhfaighinn feire dhó. D'fhága mé sa mbaile i ndearmad é
 
deas 1
Sin é an teach is deise ar an mbaile
 
Chonaic mé deascán beithíoch ag dul suas bóithrín an bhaile s'agaibhse aréir. Cé leis iad?
 
Chaith mé an t-airneán anuraidh as béal a chéile ag deasúchán. Dheamhan bróig ar na cheithre bhaile nach mé a chuir tosaigh orthu. Dar príosta ní dhéanfaidh mé cleas na bliana anuraidh i mbliana. Fáiscfidh mé amach ar cuairt chuile oíche beo. Téidís féin agus a gcuid buataisí i gCurach Sheáin Uí Fhínneadha! Is suarach an prae dhomsa a bheith ag caibléireacht ar sheanbhróga, agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair