baile
—uimhir iolra: bailte, bailtí, bailteacha, bailteachaí; bailteachaí go hiondúil nuair nach mbíonn aidiacht ná ainmfhocal ar bith eile i gcuing aige, ach má bhíonn, bailtí é; "na bailteachaí atá thart anseo", ach "bailtí móra", "bailtí cuain"
1.
a.
roinnt tithe abuil a chéile; réimse áirid, nó roinnt áirid ar an dúiche, ar an bpobal nó ar an tír. Tá sé i mórchuid ainmneacha áiteachaí .i. Baile Logán, Baile Láir, Baile na hAille, Baile an Lócháin, Baile Bán Áth Cinn, Baile na Féasóige, Seanbhaile Óithre, Baile Nua Óithre, Cnoc an tSeanbhaile, Leathbhaile, An Baile Bacach srl. Chiallaigh baile dá réir seo limistéar áirid sa seanreacht, suas agus anuas le chúig chéad acra Éireannach. Glaoitear "leathbhaile" anois, go minic, ar leath an bhaile fearainn, nó ar chúinne, ar thóin, nó ar scair dhe, a bheadh dealaithe amach ón gcuid eile. Tá tuairisc na seanbhailte ag imeacht i leaba a chéile, de réir mar atá forás agus caithriú ag teacht ar na bailte nua.
+–
Baile an-chuimseartha é — na tithe cruinn i dteannta a chéile agus gan iad scaipthe chor ar bith.
Baile an-scaipthe é. Is buan an píosa é ó íochtar an bhaile go huachtar an bhaile.
TUILLEADH (16) ▼
Baile an-aistreánach é
Baile an-chóineasach é — tá cóngar bóithrí, traentacha agus eile ann (Achréidh — fc. cóineasach)
Baile aerach, plúchtaithe, gleannach, achrannach, cúng, deisiúil srl. é.
Baile réidh rosach é an S. — baile nach bhfaightheá mórán cuntanóis ann mura mbeifeá in ann cur ar do shon féin, agus tú teann in airgead, i riocht is nach mbeifeá tuilleamach ar aon duine (fc. réidh)
"Is deas an baile an baile seo; Is deas an baile a mbímse; Is deas an baile chuile bhaile; Ach Cladhnach glas na bhFaochan" (ceathrú d'amhrán)
Tá bruscán mór tithe ar an mbaile sin.
Tá na tithe anonn is anall ar an mbaile sin.
Níl eolas na mbailteachaí sin agam chor ar bith.
Tá go leor tamhnóga agus mionbhailteachaí thart ansin nach bhfuil a fhios agamsa chor ar bith.
Níl garraí ceart cuir ag gabháil leis an mbaile céanna ó thulaigh go farraige.
Níl muintir na mbailte seo réidh leis an gcur fós.
Tá urláimh ar an mbaile fré chéile anois aige. Taoiseach mór é (fc. taoiseach)
Níl aon teach istigh ar an mbaile nár shiúil sé, agus chinn air tada a fháil ina dhiaidh sin.
Ná samhlaigh an baile sin liom thar aon bhaile. Fhóbair go bhfaighinn bás leis an ocras istigh ina cheartlár, agus ní fhaca mé an té a thairgeodh braon tae dhom ina dhiaidh sin.
Daoine dona atá ar na bailteachaí seo.
"Chaoinfeadh mná na mbailte sibh, a gcaraid is a ngaoil; An fhad is chuaigh a gcharacter go raibh a n-anam ag na Naoimh" (as Amhrán na Trá Báine)
+–
An mbeidh tú ag dul barr an bhaile anocht?
Bhí muintir bharr an bhaile ar cuairt againn aréir.
TUILLEADH (8) ▼
Tá mé ag ceapadh gur suas go dtí tithe bharr an bhaile a chuaigh sé.
Sa tóin thiar den bhaile atá cónaí air.
Tá sé soir go maith i dtóin an bhaile — teach ceann tuí agus an bhinn leis an mbóthar.
Níl fad méire de roithleán istigh ar shlata an bhaile ó briseadh roithleán Mhuintir Ph.
Cuirtear páistí gan baisteadh i gclaí teorann an bhaile.
Níl sé idir dhá chlaí teorann an bhaile seo ar chaoi ar bith.
Tá sé ar éigean taobh thall de chlaí teorann an bhaile.
Beidh fhios ag an mbaile é má chloiseann sé sin aon cheo faoi.
+–
Fear i mbaile nó baile i bparóiste — milleann coilíneach amháin tréad.
Ní beag do bhaile ar bith anglóir amháin. Fear i mbaile agus baile i bparóiste, adeir siad.
TUILLEADH (8) ▼
Chuirfeadh fear i mbaile an baile thrí ina chéile. Chuirfeadh, agus dhá chrígh Mhuire nuair a bheadh oiread den chat mara air agus go mbeadh sé ag cothú achrainn i gcónaí.
Níl tréad ar bith gan coilíneach, adeir siad, agus níl baile ar bith gan fear eicínt a mbeidh an ball séire air.
Tá an baile ina dhá mhuintir ag an diabhlánach sin siar. Murach eisean, b'fhurasta ceart a bhaint den chuid eile, ach cé beag a dhonacht, arsa tusa.
Ba bheag an ollóid an baile seo dhá chéile gur casadh an stalcáinín sin isteach ann. Anois, tá an baile in árachaigh a chéile chuile ré solais.
Tá an baile ina bhruín chaorthann ó phós sí sin isteach ann. Rúisc bhradach bhréagach í, agus tá cúl a cainte léithe le chuile dhuine.
Ba baile socair suaimhneach é seo roimhe seo. Ach dheamhan iamh ar bith anois orthub (.i. ar mhuintir an bhaile) ach in éadan a chéile, hé brí cén cat mara a bhuail chor ar bith iad le gairid.
Tá dhá cheann an bhaile in aghaidh a chéile anois.
Níor mhinic leis an mbaile céanna a bheith ar a mhalrait — ach ag troid.
+–
Buail amach faoin mbaile — ar fud an bhaile.
Tá sé imithe amach in áit eicínt faoin mbaile.
TUILLEADH (3) ▼
Gheobhaidh tú amach faoin mbaile é má tá tú dhá lorg.
Níl sé faoi bhaile, in áit ar bith — níl sé in aice an bhaile in áit ar bith.
Tá sé in áit eicínt ar fud an bhaile; tá sé áit eicínt thart faoin mbaile.
+–
Is cumasach an baile bréag é an baile céanna.
An-bhaile achrainn ariamh fhéin é.
TUILLEADH (1) ▼
Sin é fhéin baile na ball séire (nó an baile le ball séire) — baile mí-ásach, baile aistreánach, doshiabhalta; baile nach bhféadfaí aon cheart a bhaint den mhuintir a bheadh ann.
+–
Baile gann gortach é, Baile na C. D.
Baile gann gortach é an baile céanna chuile lá ariamh.
TUILLEADH (1) ▼
Baile gann gortach Bh.! Sin é an baile ar chuma ar bith, mura dtuga tú leat arán an lá a dtéann tú ann, go mbeidh tú an lá sin, i do throscadh.
+–
Baile na gorta — baile gortach, míghnaíúil, nó baile beo bocht dona; gortan an tuiseal ginideach ar ghorta sa gcéill seo. Tá sé fós sa leagan béal na gortan, ach tá an n dá teilgean go mór sa gcaint
Sin é fhéin baile na gortan. Ní thabharfaidís greim ná deoir do Dhia shúlach ariamh, murar thug Cáit seo thiar aon sciorta den fhéile léithe ann (pósadh Cáit ann go gairid roimhe sin)
TUILLEADH (9) ▼
Tuige a dtaobhóinnse baile na gortan
Bheinn thart d'uireaspa fir muis, lá a bpósfainn fear as baile na gortan s'agaibhse.
Má chastar muintir bhaile na gortan aniar chugainn, is gearr le dhul orthub an méid sin. D'íosfaidís siúd an tsáith Mhuimhneach
Is fada soir a bheadh sí gabháil go dtí baile na gortan (bean a samhlófaí pósadh léithe i mbaile eicínt a bhí i gceist a bheith bocht)
Ní mór dhuit thú fhéin a shacadh go maith (.i. le beatha), más leat bualadh soir go dtí baile na gortan sin thoir.
Céard a chas go baile na gortan tú?
An mbeadh a fhios agat beo ná baistí, cén cat mara a bhí uirthi an chéad lá ariamh a ndeachaigh sí isteach ar bhaile na gortan céanna (bean a phós i ndrochbhaile)
'Sí a chuir í fhéin in adhastar an anró an lá ar thaobhaigh sí baile na gortan céanna.
Ní fearr dhuit ar bith é ná a bheith dealaithe amach as baile na gortan sin thiar.
+–
Baile i bhfad siar — baile atá siar amach; áit an-fhada siar ar fad; áit nach mbeadh ann chor ar bith. Ar an gcóir chéanna deirtear "baile i bhfad síos", nó "baile i bhfad suas".
As baile i bhfad siar é — strainséara nach mbeadh a fhios cérb as é, ach gur aniar amach in áit eicínt é.
TUILLEADH (4) ▼
Tá sé chomh fada siar le baile i bhfad siar.
Bhí mé chomh fada le baile i bhfad siar (freagra a thabharfaí ar dhuine caidéiseach a d'fhiafródh dhíot, cáide siar nó síos a bhí tú, agus gan aon fhonn ort aon tsásamh a thabhairt dó).
As baile i bhfad síos mé — freagra abartha ar dhuine a chuirfeadh caidéis ort cérb as thú.
As baile i bhfad siar é, sílim!
+–
Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag — deirtear seo dá ndéanadh gasúr rud groí eicínt nach mbeadh aon tnúthán agat leis uaidh, nó dá mbeadh gasúr seanórtha thar a aois, nó seanórtha ina chuid cainte; nó dá ndéanadh nó dá n-abraíodh duine ar bith rud eicínt nach samhlófá lena cháilíocht.
Ar chuala tú céard adúirt an putach sin? Anois céard adéarfá le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
TUILLEADH (6) ▼
Diabhal an féidir go ndearna Seán cleas chomh tútach sin! Anois céard deir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag? A Thiarna Dé, 'sé an duine deireanach é a ndéanfainn a leithéide de rud a shamhailt leis!
An raibh tú ag éisteacht leis an gcaint a chaith an páiste sin. Anois céard adéarfá le Gaillimh agus gan ann ach baile beag.
Dheamhan baol air a bheith ag ól! Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Ní leagfainn air sin é thar aon duine sa tír. Anois, céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Dheamhan a gcreidfinn ó bhéal an tsagairt gurb é a rinne é murach go bhfaca mé le mo dhá shúil fhéin é! Anois céard adéarfá le Gaillimh agus gan ann ach baile beag! Ach cá bhfágfadh sé é? Dheamhan lá ariamh nach raibh a dhream luathlámhach (tugtha don ghadaíocht).
b.
baile mór: baile a bhfuil méid chothrom ann; mar Ghaillimh, Baile Átha an Ríogh srl.
+–
Níl aon duine istigh i mbaile mór na Gaillimhe, is fearr saol ná é.
Gheobhaidh tú aer bailte mór uaidh.
TUILLEADH (10) ▼
Is breá an rud do dhuine a dhul ar aer an bhaile mhóir corruair.
Is suarach an áit do dhuine a bheith istigh ar shlata an bhaile mhóir ag breathnú uaidh.
Phós sí istigh ar chluais an bhaile mhóir — i bhfoisceacht mbeannaí Dia don bhaile mór, sna Líbeirtí.
Níl i nGaillimh ach púirín seangán le hais bailte móra eile.
Muise ní baile mór é, ná píosa ar thóin baile móir — níl fairsinge ar bith ann.
Sin é fhéin an baile mór eile — ní baile mór chor ar bith é, nó más ea, is baile mór suarach é
Bhí bratainn an bhaile mhóir ag rith ina dhiaidh. (fc. bratainn)
Má tá mise beo, sin fear a chaith tamall ina stocaire coirnéil i mbaile mór.
Tá béasaí an bhaile mhóir anois aige.
Tá an baile mór an-phlúchtaithe le bheith cuibhrithe istigh ann i gcónaí.
+–
'Ní hionann a dhul don bhaile mór agus é a fhágáil' (seanfhocal) — baineann moill do dhuine dhá bhuíochas ar a dhul don bhaile mhór dhó.
Bail ó Dhia ort! A bheith sa mbaile ag an ceathair a chlog! Ar chuala tú ariamh é: ní hionann a dhul ina bhaile mhóir, agus é a fhágáil.
TUILLEADH (2) ▼
Shíl mé nach ndéanfainn de mhoill ach feadh is mé an ceap a fháil, ach chinn orm imeacht uaithi. Ó deir siad nach ionann a dhul don bhaile mór agus é a fhágáil.
Nach éasca leat a theacht abhaile! Deirimse leat nach ionann a dhul ina bhaile mhóir agus é a fhágáil.
+–
Fear gan airgead i mbaile mór, is olc an lón dó goile géar (seanfhocal) — is olc an rud do dhuine goin ocrais dhá bhualadh sa mbaile mór má tá sé ar phócaí folamha.
Bhuail goin ocrais mé, ach céard a d'fhéadfainn a dhéanamh. Fear gan airgead i mbaile mór, a mhic ó, is olc an lón dó goile géar.
TUILLEADH (6) ▼
Bhí mé i mo bhambairne ó chaill mé mo chuid airgid. Bhuail ocras mé, ach ní raibh a fhios agam cá dtabharfainn m'aghaidh. Fear gan airgead i mbaile mór, is olc an lón dó goile géar — is olc sin.
Chomhair mé a raibh agam — bonn is leithphínn. 'Is gearr orm an bonn is leithphínn seo,' arsa mise liom péin, agus sin é an uair a chuimhnigh mé ar an rud adeireadh M. Th. go ndéana Dia maith air: fear gan airgead i mbaile mór, is olc an lón dó goile géar.
Dhá mbeinn ar mo bhealach abhaile, gheobhainn duine eicínt a ndéanfainn teanntás air le greim le n-ithe a thabhairt dom, ach fear gan airgead i mbaile mór, is olc an lón dó goile géar'.
Cér chás dom é dhá mbeadh luach brioscaí fhéin agam, ach dheamhan cianóg rua a bhí ag gabháil liom, agus mo sheaneire ocrais orm. Agus deirimse leat gur deacair an seanfhocal a shárú: fear gan airgead i mbaile mór is olc an lón dó goile géar.
Ní bheadh clóic ar bith ar dhuine amach faoin tuaith, ach an té a thiocfas 'na bhaile mhóir tugadh sé lón nó costas leis ar mhaithe leis fhéin, arae mar adeir an fear fadó: fear gan airgead i mbaile móra, is olc an lón dó goile géar.
Dheamhan áit níos gortaí ná slata na Gaillimhe ag an té nach bhfuil lón nó costas aige! Fear gan airgead i mbaile mór, is olc an lón dó goile géar.
+–
Nach é an bligeaird baile mór ceart críochnaithe é ('sé an bligeaird (blackguard) baile móir an fíor-bhligeaird, dar le lucht na tuaithe)
Is geall le bligeaird baile móir ag imeacht anois é.
TUILLEADH (3) ▼
Mhúinfeadh sé bligeardacht anois do bhligeaird baile móir.
Diabhal mé go mbeadh pointí gnaíúlachta i mbligeaird baile móir fhéin, ach maidir leis sin, fág as margadh ar fad é.
Ní áirge mhór muise, d'aon bhaile mór é siúd. Múinfidh sé brainsí bligeardachta do na bligeairds is measa ann.
c.
sráidbhaile: baile beag a mbeadh siopaí, tithe ósta, séipéal, teach posta srl. ann. Go hiondúil bíonn sé taobh le aon tsráid amháin.
d.
baile margaidh: tugtar ar shráidbhailte nó ar bhailte móra é, a mbeadh margaí iontu, le freastal ar an tuaith faoi gcuairt díobh.
e.
baile cuain: caladh tráicht; baile mór chois cuain; sráidbhaile chois cuain.
f.
ar ghort an bhaile: in aice láithreach; buailte orainn; go gairid; go haibéil; ag tarraingt orainn; ionann is ar an talamh.
+–
Ní baileach go raibh mé i nGaillimh, ach bhí mé ar ghort an bhaile aige nuair a tháinig an bháisteach.
Níl sé i mBaile Átha Cliath fós, ach ba cheart dó a bheith ar ghort an bhaile aige nóiméad ar bith feasta. Cheithre huaire a bhíonns ar an traein ag dul suas.
TUILLEADH (7) ▼
Ní aireoidh tú an chuid eile den aistear. Tá muid ar ghort an bhaile anois.
Ba mhór ab fhiú dhúinn gur choinnigh sé ón mbáistigh go raibh muid ar ghort an bhaile.
Is aisteach an áit ar buaileadh suas é agus é ar ghort an bhaile —thug sé uaidh, nó ní raibh sé in ann a dhul ní b'fhaide le ocras, sliabh gortach, tuirse srl., agus é ionann is sa mbaile.
Níor bhuail an t-ocras mé go raibh mé ar ghort an bhaile.
Bhí an ghealach agam go raibh mé ar ghort an bhaile.
Níor buaileadh suas an bicycle orm go raibh mé anoir ag B. an D., agus níor chás ar bith dhom é ó bhí mé ar ghort an bhaile.
'Tá sé in am againn a bheith ar ghort an bhaile feasta,' adeirim fhéin. 'Tá moill ort,' adeir seisean. 'Dheamhan mórán le leath bealaigh fós muid'.
+–
Tá an Nollaig ar ghort an bhaile againn anois — is gearr go mbí sé ina Nollaig; is gairid go dteaga an Nollaig.
M'anam ó Dhia, go bhfuil Lá Fhéil Pádraig ar ghort an bhaile, agus gan tada den earrach déanta againn fós i mbliana.
TUILLEADH (11) ▼
Tá na rástaí ar ghort an bhaile anois.
Is gearr a aireos muid an geimhreadh ag sciorradh isteach anois. Nach bhfuil Lá Samhna ar ghort an bhaile againn!
Tá an Bhealtaine ar ghort an bhaile cheana, agus gan spreab ithreach spréite fós (gan gráinne coirce nó arbhair curtha. Ithir nó loirg a tugtar ar thalamh a raibh fataí ann an bhliain roimhe sin. Is ann a cuirtear coirce nó arbhar i gcónaí i gceantrachaí nach mbíonn treabhadh ar bith. Fágtar iomrachaí nó gearrógaí na bhfataí ina seasamh thar geimhreadh, sin nó múchtar an talamh, cé is moite de chaolóidín, a cuirtear isteach ar an gclaise aríst do chur an choirce)
Tá sé thar am a bheith ag stócáil. Tá an t-earrach ar ghort an bhaile.
Nár ba slán ceoil duit, a éinín! Níor chuala mé ariamh thú go mbeadh an t-earrach is an chruóg ar ghort an bhaile (fear a raibh drogall air roimh an earrach)
Tá an pátrún ar ghort an bhaile aríst.
Crap do chuid féir muran leat amlú a thabhairt dó. Tá an braon ar ghort an bhaile.
Má tá sí ar ghort an bhaile fhéin, tá sé in am sin aici. Is fada an triomach é le sé seachtainí sa lá inné (báisteach)
Tá sí ar ghort an bhaile anois — bó a mbeadh a ham ionann is caite
Mura bhfuil a ham istigh, tá sé ar gort an bhaile aige — mura bhfuil a ham caite, tá sé fhoisceacht mbeannaí Dia dhó.
Is gearr gurb é an fómhar é: tá sé ar ghort an bhaile againn.
g.
los an bhaile: fc. los.
h.
seanbhaile: fc. seanbhaile.
2.
teach, áras, áit chónaí.
+–
Cén áit a bhfuil a bhaile — cá gcónaíonn sé?
Thuas anseo atá mo bhailese.
TUILLEADH (7) ▼
Níl aon bhaile aige — an duine bocht — ach ag imeacht roimhe mar sin.
Níl aon bhaile aige le dhul ann.
Is gearr nach mbeidh aon bhaile agaibh mura dtuga sibh aire dhó thar mar atá sibh a thabhairt — is gearr nach mbeidh teach ná talamh ná tada eile agaibh mura dtuga sibh airde ar a ngnaithe agus ar a gceann oibre.
Dheamhan baile aige anois, ach baile dona — is suarach le rá an teach nó an áit chónaí nó an talamh atá aige anois; nó duine a bheadh ag gabháil thart ar aimsir agus ag baint scaitheamh amach i chuile áit.
Is fada an lá gan baile é.
Níl go dona ann ach an té atá gan baile anocht (drochoíche)
Is mairg a bheadh gan baile leithide na hoíche anocht.
+–
Níl baile ná teaghlach aige; Níl baile ná teach aige.
Deamhan teach ná baile a thaobhaigh sé ó mhaidin.
TUILLEADH (3) ▼
Is cuma leis siúd céard a dhéanfas teach ná baile, talamh ná trá.
Dhá mbeadh suim ina theach ná ina bhaile aige, ní ag imeacht ar an mbóithreoireacht sin a bheadh sé.
Dheamhan suim soip aige i dteach ná i mbaile.
+–
An bhfuil sé i bhfad ó d'fhága tú an baile (teach cónaí, lóistín)
Is gearr fágtha an baile mé — is gearr ó d'imigh mé as mo theach fhéin.
TUILLEADH (4) ▼
"Bliain sa taca seo a d'fhága mise an baile; agus a d'imigh mé ó mo mháithrín" (líne d'amhrán)
Níl stró ar bith ort go bhfága tú an baile, ach sin é an uair a aireos tú an Béarla.
Ná fág an baile anocht.
"Fágfaidh mise an baile seo, mar tá sé ina chíor thuaifil; Agus leanfaidh mé mo ghrá fhéin i ngach áit dhá bhfaighidh mé a tuairisc"
+–
Níor fhága sé an baile — rud a bheadh ar iarraidh, ach nach bhféadfadh a bheith i bhfad ó láthair.
Tóraidh an casúr dhom. Dar ndóigh níor fhága sé an baile.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé in áit eicínt. Níor fhága sé an baile.
+–
Déan do bhaile den áit seo anois — ná bí cúthail ná coimhthíoch; ná déan drochoineach ort fhéin.
Is fhearr duit do bhaile a dhéanamh den áit a bhfuil tú anois go maidin.
TUILLEADH (2) ▼
Bainfear as do chleachtadh anseo thú. Ní heo é an baile chor ar bith agat.
Caithfidh tú theacht lena bhfaighidh tú anseo. Ní heo é an baile chor ar bith agat.
3.
a.
ó bhaile.
+–
Is gearr ó bhaile a bhí sé agus a bheith ar ais aríst
An bhfeiceann tú B. ansin thoir, agus is gearr ó bhaile é, agus dheamhan a mbeadh a fhios ag an aos óg céard a bheifeá a rá dhá dtosaíteá ag Gaeilgeoireacht leob — níl sé i bhfad as an áit seo.
TUILLEADH (11) ▼
Is gearr ó bhaile Gaillimh agus dheamhan a raibh mé ann le mo chuimhne cinn.
Is gearr ó bhaile an C. ansin thiar, agus dheamhan a dtiocfadh aon duine ag siúl dhá chois ann anois.
An fear adúirt é sin liom, tá aithne agat fhéin air: is gearr ó bhaile é.
Is gearr ó bhaile a chuaigh sé ag iarraidh mná. Níor fhága sé béal a dhorais fhéin. Ach deir siad pósadh ar an gcarn aoiligh, agus do bhó a dhíol i bhfad ó bhaile.
Is gearr ó bhaile é, má tá tú dhá iarraidh.
Is gearr ó bhaile chor ar bith M. Mh.
Is gearr ó bhaile an bhean adúirt liom an méid sin.
Is gearr ó bhaile a thiocfas mé nó is cinniúint orm é.
Is gearr ó bhaile an mhóin, má tá fonn uirthi a dhul ina coinne.
Is gearr ó bhaile chor ar bith an abhainn.
Is gearr ó bhaile a bhí air a dhul murach corp dhíomhaointis agus leisce.
+–
Tá sé imithe ó bhaile (ón mbaile freisin) inniu; tá sé ó bhaile inniu.
Cuireadh scéala ón mbaile chuige.
TUILLEADH (10) ▼
Tá sé achar ó bhaile — píosa maith bóthair
Tá sé scaitheamh beag ó bhaile.
Tá sé an-achar go deo ó bhaile anois.
Ní raibh mé achar ar bith ó bhaile nuair a chlis sé orm (an rothar)
Ní mian leis a dhul mórán achair ó bhaile.
Hé brí cén t-achar a bhí mise ó bhaile, dheamhan a raibh tusa an t-achar sin fhéin.
Más ag iarraidh mná atá sé, níl call dó a dhul mórán ó bhaile.
Is deas an coisméig ó bhaile anois é.
Ab in é a bhfuil sé ó bhaile?
Ní raibh mé chomh fada ó bhaile (ó láthair), agus nach gcloisfinn thú dhá nglaoiteá orm.
+–
Is fada ó bhaile a thug a chosa é!
Nach fada ó bhaile thug do chosa thú — siar Casla.
TUILLEADH (20) ▼
Níl an té sin i bhfad ó bhaile chor ar bith.
"Tá féar fada is fásach i ngleanntán álainn i bhfad ó bhaile; Agus cuaichín Ghleanntán Éifinn nár fhéad mé ariamh a mealladh"
Mura bhfaighe sé aon bhean i bhfad ó bhaile, dheamhan duine a gheobhas sé sa ruta seo anois.
Mura mbeadh fear i bhfad ó bhaile ann go díreach, dheamhan duine eile a bhuailfeadh fúithi.
Is glas iad na cnoic i bhfad ó bhaile; is glas iad na cnoic i bhfad uainn, ach ní féarmhar; bíonn adharca móra ar na beithígh i bhfad ó bhaile.
Is fearr i bhfad ó bhaile é.
Más i bhfad ó bhaile nó i ngar do láthair é, 'sé an cás céanna liomsa é: ní thaobhóidh mé é.
Tá sé i dtír eicínt i bhfad ó bhaile.
Níl tuairisc ná fáisnéis air le na cianta: d'imigh leis go dtí tír eicínt i bhfad ó bhaile.
Austria! — ab in ceann de na ríochta i bhfad ó bhaile?
Fan i bhfad ó bhaile go lige sé siúd faoi, nó má bheireann sé ort, dheamhan deoir a fhágfas sé ionat.
Ní i bhfad ó bhaile a bhí muide, dhá mbeadh fonn air cuireadh a thabhairt dúinn.
Is fada ó bhaile inniu an té a rinne í sin — tá sé thall i gCalifornia.
Is olc an lá é ag an té atá i bhfad ó bhaile.
Is fada ó bhaile a thiocfadh duine nuair a bhuailfeadh meanmna mná é — thiocfadh duine aistear fada, nuair a bheadh fonn suirí air.
Is fada ó bhaile an áit chéanna — áit aistreánach; áit a bheadh iargúlta nó isteach faoin sliabh, nó i bhfad ón mbóthar, nó ó bhualadh na ndaoine.
An bhfuil sé an fhad sin ó bhaile?
Ní raibh a fhios agam go raibh sé chomh fada sin ó bhaile.
Ní raibh mé fad coisméig coiligh ó bhaile ariamh.
Cá bhfaigheadh sé gus a bheith ann agus nach raibh sé fad coisméig coiligh ó bhaile ariamh
+–
Nach fada ó bhaile a chuaigh sé (scéal a bheifí ag iarraidh a choinneáil ina rún agus scaipfeadh sé ina dhiaidh)
Níorbh fhiú dhi a dhul chomh fada ó bhaile leis scáth a raibh le n-inseacht aici (scéal a d'inseofaí, nó a ligfí amach, scaitheamh ó bhaile)
TUILLEADH (3) ▼
Is fada ó bhaile a chuaigh an tsiomóid (ráfla) sin fhéin.
M'anam gur fada ó bhaile a chuaigh an bhréag sin — scaipeadh í i bhfad is i ngearr.
Chuaigh a cháil i chuile áit i bhfad ó bhaile.
+–
Cáid ó (cá fhad ó; d caol in fhad i gcónaí) bhaile a bhí tú — cén t-achar; nó cé mhéad míle nó cén áit.
Cáid a chaith tú ó bhaile? — cé mhéad aimsir a bhí tú imithe.
TUILLEADH (4) ▼
Cáid ó bhaile a bhí tú nuair a tháinig an bháisteach ort? Freagra — míle ó bhaile, dhá mhíle ó bhaile, tamall maith ó bhaile, achar deas ó bhaile; ní raibh mé achar ar bith ó bhaile; ní raibh mé an fhad seo agus an Chloich Mhóir ó bhaile srl.
An bhfuil i bhfad ó bhaile oraibh go dtí an mhóin? — an bhfuil oraibh a dhul i bhfad ó bhaile i gcoinne na móna.
Cáid ó bhaile atá oraibh go dtí teach an phobail?
An bhfuil sé i bhfad ó bhaile — an bhfuil sé i bhfad bealaigh óna theach
+–
Bíonn smideannaí beaga ag duine i bhfad ó bhaile.
Is bocht an chaoi é, i bhfad ó bhaile.
TUILLEADH (6) ▼
Is beag de mhúineadh thú i bhfad ó bhaile.
Níorbh ait leat fhéin an droch-cheann a chaitheamh leat i bhfad ó bhaile.
Bíodh béal marbh agat i bhfad ó bhaile — ná habair tada ar fhaitíos go gcuirfí ort.
Nach beag a fhaitíos atá ort i bhfad ó bhaile.
Ba beag den ghlaomaireacht sin a bheadh air i bhfad ó bhaile.
Ní ceird ar bith í sin do dhuine i bhfad ó bhaile, agus gan fhios aige faoi thalamh an domhain, cá mbíonn sé ag caint nó cé a bheadh ag éisteacht leis
+–
Dia dhár réiteach i bhfad ó bhaile (cineál leathfhocail: déarfaí in áit ar bith anois é, nuair a bheadh duine in anchaoi ar chuma eicínt, ach is cosúil gur lucht bóthair is bealaigh a thionscail é an chéad uair)
Dia dhár réiteach, arsa tusa, i bhfad ó bhaile.
TUILLEADH (2) ▼
Dia dhílis dhár réiteach i bhfad ó bhaile.
Dia dhár réiteach! I bhfad ó bhaile agus gan aithne againn ar aon duine.
·
Ochón ó i bhfad ó bhaile! adéarfadh duine dá mbeadh tuirse, codladh nó tinneas air in áit chuideáin.
b.
sa mbaile: ag do theach nó t'áras, nó in t'áit chónaí; ar an mbaile, sa mbaile. Ciallaíonn sa mbaile sa teach, san áras nó ar fud an bhruscáin tithe atá i gceist .i. níl sé sa mbaile inniu, ní chónaíonn sé sa mbaile seo ar aon nós. Maidir le ar baintear leas as le suíochan nó ceann ar leith a shonrú .i. níl fear ar an mbaile nach bhfuil imithe, tá sé i dteach eicínt ar an mbaile.
+–
'Bail ó Dhia ort, a Sheáin; Is deas a d'íosfá ceaile'; 'D'íosfainn maith go leor; Dhá mbeadh mo bhean sa mbaile' (rann adeirtear do pháistí)
Cáid a bheas sa mbaile agat?; cáid a gheobhas tú sa mbaile?; cén scíth a bheas agat sa mbaile; cáid a chaithfeas tú sa mbaile? — duine ar scíth ó choláiste, ó Mheiriceá srl.
TUILLEADH (11) ▼
Cáid a bheas aige sa mbaile anois.
Is beag is ionann é le bheith sa mbaile — is fhearr an baile ná é.
Thit dom a bheith sa mbaile roimhe — tharla dhom srl.
Is gearr a bhí sa mbaile aige chor ar bith faoin Nollaig — is gearr an scíth a fuair sé.
Ní bheidh aon lá sa mbaile aríst agam go Cáisc.
Tá sé ag cothú sa mbaile i gcónaí anois — tá sé síoraí sa mbaile.
Is mór an t-ionadh nach n-éireodh posta eicínt leis, tharas a bheith sa mbaile.
Dhá gcloiseadh an dream atá sa mbaile é seo, chuirfeadh sé a sáith iontais orthub — an dream atá sa ruta arb as muide
"B'fhearr liom sa mbaile in aice mo ghaolta; Ag síordhéanamh grinn, agus ag bréagadh ban óg; Ná a comhrá leatsa a chailleach na bruíne; A bhíonns in do shuí san oíche, agus do chodladh sa ló" (as amhrán — Cnoc Leitir Móir)
D'éagóir Dé dhuit nár fhan sa mbaile.
Níl sa mbaile anois ach mac amháin — mac amháin atá sa teach anois; tá an chuid eile imithe nó ag saothrú, nó pósta.
+–
Tá sé fanta sa mbaile anois (.i. ón scoil) — scoireadh den scoil
Is gearr go bhfana mé sa mbaile ar fad.
TUILLEADH (6) ▼
Ar an dá luath is a mbeidh mise cheithre bliana déag fanfaidh mé sa mbaile.
B'éigean dúinn é a choinneáil sa mbaile ón scoil inniu i ngeall ar an gcruóig.
D'fhan sé sa mbaile inniu ag gortghlanadh.
Ní choinneoidh muid sa mbaile é go gcinne orainn.
Deir tú leis atá ag iarraidh fanacht sa mbaile ar fad anois (.i. ón scoil)
Nach bhfuil sé chomh maith dhó fanacht sa mbaile tharla nach bhfuil aon luí leis an scoil aige?
c.
ag baile: sa teach cónaí; san áras; sa mbaile.
+–
Níl sé leath chomh maith ag baile aige.
Nach gearr a d'fhan tú ag baile.
TUILLEADH (6) ▼
Níorbh fhearr liom áit dá gcaithfinn tamall, murach nach bhfuil aon duine ag baile i mo dhiaidh.
An bhfuil sé de rún ag duine ar bith fanacht ag baile inniu?
Níl sé ar iompar agam: d'fhága mé in mo dhiaidh ag baile é.
Más fíor di fhéin muis, chleacht sí fuíoll na bhfuíoll ag baile.
Is beag an mhaith dhúinne céard atá ag baile agat, mura bhfuil sé agat anseo.
Tá sé ag an mbaile ar an aimsir seo.
d.
+–
Tá sé gar do bhaile anois — in aice baile
Mura bhfuil sé gar do bhaile, ní thiocfaidh mise ina choinne.
TUILLEADH (11) ▼
Bhí mé gar do bhaile nuair a tháinig an toirneach.
Tá an múr sin gar do bhaile anois — gar do láthair; is gearr go dtaga an múr sin.
Tá an toirneach an-ghar do bhaile (nó an-ghar do láthair)
Is gar do bhaile é an ruagán sin (urchar, toirneach, nó fothramán ar bith); níl an ruagán sin i bhfad ó bhaile; níl an t-urchar sin i bhfad ó bhaile; is gearr ó bhaile an torann sin.
Tá an toirneach sin an-bhodhar. Chaithfeadh sé nach bhfuil sí gar do bhaile.
Dhá mbeadh sé gar do bhaile in aon áit, chloisfeadh sé an t-allar sin.
Phós sí gar go maith do bhaile.
Is gar do bhaile a bhí fód a bháis, ainneoin ar shiúil sé.
Tá a ghabháltas gar go maith do bhaile.
Nach gar do bhaile atá an mhóin agaibh?
Nach gar do bhaile a chuaigh sí — bean a phósfadh gar don áit ar rugadh agus ar tógadh í.
+–
Tá an Nollaig gar do bhaile anois — is gairid go mbí sí ar fáil; tá sí ar ghort an bhaile againn.
Tá an carghas an-ghar do bhaile — tá sé ionann is ar fáil.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan an féidir go bhfuil an Fhéil Pádraig chomh gar sin do bhaile agus gan síol i dtalamh fós againn.
Is maith gar do bhaile atá an bháisteach anois.
Tá sí gar go maith do bhaile anois — bó a mbeadh a ham ionann is thuas nó istigh, nó caite (bean a bheadh ag iompar freisin)
e.
+–
Níl sé le fáil amuigh ná i mbaile — in aon áit.
Níl a thuairisc amuigh ná i mbaile.
TUILLEADH (6) ▼
Ní bhfuair mé amuigh ná i mbaile ariamh ó shin é.
Níor facthas amuigh ná i mbaile ón lá sin go dtí an lá inniu é.
Dhá mbeadh sé amuigh ná i mbaile, bheadh tuairisc le fáil air in áit eicínt, ach dheamhan scéal ná scuan faoi ag aon duine.
Ní bhfuair mé dubh ná dath ná tuairisc mo chaoirín amuigh ná i mbaile, ariamh ó shin. Cneámhaire eicínt a d'ardaigh leis í agus a d'ith í. Deile!
Ní feasach mé faoin mbogha bán cá'il sí — amuigh ná i mbaile.
Tá sí in áit eicínt amuigh ná i mbaile. Níor shlog an talamh í — níor shlog sin.
f.
+–
Bhuail cumha i ndiaidh an bhaile é agus tháinig sé aríst ina bhromachán bliana.
Cumha i ndiaidh an bhaile atá air.
TUILLEADH (4) ▼
Níl caitheamh ar bith i ndiaidh an bhaile agamsa.
Is diachta dhó cumha a bheith air i ndiaidh an bhaile. Is olc a caitheadh leis nuair a bhí sé ann!
Ní beo í i ndiaidh an bhaile — tá an-chaitheamh ina dhiaidh aici.
Dhá dhonacht é an baile, is fhearr é ná bheith ina easpa (sórt leathfhocal)
g.
+–
Ab in é a bhfuil de bhaile aige?
Sin é a bhfuil de bhaile aige.
TUILLEADH (7) ▼
Is beag de bhaile atá agam.
Leis an mbaile i gcónaí é — ní fhágann sé an baile chor ar bith; cothaíonn sé an baile i gcónaí.
Leis an mbaile mise inniu.
Leis an mbaile i gcónaí, Peadar.
Tá sé as baile inniu.
An mbeidh sé i bhfad as baile?
An bhfuil sé i bhfad as baile — an bhfuil sé i bhfad imithe óna theach
4.
a.
+–
Ba chóra dhuit fanacht sa mbaile — ba chóra dhuit fanacht as, nó gan a dhul ann (ag imirt chártaí; duine a dhul isteach, nó mámh a chur san áit nach mbeadh aon iallach air é a chur)
Tuilleadh glugair agat! Breá nár fhan tú sa mbaile! — breá go ndeachaigh tú ann!
TUILLEADH (14) ▼
Sin é an gléas ort, agus a fhusacht duit fanacht sa mbaile.
Tá tusa rósháiteach ar fad. Feicfidh tú fhéin go bhfanfaidh tú sa mbaile feadh is mise a bheith réidh leat.
Múinfidh sin thú fanacht sa mbaile aríst! — nuair a buailfí cárta ar dhuine a rachadh isteach nuair nár chall dó é.
Ba chóra dhuitse do sheansheaichtín a choinneáil sa mbaile agus gan a bheith dhá shá isteach faoi fhear cúig.
Ba é do cheartsa fanacht sa mbaile agus gan cur isteach faoin té a bhí folamh.
D'fhan tusa sa mbaile le do bhanríon, agus fios agat, go raibh sé ag gabháil fiche!
Níor cheart dom fanacht sa mbaile le mo shé, dhá dhonacht dhá raibh sé.
Ní fhanfaidh mise sa mbaile ach an oiread le duine. An té a bhfuil pocaide gabhair aige, bíodh sé i lár an aonaigh leis.
Is beag an tsomhaoine dhomsa fanacht sa mbaile ó tharla nach bhfuil aon duine eile ag fanacht sa mbaile.
D'fhéadfá fanacht sa mbaile le do rí, agus fios agat go raibh mé ar an gcúig.
Dhá bhfanainn sa mbaile le mo haon, gheobhainn cúig eile, ach ina dhiaidh a fheictear don Éireannach a leas, adeir siad.
Ba í do chríonnacht fanacht sa mbaile le do dheich an babhta seo. Casadh san áit chontráilte é.
Dhá mbeadh an imirt ag teacht chomh fada liomsa, dar mo choinsias, d'fhanfá sa mbaile le do rí aríst!
Is fada sin ag teastáil uait! B'fhéidir go bhfanfá sa mbaile an chéad uair eile, agus nach mbeifeá chomh sáiteach is atá tú
b.
·
Tá an baile mar a chéile anois — tosach buin. Níl cúig ag imreoir thar imreoir eile.
+–
'Tosach buin is téagair agus an baile mar a chéile' — leagan i gcártaí, agus cluiche nó bun dhá thionscailt as an nua.
Tosach buin é — tosach buin is téagair, adeir sé, is an baile mar a chéile.
TUILLEADH (2) ▼
Tosach buin is téagair, aríst é, agus an baile mar a chéile.
Chreidim go bhfuil sé ina thosach buin is téagair agus an baile mar a chéile aríst.
5.
+–
Fágadh sa mbaile é — cuireadh é sa reilig.
Ní raibh sé sa mbaile ariamh go dtí anocht — an duine bocht — déarfaí seo an oíche a gcuirfí duine.
TUILLEADH (14) ▼
Ná bac le Deaideo níos mó a leainbhín. Tá sé sa mbaile.
D'fhága muid sa mbaile é — an créatúr. Is gearr go mbí na seanfhondúirí imithe fré chéile.
Fágfar chuile dhuine sa mbaile chomh maith leis, lá eicínt.
Tá sé sa mbaile anocht, tharas ariamh!
Ar fhága sibh sa mbaile an seanfhear bocht?
Tá sé fágtha sa mbaile againn thiar ar an C. Déanfaidh a cholainn créafóg, ach tá a anam bocht ag Dia, agus déanfaidh sé rud maith leis.
Ba í an oíche í, thar oícheantaí an domhain, ar fhága muid M. Ph. Mh. sa mbaile — ar cuireadh é.
Dhá bhfágtaí chuile dhuine sa mbaile chomh fiúntach leis, ní bheadh aon údar casaoide ag na daoine! — bhí neart óil ar an tsochraide!
Tugadh fuadach ghéar na cille dhó gur fágadh sa mbaile é.
D'fhága sibh sa mbaile é? Ach ní móide gurbh fhearr le cuid de na daoine fear a mbeadh siad ag bualadh fóid air! (Gob an chuid deiridh, arae bhí béal na fuaighe ag ligean rud chuig béal na trua)
Is beag le fágtha sa mbaile a bhí an seanfhear nuair a bhí an chlann in árachaigh a chéile, agus chuile dhuine ag strócántacht ag iarraidh a chuid fhéin.
An lá ar fágadh P. Mh. sa mbaile a gortaíodh é.
'Sí an reilig a bhaile feasta, ó inniu amach.
Ní raibh sé fágtha sa mbaile chor ar bith nuair a facthas é.
baile in iontrálacha eile (50+)
+
→
faitíos
Tá sé ina fhaitíos síos an baile inniu, nach dtiocfaidh aon ghráinne plúir níos mó
TUILLEADH (1) ▼
Má thugann tú an tabhairt ort fhéin, agus an snáth feamainne a éirí leat, scoilt go maith í faitíos na heirimisce. Tá fir istigh ar an mbaile seo agus ghabhfaidís síos in do dhiaidh ann, agus dheamhan a dhath carghais a bheadh orthu a tógáil ort. Shéanfaidís go raibh sí scoilte chor ar bith
→
feadhain
Tá chúig tithe déag istigh ar an mbaile, agus níl teach ar an bhfeadhain acu a d'íoc aon phoor rate fós. Is ar a chruachúis dóibh an baile uilig a chaitheamh amach. Ba cheart a íoc mar sin féin
→
fearacht
A fhearacht siúd, bhí aige fanacht sa mbaile agus gan a dhul ann chor ar bith. Ní ann a d'fheil dó: fear pósta agus muirín air
+
→
fearadh
M'anam muise má tá sí sin sa mbaile gur fearadh don phobal í (cuirfidh sí maith ar an bparóiste). Diabhal bréag nach ea. Fágfaidh sí cupla toirtín eile ina diaidh shula n-imí sí. D'éireodh di!
TUILLEADH (1) ▼
Ní fearadh mór don bhaile seo í sin a bheith ann ar aon nós. Hé brí cén dochar a dhéanfas sí, ní dhéanfaidh sí sochar ar bith
→
feáin
Beidh sé isteach agat anois gan mórán achair idir chlár is chuinneog. Tá sin chomh siúráilte agus atá an feáin ar an móin. Níor fhága sé an baile seo ariamh gan a theacht ar cuairt anseo
+
→
fios
Thug sé an tír soir amach air fhéin ag iarraidh fios a fhortúin. Ach ba ghearr go raibh sé sa mbaile aríst agus a leathsciathán briste
TUILLEADH (1) ▼
Níl a fhios sa diabhal (sa tubaiste, sa gcat mara srl.) céard a bhíos sé a dhéanamh sa mbaile mór gach lá
+
Ghabhfainn ar farraige inniu dhá mbeadh fear fobhairne agam, ach sin é an buille. Cá'il an fear fobhairne ab fhiú dhuit a thabhairt leat den bhaile seo. Níl a leithide ann
TUILLEADH (1) ▼
Beidh fear fobhairne ag an sagart sin i chuile bhaile nó is cinniúint air é. Nuair a bheas snaidhm ar bith air rithfidh sé go dtí iad seo go dtuga siad chuile scéala dhó. Is beag an néal ar an ógánach sin!
+
→
focal
Dhá mba leis an sagart a bheadh sé sin ag caint ní thabharfadh sé aon lascainí dhó ach an oiread le fear den bhaile. Níl modh focail aige le aon duine. Is mór an t-ionadh nár mharaigh duine eicínt ariamh é, agus chomh coilgneach agus a bhí an dream siúd timpeall air. Ach is le diabhal mar sin a rithfeadh sé!
TUILLEADH (1) ▼
Tá focal agamsa ar bhuidéal poitín i mBaile na C. le dhá mhí agus ní bhfuair mé fós é
→
foirgthe
Dheamhan neach an aoin istigh ar an mbaile nach bhfuil foirgthe le fliú. Bhuail sé muid tá mí ó shin, ach m'anam go bhfuil muid ag fuasaoid aríst. Níl rud ar bith chomh haiféalach leis. Mura bhfuil ag Dia déanfaidh sé creach shul má stopfas sé.
→
fothair
Bíonn féar agus fothair ansin mar is mínleach ar fónamh é, ní hé sin don spíontán bradach atá anuas anseo. An bhfeiceann tú an baile sin thiar. Dheamhan dhá sheamaide istigh ar a fhuaid. Go deimhin ní talamh féir atá ann
+
→
freagair
Bíonn siad — na J.annaí — ag iarratas i gcónaí! Ba in é a gceird ariamh fhéin. Nuair a bhí mise ar an mbaile sin bhíodh muid sáraithe acu: gráinnín salainn, braon bláthaí, ioscaidín tae, uibhín chirce … M'anam gurb é atá ag féithiú leo muis. Den sonas a achainí, adeir siad, ach den donas a bheith dhá freagairt.
TUILLEADH (1) ▼
Ach meas tú cén chaoi a maireann a bhfuil ag iarraidh a gcodach i nGaillimh chor ar bith? Tá an baile mór foirgthe anois. Foirgthe ceart. Ní ghabhfá dhá choisméig nach mbeadh duine ag dilleoireacht ort. Agus iad chomh spleách chomh anóiteach! Sea agus cuid acu beathaithe bláfar! Ar ndóigh is den tsonas an achainí, ach den donas a bheith dhá freagairt. M'anam an té a thabharfadh aird orthu siúd gur ghearr gurb é mála na déirce a bheadh air fhéin!
+
Tá mé ag imeacht ar fuaidreamh soir ansin ar feadh an lae agus ní raibh mé sa mbaile ag dinnéar ná ceo. Caithfidh an díth céille féin a bheith ann, arsa tusa
TUILLEADH (2) ▼
Cén fuaidreamh atá ort ag imeacht go fánach mar sin. Is beag a bheas de bharr do shaoil agat má lonnaíonn tú sna bólaí seo. Níl pínn dhá saothróidh tú nach gcaithfidh tú aríst. Breá nach dtéann tú abhaile má tá aon bhaile agat?
Cé leis an t-asal fuaidrimh sin atá ar fud an bhaile ó mhaidin — asal a bheadh ar fuaidreamh nó ar strae
Tá fudairnéis ar fud an bhaile seo ó tionsclaíodh an pósadh céanna. Más iad na putaí fhéin iad, níl siad leathshásta a dhul chuig an scoil ach ag caint air, agus ag ceapadh go mbeidh oíche mhór acu.
+
→
fág ar
'Sé an fear is fhearr é le airdeall na mbeathach a fhágáil air, má bhíonn tú fhéin i bhfad as baile
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhágfaidh mé fear ar an mbaile nach mbuailfidh mé — buailfidh mé as éadan iad
→
fág gan
Cén cat mara atá ar an bhfear seo thíos a dhul ag cur an tabhairt sin air fhéin le leasú go barr an bhaile, suas ar seanspíontán fliuch báite, agus neart garrantaí bán de scoth na talúna ansin siar aige. 'Ar ndó sin é: ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur
→
fáideog
Ní fhaca mé aon chruach go hiomaí is mó fáideogaí fuara ná í sin. Tá sí brata leo. Meas tú cérb as a dtáinig siad. Rudaí brocacha iad ar aon nós. Milleann siad an coirce. Nach aisteach an rud le rá leat anois é, ach ní fhaca mé aon cheann de na fáideogaí fuara sin ariamh ar choirce bharr an bhaile. Is cosúil gurb é an talamh a níos iad.
Níl a fhios agam a mbeidh a cuid gruaige chomh fáinneach siúd aici nuair a bheas sí scaitheamh i S. Gh. Bainfear obair aisti ansin. Dar fia is dona an mhalrait aici é, agus an cháil airgid atá uirthi, a dhul ag pósadh isteach ar an mbaile sin
+
→
fáinne
Dhá gcuirtheá an baile fré chéile i bhfáinne anois, ní bhfaightheá aon gharraí i gcomhair fataí is fhearr ná Garraí Dh. Fh. sin agamsa
TUILLEADH (1) ▼
Trí huaire a chuireas siad (na capaill) an cúrsa i bhfáinne sa rása mór i mBaile an Bhriotaigh.
Dheamhan buille ar bith a níos sé sin ach ag máinneáil timpeall an bhaile ag coinneáil chuile dhuine eile ó obair
→
fálach
Chreidim gur fearr dom an citil a fhiuchadh faitíos na fálach thuas. Thiocfadh dóibh seo a bheith isteach pointe ar bith, agus dheamhan is móide, ina leaba sin, a mbeidís isteach go mbeadh an dubh ar an oíche. Ní hionann a dhul 'na bhaile mhóir agus a fhágáil.
+
→
fálróid
Tá dháréag agus píobaire acu ann, agus dheamhan a bhfuil siad in ann boirdín feamainne a chur amach ina dhiaidh sin ach ag imeacht ag fálróid ar fud an bhaile. Nach ó Bh. Fh. a cheannaigh siad roinn fheamainne anuraidh
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan mórán atá dhá fhálróid ag na caoirigh sin muise mar nach mórán talúna atá aige théis a dhíchill le tabhairt le fálróid dóibh. Dheamhan slí do choise de thalamh ar an mbaile sin. Nach bhfuil sé sáinnithe uilig ag mac Bh. Dh. dhó féin. Ach tá mé ag ceapadh go mbíonn cead scoir ag na caoirigh ansin sa ngeimhreadh, mar a bhíodh san áit seo a bhfuil tú ann fadó.
→
fána
Níl leath an chirt leis. Deir siad gur minic a thug tuile fear buile le fána: sin é a fhearacht aigesean anois é. Ní shásódh tada é go dtéadh sé in aghaidh an bhaile uileag, ag déanamh amach go smachtódh sé iad: eisean atá smachtaithe anois
+
→
fánach
Tá bhur gcuid féir ag imeacht go fánach ansiúd thíos cheal claíochaí. Bíonn beithígh an bhaile istigh ann chuile ré solais — go neamhthairbheach díbh fhéin
TUILLEADH (1) ▼
Tá sí pósta ar an mBaile Fánach ansin thiar (baile in aice Chnoc na nAille, an Spidéal)
+
→
fán
Fán fada go raibh air, mura fada ó bhaile a chuaigh sé ag iarraidh mná!
TUILLEADH (2) ▼
Is mór ar chuir a athair sin fán orthu roimhe seo. Bhánaigh sé an baile sin thoir ar fad. Drochthiarna a bhí ann. Ach tá na préacháin ag déanamh neadrachaí ina chuid simléar anois
"'Sé do mhéin mhaith agus do cháilíocht a d'fhága fán orm i bhfad ó bhaile" (as Cuachín Gleanntán Éifinn)
+
→
féar
"Tá féar fada agus fásach i ngleanntán álainn i bhfad ó bhaile" (Cuaichín Ghleann Éifinn)
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sruth agus féar leo an fhad is a bhí siad ar an mbaile seo — deirtear seo amantaí in áit: sruth is gaoth
Ara ná géill do J. Tá sé sin chomh bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás. Nár dhúirt sé liom fhéin an lá faoi dheireadh gurb é an áit a bhfuil an mac ag obair anois ag déanamh céibheannaí i nDúiche Sheoigheach. Diabhal mé gur chreid mé é, agus go ndeachaigh mé dhá inseacht sa mbaile aríst. Rinne siad ball séire dhíom. Céibheannaí i nDúiche Sheoigheach!
Tá féar gortach thuas i mbarr an bhaile — cíb ar éigean; sórt féar beag gann gágach garbh a fhásas ar mhótaí agus ar thuláin ar na barra garbha; glaoitear scaití ar fhéar a bheadh mar é i móinéir nó in áit ar bith (ach ní thabharfaí cíb ar éigean air sa gcás sin); ní thugtar ar ocras é a bhuaileas duine amuigh; sliabh gortach é sin
Tá barr baile anseo againne muis agus is gearr le dhul é. Níl ann fré chéile ach féar gortach. Is fhearr aon phóicín amháin istigh agaibhse le cruth a chur ar bheathach ná a bhfuil de thalamh istigh ar na bailteachaí seo. Tá substaint sa bhféar agaibhse
→
féarlach
An áit sin ar fad a fheiceas tú sceite, bíonn sé tirim sa samhradh agus beithígh agus caoirigh ag an dá bhaile air. Tá binn agam fhéin air. Bíonn féarlach sách blasta air