Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Baile
Uimhir iolraidh — bailte, bailtí, bailteacha, bailteachaí. Bailteachaí go h-iondamhail, nuair nach mbíonn aidiacht ná ainm-fhocal a' bith eile igcuing aige, ach má bhíonn bailtí é, "na bailteachaí atá thart annseo", ach "bailtí móra", "bailtí cuain"
1.
a.
roinnt tighthe abuil a chéile; réimse áithrid, nó roinnt áithrid ar a' dúithche, ar a' bpobal nó ar a' tír. Tá sé i mór chuid ainmneacha áiteachaí i.e. Baile Logán, Baile Láir, Baile na h-Aille, Baile an Lócháin, Baile Bán Áth Cinn, Baile na Féasóige, Sean-Bhaile Óithre, Baile Nuadh Óithre, Cnoc a' tSean-Bhaile, Leath-Bhaile, An Baile Bacach etc. Chialluigh "baile" dá réir seo limistéar áithrid sa Sean-Reacht, suas a's anuas le chúig chéad acra Éireannach. Glaoidhtear "leath-bhaile" anois, go minic, ar leath an bhaile fearainn, nó ar chúinne, ar thóin, nó ar scair dhe, a bheadh dealuighthe amach ó'n gcuid eile. Tá tuairisc "na sean-bhailte" ag imtheacht i leaba a chéile, de réir mar tá forás, a's cairthiú a' teacht ar na "bailte nuadha".
+
Baile an-chuimseardha é = na tighthe cruinn idteannta a chéile, a's gan iad scaipthe chor a' bith.
Baile an-scaipthe é. Is buan a' píosa é, ó íochtar a' bhaile go h-uachtar a' bhaile.
TUILLEADH (16) ▼
Baile an-aistreánnach é
Baile an-choimhneasach é = tá cóngar bóithrí, traentacha a's eile ann (Achréidh — cóimhneasach).
Baile aerach, plúchtaighthe, gleannach, achrannach, cumhang, deiseamhail etc é.
Baile réidh rosach é an S. = baile nach bhfuightheá mórán cuntanáis ann, mara mbeitheá indon cur ar do shon féin, a's tú teann in airgead, i riocht's nach mbeitheá tuilleamach ar aon-duine (féach "réidh")
'Is deas an baile an baile seo;Is deas an baile a mbímse; Is deas an baile 'chuile bhaile; Ach Claidhneach glas na bhFaochan' (ceathramha d'amhrán)
Tá broscán mór tighthe ar a' mbaile sin.
Tá na tighthe anonn 's anall ar a' mbaile sin.
Níl eolas na mbailteachaí sin agham chor a' bith.
Tá go leor tamhnóga a's mion-bhailteachaí thart annsin, nach bhfuil fhios aghamsa chor a' bith.
Níl garruidhe ceart cuir a' gabhail leis a' mbaile céadna ó thula go fairrge.
Níl muinntear na mbailte seo réidh leis a' gcur fós.
Tá ordláimh (urláimh?) ar a' mbaile fré chéile anois aige. Taoiseach mór é (féach "taoiseach").
Níl aon-teach istigh ar a' mbaile nar shiubhail sé, a's chinn air tada a fhaghail in a dheidh sin.
Ná samhluigh an baile sin liom thar aon-bhaile. Fhobair go bhfaghainn bás leis an ocras istigh in a cheartlár, a's ní fhaca mé an té a thairgeochadh braon tae dhom 'na dheidh sin.
Daoine dona atá ar na bailteachaí seo.
'Chaoinfeadh mná na mbailte sib, a gcaraid a's a ngaoil'; An fhad a's chuaidh a 'gcharactér' go raibh a n-anam ag na Naoimh' (as 'Amhrán na Trágha Báine')
+
'mbeidh tú a' (d)ul barr a' bhaile anocht?
Bhí muinntear bharr a' bhaile ar cuairt aghainn aréir.
TUILLEADH (8) ▼
Tá mé 'ceapadh gur suas go dtí tighthe bharr a' bhaile a chuaidh sé.
Sa tóin thiar de'n bhaile atá comhnuidhe air.
Tá sé soir go maith idtóin a' bhaile — teach ceann-tuighe a's an bhinn leis a' mbóthar.
Níl fad méire de roithleán istigh ar shlata an bhaile, ó briseadh roithleán Mhuinntir Ph.
Cuirtear páistí gan baisteadh i gclaidhe teorann a' bhaile.
Níl sé idir dhá chlaidhe teorann a' bhaile seo ar chaoi ar bith.
Tá sé ar éigin taobh thall de chlaidhe teorann a' bhaile.
Beidh fhios ag a' mbaile é, má chloiseann sé sin aon-cheo faoi.
+
'Fear imbaile nó baile i bparáiste' = milleann cuilíneach amháin tréad.
Ní beag de bhaile a' bith anglóir amháin. 'Fear imbaile a's baile i bparáiste' adeir siad.
TUILLEADH (8) ▼
Chuirfeadh fear imbaile an baile thrídh 'na chéile. Chuirfeadh, a's dhá chrích Mhuire, nuair a bheadh oiread de'n chatmara air, a's go mbeadh sé 'cothú achrainn i gcomhnuidhe.
'Níl tréad a' bith gan cuilthíneach' adeir siad, a's níl baile a' bith gan fear eicínt a mbeidh an ballséire air.
Tá'n baile ina dhá mhuinntir ag a' diabhlánach sin siar. Marach eisean, b'fhurasta ceart a bhaint de'n chuid eile, ach cé beag a dhonacht' arsa tusa.
Ba bheag an ollóid an baile seo dhá chéile, gur casadh a' stolcáinín sin isteach ann. Anois, tá'n baile in 'árachaí 'chéile 'chuile ré soluis.
Tá'n baile in a bhruidhin chaorthann, ó phós sí sin isteach ann. Rúisc bhradach, bhréagach í, a's tá cúl a cainnte léithe, le 'chuile dhuine.
Ba baile socair suaimneach é seo roimhe seo. Ach dheamhan iabh a' bith anois orrab (i.e. ar mhuinntir a' bhaile) ach in éadan a chéile, hébrí cé'n catmara a bhuail chor a' bith iad, le goirid.
Tá dhá cheann a' bhaile in aghaidh a chéile anois.
Níor mhinic leis a' mbaile céadna a bheith ar a mhaltraid — ach a' troid.
+
Buail amach faoi'n mbaile = ar fud an bhaile.
Tá sé imthighthe amach in áit eicínt faoi'n mbaile.
TUILLEADH (3) ▼
Gheobha tú amach faoi'n mbaile é, má tá tú dhá lorg.
Níl sé faoi bhaile, in áit a' bith = níl sé in aice an bhaile in áit a' bith.
Tá sé in áit eicínt ar fud an bhaile; tá sé áit eicínt thart faoi'n mbaile.
+
Is cumasach a' baile bréag é an baile céadna.
An-bhaile achrainn ariamh fhéin é.
TUILLEADH (1) ▼
Sin é fhéin baile na ballséire (nó "an baile le ballséire") = baile míadhásach, baile aistreánnach, do-shiabhalta; baile nach bhféadfaí aon-cheart a bhaint de'n mhuínntir a bheadh ann.
+
Baile gann gortach é, Baile na C. D.
Baile gann gortach é an baile céadna 'chuile lá ariamh.
TUILLEADH (1) ▼
Baile gann gortach Bh! Sin é an baile, ar chuma 'r bith, 'mara dtuga tú leat arán an lá a dteigheann tú ann, go mbeidh tú an lá sin, i do throsca'.
+
Baile na gorta = baile gortach, mío-ghnaoidheamhail, nó baile beo bocht dona. (Gortan an tuiseal geineamhnach ar ghorta sa gcéill seo. Tá sé fós sa leagan "béal na gortan", ach tá'n n dá tligean go mór sa gcainnt)
Sin é fhéin baile na gorta(n). Ní thiubharfaidís greim ná deoir do dhiathshúlach ariamh, marar thug Cáit seo thiar aon-sciorta de'n fhéile léithe ann (Pósadh Cáit ann go goirid roimhe sin).
TUILLEADH (9) ▼
Tuige a dtaobhochainnse baile na gorta(n)
Bheinn thart d'uireasba fir muis, lá a bpósfainn fear as baile na gorta(n) s'agaibhse.
Má chastar muinntear bhaile na gortan aniar chugainn, is gearr le dhul orra(b) an méid sin. D'íosfaidís siúd an t-Ádh Mhuimhneach
Is fada soir a bheadh sí gabhail go dtí baile na gortan (bean a samhlóchthaidhe pósadh leithe imbaile eicínt a bhí igceist a bheith bocht)
Ní mór dhuit thú fhéin a shacadh go maith (i.e. le beatha), má's leat bualadh soir go dtí baile na gortan sin thoir.
Céard a chas go baile na gortan tú?
A' mbeadh fhios aghad beo ná baistighe, cé'n catmara a bhí uirre, an chéad lá ariamh a ndeacha sí isteach ar bhaile na gortan céadna (bean a phós indroch-bhaile).
'Sí a chuir í fhéin in adhastar an anró, an lá ar thaobhuigh sí baile na gortan céadna.
Ní fearr dhuit a' bith é, ná 'bheith dealuighthe amach as baile na gortan sin thiar.
+
Baile i bhfad siar = baile atá siar amach; áit an-fhada siar ar fad; áit nach mbeadh ann chor a' bith. Ar a' gcóir chéadna deirtear "baile i bhfad síos", nó "baile i bhfad suas".
As baile i bhfad siar é = strainséara nach mbeadh fhios cérb as é, ach gur aniar amach in áit eicínt é.
TUILLEADH (4) ▼
Tá sé chomh fada siar le baile i bhfad siar.
Bhí mé chomh fada le baile i bhfad siar (freagra a thiubharfaidhe ar dhuine caidéiseach a d'fhiafróchadh dhíot, cá'ide siar nó síos a bhí tú, a's gan aon-fhonn ort aon-tsásamh a thabhairt dó).
As baile i bhfad síos mé = freagra abartha ar dhuine a chuirfeadh caidéis ort cérb as thú.
As baile i bhfad siar é, sílim!
+
Anois céard a deir tú le Gaillimh, a's gan ann ach baile beag = deirtear seo, dá ndéanadh gasúr rud groidhe eicínt, nach mbeadh aon-tnuthán agad leis, uaidh, nó dá mbeadh gasúr sean-órdha thar 'aois, nó sean-órdha in a chuid cainnte; nó dá ndéanadh nó dá n-abruigheadh duine a' bith rud eicínt, nach samhlóchthá le na cháilidheacht.
Ar chuala tú céard dubhairt a' putach sin? Anois céard' déarfá le Gaillimh, a's gan ann ach baile beag!
TUILLEADH (6) ▼
Diabhal a' féidir go ndearna Seán cleas chomh tútach sin! Anois céard [deir] tú le Gaillimh a's gan ann, ach baile beag!
'Nois céard deir tú le Gaillimh a's gan ann ach baile beag? A Thighearna Dé, sé'n duine deireannach é, a ndéanfainn a leitheide de rud a shamhailt leis!
'Raibh tú ag éisteacht leis a' gcainnt a chaith an páiste sin. Anois céard a déarfá le Gaillimh, a's gan ann ach baile beag'.
Dheamhan baoghal air, a bheith ag ól! Anois céard deir tú le Gaillimh, a's gan ann, ach baile beag!
Ní leagfainn air sin é, thar aon-duine sa tír. Anois, céard deir tú le Gaillimh, a's gan ann, ach baile beag!
Dheamhan a' gcreidfinn ó bhéal a' tsagairt gurb é a rinne é, marach go bhfaca mé le mo dhá shúil fhéin é! Anois céard a déarfá le Gaillimh a's gan ann ach baile beag! Ach cá bhfágfadh sé é? Dheamhan lá ariamh, nach raibh a dhreám luath-lámhach (tugtha do'n ghaduidheacht).
b.
Baile mór = baile a bhfuil méid chothrom ann; mar Ghaillimh, Baile Átha an Ríogh etc.
+
Níl aon-duine istigh imbaile mór na Gaillimhe, is fearr saoghal ná é.
Gheobha tú aer bailte mór uaidh.
TUILLEADH (10) ▼
Is breagh an rud do dhuine a dhul ar aer a' bhaile mhóir, corr-uair.
Is suarach an áit do dhuine a bheith istigh ar shlata an bhaile mhóir, a' breathnú uaidh.
Phós sí istigh ar chluais an bhaile mhóir = i bhfoisceacht mbeannuighe Dia do'n bhaile mór, 'sna 'Líbertí'.
Níl i nGaillimh, ach púirthín siogán (seangán) le h-ais bailte móra eile.
Muise ní baile mór é, ná píosa ar thóin baile móir = níl fairsinge a' bith ann.
Sin é fhéin an baile mór eile = ní baile mór chor a' bith é, nó má's eadh, is baile mór suarach é.
Bhí brothtuinn a' bhaile mhóir a' rith 'na dhiaidh. (féach "brothtuinn").
Má tá mise beo, sin fear a chaith tamall in a stucaire coirnéil imbaile mór.
Tá béasaí an bhaile mhóir anois aige.
Tá'n baile mór an-phlúchtaighthe, le bheith cuibhrighthe istigh ann igcomhnuidhe.
+
'Ní h-ionann a dhul do'n bhaile mór, a's é fhágáil' (sean-fhocal) = baineann moill de dhuine dhá bhuidheachas, ar a dhul do'n bhaile mhór dhó.
Bail ó Dhia ort! a bheith sa mbaile ag a' ceathair a chlog! Ar chuala tú ariamh é: 'ní h-ionann a dhul 'na bhaile mhóir, a's é fhágáil.'
TUILLEADH (2) ▼
Shíl mé nach ndeanfainn de mhoill, ach feadh's mé an ceap a fhaghail, ach chinn orm imtheacht uaithe. Ó deir siad 'nach h-ionann a dhul do'n bhaile mór a's é 'fhágáil.
Nach éasca leat a theacht abhaile! Deirimse leat nach h-ionann a dhul 'na bhaile mhóir, a's é fhágáil.
+
'Fear gan airgead imbaile mór, is olc a' lón dó goile géar' (sean-fhocal) = is olc a' rud de dhuine goin ocrais dhá bhualadh sa mbaile mór, má tá sé ar phócaí falamha.
Bhuail goin ocrais mé, ach céard d'fhéadfainn a dhéanamh. 'Fear gan airgead i mbaile mór' a mhic ó 'is olc a' lón dó goile géar'.
TUILLEADH (6) ▼
Bhí mé 'mo bhambairne; ó chaill mé mo chuid airgid. Bhuail ocras mé, ach ní rabh fhios agham, cá dtiubhrainn m'aghaidh. 'Fear gan airgead i mbaile mór, is olc a' lón dó goile géar' — is olc sin'.
Chomhair mé a raibh agam — bonn a's leithpighinn. 'Is gearr orm an bonn a's leithphighinn seo' arsa mise liom péin, a's sin é an uair a chuimnigh mé ar an rud adeireadh M. Th. 'ndéana Dia maith air: 'fear gan airgead imbaile mór, is olc a' lón dó goile géar'.
Dhá mbeinn ar mo bhealach abhaile, gheobhfainn duine eicínt a ndéanfainn teanntás air, le greim le n'ithe a thabhairt dom, ach 'fear gan airgead imbaile mór, is olc a' lón dó goile géar'.
Cé'r chás dom é, dhá mbeadh luach brioscaí fhéin agham, ach dheamhan cianóg ruadh a bhí a' gabhail liom, a's mo shean-eire ocrais orm. A's deirimse leat gur deacair a' sean-fhocal a shárughadh: 'fear gan airgead imbaile [mór] is olc a' lón dó goile géar'.
Ní bheadh clóic a' bith ar dhuine amach faoi'n tuaith, ach a' té a thiocfas 'na bhaile mhóir, tugadh sé lón nó costas leis ar mhaith leis fhéin, arae mar adeir a' fear fadó: 'fear gan airgead imbaile móra, is olc a' lón dó goile géar'.
Dheamhan áit níos gortaighe ná slata na Gaillimhe ag a' té, nach bhfuil lón nó costas aige! 'Fear gan airgead imbaile mór, is olc a' lón dó goile géar'.
+
Nach hé an 'bligeáird' baile mór ceart críochnuighthe é (sé'n bligeáird (blackguard) baile móir an fíor-bhligeaird, dar le lucht na tuaithe).
Is geall le 'bligeáird' baile móir ag imtheacht anois é.
TUILLEADH (3) ▼
Mhúinfeadh sé 'bligeáirdeacht' anois do 'bhligeáird' baile móir.
Diabhal mé go mbeadh puinntí gnaoidheamhlachta imbligeáird baile móir fhéin, ach maidir leis sin, fág as margadh ar fad é.
Ní áirge mhór muise, d'aon-bhaile mór é siúd. Múinfe sé brainnsí bligeáirdeachta do na 'bligeáirds' is measa ann.
c.
Sráid-bhaile = baile beag a mbeadh siopaí, tighthe ósta, séipéal, teach posta etc. ann. Go h-iondamhail bíonn sé taobh le aon-tsráid amháin.
d.
Baile margaidh = tugtar ar shráid-bhailte nó ar bhailte móra é, 'mbeadh margaidhthe ionnta, le freastal ar a' tuaith faoi gcuairt díob.
e.
Baile cuain = caladh tráicht; baile mór chois cuain; sráid-bhaile chois cuain.
f.
Ar ghort a' bhaile: in aice láithreach; buailte orainn; go goirid; go h-aibéil; a' tarraingt orainn; ionann's "ar a' talamh.
+
Ní baileach go raibh mé inGaillimh, ach bhí mé ar ghort a' bhaile aige, nuair a tháinic an bháisteach.
Níl sé imBaile Átha Cliath fós, ach ba cheart dó a bheith ar ghort a' bhaile aige (n)óiméad a' bith feasta. Cheithre h-uaire a bhío(nn)s ar a' traen a' dul suas.
TUILLEADH (7) ▼
Ní aireocha tú an chuid eile de'n aistear. Támuid ar ghort a' bhaile anois.
Ba mhór ab fhiú dhuinn, gur choinnigh sé ó'n mbáistigh, go raibh muid ar ghort a' bhaile.
Is aisteach an áit ar buaileadh suas é, a's é ar ghort a' bhaile = thug sé uaidh, (nó ní raibh sé indon a dhul ní b'fhuide le ocras, sliabh gortach, tuirse etc.) a's é ionann's sa mbaile.
Níor bhuail a' t-ocras mé go raibh mé ar ghort a' bhaile.
Bhí an ghealach agam, go raibh mé ar ghort a' bhaile.
Níor buaileadh suas an 'bicycle' orm go raibh mé anoir ag B. an D., a's níor chás a' bith dhom é, ó bhí mé ar ghort a' bhaile.
Tá sé in am aghainn a bheith ar ghort a’ bhaile feasta' adeirim fhéin. 'Tá moill ort' adeir seisean. 'Dheamhan mórán le leath bealaigh fós muid'.
+
Tá'n Nodlaic ar ghort a' bhaile aghainn anois. = is gearr go mbí sé ina Nodlaic; is goirid go dteaga an Nodlaic.
M'anam ó Dhia, go bhfuil lá (fhei)l' Pádraic ar ghort a' bhaile, a's gan tada de'n Earrach déanta aghainn fós imbliadhna.
TUILLEADH (11) ▼
Tá na Rástaí ar ghort a' bhaile anois.
Is gearr 'aireochas muid an geimhreadh a' sciorradh isteach anois. Nach bhfuil lá Samhna ar ghort a' bhaile aghainn!
Tá'n Bhealtaine ar ghort a' bhaile cheana, a's gan spreab ithreach spréidhthe fós. (gan gráinne coirce nó arbhair curtha. Ithir nó luirg a tugtar ar thalamh a raibh fataí ann an bhliadhain roimhe sin. Is ann a cuirtear coirce nó arbhar i gcomhnuidhe i gceanntarachaí nach mbíonn treabhadh a' bith. Fágtar iomrachaí nó gearrógaí na bhfataí in a seasamh thar geimhreadh, sin nó múchtar an talamh, cé's moite de chaolóidín, a cuirtear isteach ar a' gclaise aríst [do] chur an choirce).
Tá sé thar am a bheith 'stócáil. Tá'n t-Earrach ar ghort a' bhaile.
Nar ba slán ceoil duit, a éinín! Níor chuala mé ariamh thú, go mbeadh a' t-Earrach a's an chruadhóg ar ghort a' bhaile (fear a raibh drugal air, roimh an Earrach).
Tá'n 'pátrún' ar ghort a' bhaile aríst.
Crap do chuid féir, maran leat amlughadh a thabhairt dó. Tá'n braon ar ghort a' bhaile.
Má tá sí ar ghort a' bhaile fhéin, tá sé in am sin aice. Is fada an tiormach é lé sé seachtmhainí sa lá indé (báisteach).
Tá sí ar ghort a' bhaile anois = bó a mbeadh a h-am ionann's caithte.
Mara 'bhfuil a h-am istigh, tá sé ar gort a' bhaile aige = mara bhfuil a h-am caithte, tá sé 'fhoisceacht mbeannuighe Dia dhó.
Is gearr gurab é an foghmhar é: tá sé ar ghort a' bhaile againn.
g.
Los a' bhaile féach "[los]]").
h.
2.
teach, árus, áit chomhnuidhe.
+
Cé'n áit a bhfuil a bhaile = cá gcomhnuigheann sé?
Thuas annseo atá mo bhaile-sa.
TUILLEADH (7) ▼
Níl aon-bhaile aige — an duine bocht —ach ag imtheacht roimhe mar sin.
Níl aon-bhaile aige le dhul ann.
Is gearr nach mbeidh aon-bhaile agaibh, mara dtuga sib aire dhó, thar mar tá sib a thabhairt = is gearr nach mbeidh teach ná talamh ná tada eile agaibh, mara dtuga sib áirde ar a' ngnaithe a's ar a gceann-oibre.
Dheamhan baile aige, anois, ach baile dona = is suarach le rádh an teach nó'n áit chomhnuidhe nó'n talamh atá aige anois; nó duine a bheadh a' gabhail thart ar aimsir, a's a' baint scathamh amach is chuile áit.
Is fada an lá gan baile é.
Níl go dona ann, ach a' té atá gan baile anocht (droch-oidhche).
Is mairg a bheadh gan baile, leithide na h-oidhche anocht.
+
Níl baile ná teaghlach aige; Níl baile ná teach aige.
Deamhan teach ná baile a thaobhuigh sé ó mhaidin.
TUILLEADH (3) ▼
Is cuma leis siúd céard a dhéanfas teach ná baile, talamh ná tráigh.
Dhá mbeadh suím in a theach ná in a bhaile aige, ní ag imtheacht ar a' mbóithreoireacht sin a bheadh sé.
Dheamhan suím suip aige idteach ná imbaile.
+
'Bhfuil sé i bhfad ó d'fhága tú an baile (teach comhnuidhe, lóistín).
Is gearr fágtha an baile mé = is gearr ó d'imthigh mé as mo theach fhéin.
TUILLEADH (4) ▼
'Bliadhain sa taca seo a d'fhága mise an baile; a's a d'imthigh mé ó mo mháithrín' (líne d'amhrán).
Níl stró a' bith ort, go bhfága tú an baile, ach sin é an uair 'aireochas tú an Béarla.
Ná fág an baile anocht.
'Fágfa mise an baile seo, mar tá sé in a chíor-thuaithbhil; A's leanfa mé mo ghrádh fhéin is gach áit dhá bhfuighe mé a tuairisc'
+
Níor fhága sé an baile = rud a bheadh ar iarraidh, ach nach bhféadfadh a bheith i bhfad ó láthair.
Tóruighidh an casúr dhom. Dar ndóigh níor fhága sé an baile.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé in áit eicínt. Níor fhága sé an baile.
+
Déan do bhaile de'n áit seo anois = ná bí cuthal ná coimhthigheach ná déan droch-einneach ort fhéin.
Is fhearr duit do bhaile a dhéanamh de'n áit a bhfuil tú anois, go maidin.
TUILLEADH (2) ▼
Bainfidhear as do chleachta annseo thú. Ní sheo é an baile chor a' bith agad.
Caithfe tú theacht le na bhfuighe tú annseo. Ní sheo é an baile chor a' bith aghad.
3.
a.
+
Is gearr ó bhaile 'bhí sé, a's a bheith ar ais aríst
'Bhfeiceann tú B. annsin thoir, a's is gearr ó bhaile é, a's dheamhan a mbeadh fhios ag an aos óg céard a bheitheá 'rádh dhá dtosu(ghth)eá a' Gaedhilgeoireacht leo(b). = níl sé ibhfad as an áit seo.
TUILLEADH (11) ▼
Is gearr ó bhaile Gaillimh, a's dheamhan a raibh mé ann le mo chuimne cínn.
Is gearr ó bhaile an C. annsin thiar, a's dheamhan a dtiocfadh aon-duine a' siubhal dhá chois ann anois.
An fear adubhairt é sin, liom, tá aithne agad fhéin air: is gearr ó 'bhaile é.
Is gearr ó bhaile 'chuaidh sé ag iarraidh mná. Níor fhága sé béal a dhoruis fhéin. Ach deir siad 'pósadh ar a' gcárn aoiligh, a's do bhó a dhíol i bhfad ó bhaile'.
Is gearr ó bhaile é, má tá tú dhá iarraidh.
Is gearr ó bhaile chor a' bith M. Mh.
Is gearr ó bhaile an bhean adubhairt liom a' méid sin.
Is gearr ó bhaile a thiocfas mé, nó's cinneamhaint orm é.
Is gearr ó bhaile an mhóin, má tá fonn uirre a dhul 'na coinne.
Is gearr ó bhaile chor a' bith an abhainn.
Is gearr ó bhaile a bhí air a dhul, marach corp díomhaontais, a's leisce.
+
Tá sé imthighthe ó bhaile (ó'n mbaile freisin) indiu; tá sé ó bhaile indiu.
Cuireadh scéala ó'n mbaile chuige.
TUILLEADH (9) ▼
Tá sé achar ó bhaile = píosa maith bóthair tá sé scathamh beag ó bhaile.
Tá sé an-achar go deo ó bhaile anois.
Ní raibh mé achar a' bith ó bhaile, nuair a chlis sé orm (an rothar).
Ní mian leis a dhul mórán achair ó bhaile.
Hébrí cé'n t-achar a bhí mise ó bhaile, dheamhan a raibh tusa an t-achar sin fhéin.
Má's ag iarraidh mná atá sé, níl call dó a dhul mórán ó bhaile.
Is deas a' coisméig ó bhaile anois é.
Ab shin é 'bhfuil sé ó bhaile?
Ní raibh mé chomh fada ó bhaile, (ó láthair) a's nach gcloisfinn thú, dhá nglaoidhteá orm.
+
Is fada ó bhaile a thug a chosa é!
Nach fada ó bhaile thug do chosa thú — siar Casla.
TUILLEADH (20) ▼
Níl a' té sin ibhfad ó bhaile chor a' bith.
'Tá féar fada a's fásach ingleanntán áluinn i bhfad ó bhaile.; A's cuaichín Ghleanntán Éifinn nar fhéad mé ariamh a mealladh'
Mara bhfagha sé aon-bhean i bhfad ó bhaile, dheamhan duine a gheobhfas sé sa ruta seo, anois.
Mara mbeadh fear i bhfad ó bhaile ann go díreach, dheamhan duine eile a bhuailfeadh fúithe.
Is glas iad na cnuic i bhfad ó bhaile; is glas iad na cnuic i bhfad uainn, ach ní féarmhar; bíonn adharca móra ar na beithidhigh i bhfad ó bhaile.
Is fearr i bhfad ó bhaile é.
Má's i bhfad ó bhaile nó ingar do láthair é, 'sé'n cás céadna liomsa é: ní thaobhócha mé é.
Tá sé idtír eicínt i bhfad ó bhaile.
Níl tuairisc ná fáisnéis air, le na cianta: d'imthigh leis go dtí tír eicínt i bhfad ó bhaile.
Austria! — ab shin ceann de na ríoghachta i bhfad ó bhaile?
Fan i bhfad ó bhaile, go leige sé siúd faoi, nó má bheireann sé ort, dheamhan deoir a fhágfas sé ionnad.
Ní i bhfad ó bhaile a bhí muide, dhá mbeadh fonn air cuireadh a thiubhairt dúinn.
Is fada ó bhaile indiu, an té a rinne í sin — tá sé thall i gCalifóirne.
Is olc a' lá é ag a' té atá i bhfad ó bhaile.
Is fada ó bhaile a thiocfadh duine, nuair a bhuailfeadh meanmna mná é = thiocfadh duine aistear fada, nuair a bheadh fonn suirghe air.
Is fada ó bhaile an áit chéadna = áit aistreannach; áit a bheadh iargcúlta nó isteach faoi'n sliabh, nó ibhfad ó'n mbóthar, nó ó bhualadh na ndaoine.
'Bhfuil sé an fhad sin ó bhaile?
Ní rabh fhios agham go raibh sé chomh fada (sin) ó bhaile.
Ní raibh mé fad coisméig coiligh ó bhaile ariamh.
Cá bhfuighead sé gus a bheith ann, a's nach raibh sé fad coisméig coiligh ó bhaile ariamh
+
Nach fada ó bhaile a chuaidh sé (scéal a bheithidhe ag iarraidh a choinneál ina rún, a's scaipfeadh sé ina dhiaidh).
Níorbh fhiú dhi a dhul chomh fada ó bhaile leis, scáth a raibh le n-innseacht aice (scéal a d'innseochthaidhe, nó a leigfidhe amach, scathamh ó bhaile).
TUILLEADH (3) ▼
Is fada ó bhaile a chuaidh an tsiomóid (seamóid? = ráfla) sin fhéin.
M'anam gur fada ó bhaile a chuaidh an bhréag sin = scaipeadh í, i bhfad, a's ingearr.
Chuaidh a cháil is 'chuile áit i bhfad ó bhaile.
+
Cáid ó (cá fhad ó; d caol in fhad i gcomhnuidhe) bhaile 'bhí tú = cé'n t-achar; nó cé mhéad míle nó cé'n áit.
Cá'id a chaith tú ó bhaile? = cé mhéad aimsir a bhí tú imthighthe.
TUILLEADH (4) ▼
Cá'id ó bhaile a bhí tú, nuair a tháinic an bháisteach ort? Freagra — míle ó bhaile, dhá mhíle ó bhaile, tamall maith ó bhaile, achar deas ó bhaile; ní raibh mé achar a' bith ó bhaile; ní raibh mé an fhad seo a's an Chloich Mhóir ó bhaile etc.
'Bhfuil i bhfad ó bhaile oraibh go dtí an mhóin? = 'bhfuil oraibh a dhul i bhfad ó bhaile i gcoinne na móna.
Cá'id ó bhaile atá oraibh go dtí teach a' phobail?
'bhfuil sé i bhfad ó bhaile = bhfuil sé i bhfad bealaigh ó'n a theach
+
Bíonn smideannaí beaga ag duine i bhfad ó bhaile.
Is bocht a' chaoi é, i bhfad ó bhaile.
TUILLEADH (6) ▼
Is beag (d)e mhúineadh thú i bhfad ó bhaile.
Níorbh ait leat fhéin an droch-cheann a chaitheamh leat, i bhfad ó bhaile.
Bíodh béal marbh agad i bhfad ó bhaile = ná h-abair tada ar fhaitchios go gcuirfí ort.
Nach beag 'fhaitchios atá ort i bhfad ó bhaile.
Ba beag de'n ghlaodhmaireacht sin a bheadh air, i bhfad ó bhaile.
Ní ceird a' bith í sin de dhuine i bhfad ó bhaile, a's gan fhios aige, faoi thalamh an domhain, cá mbíonn sé 'cainnt, nó cé 'bheadh ag éisteacht leis.
+
Dia dhár réidhteach, i bhfad ó bhaile (cineál leath-fhocail: déarfaidhe in áit a' bith anois é, nuair a bheadh duine in an-chaoi ar chuma eicínt, ach is cosamhail, gur lucht bóthair a's bealaigh a thionnscail é an chéad uair).
Dia dhár réidhteach, arsa tusa, i bhfad ó bhaile.
TUILLEADH (2) ▼
Dia dhílis dhár réidhteach i bhfad ó bhaile.
Dia dhár réidhteach! I bhfad ó bhaile, a's gan aithne aghainn ar aonduine.
·
Óchón ó, i bhfad ó bhaile! adéarfadh duine dá mbeadh tuirse, codladh nó tinneas air in áit chuideáin.
b.
Sa mbaile: ag do theach nó t'árus, nó in t'áit chomhnuidhe. ("Ar a' mbaile", "sa mbaile". Cialluigheann "sa mbaile", sa teach 'san árus, nó ar fud a' bhroscáin tighthe atá i gceist i.e. "níl sé sa mbaile indiu"; "ní chomhnuigheann sé sa mbaile seo ar aon-nós". Maidir le ar baintear leas as, le suidheachan nó ceann ar leith a shonnrú i.e. "níl fear ar a' mbaile, nach bhfuil imthighthe"; "Tá sé idteach eicínt ar a' mbaile".)
+
'Bail ó Dhia ort, a Sheáin; Is deas a d'íosfá ceaille'; 'D'íosfainn maith go leor; Dhá mbeadh mo bhean sa mbaile' (Rann adeirtear do pháistí).
Cá'id a bheidheas sa mbaile agad?; cá'id a gheobhfas tú sa mbaile?; cé'n scíth a bheidheas agad sa mbaile; cá'id a chaithfeas tú sa mbaile? = duine ar scíth ó choláiste, ó Ameriocá etc.
TUILLEADH (11) ▼
Cá'id a bheidheas aige sa mbaile, anois.
Is beag is ionann é le bheith sa mbaile = is fhearr a' baile ná é.
Thuit dom a bheith sa mbaile roimhe = thárla dhom etc.
Is gearr a bhí sa mbaile aige, chor a' bith faoi'n Nodlaic = is gearr a' scíth a fuair sé.
Ní bheidh aon-lá sa mbaile aríst agham, go Cáisc.
Tá sé 'cothú sa mbaile i gcomhnuidhe anois = tá sé síorruidhe sa mbaile.
Is mór a' t-iongnadh nach n-eireochadh posta eicínt leis, fharrus a bheith sa mbaile.
Dhá gcloiseadh a' dream atá sa mbaile é seo, chuirfeadh sé a sáith iongantais orra(b) = an dream atá sa ruta ar b'as muide
'B’fhearr liom sa mbaile in aice mo ghaolta; A' síor-dhéanamh grínn, a's a' bréagadh ban óg; Ná a cómhrádh leatsa a chailleach na bruidhne; A bhío(nn)s in do shuidhe 'san oidhche, a's do chodladh sa ló' (As amhrán — "Cnoc Leitir Móir").
D'iagcóir Dé dhuit, nar fhan sa mbaile.
Níl sa mbaile anois, ach mac amháin = mac amháin atá sa teach anois; tá'n chuid eile imthighthe nó a' saothrú, nó pósta.
+
Tá sé fanta sa mbaile anois (i.e. ó'n scoil) = scuireadh de'n scoil.
Is gearr go bhfana mé sa mbaile ar fad.
TUILLEADH (6) ▼
Ar a' dá luath a's a mbeidh mise cheithre bliadhna déag fanfa mé sa mbaile.
B'éigean duinn é 'choinneál sa mbaile ó'n scoil indiu, ingeall ar a' gcruadhóig.
D'fhan sé sa mbaile indiu, a' gort-ghlanadh.
Ní choinneocha muid sa mbaile é, go gcínne orainn.
Deir tú leis, atá ag iarraidh fanacht sa mbaile ar fad anois (i.e. ó'n scoil)
Nach 'bhfuil sé chomh maith dhó fanacht sa mbaile thárla nach bhfuil aon-luighe leis a' scoil aige?
Ag baile = ins a' teach comhnuidhe; ins an árus; sa mbaile.
+
Níl sé leath chomh maith ag baile aige.
Nach gearr a d'fhan tú ag baile.
TUILLEADH (6) ▼
Níorbh fhearr liom áit, dá gcaithfinn tamall, marach nach bhfuil aon-duine ag baile 'mo dhiaidh.
'Bhfuil sé de rún ag duine 'bith fanacht ag baile indiu?
Níl sé ar iomchur agham: d'fhága mé in mo dhiaidh ag baile é.
Má's fíor di fhéin muis, chleacht sí fuigheall na bhfuigheall ag baile.
Is beag a' mhaith dhuinne, céard atá ag baile aghad, mara bhfuil sé agad, annseo.
Tá sé ag a' mbaile ar an aimsir seo.
c.
+
Tá sé gar do bhaile anois = in aice baile.
Mara bhfuil sé gar do bhaile, ní thiocfa mise ina choinne.
TUILLEADH (11) ▼
Bhí mé gar do bhaile, nuair a tháinic a' toirneach.
Tá an múr sin gar do bhaile anois = gar do láthair; is gearr go dtaga an múr sin.
Tá'n toirneach an-ghar do bhaile (nó an-ghar do láthair).
Is gar do bhaile é an ruagán sin (urchar, toirneach, nó fothromán ar bith); níl an ruagán sin i bhfad ó bhaile; níl a' t-urchar sin i bhfad ó bhaile; is gearr ó bhaile an torann sin.
Tá'n toirneach sin an-bhodhar. Chaithfead sé nach bhfuil sí gar do bhaile.
Dhá mbeadh sé gar do bhaile in aon-áit, chloisfeadh sé an t-allar sin.
Phós sí gar go maith do bhaile.
Is gar do bhaile a bhí fód a bháis, aindeoin ar shiubhail sé.
Tá a ghabhaltas gar go maith do bhaile.
Nach gar do bhaile atá an mhóin agaibh?
Nach gar do bhaile a chuaidh sí = bean a phósfadh gar do'n áit ar rugadh a's ar tóigeadh í.
+
Tá'n Nodlaic gar do bhaile anois = is goirid go mbí sí ar fághail; tá sí ar ghort a' bhaile aghainn.
Tá'n Carghaos an-ghar do bhaile = tá sé ionann's ar faghail.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan a' féidir go bhfuil an Fhéil Pádraig chomh gar sin do bhaile, a's gan síol i dtalamh fós aghainn.
Is maith gar do bhaile atá 'n bháisteach anois.
Tá sí gar go maith de bhaile anois = bó a mbeadh a h-am; ionann's thuas nó istigh, nó caithte (bean a bheadh ag iomchur freisin).
d.
+
Níl sé le faghail amuigh ná i mbaile = in aon áit.
Níl a thuairisc amuigh ná i mbaile.
TUILLEADH (6) ▼
Ní bhfuair mé amuigh ná i mbaile ariamh ó shoin é.
Níor facthas amuigh ná i mbaile ó'n lá sin, go dtí an lá indiu é.
Dhá mbeadh sé amuigh ná imbaile, bheadh tuairisc le faghail air, in áit eicínt, ach dheamhan scéal ná scuan faoi ag aonduine.
Ní bhfuair mé dubh ná dath ná tuairisc mo chaoirín amuigh ná i mbaile, ariamh ó shoin. Cneamhaire eicínt a d'árduigh leis í a's a d'ith í. 'D'eile!
Ní feasach mé faoi'n mbogha bán, cá'il sí — amuigh ná imbaile.
Tá sí in áit eicínt amuigh ná imbaile. Níor shluig a' talamh í — níor shluig sin.
e.
+
Bhuail cumha indiaidh an bhaile é, a's tháinic sé aríst in a bhromachán bliadhna.
Cumha indiaidh an bhaile atá air.
TUILLEADH (4) ▼
Níl caitheamh a' bith indiaidh an bhaile aghamsa.
Is diadhachta dhó cumha a bheith air indiaidh an bhaile. Is olc a caitheadh leis, nuair a bhí sé ann!
Ní beo í indiaidh an bhaile = tá an-chaitheamh in a dhiaidh aice.
'Dhá dhonacht é an baile, is fhearr é 'ná bheith in' easba' (sórt leath-fhocal).
f.
+
Ab shin é 'bhfuil de bhaile aige?
Sin é 'bhfuil de bhaile aige.
TUILLEADH (7) ▼
Is beag de bhaile atá agham.
Leis a' mbaile i gcomhnuidhe é = ní fhágann sé an baile chor a' bith; cothuigheann sé an baile i gcomhnuidhe.
Leis a' mbaile mise indiu.
Leis a' mbaile i gcomhnuidhe, Peadar.
Tá sé as baile indiu.
'mbeidh sé i bhfad as baile?
'bhfuil sé i bhfad as baile = bhfuil sé i bhfad imthighthe ó'n a theach
4.
a.
+
Ba chóra dhuit fanacht sa mbaile = ba chóra dhuit fanacht as, nó gan a dhul ann (ag imirt chártaí; duine "a dhul isteach", nó mámh a chur 'san áit nach mbeadh aon-iallach air é chur).
Tuille glugair agad! Breagh nar fhan tú sa mbaile! = breagh go ndeacha tú ann!
TUILLEADH (14) ▼
Sin é an gléas ort, a's a fhusacht duit fanacht sa mbaile.
Tá tusa ro-sháithteach ar fad. Feicfe tú fhéin, go bhfanfa tú sa mbaile feadh's mise a bheith réidh leat.
Múinfe sin thú fanacht 'sa mbaile aríst! = nuair a buailfí cárta ar dhuine, a rachadh isteach nuair nar chall dó é.
Ba chóra dhuitse do shean-sheaichtín a choinneál sa mbaile, a's gan a bheith dhá sháthadh isteach faoi fhear cúig.
Badh é do cheart-sa fanacht sa mbaile, a's gan cuir isteach faoi'n té a bhí falamh.
D'fhan tusa sa mbaile le do bhainrioghan, a's fios agad, go raibh sé a' gabhail fiche!
Níor cheart dom fanacht sa mbaile le mo shé, dhá dhonacht dhá raibh sé.
Ní fhanfa mise sa mbaile ach an oiread le duine. 'An té a bhfuil pocaide gabhair aige, bíod sé i lár an aonaigh leis'.
Is beag a' tsamhaoine dhomsa fanacht sa mbaile, 'thárla nach bhfuil aon-duine eile a' fanacht sa mbaile.
D'fhéadfá fanacht sa mbaile le do Rí, a's fios agad go raibh mé ar a' gcúig.
Dhá bhfanainn sa mbaile le mo h-aon, gheobhfainn cúig eile, ach' 'na dhiaidh a fheicthear do'n Éireannach a leas' adeir siad.
Badh í do chríonnacht fanacht sa mbaile le do dheich, an babhta seo. Casadh 'san áit chontráilte é.
Dhá mbeadh an imirt a' teacht chomh fada liomsa, dar mo choinsias, d'fhanfá sa mbaile le do Rí aríst!
Is fada sin a' teastáil uait! B'fhéidir go bhfanfá sa mbaile an chéad uair, eile, a's nach mbeitheá chomh sáithteach a's tá tú.
b.
·
Tá'n baile mar a chéile anois = tosach buin. Níl cúig ag imreoir thar imreoir eile.
Tá'n baile mara chéile aríst, a' bhfuil? = an tosach buin é? (féach "bun", "téagar")
5.
+
'Tosach buin a's téagair, a's an baile mar a chéile' = leagan i gcártaí, a's cluithche nó bun dhá thionnscailt as a' nuadh.
'Tosach buin é — 'tosach buin a's téagair' adeir sé, 'as an baile mar a chéile.
TUILLEADH (2) ▼
'Tosach buin a's téagair' aríst é, a's an baile mar a chéile'.
Chreidim go bhfuil sé 'in a thosach buin a's téagair, a's an baile mar a chéile aríst'.
6.
+
Fágadh sa mbaile é = cuireadh é sa roilic.
Ní raibh sé sa mbaile ariamh go dtí anocht — an duine bocht = déarfaidhe seo an oidhche a gcuirfí duine.
TUILLEADH (14) ▼
Ná bac le Deaideó níos mó a leain(bh)ín. Tá sé sa mbaile.
D'fhágamuid sa mbaile é — an créatúr. Is gearr go mbí na sean-anndúirí imthighthe fré chéile.
Fágfaidhear 'chuile dhuine sa mbaile chomh maith leis, lá eicínt.
Tá sé sa mbaile anocht, fharra's ariamh!
Ar fhága sib sa mbaile an sean-fhear bocht?
'Tá sé fágtha sa mbaile againn thiar ar a' C. Déanfa a cholainn creafóg, ach tá 'anam bocht ag Dia, a's déanfa Sé rud maith leis.
Badh í an oidhche í, thar oidhcheanntaí an domhain, ar fhága muid M. Ph. Mh. sa mbaile = ar cuireadh é.
Dhá bhfágtaí 'chuile dhuine sa mbaile chomh fiuntach leis, ní bheadh aon-ughdar casaoide ag na daoine! = bhí neart óil ar a' tsochraide!
Tugadh fuadach ghéar na cille dhó, gur fágadh sa mbaile é.
D'fhága sib sa mbaile é? Ach ní móide gurbh fhearr le cuid de na daoine fear a mbeadh siad a' bualadh fóid air! (Gob an chuid deire, arae bhí 'béal na fuaighe a' leigean rud chuig béal na truaighe')
Is beag le fágtha sa mbaile a bhí an sean-fhear, nuair a bhí an chlann in árachaí 'chéile, a's chuile dhuine a' strócántacht ag iarraidh a chuid fhéin.
An lá ar fágadh P. Mh. sa mbaile, a gortuigheadh é.
Sí'n roilic a bhaile feasta, ó indiu amach.
Ní raibh sé fágtha sa mbaile chor a' bith, nuair a 'facthas' é.

Baile in iontrálacha eile (50+)

+
Tá sé in a fhaitíos síos an baile inniu, nach dtiocfaidh aon-ghráinne plúir níos mó
TUILLEADH (1) ▼
Má thugann tú an tabhairt ort fhéin, agus an snáth-feamainne a eirí leat, scoilt go maith í, faitíos na heirimisce. Tá fir istigh ar an mbaile seo, agus ghabhfaidís síos in do dhiaidh ann, agus dheamhan a dhath carghaís a bheadh orra a tógáil ort. Shéanfaidís go raibh sí scoilte chor ar bith
 
Tá chúig tithe déag istigh ar an mbaile, agus níl teach ar an bhfeáin aca a d'íoc aon-"phoor rate" fós. Is ar a chruachúis dóibh an baile uilig a chaitheamh amach. Ba cheart a íoc mar sin féin
 
A fhearacht siúd, bhí aige fanacht san mbaile, agus gan a dhul ann chor ar bith. Ní hanna d'fheil dó: fear pósta agus muirín air
+
M'anam muise má tá sí sin san mbaile gur fearadh don phobal í (cuirfidh sí maith ar an bparáiste). Diabhal bréag nach hea. Fágfaidh sí cupla toirtín eile in a diaidh shul a n-imighe sí. D'eireódh di!
TUILLEADH (1) ▼
Ní fearadh mór don bhaile seo í sin a bheith ann ar aon-nós. Hébrí cén dochar a dhéanfas sí, ní dhéanfaidh sí sochar ar bith
 
feáin
Beidh sé isteach agad anois gan mórán achair idir chlár agus chuinneóg. Tá sin cho siúráilte agus atá an feáin ar an móin. Níor fhága sé an baile seo ariamh gan a theacht ar cuairt annseo
+
fios
Thug sé an tír soir amach air fhéin ag iarraidh fios a fhortúin. Ach ba ghearr go raibh sé san mbaile aríst agus a leath-sciathán briste
TUILLEADH (1) ▼
Níl a fhios san diabhal (san tubaiste, san gcatmara etc.) céard a bhíos sé a dhéanamh san mbaile mór gach lá
 
fliche
Tá súil agam nach ngabhfaidh sé chun fliche ar chuma ar bith go mbeidh muide san mbaile
 
fliuch 1
D'fhliuchfadh sí a raibh de thúáillí ar an mbaile ag gol
+
Ghabhfainn ar farraige inniu dhá mbeadh fear fobhairne agam, ach sin é an buille. Cáil an fear fobhairne ab fhiú dhuit a thabhairt leat den bhaile seo. Níl a leithide ann
TUILLEADH (1) ▼
Beidh fear fobhairne ag an sagart sin is chuile bhaile nó is cinniúint air é. Nuair a bhéas snaidhm ar bith air rithfidh sé go dtí iad seo go dtuga siad chuile scéala dhó. Is beag an néal ar an ógánach sin!
+
focal
Dhá mba leis an sagart a bheadh sé sin ag caint ní thiúrfadh sé aon-lascainí dhó ach an oiread le fear den bhaile. Níl modh focail aige le aonduine. Is mór an t-íonadh nar mharuigh duine eicínt ariamh é, agus cho coiligneach agus a bhí an dream siúd timpeall air. Ach is le diabhal mar sin a rithfeadh sé!
TUILLEADH (1) ▼
Tá focal agamsa ar bhuidéal poitín i mBaile na C. le dhá mhí agus ní bhfuair mé fós é
 
Dheamhan neach an aoin istigh ar an mbaile nach bhfuil foirghe le fliú. Bhuail sé muid tá mí ó shoin, ach m'anam go bhfuil muid ag fuasaoid aríst. Níl rud ar bith cho haiféalach leis. Mara bhfuil ag Dia déanfaidh sé creach shul má stopfas sé.
 
Bíonn féar agus fóthar annsin mar is minleach ar fónamh é, ní hé sin don spíontán bradach atá anuas annseo. An bhfeiceann tú an baile sin thiar. Dheamhan dhá sheamaide istigh ar a fhuaid. Go deimhin ní talamh féir atá ann
+
Bíonn siad — na J.annaí — ag iarratas i gcomhnaí! Ba shin é a gceird ariamh fhéin. Nuair a bhí mise ar an mbaile sin, bhíodh muid sáraithe aca: gráinnín salainn, braon bláthaí, ioscaidín tae, uibhín chirce … M'anam gurb é atá ag féithiú leo muis. Den sonas a achainí, adeir siad, ach den donas a bheith dhá freagairt.
TUILLEADH (1) ▼
Ach meastú cén chaoi a maireann a bhfuil ag iarraidh a gcodach i nGaillimh chor ar bith? Tá an baile mór foirghe anois. Foirghe ceart. Ní ghabhfá dhá choisméig nach mbeadh duine ag dilleóireacht ort. Agus iad cho spleách cho anshóiteach! Sea agus cuid aca beathaithe bláfar! 'Ar ndó is den tsonas an achainí, ach den donas a bheith dhá freagairt. M'anam an té a thiúrfadh áird orra siúd, gur ghearr gurb é mála na déirce a bheadh air fhéin!
+
Tá mé ag imeacht ar fuaidreamh soir annsin ar feadh an lae, agus ní raibh mé san mbaile ag dinnéar ná ceó. Caithfidh an dícéille féin a bheith ann, arsa tusa
TUILLEADH (2) ▼
Cén fuaidreamh atá ort ag imeacht go fánach mar sin. Is beag a bhéas de bharr do shaoil agad má lonnuíonn tú sna bólaí seo. Níl pínn dhá saothróidh tú nach gcaithfidh tú aríst. Breá nach dteigheann tú abhaile má tá aon-bhaile agad?
Cé leis an t-asal fuaidreamh sin atá ar fud an bhaile ó mhaidin = asal a bheadh ar fuaidreamh nó ar strae
 
Tá fudarnéis ar fud an bhaile seo ó tionnscluíodh an pósadh céanna. Má siad na putaigh fhéin iad, níl siad leath-shásta a dhul chuig an scoil ach ag caint air, agus ag ceapadh go mbeidh oíche mhór aca.
 
D'fhága sé a mhallacht ag an mbaile seo, agus ní gan údar. Ba dona a caitheadh leis ann
+
Sén fear is fhearr é le áirdeall na mbeithioch a fhágáil air, má bhíonn tú fhéin i bhfad as baile
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhágfaidh mé fear ar an mbaile nach mbuailfidh mé = buailfidh mé as éadan iad
 
Cén catmara atá ar an bhfear seo thíos a dhul ag cur an tabhairt sin air fhéin le leasú go barr an bhaile, suas ar sean-spíontán fliuch báite, agus neart garrantaí bán de scoth na talúna annsin siar aige. 'Ar ndó sin é: ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur
 
fág i
D'fhága muid san mbaile inniu é = chuir muid san gcill é (fc. baile)
 
Fágaim le m'uacht go bhfuil glionndar orm go bhfuil tú san mbaile
 
fág
Bhris sé sin thíos an ceap se'aghainne. Fágann sin nach bhfuil ceap ar bith ar an mbaile anois
 
Ní fhaca mé aon-chruach go hiomaí is mó fáideógaí fuara ná í sin. Tá sí bratha leo. Meastú cérb as a dtáinig siad. Rudaí brocacha iad ar aon-nós. Milleann siad an coirce. Nach haisteach an rud le rádh leat anois é, ach ní fhaca mé aon-cheann de na fáideógaí fuara sin ariamh air choirce bharr an bhaile. Is cosúil gurb é an talamh a níos iad.
 
Níl a fhios agam a mbeidh a cuid gruaige cho fáinneach siúd aice nuair a bhéas sí scathamh i S. Gh. Bainfear obair aiste annsin. Dar fia is dona an mhalrait aice é, agus an cháil airgid atá uirre, a dhul ag pósadh isteach ar an mbaile sin
+
Dhá gcuirtheá an baile fré chéile i bhfáinne anois, ní bhfuightheá aon-gharraí i gcomhair fataí is fhearr ná Garraí Dh. Fh. sin aghamsa
TUILLEADH (1) ▼
Trí huaire a chuireas siad (na capaill) an cúrsa i bhfáinne san Rása mór i mBaile an Bhriota.
 
Dheamhan buille ar bith a níos sé sin ach ag máinneáil timpeall an bhaile ag coinneál chuile dhuine eile ó obair
 
Chreidim gur fearr dom an citil a fhiuchadh faitíos na fálach thuas. Thiocfadh dóibh seo a bheith isteach puinte ar bith, agus dheamhan agus móide, in a leabaidh sin, a mbeidís isteach go mbeadh an dubh ar an oíche. Ní hionann a dhul 'na bhaile mhóir agus a fhágáil.
+
Tá dháréag agus píobaire aca ann, agus dheamhan a bhfuil siad indon boirdín feamainne a chur amach in a dheidh sin ach ag imeacht ag fálróid ar fud an bhaile. Nach ó Bh. Fh. a cheannaigh siad roinn fheamainne anuiridh
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan mórán atá dhá fhálróid ag na caoirigh sin muise, mar nach mórán talúna atá aige th'éis a dhichill le tabhairt le fálróid dóibh. Dheamhan slí do choise de thalamh ar an mbaile sin. Nach bhfuil sé sáinnithe uilig ag mac Bh. Dh. dhó féin. Ach tá mé ag ceapadh go mbíonn cead scuir ag na caoirigh annsin san ngeimhreadh, mar bhíodh san áit seo a bhfuil tú ann fadó.
 
fána
Níl leath an chirt leis. Deir siad gur minic a thug tuile fear buile le fánaidh: sin é a fhearacht aigesan anois é. Ní shásódh tada é go dteigheadh sé in aghaidh an bhaile uiliog, ag déanamh amach go smachtódh sé iad: eisean atá smachtuithe anois
+
Tá ur gcuid féir ag imeacht go fánach annsiúd thíos cheal claidheachaí. Bíonn beithigh an bhaile istigh ann chuile ré solais = go neamh-thairbheach díbh fhéin
TUILLEADH (1) ▼
Tá sí pósta ar an mBaile Fánach annsin thiar (baile in aice Chnoc na nAille, an Spidéal)
+
fán
Fán fada go raibh air, mara fada ó bhaile a chuaigh sé ag iarraidh mná!
TUILLEADH (2) ▼
Is mór ar chuir a athair sin fán orra roimhe seo. Bhánuigh sé an baile sin thoir ar fad. Droch-thiarna a bhí ann. Ach tá na préacháin ag déanamh neadrachaí in a chuid simléar anois
"Sé do mhéin mhaith agus do cháilíocht a d'fhága fán orm i bhfad ó bhaile" (as "Cuachín Gleanntán Éifinn")
+
féar
"Tá féar fada agus fásach i ngleánntán álainn i bhfad ó bhaile" ("Cuaichín Ghleann Éifinn")
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sruth agus féar leo an fhad agus a bhí siad ar an mbaile seo = deirtear seo amanntaí in áit: "sruth agus gaoth"
Ara ná géill do J. Tá sé sin cho bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás. Nachar dhúirt sé liom fhéin an lá faoi dheireadh gurb é an áit a bhfuil an mac ag obair anois ag déanamh céibheannaí inDúiche Sheóigeach. Diabhal mé gur chreid mé é, agus go ndeacha mé dhá innseacht san mbaile aríst. Rinne siad ballséire dhíom. Céibheannaí inDúiche Sheoigeach!
Tá féar gortach thuas i mbarr an bhaile = cíb ar éigin; sórt féar beag gann gágach garbh a fhásas ar mhótaí agus ar thuláin ar na barra garbha; glaoitear scaití ar fhéar a bheadh mar é é i móinéir nó in áit ar bith (ach ní thiúrfaí cíb ar éigin air san gcás sin); ní thugtar ar ocras é a bhuaileas duine amuigh; sliabh gortach é sin
Tá barr baile annseo againne muis agus is gearr le dhul é. Níl ann fré chéile ach féar gortach. Is fhearr aon-phóicín amháin istigh agaibhse le cruth a chur ar bheitheach ná a bhfuil de thalamh istigh ar na bailteachaí seo. Tá substaint san bhféar agaibhse
 
An áit sin ar fad a fheiceas tú sceite bíonn sé tirm san samhradh agus beithigh agus caoirigh ag an dá bhaile air. Tá binn agam fhéin air. Bíonn féarlach sách blasta air