→
                  
                    
                      baile 
                    
                  
                
              
            Sráid-bhaile (2)
Tá an bhean sin aige an-diomalach.  Ar ndóigh, níl a fhios céard a ligeas sí amú.  Cén bhrí dhá mbeadh aon ghanntan beatha orthu, ach níl.  Tá a cuid muc agus a cuid cearc agus a cuid beithíoch i gcónaí ag géimneach agus ag grágaíl agus ag sclamhaireacht leis an ocras, agus an rud a bhí a thabhairt dóibh scuabtha leo ag madraí an bhaile den tsráid
                    Rug sí orm i lár na sráide agus phóg sí agus dhiurn sí mé os comhair na tíre.  Ní thabharfainn deoir fhola le náire.  Cén bhrí nó gur thosaigh sí ag caint: 'a mhac mo chol ceathar, a mhac mo chol ceathar nach bhfaca mé leis an fhad seo …'  Mo choinsias is dar m'anam, níor tháinig aon lá ariamh mar é ar shlata an bhaile mhóir, agus cáir ar chuile fhear