Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
seanbhaile
áit buaile ná seanbhaile: áit fheiliúnach; áit chóiriúil; áit rathúil; áit bhuntáisteach, iarmhaiseach nó thairbheach; áit nach mbeadh aon ghnaithe ag duine fuireacht ann; áit a mbeadh áirge ná éadáil ar bith do dhuine. Ní baintear leas as, ach i ráití diúltacha.
+
Ní áit buaile ná seanbhaile dhúinne an áit seo níos mó. Téanam abhaile — níl aon ghnaithe againn anseo níos mó. Tá ár ngnaithe déanta ann. Ní thiocfaidh sé chun tosaigh ná chun tairbhe dhúinn fanacht ann níos faide.
'Ní áit buaile ná seanbhaile dhúinn an t-aonach seo níos mó,' adeir P. Ch. liom fhéin. 'Is fhearr dhúinn a bheith ag baint coisméig as abhaile'.
TUILLEADH (21) ▼
Ní áit buaile ná seanbhaile dhomsa an teallach seo agus a bhfuil de chruóig amach romham.
Gheobhainn neart nathaíochta uathub dhá ndéanainn mo chuairt, ach níorbh áit buaile na seanbhaile dhomsa a bheith ag coinneáil nathaíochta le dhá scraiste (cnaiste), agus mo chuid eornan ag titim dhá ceann.
Bhí muid dhá uair go láidir ar an gcarraig san am ar bhuail ceann cruachán M. B. Chuir sé dhá sheanurchar sa bhfarraige é, agus chornaigh sé suas an dorú. 'Ní áit buaile ná seanbhaile d'aon duine an charraig seo,' adeir sé, agus lig sé leis fhéin suas an duirling.
Ó tarraingeadh anuas cúrsaí pósta, níor mhian leis moill ar bith a dhéanamh ní ba mhó. Shíl sé chreidim — agus ba mhaith an síleachtáil dó é, arsa tusa — nár áit buaile ná seanbhaile ar bith dhó teach a bhfuil triúr iníon le cur i gcrích ann fós.
Ní áit buaile ná seanbhaile do dhuine ar bith a bhfuil aon tsuim ina anam aige, teach amhas mar é seo.
Níorbh áit buaile ná seanbhaile d'iascaire ar bith an mheatha mhóir inniu. Dheamhan priocadh a gheofá ann go faoithin.
Níl gar dhá mhoill anois, arae ní áit buaile ná seanbhaile do dhuine gnaíúil ar bith an áit seo.
D'fhéadfá a rá nach áit buaile ná seanbhaile d'fhear stoic na haontaí ar an aimsir seo!
Ní áit buaile ná seanbhaile d'aon duine coirnéil an bhaile mhóir seo, mura bhfuil na stocairí coirnéil ann go díreach.
Cén éadáil atá le fáil agat chois an chlaí seo. Ní áit buaile ná seanbhaile d'aon duine é, agus chomh crotalach agus atá an aimsir.
Shílfeá nach áit buaile ná seanbhaile d'aon duine na bóithrí céanna — an tráth seo 'bhliain go háirid — ach dheamhan an beo iad ina dhiaidh sin, gan cead rámhóireachta a fháil.
Ní áit buaile ná seanbhaile d'aon duine slata na Gaillimhe, mura mbíonn a ghnaithe ann.
Ní móide gur áit buaile ná seanbhaile dhuitse an áit seo, ach bainfidh mise scaitheamh eile amach ann.
Deirimse an méid seo leat: nach áit buaile ná seanbhaile d'fhear tí is urláir a bheith istigh ar an teallach lá earraigh, agus a liachtaí rud atá le déanamh.
Shílfeá go mbeadh déantús maitheasa eicínt ionaibh thairis sin nó go n-éireodh sibh in am. Nach bhfuil a fhios agaibh nach áit buaile ná seanbhaile do thalmhaí an leaba an tráth seo de ló, i leaba dhaoibh a bheith amuigh ina gcuid oibre le uair an chloig.
Ní áit buaile ná seanbhaile do thincéirí a bheith ina aice siúd. Is luar leis iad ná an sioc.
Déarfainn nach áit buaile ná seanbhaile dhúinn an áit seo anois má fhéadann muid imeacht as, ach sin é an buille! Ní mé an bhféadfaidh?
Is maith a rinne siad é agus athrú síos Contae na Mí. Níorbh áit buaile ná seanbhaile dóibh an tamhnach sin thiar.
Ní áit buaile ná seanbhaile d'aon duine an geadán seo má fhéadann a chumhachta imeacht as.
Ar an dá luath agus ar samhlaíodh an pósadh, dúirt sé liom fhéin de chogar nach mba áit buaile ná seanbhaile d'aon duine an áit seo. Ní luar leis an sioc, ná cúrsaí pósta a tharraingt anuas chuige beag ná mór.
Is beag a bhéarfadh orm a rá leis nach áit buaile ná seanbhaile de mo leithidese chor ar bith áit chomh tur leis an áit seo, ach ní bhacfaidh mé leis anois go ceann tamaill eile.

Féach freisin

seanbhaile in iontrálacha eile (2)

 
Siúl abhaile! Ní áit buaile ná seanbhaile dhúinn é seo feasta. Is fuarchúiseach an áit é ag an té nach bhfuil aon tsuim aige i ndamhsa, rud nach bhfuil agamsa anocht
 
Bhí deireanas lae ann, agus gan iad ag teacht. Thóraigh muid go híseal agus go hard ina ndiaidh, ach chinn orainn aon amharc a fháil orthu. 'Ní áit buaile ná seanbhaile dhúinn an áit seo níos faide a Ph.,' adeirim fhéin. 'Cá bhfios nach romhainn sa mbaile a bheidís sin.' Agus b'fhíor dhom. Bhí an bheirt gróigthe istigh ar an teallach romhainn