Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
seanbhaile
"Áit buaile ná sean-bhaile" = áit fheilmheanach; áit chóireamhail; áit rathamhail; áit bhantáisteach, iarmhaiseach nó thairbheach; áit nach mbeadh aon-ghnaithe ag duine fuireacht ann; áit a mbeadh áirge ná éadáil a' bith do dhuine. (Ní baintear leas as, ach i ráidhtí diúltacha).
+
Ní áit buaile ná sean-bhaile dhuinne an áit seo níos mó. Teanam abhaile. = níl aon-ghnaithe aghainn annseo níos mó. Tá ar ngnaithe déanta ann. Ní thiocfa sé 'un tosuigh ná 'un tairbhe dhuinn, fanacht ann níos fuide.
'Ní áit buaile ná sean-bhaile dhuinn a' t-aonach seo níos mó' adeir P. Ch. liom fhéin. 'Is fhearr dhuinn a bheith a' baint coisméig' as abhaile.
TUILLEADH (21) ▼
Ní áit buaile ná sean-bhaile dhomsa an teallach seo, a's a bhfuil de chruadhóig amach romham.
Gheobhfainn neart naithidheachta uatha(b), dhá ndéanainn mo chuairt, ach níorbh áit buaile na sean-bhaile dhomsa a bheith a' coinneál naithidheachta le dhá scraiste (cnaiste), a's mo chuid eorna(n) a' tuitim dhá ceann.
Bhí muid dhá uair go láidir ar a' gcarraig, 'san am ar bhuail ceann cruachán M. B. Chuir sé dhá shean-urchar sa bhfairrge é, a's chornuigh sé suas a' dorugha. 'Ní áit buaile ná sean-bhaile d'aonduine an charraig seo' adeir sé, a's leig sé leis fhéin suas a' dúirling.
Ó tarraingeadh anuas cúrsaí pósta, níor mhian leis moill a' bith a dhéanamh ní ba mhó. Shíl sé chreidim — a's ba mhaith an síleachtáil dó é, arsa tusa — nachar áit buaile ná sean-bhaile a' bith dhó, teach a bhfuil triúr inghean le cur i gcrích ann fós.
Ní áit buaile ná sean-bhaile do dhuine a' bith a bhfuil aon-tsuim in 'anam aige, teach amhus, mar é seo.
Níorbh áit buaile na sean-bhaile d'iascaire 'bith an fheatha mhóir (an mheath mhóir?) indiu. Dheamhan priocadh a gheobhfá ann go faoithin.
Níl gar dhá mhoill anois, arae ní áit buaile ná sean-bhaile do dhuine gnaoidheamhail a' bith an áit seo.
D'fhéadfá a rádh nach áit buaile ná sean-bhaile, d'fhear stuic na h-aontaighe ar an aimsir seo!
Ní áit buaile ná sean-bhaile d'aonduine coirnéil a' bhaile mhóir seo, mara bhfuil na stucairí coirnéil ann go díreach.
Cé'n éadáil atá le faghail agad chois a' chlaidhe seo. Ní áit buaile ná sean-bhaile d'aonduine é, a's chomh crotalach a's atá an aimsir.
Shílfeá nach áit buaile ná sean-bhaile d'aonduine na bóithrí céadna — an tráth seo 'bhliadhain, go h-áithrid — ach dheamhan a' beo iad, in a dheidh sin, gan cead rámhóireachta a fhaghail.
Ní áit buaile ná sean-bhaile d'aonduine slata na Gaillimhe, mara mbíonn a ghnaithe ann.
Ní móide gur áit buaile ná sean-bhaile dhuitse an áit seo, ach bainfe mise scathamh eile amach ann.
Deirimse an méid seo leat: nach áit buaile ná sean-bhaile d'fhear tighe a's urláir a bheith istigh ar a' teallach lá Earraigh, a's a liachtaí rud atá le déanamh.
Shílfeá go mbeadh déantús maitheasa eicínt ionnaibh thairis sin, nó go n-eireochadh sib in am. Nach bhfuil fhios agaibh nach áit buaile ná sean-bhaile do thalmhuidhe an leaba, an tráth seo 'ló, i leaba dhaoib a bheith amuigh 'na gcuid oibre le uair a' chluig.
Ní áit buaile ná sean-bhaile do thinncéirí a bheith in 'aice siúd. Is luatha(r) (lughar) leis iad ná'n sioc.
Déarfainn nach áit buaile ná sean-bhaile dhuinn an áit seo anois, má fhéadann muid imtheacht as, ach sin é an buille! Ní mé a bhféadfa?
Is maith a rinne siad é, a's athrú síos Conndae na Midhe. Níorbh áit buaile ná sean-bhaile dóib, an tamhnach sin thiar.
Ní áit buaile ná sean-bhaile d'aonduine an giodán seo, má fhéadann a chumhachta imtheacht as.
Ar a' dá luath, a's ar samhluigheadh an pósadh, dubhairt sé liom fhéin de chogar 'nach mbadh áit buaile ná sean-bhaile d'aonduine an áit seo'. Ní luatha (lughar) leis a' sioc, ná cúrsaí pósta a tharraingt anuas chuige beag ná mór.
Is beag a' bhéarfadh orm a rádh leis, nach áit buaile ná sean-bhaile de mo leithide-sa chor a' bith, áit chomh tur leis an áit seo, ach ní bhacfa mé leis, anois, go ceann tamaill eile.

Féach freisin