Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

téagar (26)

 
Cén mhaith breáichte mura bhfuil rud eicínt ina haice? Dheamhan a dhath! Ní farasbarr breáichte a chuireas barr ar an bpota. Bíodh sí go breá nó ná bíodh, ach má tá sí ina gnaitheach maith agus an téagar a bheith sa sparán aici, déanfaidh sí cúis
+
An bhfuil an seafaide sin ag tnúthán le fear. Diabhal duine ar bith a phósfadh í sin. Tá sí rófhágtha. Ar ndóigh níl lán do ghlaice inti. Is breá an rud bean theangmháilte a bhfuil téagar inti.
TUILLEADH (1) ▼
Tá an cheathrú rófhágtha, róshleabhctha aici, le mórán gríscíní a bheith uirthi. Níl aon téagar inti
 
féar
Dheamhan téagar (brí, a rath srl.) féir a bhí sa ngarraí sin
+
baile
'Tosach buin is téagair agus an baile mar a chéile' — leagan i gcártaí, agus cluiche nó bun dhá thionscailt as an nua.
TUILLEADH (3) ▼
Tosach buin é — tosach buin is téagair, adeir sé, is an baile mar a chéile.
Tosach buin is téagair, aríst é, agus an baile mar a chéile.
Chreidim go bhfuil sé ina thosach buin is téagair agus an baile mar a chéile aríst.
 
Beainín chuisneach í, mura bhfuil an téagar fhéin inti.
 
beo 1
Beainín bheo bhíogúil í, mura bhfuil an téagar fhéin inti.
 
Mharaigh mé cupla bromóg ar charraig Bhéal Trá, ach dheamhan de théagar iontub.
 
aer
Tá sé an-airde san aer, ach níl tiús na téagar ar bith ann — fear ard
 
Is áibhéil an téagar atá ann, má tá an cur leis ann — is millteach an mhéid atá ann, má tá spreacadh dá réir ann.
 
forás
Dheamhan lá téagair ná foráis a dhéanfas an cúpla sin choíchin — lánúin a bhí ag troid
 
daor 1
M'anam muise má tá sé ag coinneáil tae leis féin síoraí go gcaithfeadh sé go bhfuil pócaí teanna aige. Is daor an spóilín é an tae anois, má fhaigheann duine aon cheo le cois an téagair sin atá ag dul dó
 
Níl dea-ghealladh ar bith faoin gcur i mbliana. Ba deacair dhó a bheith. Fuair sé an iomarca spalpadh san am a raibh aige báisteach a fháil. Tá a shliocht air: na dasachaí atá amuigh féin, níl iontu ach spreangaidí. Níl téagar ar bith iontu
 
Is deas an phlandóigín d'inín atá aici nuair a ghiogálas sí amach í féin. Níl aon mhéid inti, ach mura bhfuil féin tá an téagar agus an deiseacht inti. Is fearr beag deas ná mór gránna
 
Beidh diomdha an tsaoil uirthi mura n-iarrtar aon duine den chlann iníon an Inid seo. Ar ndóigh mo léan iarrfar, má airíonn siad (lucht iarrtha ban) aon téagar ina haice
 
dosán
Níl aon dosán féir dá bhfuil ar an ngleann siúd thíos aige, nach bhfuil sínte le teann téagair. Tá an tabhairt sa talamh siúd dhá mbeadh an saol ag caint
 
Is dramhailte an duinín é sin lena chur isteach i dteach ar bith ag iarraidh mná. Bean ar bith a fheicfeas é, go deimhin déarfaidh sí léithe féin nach téagar mór é sínte leis an taobh aici ar dhubhluachair na bliana mar seo. Ach tá an spaga aige ina dhiaidh sin
 
Tá cuimse raice faoin dubhlaoisc, ach ní bhfaighfear go deo í nó go mbeidh sí rodta. Bíonn a leath ó mhaith ag giúirinneachaí má chaitheann sí achar ar bith sa bhfarraige. Níor tháinig aon téagar raic ar na hoileáin seo go háirid ó thosaigh an cogadh. Tá cupla sail ansin thíos ar an muirbhigh, ach is gearr le dhul iad …
 
An téagar a thug sé dhuit sa ngloine, ní raibh agat a ghlacadh chor ar bith uaidh agus chomh beag agus a chuir sé thú. Ní raibh fliuchadh do bhéil féin inti. Níor dhéircí dhuit é
 
díbir
Níl an poitín díbrithe as an tír fós agus an téagar seo féin a bheith le fáil
 
2
Níl sé chomh hard le S. ach tá a théagar ann faoi dhó
 
Is mór a chuaigh tú chun téagair (chun toirte) le cupla bliain
 
téigh
Dhá mbeadh an oiread eile téagair ann ba ghearr le dhul é ar Mh. seo thoir. Tá M. chomh crua le miotal. Ar rug sé greim ariamh ort? Is measa an dá chrobh láimhe atá aige ná bís an Bh.