bratainn
—
grifisc; paicle bhrocach gan mhaith; díogha na ndaoine; droch-chineál daoine; cine meata; claimhe daoine, nó aos óg.
+–
Ón mbratainn bhradach sin thíos a tholg tú an eitinn.
Fan amach ó bhratainn bhradach na mbréag.
TUILLEADH (15) ▼
Is deas iad do chomhluadar — bratainn shalach na bochtaineachta.
As an mbochtaineacht a fuineadh agus a fáisceadh an bhratainn sin, fré chéile.
Is deas an dream ar bhuail tú bleid orthub, bratainn bhradach na míol — is deas an dream a thogh tú mar chomhluadar (nó a ndeachaigh tú ag suirí le duine acub)
Pléifidh an bhratainn sin leat é, feicfidh tú fhéin. Mar sin éirigh astub in am.
Ní feasach mé beo cén chaoi a bhfuil sé chomh múinte agus atá sé, agus gur tógadh é istigh i gceartlár na bratainne sin.
Bhí bratainn bhrocach sin na Gaillimhe uileag ar an mbainis ann agus chuir siad an áit faoina gcosa. Diabhal aithne orthub nach daoine ar fónamh iad lena bhfuil de ghaisce agus de chóirí catha acub.
Má thug tú t'eang leat ón mbratainn chaca sin, bí buíoch. Níor lig siad sin a shláinte le aon duine ariamh a mhic ó, nó ba cinniúint orthub é.
Tá an oiread floscaí ag an mbratainn sin agus a bheadh ag duine ar fónamh.
Nach air a bhí lom an mhí-áidh mhóir an chéad lá ariamh a ndeachaigh sé (ar phós sé) isteach chuig an mbratainn atá ansin
Mura mbeadh aithne agus eolas agat ar an mbratainn sin, chuirfidís siar in do bhéal gur togha cineál daoine iad fhéin, agus gan é sa tír níos measa.
Tá bratainn óg ar an mbaile seo thiar anois agus ní bheidh sé in araíocht ag aon duine an bóthar a shiúl ach a neartaí siad.
Sin iad fhéin an bhratainn dhíomhaoineach agus an bhratainn gan rath.
Ní fhaca sé aon lá dhá leas ariamh ó thosaigh sé ag dul in éindí leis an mbratainn sin, hé brí (pé ar bith) céard a bhain dó chor ar bith.
Má fhaigheann an bhratainn atá sa teach siúd aon ligean ar a cuid airgid, is gearr a bheas siad ag cur caitheamh ann.
A bhratainn an ocrais, is teinne a labhródh sibh nó an té a chleacht fuílleach!
bratainn in iontrálacha eile (20)
Ní bheadh a fhios agat cé is fhearr ná is measa den bhratainn sin. Gach uile dhuine acu ag baint farasbarr dhá chéile. Agus ar ndóigh cár fhága tú an t-athair!
→
fálach
Breathnaigh ar na claíochaí faitíos na fálach thuas. Tá an bhratainn sin thíos taithithe ag an gcladach d'acht is go háirid, i ndiaidh feamainn dearg, agus leagfaidís bearna ann ar an bpointe. B'aisteach go dtáinig siad (na beithígh) anois le trí lá i ndiaidh a chéile. Murach go bhfuil bearna leagtha ann, ní chorróidís as an ngarraí
→
ceal 1
Ó tá sí ag dul sa gceann sin leis, ní chónóidh mise go seasa mé thíos ar a hurlár agus go n-insí mé dhi cé hiad bratainn bradach na heitinne, agus déanadh sí a rogha ceal di. Ní fhéadfaidh sí gairm chúirte a chur orm ar aon nós faoin fhírinne.
→
ciseach
Tá an áit ina chiseach ag an mbratainn ghasúr sin as Baile Átha Cliath. Dheamhan a fhios ag aon duine beo cén ábhailleacht atá iontub.
→
abhaile
I nDomhnach níor thug tú abhaile leat go bhféadfá aon cheo a chaitheamh in mo bhéalsa. Ba mhinic a bhain mé an t-ocras díot fhéin, agus den bhratainn chlainne atá agat.
→
brachán
Bheadh ciall chuile dhuine a bheith ag caint agus ag déanamh gaisce, ach bratainn bhradach an bhracháin — níor mhilleán ar aon duine a bheith ag déanamh gaisce, cé is moite de ghrifisc bhradach an bhracháin (brachán jumpers nó a mhacasamhail a bhíos i gceist anseo.)
Má bhuaileann an bhratainn sin thiar fút, ní fhágfaidh siad i ndiaidh a chéile chor ar bith thú — má chasann siad leat, maróidh siad thú
→
anglánta
Tá an bhratainn atá thiar ar an mbaile sin chomh hanglánta agus go n-íosfaidís beo beithíoch thú, ní áirím a mhalrait (fc. bratainn)
Cuirim léan agus deacair orthu, ó liath go leanbh, amuigh agus sa mbaile. Ba gheal an croí a bheadh agamsa anocht meireach an bhratainn bhradach sin
→
deasú
Sin é an deasú anois ar an mbratainn sin! Rath na raithní orthu! Rinne siad créatúlacht iad fhéin ar an tír, ach b'fhéidir go dtiocfadh sé ar ais ar a méis féin anois acu!
→
deis
Is gránna an deis atá ort dá mbeadh a fhios agat é: ag líochán do smaoise le do theanga. Cén áit ar thug tú an faisean sin faoi deara dhuit féin. Ní anseo é ar aon chor. Beidh duine ar bith ceart a thabharfas comhluadar don bhratainn sin thíos. Diabhal bréag nach mbeidh
Dhá ndiúltaíodh sé an bhratainn bhradach sin, b'fhéidir dó bun a dhéanamh fós, ach ní dhiúltóidh, ná níl cuimhne ar bith féin aige air. Tá an oiread den dallach dubh acu siúd air agus nach mbíonn iamh ná foras air mura mbeidh sé ina mbail. Bíonn buannaíocht eicínt ag cuid de na daoine le go mbíonn siad in ann daoine eile a mhealladh mar sin
Má d'fhága sí uachta mhór ina diaidh, is gearr is lón dá dlúthmhuintir é. Tá bratainn acu anseo thoir, agus dhá mbeadh teacht isteach Hyde ar chuile dhuine acu, ba ghearr le dhul ar a scóig é
→
donán
Tá brat clann mhac aige agus gan iontu ar fad ach donáin dhona. Má shíolraíonn siad siúd, cuirfidh siad na bólaí seo chun meatachais agus an bhratainn atá acu ann
→
díogha
Ní fheiceann muide bratainn ar bith sa tír mar na D. Ní call gaisce ar bith dóibh sin. Díogha na ndaoine. Ar ndóigh ní raibh de leasainm orthu sin ariamh thart anseo ach D. an bhacstaí. Ní raibh tada eile acu go dtí le gairid fhéin ach an bacstaí. Sa saol a tháinig sé go bhfuil tithe móra acu anois. Tá na caisleáin ag titim agus na carn aoileachaí ag éirí a stór
Ní bhíonn ag dul fúm ná tharam chuile oíche ach scríobh aici, ach níl oíche ar bith nach mbacann rud eicínt ina dhiaidh sin mé. Chinnfeadh ort tada a dhéanamh sa teach s'againne aon oíche ag bratainn agus ag sconmhíol an bhaile ag éirí in airde agus ag gleo