Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Brothtuinn (bruthtuinn)
grifisc; paicle bhrocach gan mhaith; díomh na ndaoine; droch-chineál daoine; cine meathta; "claimhe" daoine, nó aos óg.
+
Ó'n mbrothtuinn bhradach sin thíos a tholg tú an eitinn.
Fan amach ó bhrothtuinn bhradach na mbréag.
TUILLEADH (15) ▼
Is deas iad do chomhluadar — brothtuinn shalach na boichteanachta.
As a' mboichteanacht a fuinneadh a's a fáisceadh a' bhrothtuinn sin, fré chéile.
Is deas a' dream ar bhuail tú bleid orra(b), brothtuinn bhradach na míol = is deas an dream a thogh tú mar chomhluadar (nó a ndeacha tú a' suirghe le duine aca(b)).
Pléidhfe an bhrothtuinn sin leat é, feicfe tú fhéin. Mar sin eirigh asta(b) in am.
Ní feasach mé beo, cé'n chaoi 'bhfuil sé chomh múinte a's tá sé, a's gur tóigeadh é istigh i gceartlár na brothtuinne sin.
Bhí brothtuinn bhrocach sin na Gaillimhe uiliog ar a' mbainis ann, a's chuir siad an áit faoi na gcosa. Diabhal aithne orra(b) nach daoine ar foghnamh iad, le na bhfuil de ghaisce a's de chóirí catha aca(b).
Má thug tú t'eang leat ó'n mbrothtuinn chaca sin, bí buidheach. Níor leig siad sin a shlainte le aonduine ariamh, a mhic ó, nó ba cinneamhaint orra(b) é.
Tá an oiread floscaí ag a' mbrothtuinn sin, a's a bheadh ag duine ar foghna(mh).
Nach air, a bhí lom a' mhíádha mhóir, a' chéad lá ariamh, a ndeacha sé (ar phós sé) isteach (ch)uig a' mbrothtuinn atá annsin.
Mara mbeadh aithne a's eolus agad ar a' mbrothtuinn sin, chuirfidís siar in do bhéal gur togha cineál daoine iad fhéin, a's gan é sa tír níos measa.
Tá brothtuinn óg ar a' mbaile seo thiar anois, a's ní bheidh sé in araidheacht ag aonduine an bóthar a shiubhail, ach a neartuighe siad.
Sin iad fhéin an bhrothtuinn dhíomhaoineach, a's an bhrothtuinn gan rath.
Ní fhaca sé aon-lá dhá leas, ariamh, ó thosuigh sé ag (d)ul in éindigh leis a' mbrothtuinn sin, hébrí (pér bith) céard a bhain dó chor a' bith.
Má fhaghann an bhrothtuinn atá sa teach siúd, aon-leigean ar a cuid airgid, is gearr a bheidheas siad a' cur caith(eamh) ann.
A bhrothtuinn an ocrais, is teinne labhróchadh sib, nó an té 'chleacht fuighleach!

Féach freisin

Brothtuinn in iontrálacha eile (5)

 
ceal 1
Ó tá sí ag dul sa gceann sin leis, ní chomhnócha mise, go seasa mé thíos ar a h-urlár, a's go n-innsighe mé dhi, cé h-iad brothtuinn bradach na h-eitinne, a's déanad sí a rogha ceal di. Ní fhéadfa sí goirm chúirte a chuir orm ar aon-nós, faoi'n fhírinne.
 
baile
Bhí brothtuinn a' bhaile mhóir a' rith 'na dhiaidh. (féach "brothtuinn").
 
Má d'fhága sí udhachta mhór in a diaidh, is gearr is lón dá dlúth-mhuintir é. Tá brothtuinn aca annseo thoir, agus dhá mbeadh teacht isteach Hyde ar 'chuile dhuine aca, ba ghearr le dhul ar a scóig é
 
Ní fheiceann muide brothtuinn ar bith ins an tír mar na D. Ní call gaisce ar bith dóibh sin. Díogha na ndaoine. 'Ar ndóigh ní raibh de leas-ainm orra sin ariamh thart annseo ach D. an bhacstaí. Ní raibh tada eile aca go dtí le goirid fhéin, ach an bacstaí. 'Sa saoghal a thainig sé go bhfuil tighthe móra aca anois. Tá na caisleáin ag tuitim agus na carn aoileachaí ag eirghe a stór
 
Ní bhíonn ag dul fúm ná tharm 'chuile oíche ach scríobhadh aice, ach níl oíche ar bith nach mbacann rud eicínt in a dheidh sin mé. Chinnfeadh ort tada a dhéanamh ins an teach se'againne aon-oíche ag brothtuinn agus ag scoin-mhíol an bhaile ag eirghe in áirde agus ag gleo