Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deir (adeir)
Briathar mí-rialta
Láithreach: deirim, deir tú (deireann tú), deir sé (deireann sé) … deirtear. Diúltach: ní abruighim agus rl. Ach tá abruighim is an dearbhthach freisin — "is minic a abruighim féin é sin" agus rl.; agus tá deirim amantaí is an diúltach — ní dheireann tú é sin; an ndeir tú liom é agus rl. Tá an dá leagan deir tú, deireann tú etc. ann, ach is tréine fuirmeachaí an deir déarfainn. Le , bíonn abruigheann go minic — má abruighim agus rl. — ach tá má dheirim (d maon) agus rl. coitianta go leor freisin. Má dheirinns, má abruighinns i gcásannaí áiride is an darna pearsain uathaidh.
Fáistíneach agus Coingheallach: Déarfad déarfaidh mé, déarfainn agus rl. Deirtear abróchadh, d'abróchainn is an dearbhthach freisin, agus bíonn ní dhéarfad, ní dhéarfainn (/ɴ′ī ɛ̄rhəɴ′/), an ndéarfá agus rl. is an diúltach.
Gnáth Caithte: deirinn agus rl. ach freisin d'abruighinn, d'abruigheadh sé agus rl. Diúltach: ní abruighinn ach freisin "ní dheirinn" (dh maon) agus rl. Baineann an rud céadna leis an bhFoshuidhteach Caithte.
Aimsir Caithte: dubhras (dubhairt mé), dubhairt sé, agus rl. Diúltach: níor dhubhras; níor dhubhradh (d maon) nó níor dubhradh (d lom). Bíonn dubhairtis ag duine annseo agus annsiúd (go h-áirid gasúir a bheadh ag eirghe suas, agus greamuigheann sé ar feadh a saoghail do chuid acu) isan darna pearsain uathaidh caithte. Bíonn deir mar aimsir Chaithte go minic in áit adubhairt.
Foshuidhteach Láithreach: go n-abruighidh mé, ach tá go ndeiridh mé, go ndéarfaidh mé freisin ann.
Orduigheach: abruighim, abair agus rl.
Coibhneasta: gnás an choibhneasta le briathar eile, ach gurb í an fhuirm adeir (in áit adeireas, adeireanns) a bhíos ann go h-iondamhail — cé adeir é agus rl. Fáistíneach adéarfas agus rl.
Aidiacht-Bhriathar: ráidhte.
Ainm-Bhriathar: ag rádh.
1.
a.
+
Céard adeir tú (aimsir láithreach nó caithte) = céard atá tú ag rádh (ach fc. thíos)
Céard adeir sé faoi
TUILLEADH (11) ▼
Tá do dhá dhíol ar fad le rádh agad
'Séard a bhí mé a rádh annseo ar ball nach bhfuil forás ar bith ar Sh. Ph. ó chuaidh sé 'sna fir mhóra
Ní hé sin atá mé a rádh chor ar bith
Ní miste an méid sin a rádh ar chaoi ar bith
Is mór adubhairt sé ariamh go ndéanaidh Dia grásta air, ach tá a shraith ar lár faoi dheireadh
Níor dhubhairt sé focal (smid ná smeaid, blas, ceo, faice, pioc, faocha, a dhath, agus rl.)
Dubhairt tú bréag má dubhairt é sin
Abruighim mo rogha rud, ach 'sé an cás céadna dhom é. Ormsa a bhéas an milleán aige
Abruigheadh sé a dtogróchaidh sé, ach eisean ba chionntaighe
Abruighidís leo é, ach ní fhéadfaidh siad an fhírinne a chur as a riocht
Déarfar seo agus déarfar siúd, ach cé'n dochar!
·
Mac maith atá agam ní as ucht mise dhá rádh é = tá sé go maith agus ní ag déanamh gaisce as atá mise má's mé a athair féin
Ó'n lá ar phós mé an bhean sin, ní raibh easbaidh punt ná scilling orm, ní as ucht mise a bheith dhá rádh é
+
Shéanfadh sé go raibh sé in a chiontsiocair leis an achrann! Seadh a mh'anam! Níor dhubhairt mise tada, adeir an fear a chuir an baile ag troid! (sórt sean-fhocal) = an fear a rinne an mhístáid, shaor sé é féin
Is minic gurb é fear an réidhtigh a íocas an téiléaracht, agus an té a tharraingigheas uiliog é nach dtuilleann sé milleán ó aonduine. Sin é é: níor dhubhairt mise tada, adeir an té a chuir an baile ag troid
TUILLEADH (1) ▼
Ar chuala tú an chailicéaracht a bhí air, ag sárú orm nach raibh sé ann le linn a thúis chor ar bith, agus gurb é a shaghd ar fad iad. Níor dhubhairt mise tada, adeir an ceann a chuir an baile ag troid
·
Ó dubhairt tú agus gur dhubhairt tú é anois, cruthuigh é. Caith dhíot do sheaicéad 'bhfeicidh mé 'bhfuil tú cho maith agus atá do leigean amach
Ó dubhairt agus gur dhubhairt, níor cheart dó a dhul siar air. Seasadh fear len a fhocal
+
Is tú adubhairt agus ní hé Dia = dhá ndéanadh duine eascainí ar dhuine eile, nó dhá dtuaradh sé míádh, déarfadh an ceann eile é seo. Scaithtí cialluigheann sé: "Man proposes; God disposes."
An eascainí chéadna ort! Is tú adubhairt agus ní hé Dia! Go mba túisce agad fhéin é ná againne!
TUILLEADH (3) ▼
Dubhairt sé nach gcaithfeadh sé aon-triomach an samhradh seo. 'Sé adubhairt agus ní hé Dia. Mar is toil le Dia a bhéas sé sin
Dubhairt sí nach mbeadh duine aca san gcomhaireamh ceann bliain ó indiu: go raibh siad tolgtha fré chéile. Ach dheamhan a fhios aice. 'Sí adubhairt agus ní hé Dia
Bhí sé rádh go ndéanfadh sé scioból mór eile le h-aghaidh coirce agus fataí agus 'chaon tsórt ó thuaidh de'n teach, ach 'sé adubhairt agus ní hé Dia. Ní bhfuair sé saoghal lena dhéanamh
+
Is iomdha rud is buaine ná an duine, mar adubhairt an té adubhairt é = is minic leagan mar seo dhá chur ar shean-fhocla, ar ghiotaí d'amhráin agus de scéalta, ar leath-fhocla, ar dheilíní, ná ar chaint ar bith a bhíos i mbéal daoine go minic
Tá sí mar tá sí, agus níl sí gan locht, mar adubhairt an té adubhairt é
TUILLEADH (2) ▼
"Agus a chailín bhig óig, ná pós thusa fear an dá chroidhe", mar adubhairt an té adubhairt é
Tá sí liath agus tá sí caoch, mar adubhairt an té adubhairt é
·
Mar déarfas tú anois. Tiocfaidh mise suas ar t'fhocal = bíodh breith do bhéil féin agad
Mar adéarfas tú. Ní miste liomsa. Tá mise cho sásta a dhul ann le fanacht as
b.
+
Abair amhrán; Abair "Cúirt an tSrutháin Bhuidhe"; Abair "Aithrighe Rafteri"; Abair "Caisleán Uí Néill (tabhair faoi deara gur "innis scéal" atá ann go h-iondamhail nó "innis" le ainm an scéil, ach "abair" le rud ar bith a bhfuil guth le cur leis)
Bhí muid ag rádh an phaidrín
TUILLEADH (3) ▼
Bhí an sagart ag rádh an Aifrinn
Deireann sé na Liodáin 'chuile thrathnóna
Is maith leis an t-Aifreann a rádh ar bhuille an naoi i gcomhnaí
+
Abair "ábab" agus ná buail do dhá chlab faoi chéile = rud adeirtear le gasúir. Ní féidir na "b"annaí a rádh gan do dhá chlab a bhualadh faoi chéile
Cuirfidh mé geall leat nach n-abróchaidh tú "ábab" gan do dhá chlab a bhualadh faoi chéile
TUILLEADH (2) ▼
Abair: "cearc uisce i bpoll uisce agus í slubarnaighil slabarnaighil. Cé a déarfadh naoi n-uaire é gan filleadh gan feacadh" (Abair naoi n-uaire é gan t'anáil a thabhairt leat!)
Abair: "ceirtlín bhog bharraigh ar bhogbhallaí an tighe: bog bog, arsa an t-óg-bhodach ar bhog-bhallaí an tighe." Abair sciobtha é (má dheireann, tuigfidh tú an gaol atá ag an gconson "g" leis an gconson "d")
+
Ná h-abair bréag = ná h-innis bréag
Mara n-abruighidh mé bréag, níl a fhios agam cé'n tráth a dtáinic sé abhaile
TUILLEADH (4) ▼
Nar leigidh Dia go n-abróchainn bréag
Níorbh ait liom go n-abróchainn tada ach lom-chlár na fírinne
Ná h-abair rud mar sin ar chraiceann do chluas
Nach beag an carghas atá ort bréag a rádh
c.
+
Céard tá tú 'rádh riu? = níl ciall ar bith leis an rud atá tú a rádh; seafóid nó bréag agus rl. atá tú a rádh (céard deir tú = sin what are you saying, gan fearg ná tada eile)
Céard atá tú a rádh? Nach bhfaca mé é indé.
TUILLEADH (3) ▼
Céard atá tú a rádh? Dheamhan splanc chéille ar bith agad le goirid
Céard atá tú a rádh? Go dtiubharfainnse an capall sin ar chúig phunt fhichead!
Céard atá tú a rádh? Go mbadh é S. ba chiontaighe!
d.
+
Dubhairt tú é! = sin í an fhírinne adubhairt tú; sin í an chaint a bhfuil craiceann uirre; agadsa atá an ceart
Dubhairt tú é, a mh'anam! Ní tada eile é ach cneamhaire
TUILLEADH (5) ▼
Dubhairt tú é mo choinsias! Níl a leithide de thúatachán cruthuighthe
Dubhairt tú é! Scólacháinín dona é
Anois adubhairt tú é! Sin é a bhí a dhéanamh leis. Gan é a leigint 'san mbóithrín chor ar bith
Anois adubhairt tú é gan bhréig gan mhagadh! Ní bheadh aon-duine aca beo fadó an lá marach gur choinnigh sí deoladh leo
Tá sé ráidhte agad anois = anois adubhairt tú é!; sin é an rud atá ceart thar 'chuile rud; now you said it! Now, you have clinched the argument!
·
Abair! Diabhal focal bréige agad: is beag atá le déanamh aige! (dubhairt an fear eile ar dtús gur bheag a bhí le déanamh ag a leithide seo de dhuine. Is ionann an "abair" agus "go cinnte is beag atá le déanamh aige")
Abair! I gceann mar atá na h-asail, tá cóisir bheithidheach annsin aice agus gan scioltar orra leis an ocras
+
Abair é! Níor tháinic aimsear mar í le fada = abair; d'fhéadfá a rádh; "you can bet your life on it; "you can 'sing' it."
Abair é! Is agadsa atá a fhios é
TUILLEADH (2) ▼
Abair é! Móin ar bith nach raibh tóigthe roimh an doininn seo, tá sí réidh le triomach imbliana
Abair é! Duine ar bith a bhfuil muirín anois air, tá sé in a ridire
+
Abair nach lá é le dhul i bhfad ó'n gclúid = is droch-lá é
Abair nach fear é a ghlacfadh mórán clabaireacht' ó aonduine
TUILLEADH (6) ▼
Abair gur droch-thalamh é!
Abair ar chuma ar bith go bhfuil saidhbhreas annsin amuigh 'fhoisceacht urchar méaróige do'n chladach, an té a ghabhfadh ag gliomadóireacht
Abair go mbadh droch-aonach é!
Abair nach bhfaca tú a leithide de scéiméara fir ariamh!
Abair gurb eadh! Chuir mise annsin thoir anuiridh iad, agus níor tháinic a leath (cineál fataí). Is scrios ceart iad mar adubhairt tusa
Abair nach h-eadh, ná aonduine a bhain leis. Níor tháinic aon-chneagaire ar a threibh!
+
Abair má's dochtúr é, gur beag 'e mheas a bhíos aige air féin scaithtí!
Abair má's ag dul Gaillimh atá sé gur fada go mbeidh sé ann ar an roighinidheacht sin!
TUILLEADH (2) ▼
Abair má's leis "sprae" a chur amach go bhfuil sé thar am
Abair má's lib a dhul ag an scoil, nach mór daoib deabhadh a dhéanamh
+
D'fhéadfá a rádh gur maith a chuaidh an imirce dhó (ní athruigheann "d'fhéadfá" pearsa. Leagan rí-choitianta i gcaint é) = is fíor gur agus rl.; deirimse leat agus rl.; abair gur maith agus rl.
D'fhéadfá a rádh gurb é atá fuar!
TUILLEADH (8) ▼
D'fhéadfá a rádh gurb' ort atá slacht do chodach, bail ó Dhia ort
M'anam go bhféadfá a rádh gur beag an néal atá air sin
Dar mo choinsias, d'fhéadfá a rádh nach bhfuil sé sin ag leigean aon-bhuille marbh in a chuid oibre
D'fhéadfá a rádh gur maith te droch-mhúinte an cimleacháinín é sin, má theigheann araoid ar bith air
D'fhéadfá sin a rádh! Is fadó nach bhfaca tú cur cho buailte an tráth seo 'bhliain
D'fhéadfá a rádh muis! Diabhal bréag ar bith nach mbeidh púir as a bhéal nó is cinneamhaint críochnuighthe air é
D'fhéadfá a rádh inDomhnach! Is iomdha a leithide eile a bhuailfeadh amach ar cuairt agus a d'fhágfadh an obair sin faoin a bhean.
D'fhéadfá a rádh! Ach indé a bhí an fuacht ann ar chaoi ar bith
2.
+
Abair nachar bhac fear le cur ar bith, ach tosuighe ag baint mhóna 'san Márta, agus tosuighe ag cur potaí 'nuair a thiocfadh séasúr na gliomadóireachta, meastú nach mó a bheadh dhá bharr aige, ná a bheith dhá mheath féin ag tochailt idir dhá chloich 'sna breaclachaí sin amach = cuirigcás
Abair gur cheannuigh tusa leota feola agus go dtáinic tú aniar abhaile agus gur chaith tú trí nó ceathair de laetheantaí dhá slumairt, nachar shamhaoinighe dhuit é sin, ná sceimhil a chur ar do bholg annsin thiar le piontaí pórtair
TUILLEADH (1) ▼
Chreidim nach ndeachaidh ach abruigheadh muid go ndeachaidh. 'Sé an chaoi is réidhchúisighe do 'chuile dhuine é
3.
a.
+
Céard adeir tú leis anois a chuaidh síos de mhaol a mhainge go dtug sé aníos é = nach mbeadh iongantas ort go ndearna sé sin; nach mór an t-iongnadh agus rl.
Céard adeir tú léithe a d'iarr punt orm!
TUILLEADH (7) ▼
Céard adeir [tú] leo a tháinic isteach annseo agam (chugam) ag iarraidh áit bó orm!
Céard adéarfá le dhul abhaile. Tá sí in am = céard é do mheas faoi'n a dhul abhaile
Céard adéarfá leis an aimsir seo?
Céard adéarfá leis sin = céard é do mheas faoi'n obair sin, faoi'n mbaramhail sin, faoi'n saothar atá déanta agus rl.
Tá sé réidh agam anois. Céard déarfá faoi sin? An gceapfá go bhfuil sé maith go leor?
Céard adéarfá le fear a tháinic isteach aréir chugam ag iarraidh ualach fataí orm nó go dteagaidh fataí nuadha = nach dalba an rud é!
Céard adéarfá le bean a d'fhága an stainníneach trí h-uaire annsin thiar ar an mbóthar agus í féin in éindigh le fear eile!
+
Anois céard adeir tú le Gaillimh = anois a bhfuil biseach agad; déarfaí é faoi scéal eicínt, nó faoi rud eicínt a dhéanfaí, a bheadh ina chuid iongantais; 'séard é an leagan iomlán: anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Tá J. ag cur a chosa uaidh ag iarraidh pósadh freisin anois. Dubhairt sé leis an athair an lá faoi dheireadh, bean a fháil dó nó an sagart! Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
TUILLEADH (5) ▼
An uair a tharraing mé an ruadhóig anuas de dhrioball na budóige agus a shlíoc mé síos é, meastú nachar tháinig leath an driobaill liom. Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Rug sé i ngreim chúl cinn ar Mh. Mh. agus thug sé Bóthar na Muice Báine amach dó. Anois céard adeir tú le Gaillimh. Is beag a cheapfadh go mbeadh an méid sin guis ann chor ar bith!
Ag strócadh go dteigheadh sí ag damhsaí! A leithide de ghiostairín! Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Diabhal thiomanta ceann a thiubharfadh sí dom, mara dtugainn seacht bpighne ar chúig cinn de "Phuncáin". Anois céard déarfá le Gaillimh! Is furasta dhóib bráigill fhéin a bheith aca
Diabhal a chois ná a chnáimh a ghabhfadh ann, dhá mbeinn leis nó go gcaithfinn mo theanga. Anois céard deir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag! Nach maith luath atá sé ag dul ó smacht
+
Deir tú leis a d'imigh abhaile indiu = what do you think of him going home to-day! (Rud mar sin a bhíos i mBéarla na h-Éireann)
Deir tú léithe nach bpósfadh é! Nar fhaghaidh sí níos fhearr é muis!
TUILLEADH (6) ▼
Deir tú le A. atá ar meath ó mhaidin, agus láithreachán móna annsiúd thuas aige agus í gan tógáil as a scaradh fós i mbliana!
Deir tú liom ar chinn sé dubh agus dubh orm aon-feaig a fháil istigh ar shlata an bhaile sin indiu! Tá mé scrúdtha!
Deir tú leis an gcúin a cailleadh, adeir sí. Shílfeá nach leigfeadh an náire dhi é sin a rádh, lá agus gur leig sí 'un báis le amhgar í
Deir tú leis a bhí ar an bportach indiu roimh lá. A Dhia dhá thárrtháil muis! Is cor 'san saoghal é sin
Deir tú leis an scoinmhíol seo thíos nach dtiubharfadh m'oirdín dom ag rádh gur leo féin é!
Deir tú leis atá thíos ag baint chairrgín ó'n h-aon déag!
·
Is mór adéarfá le gasúr nach mbeadh aon-chiall aige, ach bodach mar é sin! = chuirfeadh sé iongantas ort, go ndéanfadh gasúr gan aon chiall féin é, ní áirighim bodach mar é sin
Is mór adéarfá le duine nach mbeadh aon-fhód móna aige féin a dhul ag tabhairt mála as cruach na comharsan, ach iadsan agus a gcuid móna féin buailte orra
b.
+
Déarfainn go bhfuil olc dhá bhualadh = ceapaim; ach tá sé an-choitianta mar seo is an modh coingheallach
Déarfainn go raibh diomdha ag teacht air an uair sin nach ndeachaidh sé féin ann freisin
TUILLEADH (5) ▼
Déarfainn go bhfuil an cogadh ionann agus thart
Déarfainn nach ndéanfadh sé aon-mhaith
Déarfainn gur bocht an chaoi dhá leithide a bheith teáltuighthe istigh 'san teach sin 'chuile ré soluis agus iad sin ag magadh faoi
Déarfainn gur suarach an éadáil do dhuine ar bith a bheith i dtuilleamaí déirce bheag de'n tsórt sin
Déarfainn gur dona na gnaithí atá air a bheith ag imeacht ar a shláinte go fánach mar sin, agus a fhusacht dó a dhul go Sasana, agus saothrú maith ann
·
Dhá mbá é an Seóigeach a bheadh ag caint déarfainn fear maith leis, ach an scráibíneach sin = déarfainn go mba fear maith é
Déarfainn fear maith le P. se'agaibhse, ach ná bac le fear ar bith eile ar an mbaile = thiúrfainn fear maith ar Ph.; ceapaim gur fear maith é
+
Ní abróchainn nach bhfuil an ceart agad = sílim go bhfuil agus rl.
Ní abróchainn nach raibh baint eicínt aige leis, ach níl a fhios agam thairis sin faoi
TUILLEADH (2) ▼
Ní abróchainn nach ndéanfadh sé é freisin dhá gcaitheadh sé in a cheann é
Ní abróchainn nach hé J. Mór atá as an mbealach freisin, ach d'imigh an diabhal ar an gceann eile féin
c.
+
Deir siad gur marbhuigheadh é i Meiriocá = tá "deir siad" an-tréan i leabaidh "deirtear" is an gcaint
Deir siad go bhfuil
TUILLEADH (13) ▼
Deir siad anois gur gearr go bhfairsingidh an tae
Deir siad go bhfuil dlí le theacht amach go gcaithfear íoc ar an gcut cho maith leis an madadh
Deir siad nach leigfear duine ar bith go Sasana, dhá mbeadh an bhliain seo caithte
Sin é, adeir siad. Ach cá bhfios duinne é. Diúltuigheamuid dhó
Sin é adeir siad ar aon-chor. Ach níl áird le tabhairt ar leath na luaidreáin
Deir siad é a mh'anam: is minic an fear fada ag ceannacht fataí ó'n bhfear gearr
Ní maith ó maoidhtear agus ní eineach ó iarrtar: deir siad é, dar príosta
'Séard a deirim fhéin i gcomhnaí nachar chaith sé é fhéin 'san dug ariamh; gur duine eicínt eile a chuir tuiric ann
'Séard adeir sé nach bhfuil S. A. ach ag cur mí-rath ar fad ar na portaigh leis an mbaint atá sé a thabhairt orra
'Séard adeir siad (adeirtear) nach bhfuil fear a bhárrtha ann
Tá ráidhte go bhfuil sé le theacht abhaile go goirid = tá sé ráidhte; deir siad; deirtear; tá le rádh
Déarfaidís freisin go bhfuil leigheas san bhflith = deir siad; deirtear
Déarfaidís go raibh sé ann
d.
+
Deirimse leatsa go n-íocfaidh sé ann = rachaidh mé faoi dhuit; mise i mbannaí dhuit
Deirimse leat go gcuirfidh mise rud eicínt eile ar a aire
TUILLEADH (12) ▼
Deirimse leatsa go gcuirfidh mise taobhach air dhá fhada go dtí é
Deirimse leatsa nach hé a rinne é chor ar bith
Deirimse leatsa gurb shin iad a bhí ag cur éadain air (ar an ól) hébrí cé'n fáth é
Deirimse leatsa go raibh smideannaí beaga aige th'éis an méid sin
Nach ndeirimse leatsa anois, go raibh sé i Meiriocá!
Nach ndeirimse leatsa nachar dhubhairt sé ariamh é!
Tá sé sin go h-olc, deirimse leat
Is caillte an aimsir í, deirimse leat
Thug mise faoi go binn é, deirimse leat
Gheobhadh sé faoi na foraí é, deirimse leat, marach le omós dhá bhean
Bhuailfí tuighe srathaire air deirimse leat, marach gur thug Dia dhó a bheith imighthe
Tá sé sin ceanamhail air fhéin deirimse leat
+
Deirimse nach bhfuil
Deirimse gurb é muis!
TUILLEADH (11) ▼
Deirimse gurb é a bhí as bealach
Deirimse nach bhfuil an ceart agad
Deirimse go dtug sé éitheach!
Deirimse go dtug tú fhéin agus é féin éitheach
Deirimse go dtug P. Mh. Uí Fh. éitheach má chaith sé an chaint sin
Deirimse go bhfuil tú ag rádh na mbréag — nach raibh mé ann beag ná mór.
Deirimse go bhfuil tú ag déanamh na mbréag — gur tú féin a thóig leat é
Deirimse nach bhfuil is an méid sin ach starróig de bhréag.
Deirimse féin muise nach bhfuil
Má deir tusa gur sine é ná S. deirimse féin nach sine. Is sine S.
Deirimse féin gur mó a bheadh de bharr na móna ag duine, ná de bharr an chuir
4.
+
Bhí sé an-olc, déarfá = cuirtear déarfá isteach mar seo go minic fearacht agus dá mbeadh an té atá caint ag cur mortabháil a chuid baramhlach féin anonn ar an duine atá ag éisteacht leis. Níl ann ach gnás cainte. In áiteachaí (bailte agus ceantair bheaga) 'sé a bheadh i leabaidh "tá mé ag ceapadh", "dar liom" agus seóraidhthe mar sin a bhíos in áiteachaí eile
Déanfaidh sé lá breagh déarfá (tá mé ag ceapadh; dar liom, sílim)
TUILLEADH (8) ▼
Bean anglánta go maith í, déarfá
Tá an dream seo níos measa ná an dream a bhí cheana ann, déarfá
Ní raibh sé sásta an mhuic a chur an t-airgead sin, déarfá
Tá sé ro-gharbh le dhul 'un fairrge, déarfá
Déarfá nach raibh sé an-tsásta é a dhéanamh
Déarfá go bhfuil an oíche ag leigean fúithe
Déarfá gur gearr eile a bheadh an troid ar siubhal, 'nuair a bheadh puca déanta dhó (dhe) ag M.
Déarfá anois dhá seaduigheadh an uair seo, gur gearr go mbeadh a sean-eire (dasachaí) ar fhataí
+
Tá sí in a cailleach seamluis, mar adéarfá = pour ainsi dire; so to speak
Námhaid na circe mar adéarfá, a bhí tímpeall mo thighe indiu!
TUILLEADH (3) ▼
Dhá bhfaighteá dhá lá eile air mar adéarfá, bheadh iarracht mhaith agad air
Is beag eile, mar adéarfá, a thastóchadh uaidh anois, ach dhá laghad sin féin, níl aon-fháil agam air
Dhá dteightheá ag an gcéad Aifreann mar adéarfá, agus a dhul ann annsin gan méir a bhaint de do shrón, diabhal mé go mbeitheá ann in ucht an lae
+
Cé mhéad stuca 'san ngarrdha sin thoir mar adéarfá = an gceapann tú; nó more or less
Mar adéarfá anois, meastú a bhfuighinnse obair ann = an gceapann tú go bhfuighinn; an mbeitheá indon aon-chongnamh a thabhairt dom. Cineál slosaidheachta nó evasion é igcásannaí de'n tsórt seo
TUILLEADH (2) ▼
Mar adéarfá anois an gceapfá gurb é atá ceart?
Meastú an raibh an bhean mar adéarfá idtinneas cloinne?
+
Péist é mar adéarfá
Ghlacfainn chúig phunt air mar adéarfá má cheannuigheann tú glan ar na chúig phunt é
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé dhá fheiceál dom mar adéarfá, go n-eireochadh rud eicínt dom
Bhí sé slata ann, mar adéarfá, dá mbeadh sé uiliog as fad a chéile = cion sé slat a bhí ann
Tá dhá ghabhaltas aige, dhá mbeadh sé uiliog cruinn mar adéarfá, ach 'sé'n chaoi a bhfuil sé in a sceidíní thall agus abhfus

Féach freisin

Deir in iontrálacha eile (50+)

 
Airíonn an girria sin nach bhfuil aon-chú agamsa. Deirimse leat dhá mbeadh go mbeadh sé faiteach thairis sin. Agus deir tú liom go raibh sé amuigh i nGarraí na h-Iothlann. Sách gar do na tithe a mhaisce. Gabhfaidh scaol annsin gan mórán achair muis má mhairimse.
 
Teirigh ag an dochtúr leis an taobh sin agad faitíos na timpiste. Deir tú go bhfuil an phian ag smearadh amach. Sin deá-chosúlacht. Deir siad má smearann an phian gur comhartha é nach bhfuil aon-asna briste. Ach ní bheadh a fhios agad. Is fhearr a dhul roimhe in am
 
faoisc
D'fhaosc sí na báirne san bpota. Deir siad gur an-bheatha iad sin: báirne faoscha.
 
Deir tú nach bhfuil de dhíol leasaithe agad. M'anam go bhfuil thearasbár tharmsa agad
 
Níl "stripe" ar an bhfeáin aca is measa ná mo "stripe-sa". Is gearr go mbeidh a bhfuil de phortaigh inte ídithe. Deich mbliana eile ar a mhéid agus deir tusa in a dhiaidh [sin] gur roinneadh an sliabh seo díreach! = ar an méid, nó an uimhir stripeannaí atá ann. Deirtear "féinn" freisin go háirid más daoine atá i gceist
 
Deir siad go bhfuil sé leis an leoraí a dhíol aríst. A fhearacht siúd ba bheag an ghnatha a bhí aige dhó luath ná mall
 
feart
Tá mé eirithe as an tobac inniu, agus ní chaithfidh mé aon-ghráinne aríst le cúnamh Dé go dtí lá Fheil Pádraig na bhFeart. Bainfidh mé píopa as an lá sin. Deir siad nach dochar é
+
fios
Deir siad go raibh fios ag M. na T. annsin thoir. D'innis sé faoin gcogadh = buadh targaireachta
TUILLEADH (1) ▼
Deir siad go raibh a sean-mháthair sin in a cailleach fis
 
Caithfidh an fliuchán a chuid fhéin a fháil. Deir siad nach mór deachma na sláinte a íoc = má fhaghann duine fliuchán, beidh slaghdán, tinneas cnámh etc. air
+
focal
Bíodh an deagh-fhocal ag an té a bhíos ag caint. Deir siad nach mbriseann focla maithe fiacla
TUILLEADH (1) ▼
Deir tú leis an lá faoi dheireadh a thosuigh ag tabhairt cor na bhfocal don mháistir. Nach mór an éisteacht a bhí ag an máistir leis, nar thosuigh dhá ghriosáil. Dheamhan griosáil muis. Sén chaoi ar thosuigh sé ag gáirí
 
Foillsíonn Dia an droch-ní i gcomhnaí dhá fhada go dtí é. Deir siad go bhfuil muilte Dé mall ach go meileann siad mín … Feacha an fear sin thiar. Mharuigh sé comrádaí leis ar an sliabh. Dheamhan a fhios agam ar mharuigh nós marar mharuigh — diúltaíomuid dhó — ach go raibh sé ráite leis. Nach maith a tháinig sé san saol gur thárluigh an cleas céanna dhá mhac fhéin. Thug an t-athair an eang leis. Ar an mac a hídíodh é
 
folach 1
Is daor an ailím folach féin a cheannacht anois ní áirím mála. Deir siad go bhfuil málaí dhá ndíol inGaillimh ar thrí agus sé pínne
 
Framsóg mná a fuair sé. Ach deir tú léithi ar chuma ar bith a chuaigh i gcois dhá leith ar an gcapall! A dhiabhail nach hí an marcach í!
 
fág i
Sílimse go bhfuil sé deich míle. Deir tusa nach bhfuil sé ach hocht míle go leith. Fágamuid in a hocht míle go leith é. Deir tusa go siúilfeadh bean trom trí mhíle san uair. Ach m'anam nar shiúil tusa aon-hocht míle go leith in imeacht dhá uair: gurbh fhada uait é
 
Deir tú nach hea. Fágaim le m'ais gurb ea muis = sea go dearfa
 
fág
Ná bac leis sin anois. B'fhéidir go raibh sé bocht scathamh, ach más bocht a fríodh é, is saibhir a fágadh é. Deir siad gur fearr "seo é; seo é, ná cáil sé: cáil sé"
+
Chuirfeá J. Mh. amach i bhfáinne anois de bharr an airm. Deir sé nach bhfághadh sé leath a dhíol len ithe ann. Ba dhiabhaltaí an rampaire é shul a ndeacha sé isteach
TUILLEADH (1) ▼
Deir siad gur facthas an Mhaighdean Ghlórmhar ann — moladh go deó léithe — agus fáinne solais ar a cloigeann
 
fána
Níl leath an chirt leis. Deir siad gur minic a thug tuile fear buile le fánaidh: sin é a fhearacht aigesan anois é. Ní shásódh tada é go dteigheadh sé in aghaidh an bhaile uiliog, ag déanamh amach go smachtódh sé iad: eisean atá smachtuithe anois
 
féar
Níl a fhios cén talamh atá socruithe aige l'aghaidh fataí agus gan aon-tsop leasú ag gabhail leis. B'fhéidir go gcuirfeadh sé ar an bhfód iad. Cuireadh cheana, ach deir siad nach mbeathuíonn an féar an phis.
 
fóir
Chuaigh mé fhéin ag déanamh fóirínt air, agus ba mhó na buillí a d'eirigh liom ná leis fhéin. 'Ar ndó' deir siad é: ní theagann fear an eadarascáin saor
 
Deir tusa go ndéanfá a ghníomh. Diabhal é go mbeirtí aríst thú! Níl maith ar bith do dhuine a bheith mór-fhoclach mara bhfuil an cur leis ann. 'Ar ndú' ní bhíonn aon-chíos ar an gcaint, adeir siad
+
Níor mhaith liom go bhfaigheadh an ceann céadna caidéis a' bith dhom fhéin ná do mo chuid. Deir siad go bhfuil droch-shúil aige.
TUILLEADH (1) ▼
Deir siad gurb é S. Bh. ba chionntach léithe sin. Fuair sé caidéis di, gan aon-'bhail ó Dhia', a chuir uirre. Badh é ráidhte 'chuile dhuine go raibh droch-shúil aige. Pé acu sin é, dheamhan deoir bhainne sláinte a d'ól sí ó'n lá a bhfuair sé caidéis di. Bhí a máthair a's a muinntir a' strócántacht le na fear, ag iarraidh air a dhul go dtí S. B. a's é 'thabhairt 'un láithreach, go gcuireadh sé 'bail ó Dhia fliuch' uirre.
+
cailm
Deir an dochtúr nach bhfuil cailm a' bith air, a's go srianfa sé thríd, ach dheamhan fhios agham.
TUILLEADH (1) ▼
Deir sé fhéin go bhfuil sé ar neamh-chodladh le seachtmhain, a's dar príosta má tá is beag a' chailm atá air, in a dhiaidh.
 
Níor facthas a leithide d'aimsir ó rugadh a' chéad-fhear. A's mara bhfuil ag Dia, ní tús ná deire dhi. Tá'n camán luaithe chomh gártha sa teine anocht, a's bhí sé oidhche ar bith le seachtmhain.
 
Tá'n teach mór sin le canndáil go goirid, ach deir siad nach dtóigfe aon-duine é, arae go bhfuil sé báidhte i bhfiacha.
 
M'anam muise mara bhfuil ag a chuid beithidheach seasc ach a ndéanann siad de thomsacht ar na caethachaí siúd, nach sugh salmhain imbéal buláin dóib é. Bó a' bith — seasc nó eile — nach bhfuil a' faghail farae ar an aimsir seo, beidh sí ar deire.
 
ceal 1
Déarfa mise suas leis a' smut aige, gurab é fhéin is cionntaighe ó thús deire go tosuigh, a's deanadh sé a rogha ceal di má's breagh leis.
+
'Mbeadh fhios aghad faoi neamh nó néal, cé'n chóir a bhfuil siad indon na 'h-aeroplanes' sin a chinnireacht chor a' bith san aer. Shílfeá go mbadh deacair dóib é lá gála go h-áithrid, ach deir siad dheamhan cailm a bhío(nn)s orra(b) ach an oiread le lá ar bith.
TUILLEADH (1) ▼
Má tá sé a' faghail cinnireacht' chomh maith sin, is mór a' t-iongnadh, nach mbeadh slacht a chodach air. In a leaba sin, is geall le leath-deire cait an giall atá air.
 
ciste
Deir siad go bhfuil ciste thar a chéile annsin thoir inGarrdha na hUilleabhair (Il-iubhair?), ach go bhfuil siad faoi dhraoidheacht.
 
clab
Céard deir tú anois, a chlab mhóir!
 
Deir siad gurab é an t-ughdar atá le claon-fheachaint a theacht i bpáistí, má bhíonn siad i gcliabhán, in áit a mbeadh an ghrian a' teacht leathtaobhach orra(b). Baineann an solus stangadh as na súile. Ach dheamhan's móide a bhfuil sa méid sin, ach comhrádh daoine.
+
cleite
A Dhia dhá thárrtháil muis! Is iongantas é 'bheith díbliú ar Mhac A. Uí Ch. 'Séard deir sé i gcomhnuidhe, gurb shin é an cleite is fhearr in a sciathán fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Níor iarr duine 'bith ort do chleite a chur sa gcainnt. Eatorrainn fhéin a bhí sé ó thús, deire, go tosuigh.
+
B'fhéidir go ndéanfainn an oiread de chumaoin duit uair eicínt. Ní hé deire an tsaoghail é a dhuine chóir.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh sé in a shagart faoi chéad, níor chumaoin dó gan beannú dhomsa. Ba mhinic a bheadh a mháthair ar deire marach mise, ach ní móide go bhfuil fhios aige-san sin.
+
Má tá sé ann ingan fhios ná i gcoimhfhios, gheobha an póilidhe ruadh atá annsin thiar é. Ní bheadh sé istigh i bpoll srathaire ingan-fhios dó. Deir na 'stiléaraí' gur sháruigh sé a bhfaca siad ariamh.
TUILLEADH (1) ▼
Níor thaobhuigh sé ingan-fhios ná i gcoimhfhios í anois, le bliadhain. Ach deir siad go bhfuil sé thar bharr a chéile in a diaidh igcomhnuidhe. Níor mhaith liom ' anshógh bheith orm. Droch-bhodach é 'hathair.
 
Deir siad gur iomchuir sé fothlach arbhar a bhí corradh ar fhiche cloch mheadhchain abhaile ó'n S. thrídh chíocraí a's thrídh bhograchaí, gur leag sé istigh sa gclúid aige fhéin i bhF. é. Bhí féith ó na Fianna ann ceart go leor, ach má bhí fhéin, ní maith go gcreidim go ndeárna sé gníomh mar sin.
+
Ó'n gcosamhlacht a chuir sé air fhéin, deir [tú] leat fhéin go ndéanfadh sé cat a's dá rioball, ach badh gearr le dhul é 'na dheidh sin, nuair a féachadh amach é.
TUILLEADH (2) ▼
Bíonn an chosamhlacht ann mar deir an tincéara leis an asal. (leath-fhocal) = is léar ó dhuine nó ó bheithidheach an deagh-ughdar nó droch-ughdar é. Is léar ó rud, an olc nó maith é, gan é 'fhéachaint chor a' bith.
Dheamhan's móide gur taidhbhse 'bith a bhí ann, ach go mbíonn an chosamhlacht ann, mar deir a' tincéara leis an asal.
+
Deir na sean-anndúirí gurb iad an dá rud is siúráilte amuigh Comhar na gComharsan a's Cothromacan Síne na h-Uaire. Well, níl locht a' bith ar Chothromacan Síne na h-Uaire, ach 'sé mo mheas go bhfuil Comhar na gComharsan caithte in aer. D'fheicinnse le mo linn fhéin iad, a's dheamhan ceann oibre dhá mbeitheá a dhéanamh — crapadh an fhoghmhair, a' baint mhóna, ná 'bualadh coirce — nach mbeadh daoine sa mbealach ar a chéile a chongnamh dhuit. Ach dheamhan méitheal a d'fheicfeá in aon-áit anois. Caitheadh an obair sin igcártaí. 'Sé do chloch-neart é, scurach a fhaghail a leigfeadh súgán dhuit, tada leis.
TUILLEADH (1) ▼
Má chothuigheann sé an ghlas-aimsir seo i bhfad eile, dheamhan 'fhios beo cé'n aimsear bhreagh a thiocfas na diaidh. Deir siad nach bhfuil rud a' bith is siúráilte na cothromacan síne na h-uaire.
 
Deir B. liom indiu go bhfuil éan coideáin ar a cuid cearc fhéin. Shanntuigh mé a rádh léithe, marach faitchíos go liobróchadh sí mé, gurb shin é an t-éan a rinne an imirce uabhair. Dheamhan i bhfad a chaithfeas sé ar éanachaí B. go dtuga sí an scian dó.