Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dreancaidí (9)

 
déan 1
Tá an madadh sin ag déanamh dreancaidí — dreancaidí ag cruthú ina chuid fíonnaigh
 
draoi
An bhfeiceann tú na míola sin a bhíos sa snáth mara. Sin iad na dreancaidí mara. Bhí an draoi breacach acu thíos ansin thíos i mbliana ar an gcunús feamainn tirim a d'fhan d'fhuílleach ormsa
+
"Bhí mé i dteach aréir agus bhí clampar ann; Bhí cearca agus géabha agus lachain ann; Bhí an bháisteach anuas thrí mhullach an tí; Agus níor chodail mé néal ag dreancaidí." (Rann a rinne fear nár thaitnigh an t-óstachas leis a fuair sé i dteach eicínt. Leagtar ar Raiftearaí é amantaí)
TUILLEADH (6) ▼
Níor chleacht sé tada ariamh ach míola agus dreancaidí agus sneá
Tugadh soir anseo iad nuair a bhí an aicíd sin in ainm is a bheith san áit, nó gur baineadh na dreancaidí astu. Ní fhéadfaidís siúd gan a bheith ite leo agus chomh salach brocach agus a mbíonn chuile shnáth dhá mbíonn orthu. Mhaithfeá do Dhia gan an léine atá air anois a fheiceáil. 'Sí an rud is sailí í dhá bhfaca mo shúil ariamh
Chas sé dreancaidí liomsa. Chreidim gurb é an chéad rud a tháinig ina bhéal é. Níor thug mé féin aird ar bith air, ach a rá nach maith an tsamhail a théas i bhfad. Chuile shórt ach dreancaidí; agus gurb aige fhéin sa bprochóigín de theach siúd atá máithreach na ndreancaidí. Sea i nDomhnach
Teann anuas as an sprémhóin sin nó beidh siad ag imeacht in do chrioslaigh agat. Dreancaidí. Sin í máithreach na ndreancaidí a mhic ó!
Beithígh ar an gC.! Bíodh unsa céille agat! Dreancaidí an t-eallach is fairsinge atá ansin, murar athraigh sé ó bhínnse ag tarraingt ann
Tá an cosamar feamainne siúd ionann is lofa. Ní tada atá go fairsing inti ach dreancaidí mara. Tá sí druidte leo