Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dreancaid
/d′r′ænkïd′/
ainm-fhocal; buineann
tuiseal geineamhnach uathaidh: na dreancaide
uimhir iolraidh: dreancaidí.
feithideach beag dubh a bhíos ag snámh agus ag léimneach (flea). Tá ar a laghad trí chineál aca ann.
a.
an dreancaid thighe.
+
"Bhí mé idteach aréir agus bhí clampar ann; Bhí cearca agus géabha agus lachain ann; Bhí an bháisteach anuas thrí mhullach an tighe; Agus níor chodail mé néal ag dreancaidí." (Rann a rinne fear nachar thaitnigh an t-óstachas leis a fuair sé idteach eicínt. Leagtar ar Rafteri é amanntaí)
Níor chleacht sé tada ariamh ach míola agus dreancaidí agus sneáidh
TUILLEADH (10) ▼
Scread mhaidne ort, a ghiolla na ndreancaidí, ba ghlaine muid 'chuile lá ariamh ná thusa
Tá sí ag imeacht mar sin agus a cuid eochraí imbarr an dubháin aice, ach ní rachainn imbannaí, nach gcodluigheann sí ar chuasnóig dhreancaidí 'chuile oíche 'sa leabaidh, in a dheidh sin. 'Ar ndú' ar chuala tú ariamh é: ceann cíortha a dhíolas na cosa
Tugadh soir annseo iad, nuair a bhí an aicíd sin in ainm agus a bheith san áit, nó gur baineadh na dreancaidí asta. Ní fhéadfaidís siúd gan a bheith ithte leo, agus cho salach brocach agus a mbíonn 'chuile shnáth dhá mbíonn orra. Mhaithfeá do Dhia gan an léine atá air anois a fheiceál. 'Sí an rud is sailighe í dhá bhfaca mo shúil ariamh
Chas sé dreancaidí liomsa. Chreidim gurb é an chéad rud a tháinic in a bhéal é. Níor thug mé féin áird ar bith air, ach a rádh nach maith an tsamhail a theigheas ibhfad. 'Chuile shórt ach dreancaidí; agus gurb aige fhéin is an bpruchóigín de theach siúd atá máithreach na ndreancaidí. 'Seadh inDomhnach
Teann anuas as an spréidhmhóin sin nó beidh siad ag imeacht in do chrioslaigh agad. Dreancaidí. Sin í máithreach na ndreancaidí a mhic ó!
Th'éis cho galánta agus atá sí, bhí mé taobh thiar di ag an Aifreann Dé Domhnaigh agus meastú nach raibh páin de dhreancaid ag snámh uirre
Cailleann an dreancaid a gaimh san ngeimhreadh. Is leath-tógáil ar an dreancaid an teas agus an bhruthghail
C. na ndreancaidí a thugadh an sagart ar an mbaile sin. Agus go deimhin má 'sé féin, níor bhréag dhó é. Níl sé indon tada eile a thógáil
Beithidhigh ar an gC.! Bíodh unsa céille agad! Dreancaidí an t-eallach is fairsinge atá annsin, marar athruigh sé ó bhínnse ag tarraint ann
Is deas déanta suas an chliobóig de bhean í, ach is lághach éascaidh a mharbhóchadh sí dreancaid mar sin féin
·
Tá sé mar a bheadh dreancaid ann. 'Nuair a shílfeá breith thall air, bheadh sé scuabtha. Ach tiocfaidh sé ar ais aríst, le priocadh eile a thabhairt fút
Ná bac le tada ach tá sé siúd cho scolbánta leis an dreancaid. An bhfaca tú trathnóna annsin thuas é ag seasamh ar bharr na gclaidheachaí
b.
an dreancaid mhara. Isan bhfeamainn dearg nó isan mbruith-faoi-thír agus í leath-lobhtha is mó a d'fheicfeá na dreancaidí mara. Tá siad taithighthe i mbarr cladaigh ag an snáth mara. Ní fheicfeá ar thrághanna gainimh iad chor ar bith. Dhá láimhseálthá an fheamainn agus í isan gcruth adubhairt mé, léimfeadh pláigh dhíob chugad. Is beag nach gceapfá go gcruthóchaidís isan bhfeamainn as comhair do dhá shúl. Bíonn an-léimneach orra. Is cosamhail í an dreancaid mhara le míol críonna ach is mó agus is téagaraighe í ná an míol críonna. Tá sórt eangaí innte, agus go leor cos uirre, agus dhá streille siar aisti. Níl aon-dochar innte, arae ní shnámhfadh sí ort, ná ní thiocfadh sí leat in do chrioslaigh.
+
Tá an cosamar feamainne siúd ionann agus lobhtha. Ní tada atá go fairsing innte ach dreancaidí mara. Tá sí druidthe leo
Ní thiubharfainn dreancaid mhara ar a bhfuil de bheithidhigh ag gabhail leis. 'Ar ndú' ní tógáil atá orra. Ní fhiafróchaí ar an aonach sin thiar indé iad. M'anam nach bhfiafróchaí
TUILLEADH (1) ▼
"Chonnaic mé soitheach an lá cheana ag dul treasna thrí Árainn Mhóir; Dreancaid mhara ar an lacard taobh thiar dhá gabhail; Ceann Gaineamh in a mhadadh agus é ag tafann ar Iorras Mhór agus rl." (Línte as an Amhrán Bréagach)
c.
an dreancaid chíbe. Maidir leis an dreancaid chíbe, is lugha í ná an dreancaid mhara. Ní shnámhfadh sí ort ach oiread. Ingiodáin thirme issan bhfraoch nó i gcíb a bhíos sí taithighthe. Tugtar chun an tighe i spréidhmhóin iad scaithtí.
·
Foighid ort! Tá sí agam. De'n phortach a tháinic sí sin indiu leis an móin. B'olc an imirce aice é, an cailín! Dreancaid chíbe. Tá goin ar an diabhal sin anois

Féach freisin

Dreancaid in iontrálacha eile (2)

 
deo
Ní fheicfidh tú é go deó aríst; go deó na díle; go deo dearg na díle; go deó na ndeór; go deo na ndreancaidí!; go deo ná go bráth
 
draoi
'Bhfeiceann tú na míola sin a bhíos ins an snáthmara. Sin iad na dreancaidí mara. Bhí an draoi breacach aca thíos annsin thíos imbliana ar an gconuas feamainn tirm a d'fhan d'fhuighleach ormsa.