Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
druid
+
Níor leig an faitíos dó "druid" a rádh = bhí faitíos air tada, nó faic na fríde a rádh
Má dheireann tú druid as a chomhair siúd, beidh scéal agad air
TUILLEADH (10) ▼
Ba shocair an mac é sin, dhá mbeadh an t-athair istigh. Druid féin ní bheadh as a bhéal
Chonnaic mise annsin thuas é ar bhainis Bh. T. Mh. agus an druid fhéin, ní raibh aige. Ach bhí plíomaí annsin nach n-éistfeadh leis
Má chloisim druid as do bhéal aríst anocht, beidh mé ag gabhail ort cho uain agus a gheobhas mé teas in do chraiceann
Ní raibh oiread agus druid uaidh, th'éis go ndeachaidh an ceann eile go bog agus go cruadh air, ag iarraidh achrann a bhaint as
Ná bíodh druid agaibh anois, má theagann aonduine isteach annsin indiu. Nó má chloisimse druid uaib, íocfaidh sib ann
Diabhal druid atá len aireachtáil istigh ann. Má tá duine ar bith istigh. Is mór m'aimhreas nach bhfuil
Coimirce an diabhail daoib! Ní raibh druid 'sa teach le seachtain cho uain agus a d'fhan sib uainn. Níl suaimhneas i dteach ar bith a mbeidh 'u' (bhur) dtarraint ann. Chuirfeadh sib dhá chrích Mhuire thrín a chéile
Clabaire críochnuighthe é agus má seadh féin, ní raibh druid aige igcaitheamh na h-oíche. Ba mhaith an fáth 'ar ndú'. Chuir an gaiscidheach mór scáth air
Ó a chuaidh an méid sin caidéise air, dheamhan an druid a d'fhan aige uaidh sin amach
Dheamhan an druid fhéin a bhí le rádh aige. Ní fhaca tú aon-fhear mínighthe ariamh ach é. Tuilleadh diabhail aige. Is fada é ag tuaradh an méid sin dó féin anois. An rud a bhíos dhá shíor-luadh, adeir siad, teagann sé isteach 'sa deireadh

Féach freisin

dur
dún

druid in iontrálacha eile (5)

 
díbir
Cuirfidh mé díbirt ar a bhfuil agaibh ann má chloisim druid eile uaib. Breagh nach mbeadh sib ar an gceird seo ins an mbaile agaibh féin. Ní bheadh, arae ní éistfí lib
 
díle 1
Ar an dá luath agus a n-ólann sé pintín pórtair teagann an díle cainte dhó, agus do dhubhshlán annsin a chur in a thost go dtuitidh sé. Neart sclaibéaracht' a bhíos aige. An uair a bhíos sé ar a chéill ní bhíonn smid ná smeaid aige. Bheitheá ag cur maide siar in a bhéal, agus dheamhan druid adéarfadh sé. Is aisteach an chaoi a dteigheann an t-ól do chuid de na daoine
 
drad
Bhainfí an drad annsiúd asad, dhá n-abruightheá druid ar bith
 
droim
B'fhurasta duine a chur de dhruim tighe ins an am sin. Bhí an dlí uiliog dóib féin ag na tighearnaí, agus ní raibh aon-ghoir ag an duine bocht "druid" a rádh. Ach d'athruigh an saoghal ó shoin. Is maith an scéal gur athruigh.
 
Má chloisimse druid uait aríst go faoithin, cuirfidh mé druiminn ort le a dtiubharfaidh mé de bhata dhuit. Ní hé a mhalrait atá tú a thuaradh dhuit féin; ag imeacht ag cur allais asad annsin, agus gan méir i gcluais le cloisteáil agad. Nach breagh nach mbeitheá cuibheamhail fearacht do leithide ar bith 'san tír, agus gan na daoine a náiriú