—
fear a mbeadh dronn air nó dioc; duine a mbeadh for-chruit air; duine nach mbeadh aon-airde mhór ann; ach a bheadh teangmháilte suas ag an slinneán; fear crom-shlinneánach gan a bheith árd. (Fc. dronn)
+–
Cá raibh an druinníneach seo anoir ar feadh an lae?
Nach hé an druinníneach é! Tabhair druinníneach air!
TUILLEADH (3) ▼
Diabhal fear beo a thiubharfadh aon-bhean do'n druinníneach sin. Ní theastóchadh uaidh ach sin go deimhin!
Bata a bhí a thabhairt soir abhaile do'n druinníneach sin agus gan é a bheith taithighthe ibhfus annseo. Is beag an slacht atá ag T. Mh. air
'M'anam muise, bíodh a fhios agad go bhfuil spreacadh thar cionn 'san druinníneach sin té (cé) gur beag a cheapfadh dó é. Tá an-chlár droma aige
Féach freisin
→
dronn
Druinníneach in iontrálacha eile (2)
→
daor 3
Ach a bhfaghaidh mise greim ar an druinníneach asail sin aríst tiubharfaidh mise luach a chuid bóithreoireacht' dó. Coinneochaidh mé seachtain ar stábla é gan greím, deoch ná blogam, agus annsin tiubharfaidh mé amach é ins an ngarrdha is creínnte ag gabhail liom, agus gheobhaidh mé rópa ruadh, agus cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air, go gcoinneochaidh a smut seanchus leis an gcréafóig. M'anam gur leis an gcréafóig a choinneochas sé é, mar go gcuirfidh mise ingarrdha é nach mbeidh aon-fhuínín (fhoinín) féir de bhiadh na talmhan' ann
Dhá bhfágtaí eatorra é, agus gan eadarascán ar bith a dhéanamh chaochfadh an druinníneach beag é as a dheireadh