Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

drogaill (10)

 
Is doiligh díbeartha an t-aistir é ag aon Chríostaí beo inniu. Ach dheamhan a dhath drogaill aige siúd roimhe. Tá an chleachtadh mhór aige air. Chonaic mise é sin ag imeacht oícheantaí as seo le dhul abhaile, agus dheamhan a dtiocfá chomh fada le ceann an sconsa sin dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Ní bheadh aon mhaith é a bhacadh ina dhiaidh sin. Bhuailfeadh sé a dhá sheirín taobh thíos dhá dhá ghlúin, agus dá mba í an oíche í ar ith Ceile na bradáin, ghreadfadh leis abhaile
+
M'anam go bhfuil an iomarca drogaill orm anois a dhul síos 'na chladaigh théis a bheith ar an bportach
TUILLEADH (4) ▼
Tá an iomarca drogaill air pósadh. Sin é a cheird le chuile rud
Fágadh caite ansin amuigh í nó go raibh sí leathlofa. Ansin, tháinig an iomarca drogaill orm a dhul dhá láimhseáil chor ar bith, mura ba liom (murar liom) tsiocair chantail a thabhairt dom féin
M'anam nach bhfuil a dheartháir mar sin: go bhfuil sé ar bheagán drogaill faoina dhul amach ina ghnaithe
Beidh luach do chuid drogaill agat ar ball má théann ceann de na gamhna sa gclaise agus é a bháthadh inti, i bhfad uainn an anachain!
+
Ní féidir gur ag dul chun drogaill atá tú. Más ea, ná bac leat féin. Shíl mé go raibh misneach thairis sin agat
TUILLEADH (2) ▼
Chuaigh sé chun drogaill air nuair a chonaic sé gach is a raibh le déanamh
Tá mé ag dul chun drogaill anois roimh an aistir sin. Sílim go bhfuil an tabhairt rófhada
 
Mura bhfuil a dhul uaidh agat, buail faoi ar an bpointe agus bíodh sé dhíot chomh luath in Éirinn agus a fhéadfas tú. Níl maith ar bith duit a dhul chun drogaill, ná a bheith idir dhá chomhairle, más rud é atá romhat