Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Druimfhionnach
aidiacht as druimfhionn, druimfhinn
beithidheach nó eile a mbeadh druimfhionn ann (fc. druimfhionn).
+
Tá an gamhain druimfhionnach sin ag M. imighthe aríst. A cheann finne ní choinneochaidh é siúd anois, ach ag dul siar 'san áit ar ceannuigheadh as é
Diabhal mé go bhfuil an bhudóg dhruimfhionnach ar an talamh aríst. Anois céard déarfá léithe a theacht ar ais ar aith-eolas!
TUILLEADH (4) ▼
Tá an-údar 'san leath-ghamhain druimfhionnach sin aige. Má choinnigheann sé beaithte é sin, agus mí a thabhairt dó 'san gcimín seo thiar, amach i dtús féir, diabhal beithidheach ag gabhail leis a bhéas ingoir ná i ngaobhar dó
Gamhain druimionnach é, agus an-síneadh faoi
Ní mór duit a bheith ar t'áirdeall féin má tá an bulán druimfhionnach sin soir is na garrantaí. Tá sé cho droch-mhúinte len a bhfaca tú go h-iomaidh. D'ionnsóchadh sé thú ar an toirt boise
Dar príosta muise, bhí beithidhigh lasta dháiríre má chuaidh an bhudóigín dhruimfhionnach h-ocht nóta. 'Ar ndú' ní raibh tógáil ar bith uirre. Dheamhan lán do ghlaice a bhí innte.
·
Cé leis an madadh druimfhionnach sin atá ag guairdeall annsin amuigh. Is madadh é muise a bhfuil a leas ar Dhia nó gheobhaidh sé fruisín uaimse. Tharraing mé iarraidh de chasúr air ar maidin agus chuaidh mé 'fhoisceacht mbeannuighidh Dia dhó, ach thug sé an eang leis in a dheidh sin. Meastú nachar dhúisigh sé as mo chodladh mé: ag cangailt an dorais ar a mhine-ghéire = (madadh druimfhionnach = madadh a mbeadh druimfhinn bhán nó bhuidhe nó eile ann de réir an datha a bheadh air faoi'n a bholg agus in a thaobhanna agus in a ucht)
+
'Bhfeiceann tú an áit a bhfuil an faoilleán druimfhionnach? = faoilleán é sin a bhfuil an druim dubh aige agus an chuid eile bán. Tá siad an-tréan ar na cladaigh
Chonnaic mé faoilleán druimfhionnach indiu annsin thíos agus é ag babhtáil. Meastú nachar thuirling sé 'sa deireadh, agus eirghe as aríst agus stuifín in a bhéal aige. Siar leis as cionn gob an Bh. agus casadh faoilleán eile dhó, agus nachar shín sé an stuifín chuige, agus teagann sé féin ar ais aríst gur thóig sé ceann eile: nár fhága mé seo, mara bhfaca mé dhá dhéanamh thíos annsin indiu é!
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig faoilleán druimfhionnach annsin ar an tsráid ar ball beag, agus diabhal easna dhó nachar árduigh leis sceallóg d'fhata: fataí a' (ar) mbéilí a bhí mé a fhuarú. Thosuigh sé ag scréachghail cho h-acmhuinneach agus a bhí sé indon, agus leig sé an fata uaidh aríst. Dhóigh sé é cheapfainn!

Féach freisin