Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

bos (18)

 
dairt
Chuaidh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'eirigh sé faoi dheire agus faoi dhó (dheoidh?) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinic táiraidhm (táirm) ar bith orra go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann droch-mhúineadha. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon-dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na h-ailt. Dhonuigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáithte ins an mbínnse é. B'éigin an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola in a srúlaí: i gcruthamhnas dhuit mar adeir an fear fadó an uair is fhearr an sogradh gurb eadh is fhearr leigean dó
+
Bhí deis annsiúd a dhealóchadh an droch-choirce ó'n gcoirce ar foghnamh ar an bpuínte boise. Cineál machine a bhí ann
TUILLEADH (1) ▼
Tá madadh aige siúd agus dhealóchadh sé na caoirigh buineanna ó na réitheanna le ionntú do bhoise. Dhealóchadh, dhá mbeadh míle caora ann. Chonnaic mé dhá dhéanamh thuas i lár na h-easca é
 
Má fhastuigheann tú é ingreim deasóige agus cor a chur innte ar an bpuinte boise, cuirfidh tú dhá bhuille é. Ach mara mbeidh tú dubh-thráthamhail tá tú as, arae má bhrathann sé go bhfuil tú ag dul in a éadan, cuirfidh sé luighe fiadha ort de dhorna
 
deis
Is mór an seans é, do'n duine atá ar a dheis le tosuighe ar an toirt boise. Ach sin caoi nach bhfuil cuid againne
 
Cé leis an ghiuicín beag a raibh fuar nimhe in a lámha … B'fhurast' aithinte. Ba fuar an éadáil é a athair féin 'chuile lá ariamh. An uair a mbíodh muid ag déanamh claidhtheachaí fadó, ní thagadh iabh air ar feadh an lae, ach ag cur séideogaí faoi na bosa
 
díol 2
Marab é do dhíol é cuir ar ais é ar an bpuínte boise. Is fhearr athchur ná aithmhéala
 
Is furasta do dhuine teach mór a bheith aige thíos inG. Ach cé mhéad aca a bhfuil na tighthe thar barr-amach aca? 'Sé an chaoi a bhfuil na tighthe sin ar fad iad a thógáil ar an oiread seo ins an mbliain, agus díolaidheacht a dhéanamh annsin orra de réir na míosa nó an ráithe. Mara mbeidh tú suas leis an lá cáirde annsin i gcomhnuí, cuirfidhear as seilbh thú ar an bpuínte boise, agus beidh duine eicínt eile istigh in t'áit. Nach bhfuil na mílte ag forcabhás ar thighthe ann, agus é cínnte orra a bhfáil
 
Dodaire d'fhear é sin anois atá ar an mbus. Mara mbeidh do chuid airgid i gcúl do ghlaice agad dó, agus a shíneadh chuige ar an bpuínte boise, 'sé a bhíos cantalach. Bhí sé ag dul ag cur S. Sh. Sh. bog te amach as an mbus an lá cheana, in áit a raibh sé ag cinneamhaint dubh agus dubh air a láimh a chur in a phóca ag an mbrughadh. Thug S. Sh. Sh. a dhubhshlán. "Is córa dhuit go mór a gcoinneál dó" adeir sé, "agus gan muid a bheith annseo mar a bheadh 'matcheannaí' i mboiscín"
 
Nach diabhaltaí an doicheall a bhíos uirre i gcomhnuí thar agus duine ar bith eile. Níl aon-duine ins an tír nach gcuirfidh aighneas lághach ar an mbóthar ort, ach caithfidh sí i gcomhnuí a bheith in a duine innte féin. An uair a bhíos fonn lághaigheachta uirre bheadh sí ag dul siar in do bhéal, ach ar an toirt boise aríst bheadh stainc uirre. Is diabhlaí an chaoi a mbíonn cuid de na daoine
 
Chonnaic mé an sonda romham ar an mbóthar agus méid bó ann. Nár leigidh Dia go gcuirfinn bréag air, cé brí céard a bhí ann! Ach bhí rud eicínt ann. Nuair a chuaidh mé cho fada leis an áit a raibh sé dheamhan toirt fiadh na fionnóige a bhí le feiceál. Chriothnuigh mé is 'chuile mhíle ball ag gabhail liom, agus chuaidh drillíní faitís thríom. Rinne gruaig mo chinn slatachaí, agus bhí an fuar-allus (forallas) amach thríom ar an toirt boise. Níl a fhios agam anois ná an uair sin, cé'n chaoi ar shrian mé aníos go teach é, ach níor thúisce istigh mé ná a bhí mé tuithte i meirbhthean
 
droim
Tá fear R. an Mh. ag maireachtáil ar dhruim an diabhail. Níl tada timcheall air ach leacrachaí. An teirgéis talmhan' atá aige, níl spreab ar doimhneacht ann. An cladach féin atá ann, tá sé cho lom cho feidheartha le croidhe do bhoise. Níl an fheamainn ná an cairrgín ná tada eile ann, ach cuid an bheagáin. Níl a fhios agamsa faoi mo righe cé'n chaoi a maireann duine ar bith i R. an Mh., tá an áit cho maoilscreamhach cho bocht sin. Diabhal mé in a dheidh sin nach bhfeicfeá cheal ar bith orra shílfeá: ach níor dhúin Dia ariamh bearna nach n-osclóchadh sé ceann eile
 
Ní mór duit a bheith ar t'áirdeall féin má tá an bulán druimfhionnach sin soir is na garrantaí. Tá sé cho droch-mhúinte len a bhfaca tú go h-iomaidh. D'ionnsóchadh sé thú ar an toirt boise
 
dual 2
Chruinnigh dual na druinne ann ar an bpuinte boise
 
dúid
Tá an bruach siúd in a bhog-eibhinn anois. Chuir mé bord na gcléibh ar an asal ann indiu, ach mo léan deacrach chuaidh sé dhá bháthadh go filleadh dúda ann ar an bpuinte boise. B'fhearr do dhuine gan a bheith dhá mheath fhéin ag déanamh ciseannaí ann, ach a dhul ag tarraint len a dhruim. Ba é ba shamhaoinighe dhó as a dheireadh ar chaoi ar bith
 
Scaithtí bíonn sí an-phléascánta: ag caint, agus ag déanamh spraoi, agus 'chuile shórt tarraingthe anuas aice, agus shílfeá go mbadh leat ar fad í. Ach ar ionntú do bhoise aríst, bíonn sí cho dúnárusach agus nach mbainfeá focal aisti le meanaí. Luath-intinneach mar sin atá sí. Chonnaic mé ag dul siar trathnóna í, agus gothadh an-diúltach uirre. Ba bheag le gur bheannuigh sí dom. Sáthach deacair a bheadh sé í a bhearradh anocht cheapfainn, ach béidh a shliocht uirre, fanóchaidh na daoine (an té atá ag caint) glan uirre.
 
Níl gionnóid ar an bPáirc Thoir anois ach í cho creínnte le croí do bhoise. Ach is beag an dochar di sin agus na caoirigh innte le leath-ráithe = níl foinín féir innte
 
Dheamhan a fhios aige ach an oiread le cúl mo chinn cé'n chaoi le dhul do mhótar. Chaith sé trí h-uaire caithte ar a dhruim fúithe annsin thoir an lá cheana, nó go dtainic P. T. D'árduigh sé an claibín sin 'un tosaigh. Chas sé cnoth eicínt. Bhí sí ag giúnaighil (geonaighil) aige le ionntú do bhoise