Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dual
/dūəl/
ainm-fhocal fireann
uimhir iolraidh: duail (/dūəl′/, ach /dūl′/ scaithtí: Seán Ó Conaire, Baile Bán Gaillimh), duala, dualannaí.
1.
orla; dlaoitheanna, dlaoitheogaí.
a.
+
Cé'n chiall duit an dual sin a fhágáil annsin = orla ar bhaithis duine agus an chuid eile de'n cheann lom
Le ríméad atá an dual sin annsin agad
TUILLEADH (9) ▼
Sin í an onóir: duailín mar sin a fhágáil as an mbaithis
Tuige nach bhfágfaidh tú duailín ar bith ann. Diabhal blas de'n cheart nach bhfuil agad. Níl gnatha ar bith agad dó anuas in do shúile
Tá an-chatghail innte, agus dual dá cuid gruaige anuas ar a leiceann. Sin í an onóir chreidim
Tá a cuid gruaige in a duala (duail, dualannaí) síos léithe taobh thiar
Nach breagh an cúl gruaige atá uirre agus é ina duala léithe síos
Bhain siad dual dhá gruaig nuair a bhí siad dhá cur i gconra
Sin dual de ghruaig mo mháthar go ndéanaidh Dia trócaire uirre! Nach breagh an dath gruaige a bhí uirre.
Bhí a cúl leigthe síos in a duail aice, an-fhada. Dheamhan a fhios agam ar chrap sí é nó gur phós sí
Tá a cuid gruaige in a duail — in a troilseáin — aice
b.
+
Tá dual ar chosa an chapaill = an orla fionnaigh atá síor ón a glúine: speir
Indar liom féin, tá bacghail eicínt uirre. Ní féidir breith ingreim duail chor ar bith uirre
TUILLEADH (3) ▼
Tá mianach an-dalba sa gcapall sin. 'Bhfeiceann tú na duail atá uirre
Rug sé ar dhual uirre, agus thoisigh sí ag réabadh ar an toirt. Faitíos a bhí uirre go mbacfadh sé leis an gcrúib. Ní mian léithe a dhul ingoire na crúibe chor ar bith
De chapall cho beag léithe, is mór na duail atá uirre. Chuir mé cronuighe annta ar an bpuinte
2.
slám tuighe, féir, fíonnaigh nó eile agus é fighte in a chéile.
a.
+
Níor mhór duit rópa trí dhuail len a h-aghaidh sin. Bhrisfeadh sí rópa dhá dhual = dhá dhual fighte as a chéile mar a bhíos i dtéadrachaí agus i rópa
Bhí cábla wire trí duail aige, agus dheamhan Goll Mac Móirne a bhrisfeadh é. Ba bheag an baoghal
TUILLEADH (3) ▼
Fagh téad trí duail, cho mór agus a bheadh ag bádóir, agus mara ndéanaidh sin thú, níl a fhios agamsa cé'n scéal é
D'fhuadaigh sé téad trí duail a fuair sé ag imeacht ar sliobarna thíos ag an dug. Bhí sé istigh sa scioból mór siúd aige. Meastú nachar goideadh uaidh aríst í. 'Ar ndú' níorbh é leath-chóir Dé é arsa tusa, agus an chaoi ar eirigh sí leis féin
An rópa dlaoiníní a chuirfeá ar chocaí féir ní iarrfá a fhíochán chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú. Bheadh níos mó ná dual ann da mba call a fhíochan (fc. dlaoi, dlaoiníní)
+
Cuirtear dhá dhual sa súgán dúbalta le go mbeadh sé tacamhail ceart. Ní theigheann sa súgán singil ach dual amháin. Níl sa sugán reatha ach dual amháin mar a chasfá é
Chaith mé an lá ag leigean súgáin dhá dhual dó, agus corr-shúgáin aige. Má chaith féin, bhí mé meathta críochnuighthe aige. Chuireadh se an iomarca fuinnimh ionnta, agus bhrisidís uiliog
TUILLEADH (2) ▼
Amach annseo go gcasfa tú súgáin dom! Ní chuirfidh muid ionnta ach dual amháin: ceathramhnaí iad le h-aghaidh na cruaiche
Níor mhór dhó sin súgán dhá dhual. Tá fuagairt an ghála annsin
·
Is minic a chonnaic mé crios Bhríde, agus rinne mé freisin í. Ní raibh ort ach trí duail thuighe a chur innte agus í a dhéanamh in aoirde duine
b.
+
"Chuirfeá duail i mapaí (sórt "plaits" mar a d'fheicfeá ingruaig). Bheadh duine ag déanamh duail agus dhá síneadh agad, agus thú dhá bhfigheachán isteach sa mapa. Dhéanfaí súgán tuighe idtosach agus bheadh duine ag déanamh duail duit, agus chuirfeá isteach iad is 'chuile áit dhá bhfeilfidís, go mbeadh fad an mhapa déanta agad, agus thiocfá ar ais aríst ag tóigeál na ndual, agus ag cur isteach duailíní is 'chuile áit dhá bhfeilfidís" (sliocht as cuntas ar dhéanamh mapaí nó mataí — ó m'athair)
An bhfaca tú ariamh M. B. ag déanamh mapa. Bhíodh dual beag agus dual mór aige ann agus chaithfeadh 'chuile dhual a bheith mara chéile. Ba bhreagh uaidh mapa a dhéanamh
TUILLEADH (2) ▼
Cáiteoig ab eadh. Déanamh mapa a bheadh uirre. Chuirfeá duail innte ar an gcaoi chéadna. Bhí mise go maith ag déanamh mapaí agus tiachógaí tamall, ach ní fheicfeá duine ar bith ag déanamh aon-cheann aca anois
Foighid ort anois. Dual beag — duailín a bhéas mé a iarraidh. Caithfidh mé an dual seo a chur isteach idtosach. Ní leigfidh an mapa seo puth isteach feicfidh tú féin air
+
Chuirfeá duail agus baibíní sa gcír i mbarr an tighe. (mórán an rud céadna a theigheas 'sna mapaí. Coirníní tuighe)
Teastóchaidh tuilleadh duail agus baibíní l'aghaidh na círe siúd maran lib an braon a bheith i gcomhnaí as an maide mullaigh agaibh
TUILLEADH (4) ▼
Bhí glac mhór dhuail déanta agam, agus ná raibh ann mara bhfuair an deabhac d'asal leigean orra, agus strachail sé ó chéile iad ar fud na sráide
Dhá mbeadh fear maith freastail agam, is gearr a bheinn dhá cur, ach b'fhearr dom uaim an té atá agam. Níl dual ná baibín na scolb dhá dteastóchaidh uaim nach gcaithfidh mé féin a theacht anuas ag cur caoi orra. Níl sé sin indon tada a dhéanamh ach go dtiubharfadh sé gabhail thuighe suas agad, agus is neamh-áirdeamhail é fúithe sin féin
Céard atá le déanamh agad ach an bior a chuir isteach idir dhá dhual agus coinneochaidh sin an tuighe. Is furasta aithinte nach tuigheadóir thú, ach ní fearr duit ar bith é. Is mór an meárú ar dhuine an tuigheadóireacht chéadna
Ní mór duit an bior sin a fháisceadh síos go maith idir na duail! Ná fág ar bogadh chor ar bith é
c.
figheachán nó cornú a thugtar ar bhréidín ag dul i seol agus rl.
+
Ní mór do'n tsnáth lín a bheith in a dhuailíní len a dhul sa seol = ceann an tsnáithe a cheangal suas agus slat nó maide a chur thríd. Déantar le snáth ar bith é a bhíos sa seol ach go gcaithfidh sé a dhul thríd an tslinn agus thríd an ughaim idtosach sul a gcuirtear ar an ngarmain é
Déanfaidh mé duala anois de thosach an tsnáth agus cuirfidh mé maide thrín a leithead
TUILLEADH (1) ▼
An figheadóir seo thíos ní mar sin a ghníos sé chor ar bith é. Fágann sé an aige a bhíos fighte sa seol, agus annsin tóigeann sé an bréidín atá ar an ngarmain agus greamuigheann sé in a chéile iad. Tóigfidh sé dual de 'chaon bhréidín ina leath-láimh — in a chiotóig: dual de'n gharmain agus dual ó'n seol. Caithfidh sé na criosannaí annsin a scaoileadh agus a ngreamú leis an láimh atá in a comhnaí. Beidh sé dhá ngreamú sa gciotóig ó dhual go dual, agus é ag cur 'chaon snáth le chéile nó go mbeidh sé in a chéile uiliog. Annsin gabhfaidh sé 'san ughaim agus 'sa slinn
3.
a.
Dual lín: slam nó dornáinín de'n lín; an oiread lín agus a bhuailfeá in éindigh leis an tuairgín nó leis an tslis nó ar chloich
·
An bhfaca tú ariamh dual lín dhá bhualadh. Chaithtí é a bhualadh ar nós coirce le na cuilg a bhaint as
+
Buaileadh an oiread air agus a bhuailfí ar dhual lín = fuair sé túirne Mháire
Buailfidh mé an oiread ort agus a bhuailfí ar dhual lín mar a n-éirighidh tú as do chuid aisiléaracht'.
TUILLEADH (7) ▼
Shílfeá gur dual lín a bhí aige leis an lascadh a bhí aige air
Tá máistir annsin thoir agus dheamhan aithne air nach duail lín a bhíos aige le na gasúir, leis an ngreadadh a thugas sé orra
Cé'n sórt bualadh atá agad ormsa. Dheamhan aithne ort nach dual lín ata agad ann!
Ní bhuailfeá a leath-oiread ar dhual lín agus a buaileadh air sin, ach má buaileadh féin ba bheag an mhaith sin. Níorbh fhéidir an ámhailleacht a bhaint as
Sin é agad annsin anois é, agus lasc leat é, mar a dhéanfá le dual lín. Dheamhan an miste liomsa anois, má ghiorruigheann tú leis. Bíodh a mhilleán ort féin
Marbhuigheadh é sin ariamh. Fuair sé an oiread de chartadh uatha sin soir, agus nach mbeadh capall ní áirighim duine beo in a dhiaidh. Nach mbíodh sé mara bheadh dual lín aca, agus 'chuile dhuine agus a iarraidh féin air, agus 'nuair a bheadh duine réidh leis, d'ionnsóchadh an ceann eile é.
Diabhal aithne air, nach dual lín é an "bicycle" aige le na h-iarrantaí atá sé a thabhairt dó. 'Chuile uair dhá mbuaileann an cantal é gheobhaidh an "bicycle" pléisc
b.
·
Dhá mbeadh dual bharraigh agad le cur le do bholg, b'fhéidir go dtiubharfadh sí fuarú dhuit ar an bpian bhuilg sin. Tá leigheas 'sa mbarrach
4.
Dual na druinne = measaim gurb é an dual lín é a bheithí a bhualadh leis an tuairgín nó leis an tslis (Fc. dual lín thuas. Fc. freisin Dronn)
a.
+
Buaileadh dual na druinne air = fuair sé an-lascadh; fuair sé liúradh Chonáin; buaileadh an oiread air agus a bhuailfí ar dhual lín
Buailfidh mé dual na druinne ort mara leigidh tú dhom
TUILLEADH (10) ▼
Buaileadh dual na druinne air sin agus é ag eirghe suas, ach dheamhan maith a bhí ann. Ghreamuigh an ámhailleacht dhó in a dheidh sin
'Séard a bhí a dhéanamh leis sin, ná duine ar bith eile a bheadh ar a chuid cainte dual na druinne a thabhairt dó. Sé atá sé a thuaradh dhó fhéin ar aon-chor
Chaith sé ucht eicínt (cainte) leis an bhfear seo thíos ag dul thar an teach, agus d'eirigh sé seo thíos amach agus thug sé dual na druinne dhó
Beidh tú ar siubhal nó go bhfaghaidh tú dual na druinne uatha siúd. Nach ort atá an bheith le go gcaithfidh tú a bheith ag siocadh leo
Ní fhaca me aon-lá ag an scoil ariamh an ceann céadna nach mbuailfí dual na druinne air. Ní raibh meabhair ar bith ann le tada a thógáil
Chuaidh sé abhaile agus thug sé dual na druinne do'n bhean, agus thug sé leis páipéar deich bpunt annsin agus níor tháinic sé abhaile go raibh a dheireadh ólta aige
Tuilleadh diabhail aige má fhaghann sé dual na druinne. Chaith mé dhá uair ag tuineadh leis ag iarraidh a thabhairt abhaile, ach ní raibh aon-mhaith ann. Ní éadáil mhór an dream atá cruinnighthe air anois
Tugadh dual na druinne de bhualadh dhó ann, agus ná raibh Dia leis, marar mhaith an aghaidh sin air.
Thug muintir na h-áite thiar dual na druinne dhá ndeachaidh siar as seo ann. Níor fhéad aon-duine aca teach na bainse a thaobhachtáil igcaitheamh na h-oíche ach sáithte i bpuill agus i bpruchógaí taobh amuigh
Thug sé seo thuas dual na druinne do'n chliamhain an oíche faoi dheireadh. Tháinic an cliamhain aniar ag iarraidh an chapaill air, ach sílim i leabaidh an chapaill a fháil go raibh an tseamair Mhuire aige nach bhfuair sé rud a mbeadh cuimne aige air. Ach thuill sé é. Ba bheag beag an náire a bhí air agus a thaobhachtáil chor ar bith, agus a ndearna sé de mhailís cheana air
b.
+
Tá dual na druinne de shneachta caithte aige a mhic ó. Diabhal mé go bhfuil muca sneachta suas annsin agus go dtiocfá go dtí do mhuineál ionnta = go leor sneachta
Tuilleadh diabhail ag an tír anois mara bhfuil dual na druinne de shneachta faighte aice. Agus ní tús ná deireadh fós dó. Tá sé ag biadhú as aríst. Níl aon-éan ann ar chaoi ar bith!
TUILLEADH (5) ▼
Tá dual na druinne de bháisteach air. Is furasta aithinte ar na mútaí sin thiar é: na tóineanna dubha sin atá siar andeas
Níor mhór dó dual na druinne de bháisteach a dhéanamh anois, shul a bheadh díol na ndaoine ann. Tá 'chuile shórt spalptha. Níl aon-bhord ag gabhail liom annsiúd suas nach bhfuil scáinte
Chaith sé dual na druinne de bháisteach aréir. Tá chuile chlaise 'soir annsin ag dul thar bruach. 'Bhfeiceann tú an trinse sin thíos agus í cab ar chab leis an mbóthar
Ná bac leis sin, ach mise a fuair dual na druinne de bháisteach an oíche sin. Ní raibh snáth thuas ar mo chraiceann nach raibh in a líbín
Gheobhaidh tú dual na druinne di. Ag athrú aimsire atá an tóirneach seo, agus tiubharfaidh sí léithe an bháisteach. Is gártha na scaltrachaí atá sé a chaitheamh
+
Rinne muid dual na druinne de dhamhsa aréir = go leor
Gheobhaidh sé dual na druinne de phoitín annsin anois. Gheobhaidh sé an oiread dó ar chaoi ar bith agus go ngránóchaidh sé aríst air go ceann píosa
TUILLEADH (2) ▼
Gheobhaidh sé dual na druinne de'n chúirtéaracht shul a eireochas sé aisti. Nach aige atá an tóir uirre! Bhí buadhannaidheacht eicínt aca sin uiliog lena mná
Beidh sé ag dul ar na tórraidheachaí nó go bhfaghaidh sé dual na druinne dhíob. Ní fhaca mé a leithide de scaibhtéirín ariamh i láthair cuirp. An oíche a raibh an tsean-bhean sin thiar dhá tórradh, chuaidh sé fhoisceacht mbeannuighidh Dia dhom eirghe agus é a thabhairt isteach ar an smut dó.
+
Bhí dual na druinne aca ann = go leor daoine agus rl.
Chruinnigh dual na druinne ann ar an bpuinte boise
TUILLEADH (5) ▼
Ara beannacht Dé Dhuit! Bhí dual na druinne de dhaoine ann. Cérb as a dtáinic an mathshluagh siúd ar fad.
Bhí dual na druinne ar an tsochraide indiu. Shílfeá nach ndlighfeadh an oiread siúd sochraide ann. Ní fhaca mise ag mórán sochraideachaí é féin ariamh
Bíonn dual na druinne istigh annsin 'chuile oíche ag imirt chártaí. Dheamhan gail de'n teine a fuair mé ó a tháinic an t-áirneán ná cuid de ghail
Bhí dual na druinne d'fhámuirí soir annseo indiu. Sin é a gceird anois aríst nó go bhfeicidh tú an tSamhain seo chugainn. Ní féidir siubhal síos annsin aca. Tá siad caithte in a srathradhachaí is 'chuile áit ann
Tá dual na druinne aca sin ann bail ó Dhia orra. Dheamhan lá dhá dteighim isteach ann, nach bhfeicim duine eicínt nach bhfaca mé cheana. Ba cheart dó a bheith ag fáil leathchorónachaí ar chaoi ar bith, agus is dóigh go bhfuil
5.
píosa de chlár nó de mhaide idir dhá chlár.
+
Duail a chuirtí ionnta mar sin fadó. Tairngí a d'fheicfeá ag dul anois ionnta = píosa de mhaide nó de chlár a chuirtear isteach i bpoll le dhá chlár a shnadhmadh, nó le taobhán agus raca a shnadhmadh
Is dona a snadhmadh adhmad an tighe seo. Níor fáisceadh na duail ceart. Dhá bhfáiscthí, ní bheadh an oiread gíoscáin aca
TUILLEADH (5) ▼
Tá mise in don na rataí a ollú agus duail a chur ionnta féin agus 'sna taobháin, ach níl mé indon a gcur suas ceart in a dheidh sin, th'éis go sílfeá gurb é an rud is réidhche ar fad é.
Cuir dual beag isteach sa bpoll sin anois, agus coinneochaidh sé snadhmtha iad. Má tá tú sáthach stuama, sin ní fhágfaidh sé go deó
'Bhfeiceann tú na taobháin atá idir na cúplaí seo. Dualanna atá ionnta sin uiliog, ach 's adhmad nuadh a bhfuil eile ar an teach, agus tairngí atá dhá snadhmadh
Níl aon-mhaith dual a dhul annsin. Níl sé déanta len a aghaidh. Ní choinneochadh dual é. Is beag an baoghal a bheadh air
Ó tá siad cho mór sin le chéile, tuguighidh aniar an siúinéara go gcuiridh sé dual ionnta, agus go mbeidh siad greamuighthe dhá chéile uiliog. 'Sé a theastóchadh uatha. Níl scaradh ar bith aca le chéile

Féach freisin

Dual in iontrálacha eile (37)

+
dáimh
Is dual dáimhe dhó a bheith mar sin; is dual dáimhe agus muintire dhó a bheith mar sin = ní ó'n ngaoith a thug sé é; fáisceadh as sin é
TUILLEADH (2) ▼
Ha muise, is dual dáimhe agus daoine dhó a bheith droch-mhúinte. 'Ar ndú' dhá dteigheadh sé le Cloinn Mhac Chonfhaola ní bheadh léigheamh ná innseacht scéil air
Is dual dáimhe agus daoine di cúl a cainte a bheith léithe. Níor leig a máthair aonduine thairti ariamh gan sclamh a bhaint as
 
dall 2
Ní fhaca mé aon duine ariamh ba daille (/deʟ′ə/) ná é ag dul chuig an scoil. Chaith G. a dhúracht leis, agus thugadh sé dual na druinne dhó chuile ré solais, ach má thugadh féin, ba aon-mhaith amháin dó é
 
dán
Má tá indán agus go bhfeicfidh mise thú ag caint le ceachtar aca sin, tiubharfaidh mé dual na druinne dhuit
 
Thug an máistir dual na druinne dhóib go minic mar gheall ar a ndánacht ach ba bheag an mhaith sin in a dheidh sin. Dhá marbhuightheá iad, bheidís ar an gcéird chéadna lár na bháireach
 
Cá bhfágfadh sé an daoitheamhlacht? Níor fhága sé slis ná dual di in a dhiaidh. 'Sé mac a athar ceart é. Ní hé a mhalrait é.
 
deacair 1
Cuirim brón agus deacair air, milleadh agus martrú air, mar is dual do'n eascainí fearadh
 
Ní iarrfá choíchin ach deáchaint! 'Ar ndú' ba dual duit sin
 
dealbh 1
"Dar brigh na míonn" mar adeir C. an Ph. "má fheicimse a dhealbh isteach ar an mbaile seo aríst, is truagh-Mhuire dhó. Gheobhaidh sé dual na druinne. Buailfidh ceathar againn in aghaidh a chéile é"
 
déan 1
An té a ghnío(nn)s uabhar is dual dó cailleadh
 
Ba dual athar dó a bheith ar an sceaimhínteacht sin. Ar chuala tú faoi'n oíche ar tháinig an triúr aca anoir ó'n S. agus iad buailte ag duine eicínt. Bhuail aon-fhear amháin an triúr dearbhráthar. Ag teacht aníos in ucht Chnocán na gC. agus fios aca nach raibh duine ar bith ann le aon-tréas a chur orra, sheas siad suas i lár an bhóthair. "'Séard a bhí le déanamh leis adeir T. "cor a chur in a mhuineál." "Agus an fíonnach a bhaint de phlaic a thóna le cic" adeir L. "Agus scian a chur ann idir builg agus barr-easnacha" adeir M." "Agus "summons" a thabhairt air ina dhiaidh sin." Ba dhin (ba shin) iad an triúr "bullies" agad. Is suarach an t-iongnadh go mbeadh mac duine aca ag imeacht as a chranna cumhachta scaithtí
 
deara
Ní thiubharfaidh an t-athair aon-nídh dhár dhealbh an ghrian faoi deara, má ghníonn tusa do ghnatha go cuí(bh)eamhail. Ach tárrtháil orainn ó Mhac Dé, gheobhaidh tú dual na druinne má bhrathann sé thú
 
Ní bhfuightheá duine as an dioscán anois atá indon mata a dhéanamh th'éis a liachtaí ceann agus a d'fheicfeá fadó. Go ndéanaidh Dia grásta ar Mh. Bh! B'ait uaidh a ndéanamh. "Dual beag agus dual mór" adeireadh sé. Níor luaghar leis an sioc ná duine ar bith a bheith ag míoladóireacht tímpeall air, an uair a bheadh sé leis (leis an mata)
 
deil 2
Dheil sé rud! Ní dheileódh sé fód móna le cur san teine, ní áirím dual le cur i rata.
+
deis
Dhá bhfaghainnse deis air, thiubharfainn dual na druinne dhó. Ach sin é an buille. Cá bhfuighidh mé deis air. Nímé an dtaobhuigheann sé tigh M. G. ar cuairt chor ar bith anois
TUILLEADH (1) ▼
Ná h-iarr in a dhiaidh siúd é, má theigheann sé ag cóiriú aonduine. Tá a theanga ar a dheis aige. Ba dual dó. Cainteoir maith a bhí in a athair féin.
 
diaidh
Mise imbannaí go bhfuil an forú in a dhiaidh. Is dual dó sin mar bhí sé indiaidh a athar féin
 
Diabhal a dhath ar an spreallaire sin ach neart díomhaontas agus leisce. Ba dual athar dó
 
dlaoi
Tá mé go dtí an dlaoi mhullaigh leis an stráca seo. Dhá mbeadh cupla dual agus baibín agam innte, ní dhéanfainn níos mó indiu = an tuighe is aoirde a bhíos ar an teach, as cionn an mhaide mullaigh
+
Figh na dlaoiníní sin uiliog in a ndual, agus teirigh síos agus las dom iad l'aghaidh maiste do mo phíopa
TUILLEADH (1) ▼
(Rópa dlaoiníní = rópa tuighe cáithteach) "rópa a dhlaoidhfeá de bhruibh. Na bruibh a fháil suas annsin isna bárra. Bruibh mhóra láidre: fidheogaí. A dtarraint as an bhfréimh. A gcrochadh suas ar phionna nó ar an gcragadán cupla lá nó go dtriomuighidís. Ní mórán triomach a d'iarrfaidís. Iad a shnoigheachan annsin: a ndlaoithiú. Bhéarfá ar an dlaoinín le t'fhiacail. 'Sé an dlaoinín an craiceann atá taobh amuigh ar an mbrobh. B'fhearr t'fhiacail ná t'ionga leis an dlaoinín a tharraint anuas de na bruibh. Mara mbeirtheá mar sin air, dhéanfadh an rud bog atá istigh 'sa bhfidheoig mionús. Níl maith ar bith leis an rud bog sin ach a chaitheamh uait. De na dlaoiníní a dhéanfá an rópa. Le corrán nó le corr-shúgáin a dhéanfá é. Dhá mbeadh fear maith dhá dhéanamh, bheadh sé cho maith le rópa rúinne (róinne) — rópa ruadh. Trí duail a chur ann. Chuirfeá ar chocaí féir é. Nuair a chuirfeá ar chocaí é, ní iarrfá é a fhigheachan chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú; agus ar chruacha coirce freisin. Chuirfeá ar mhuic é ag dul ar an aonach agus ar ghádrachaí maoil asail ag tarraint malaigh feamainne. Dhéanfadh fear maith an-chaol é, agus bheadh sé go maith in a dheidh sin. Dhá mbeitheá ag déanamh rópa muc dhó (dhe), chaithfeá trí rópa a dhéanamh agus na trí rópa a fhigheachan suas in a chéile: trí duail … Slata: nuair a bheadh slata bliain istigh chaithfidís a mbáthadh len a mbogadh, má ba leat cléibh, scoilb nó eile a dhéanamh dhíob. Bheidís mí ar bogadh i gclaise shul a n-oibrighthí iad. Bhruithfeá slata l'aghaidh cléibhín ime. A ndlaoithiú annsin, agus dhéanfadh na dlaoiníní rópa, ach ní bheadh sé cho maith leis an rópa dlaoinín bruibh. D'fheicfeá mná ag cur dlaoiníní na mbruibh nó na slat igcluasa an túirne (dlaoinín nó fiadhtaighil an dá rópa is fhearr) mar is ann istigh a bhíos an fearsad, agus an tsreang ag imeacht ar an bhfearsaid … Solus: dhlaoidhfidís anuas na fidheogaí agus d'fhágaidís stríoc bheag de'n dlaoinín ar an mbrobh, igcruth agus nach dtuitfeadh a mbeadh istigh ann amach in a mhionús. Chuiridís bealadh annsin orra: ola faidhtín nó ola runnaigh, agus a leaghadh ar cham agus a dtumadh ann. Mara bhfágthá dlaoi bheag síos ar fhad an dlaoinín, leaghfadh a mbeadh istigh ann. Bhíodh faidhtíní agus runnaigh in a snáth mara annseo an uair sin. Na h-aobha a leaghadh ar an teine, agus nuair a bheadh lochán agad na bruibh a thumadh uiliog ann, nuair a bheidís dlaoithte: an dlaoinín bainte dhíob. A gcrochadh suas ar stálú 'sa simléar nó go mbeidís tirm … " (Sliocht as cuntas faoi rópaí, dlaoithiú agus eile ó Mháirtín Ó Chadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
 
dligh
Th'éis (taréis) é a dhligheachtáil féin dó is mó dhá fhonn a bhí uirre a shéanadh go bhfuair sí chor ar bith é. Bíodh a fhios agad muise go bhfuil an phrioc siúd sáthach ábalta le sin fhéin a dhéanamh. Ach ba dual di sin arsa tusa. Nach ag dlighe faoi fhiacha a chaith a h-athair a shaoghal
+
dlúth 2
Déan duail dlútha de do chuid gruaige anois
TUILLEADH (1) ▼
Ná déan na duail cho dlúth sin, nó beidh an tiachóig ro-chruadh ag na cearca
+
dóigh 1
Is breagh deas an dóigh d'fhear é ach a bhfeictheá gabhtha gléasta mar sin é. Ach ba dual dó an-slacht. Ní raibh sárú an athar le fáil, bhí sé cho slachtar sin
TUILLEADH (1) ▼
Beannacht Dé dhuit! Bhí sé cho maith leigean dó. Tá a chuid scoile sin ar iarraidh anois. Féachadh dóigh agus an-dóigh leis, ach b'aon-mhaith amháin é. Buaileadh dual na druinne air, fuair sé éadach nuadh; bicycle, "sweets", chuile mhíle rud. Ghabhadh sé ann lá nó dhó, ach ghlacadh sé an ghráin annsin uirre aríst, agus do cheann finne ní chuirfeadh amach é. Bhí S. ag rádh go ndíbreochadh sé amach ar an móin imbliana é agus go mb'fhéidir go múinfeadh sin é
 
Is deas dóigheamhail an buinneán mná í, bail ó Dhia agus ó Mhuire uirre. Ba dual di sin 'ar ndú'. Bhí a máthair féin amhlaidh
 
Deir siad gur fear doscúdhach a bhí annsin aimsir na mBlack & Tans. Bhí sé ar a chaomhamhaint agus aithne mhaith aca air, agus oíche amháin in a dheidh sin, bhuail sé isteach i dteach ósta a raibh scaoth aca ag ól ann. D'fhan sé istigh i seoimrín beag ar cúlráid, agus bhí sé ins an áirdeall orra, nó go raibh a dtrúmlach (tromlach) scaipthe, agus nach raibh fanta ach beirt nó triúr a bhí ar a mbog-mheisce. Shiubhail sé amach annsin de mhaol a mhainge agus bhain sé na gunnaí díobh; agus bhuail sé dual na druinne orra. Dhá mbeirtí air, bhí a chnaipe déanta
 
Ag imeacht ag dradaireacht le mná a chaitheas sé sin a shaoghal. Ba dual athar dó. Nuair a bhíodh a athair ag obair ingarrdha an Bh. annsin thíos, ar an dá luath agus a bhfeicfeadh sé bean ag bailiú anoir Árd D. bheadh sé thíos ar shúil an bhóthair le bleid a bhualadh uirre. Dhá bhfaghadh sé aon-ugach uaithe, chaithfeadh sé an chuid eile de'n lá ag dradaireacht léithe
 
Tá drandailín de mhac annsin thiar ag M. Sh., agus choinneochadh sé caint le Éire bheag agus le Éire mhór. Theagadh sé ag cuartuidheacht thíos annseo tigh J. anuiridh, agus ní theagadh iabh ar a bhéal ó a bheadh sé taobh isteach de dhorus ach ag stolladh cainte, agus ag scileigeadh bréag. Ach cá bhfágfadh sé é. Ba dual dó siúd a bheith in a fhilidhe (c.f filidhe). Bhí sé in a dhream.
 
dreas 1
Bhuailtí dreasannaí móra air annsin soir fadó, ach ní bhíonn a aghaidh ann chor ar bith anois. Buaileadh an oiread air oíche amháin agus a bhuailfí ar dhual lín, agus diabhal mé go ndeachaidh sé ann aríst in a dheidh sin
 
dris
Bhí an cine céadna — Cloinn Mhac C. — in a ndris-chasáin ar mhuintir an bhaile seo ariamh. Ní raibh goir aca a dhul siar nach mbeidís eirighthe rómpa le dual na druinne a bhualadh orra, agus ar an gcóir chéadna dá dteighidís soir idir ord agus inneoin
 
Tá an drochmhúineadh (/droxūnə/) ann mar ba dual dó = olc, oilbhéas, droch-fháisc, fearg, donacht (níl an chiall droch-bhéasa nó bad-manners leis seo chor ar bith san gcaint, ná leis an aidiacht drochmhúinte (/droxūɴ′tə/) ach an oiread. Mí-mhúineadh agus mí-mhúinte adeirtear leis sin.)
 
droim
Agus tá an inghean ag dul ag pósadh an spreallaire sin th'éis a bhfuil de mhílte aice. Cé'n chaoi a dtaithnigheann sin leis an athair. Ní cheapfainn go mbeadh aon-ghnaoi mhór aige air siúd mar chliamhain. Déanfaidh sé aithgiorra an chuit thríd an ngríosaigh ar spré na h-inghine. Ach tuilleadh diabhail ag an athair. Ní bheadh Dia thuas nó d'agróchadh sé air é. Chaith sé a shaoghal ag sladadh dílleachtaí agus baintreachaí agus daoine dona. Anois b'fhéidir go dtiocfadh sé ar ais ar a mhéis féin chuige. Is gearr a bhéas an cliamhain siúd ag dul thrín a chuid mílte. Deir siad an rud a chruinnighthear ar dhruim an diabhail go n-imigheann sé ar a bholg. Is olc í eascainí baintrighe. Is dual di fearadh i gcomhnaí
 
dubh- 5
Caracháinín dubh-thaghdach é, le araoid ar bith a chur air. Ní feasach mé san domhan brách tuige nach mbuaileann duine eicínt dual na druinne air.
 
Níor dhual di muis a bheith mar sin. Chaithfeadh sé go bhfuil sí ag dul in aghaidh dúchais. Ní raibh duine ar an bhfeadhain aca sin nach raibh droch-mhúinte anglánta