Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

duail (21)

 
(Rópa dlaoiníní — rópa tuí cáiteach) "Rópa a dhlaoithfeá de bhroibh. Na broibh a fháil suas ansin sna barra. Broibh mhóra láidre: fiógaí. A dtarraingt as an bhfréimh. A gcrochadh suas ar phionna nó ar an gcnagadán cupla lá nó go dtriomaídís. Ní mórán triomach a d'iarrfaidís. Iad a shnoíchan ansin: a ndlaoithiú. Bhéarfá ar an dlaoinín le t'fhiacail. 'Sé an dlaoinín an craiceann atá taobh amuigh ar an mbrobh. B'fhearr t'fhiacail ná t'ionga leis an dlaoinín a tharraingt anuas de na broibh. Mura mbeirteá mar sin air, dhéanfadh an rud bog atá istigh sa bhfióig mionbhas. Níl maith ar bith leis an rud bog sin ach a chaitheamh uait. De na dlaoiníní a dhéanfá an rópa. Le corrán nó le corrshúgáin a dhéanfá é. Dhá mbeadh fear maith dhá dhéanamh, bheadh sé chomh maith le rópa ruainne — rópa rua. Trí duail a chur ann. Chuirfeá ar chocaí féir é. Nuair a chuirfeá ar chocaí é, ní iarrfá é a fhíochan chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú; agus ar chruacha coirce freisin. Chuirfeá ar mhuic é ag dul ar an aonach agus ar ghadrachaí maoil asail ag tarraingt mallaigh feamainne. Dhéanfadh fear maith an-chaol é, agus bheadh sé go maith ina dhiaidh sin. Dhá mbeifeá ag déanamh rópa muc dhó (dhe), chaithfeá trí rópa a dhéanamh agus na trí rópa a fhíochan suas ina chéile: trí duail … Slata: nuair a bheadh slata bliain istigh chaithfidís a mbáthadh lena mbogadh, má ba leat cléibh, scoilb nó eile a dhéanamh dhíobh. Bheidís mí ar bogadh i gclaise shula n-oibrítí iad. Bhruithfeá slata le aghaidh cléibhín ime. A ndlaoithiú ansin, agus dhéanfadh na dlaoiníní rópa, ach ní bheadh sé chomh maith leis an rópa dlaoinín broibh. D'fheicfeá mná ag cur dlaoiníní na mbroibh nó na slat i gcluasa an tuirne (dlaoinín nó fiataíl an dá rópa is fhearr) mar is ann istigh a bhíos an fearsaid, agus an tsreang ag imeacht ar an bhfearsaid … Solas: dhlaoithfidís anuas na fiógaí agus d'fhágaidís stríoc bheag den dlaoinín ar an mbrobh, i gcruth is nach dtitfeadh a mbeadh istigh ann amach ina mhionbhas. Chuiridís bealadh ansin orthu: ola faoitín nó ola ronnaigh, agus a leá ar cham agus a dtumadh ann. Mura bhfágthá dlaoi bheag síos ar fhad an dlaoinín, leáfadh a mbeadh istigh ann. Bhíodh faoitíní agus ronnaigh ina snáth mura anseo an uair sin. Na haobha a leá ar an tine, agus nuair a bheadh lochán agat, na broibh a thumadh uileag ann, nuair a bheidís dlaoite: an dlaoinín bainte dhíobh. A gcrochadh suas ar stálú sa simléar nó go mbeidís tirim … " (Sliocht as cuntas faoi rópaí, dlaoithiú agus eile ó Mháirtín Ó Cadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
+
dlúth 2
Déan duail dlútha de do chuid gruaige anois
TUILLEADH (1) ▼
Ná déan na duail chomh dlúth sin nó beidh an tiachóig róchrua ag na cearca
+
dual 2
Bhí a cúl ligthe síos ina duail aici an-fhada. Dheamhan a fhios agam ar chrap sí é nó gur phós sí
TUILLEADH (17) ▼
Tá a cuid gruaige ina duail — ina troilseáin — aici
I ndar liom féin, tá bacaíl eicínt uirthi. Ní féidir breith i ngreim duail chor ar bith uirthi
Tá mianach an-dalba sa gcapall sin. An bhfeiceann tú na duail atá uirthi
Do chapall chomh beag léithe, is mór na duail atá uirthi. Chuir mé cronaí iontu ar an bpointe
Bhí cábla wire trí duail aige, agus dheamhan Goll Mac Móirne a bhrisfeadh é. Ba bheag an baol
Faigh téad trí duail, chomh mór agus a bheadh ag bádóir, agus mura ndéana sin thú, níl a fhios agamsa cén scéal é
D'fhuadaigh sé téad trí duail a fuair sé ag imeacht ar sliobarna thíos ag an dug. Bhí sé istigh sa scioból mór siúd aige. Meas tú nár goideadh uaidh aríst í. Ar ndóigh níorbh é leathchóir Dé é arsa tusa, agus an chaoi ar éirigh sí leis féin
Is minic a chonaic mé crios Bhríde, agus rinne mé freisin í. Ní raibh ort ach trí duail thuí a chur inti agus í a dhéanamh in airde duine
"Chuirfeá duail i mapaí (sórt plaits mar a d'fheicfeá i ngruaig). Bheadh duine ag déanamh duail agus dhá síneadh agat, agus thú dhá bhfíochán isteach sa mapa. Dhéanfaí súgán tuí i dtosach agus bheadh duine ag déanamh duail duit, agus chuirfeá isteach iad i chuile áit dhá bhfeilfidís go mbeadh fad an mhapa déanta agat, agus thiocfá ar ais aríst ag tógáil na ndual agus ag cur isteach duailíní i chuile áit dhá bhfeilfidís" (sliocht as cuntas ar dhéanamh mapaí nó mataí — ó m'athair)
Cáiteoig ab ea. Déanamh mapa a bheadh uirthi. Chuirfeá duail inti ar an gcaoi chéanna. Bhí mise go maith ag déanamh mapaí agus tiachógaí tamall, ach ní fheicfeá duine ar bith ag déanamh aon cheann acu anois
Chuirfeá duail agus baibíní sa gcír i mbarr an tí (mórán an rud céanna a théas sna mapaí. Coirníní tuí)
Teastóidh tuilleadh duail agus baibíní le aghaidh na círe siúd muran libh an braon a bheith i gcónaí as an maide mullaigh agaibh
Ní mór duit an bior sin a fháscadh síos go maith idir na duail! Ná fág ar bogadh chor ar bith é
Tá máistir ansin thoir agus dheamhan aithne air nach duail lín a bhíos aige le na gasúir leis an ngreadadh a thugas sé orthu
Duail a chuirtí iontu mar sin fadó. Tairní a d'fheicfeá ag dul anois iontu — píosa de mhaide nó de chlár a chuirtear isteach i bpoll le dhá chlár a shnadhmadh, nó le taobhán agus raca a shnadhmadh
Is dona a snadhmadh adhmad an tí seo. Níor fáisceadh na duail ceart. Dhá bhfáiscthí, ní bheadh an oiread gíoscáin acu
Tá mise in ann na rataí a ullmhú agus duail a chur iontu féin agus sna taobháin, ach níl mé in ann a gcur suas ceart ina dhiaidh sin, théis go sílfeá gurb é an rud is réidhe ar fad é