Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

duail (21)

 
(Rópa dlaoiníní = rópa tuighe cáithteach) "rópa a dhlaoidhfeá de bhruibh. Na bruibh a fháil suas annsin isna bárra. Bruibh mhóra láidre: fidheogaí. A dtarraint as an bhfréimh. A gcrochadh suas ar phionna nó ar an gcragadán cupla lá nó go dtriomuighidís. Ní mórán triomach a d'iarrfaidís. Iad a shnoigheachan annsin: a ndlaoithiú. Bhéarfá ar an dlaoinín le t'fhiacail. 'Sé an dlaoinín an craiceann atá taobh amuigh ar an mbrobh. B'fhearr t'fhiacail ná t'ionga leis an dlaoinín a tharraint anuas de na bruibh. Mara mbeirtheá mar sin air, dhéanfadh an rud bog atá istigh 'sa bhfidheoig mionús. Níl maith ar bith leis an rud bog sin ach a chaitheamh uait. De na dlaoiníní a dhéanfá an rópa. Le corrán nó le corr-shúgáin a dhéanfá é. Dhá mbeadh fear maith dhá dhéanamh, bheadh sé cho maith le rópa rúinne (róinne) — rópa ruadh. Trí duail a chur ann. Chuirfeá ar chocaí féir é. Nuair a chuirfeá ar chocaí é, ní iarrfá é a fhigheachan chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú; agus ar chruacha coirce freisin. Chuirfeá ar mhuic é ag dul ar an aonach agus ar ghádrachaí maoil asail ag tarraint malaigh feamainne. Dhéanfadh fear maith an-chaol é, agus bheadh sé go maith in a dheidh sin. Dhá mbeitheá ag déanamh rópa muc dhó (dhe), chaithfeá trí rópa a dhéanamh agus na trí rópa a fhigheachan suas in a chéile: trí duail … Slata: nuair a bheadh slata bliain istigh chaithfidís a mbáthadh len a mbogadh, má ba leat cléibh, scoilb nó eile a dhéanamh dhíob. Bheidís mí ar bogadh i gclaise shul a n-oibrighthí iad. Bhruithfeá slata l'aghaidh cléibhín ime. A ndlaoithiú annsin, agus dhéanfadh na dlaoiníní rópa, ach ní bheadh sé cho maith leis an rópa dlaoinín bruibh. D'fheicfeá mná ag cur dlaoiníní na mbruibh nó na slat igcluasa an túirne (dlaoinín nó fiadhtaighil an dá rópa is fhearr) mar is ann istigh a bhíos an fearsad, agus an tsreang ag imeacht ar an bhfearsaid … Solus: dhlaoidhfidís anuas na fidheogaí agus d'fhágaidís stríoc bheag de'n dlaoinín ar an mbrobh, igcruth agus nach dtuitfeadh a mbeadh istigh ann amach in a mhionús. Chuiridís bealadh annsin orra: ola faidhtín nó ola runnaigh, agus a leaghadh ar cham agus a dtumadh ann. Mara bhfágthá dlaoi bheag síos ar fhad an dlaoinín, leaghfadh a mbeadh istigh ann. Bhíodh faidhtíní agus runnaigh in a snáth mara annseo an uair sin. Na h-aobha a leaghadh ar an teine, agus nuair a bheadh lochán agad na bruibh a thumadh uiliog ann, nuair a bheidís dlaoithte: an dlaoinín bainte dhíob. A gcrochadh suas ar stálú 'sa simléar nó go mbeidís tirm … " (Sliocht as cuntas faoi rópaí, dlaoithiú agus eile ó Mháirtín Ó Chadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
+
dlúth 2
Déan duail dlútha de do chuid gruaige anois
TUILLEADH (1) ▼
Ná déan na duail cho dlúth sin, nó beidh an tiachóig ro-chruadh ag na cearca
+
dual 2
Bhí a cúl leigthe síos in a duail aice, an-fhada. Dheamhan a fhios agam ar chrap sí é nó gur phós sí
TUILLEADH (17) ▼
Tá a cuid gruaige in a duail — in a troilseáin — aice
Indar liom féin, tá bacghail eicínt uirre. Ní féidir breith ingreim duail chor ar bith uirre
Tá mianach an-dalba sa gcapall sin. 'Bhfeiceann tú na duail atá uirre
De chapall cho beag léithe, is mór na duail atá uirre. Chuir mé cronuighe annta ar an bpuinte
Bhí cábla wire trí duail aige, agus dheamhan Goll Mac Móirne a bhrisfeadh é. Ba bheag an baoghal
Fagh téad trí duail, cho mór agus a bheadh ag bádóir, agus mara ndéanaidh sin thú, níl a fhios agamsa cé'n scéal é
D'fhuadaigh sé téad trí duail a fuair sé ag imeacht ar sliobarna thíos ag an dug. Bhí sé istigh sa scioból mór siúd aige. Meastú nachar goideadh uaidh aríst í. 'Ar ndú' níorbh é leath-chóir Dé é arsa tusa, agus an chaoi ar eirigh sí leis féin
Is minic a chonnaic mé crios Bhríde, agus rinne mé freisin í. Ní raibh ort ach trí duail thuighe a chur innte agus í a dhéanamh in aoirde duine
"Chuirfeá duail i mapaí (sórt "plaits" mar a d'fheicfeá ingruaig). Bheadh duine ag déanamh duail agus dhá síneadh agad, agus thú dhá bhfigheachán isteach sa mapa. Dhéanfaí súgán tuighe idtosach agus bheadh duine ag déanamh duail duit, agus chuirfeá isteach iad is 'chuile áit dhá bhfeilfidís, go mbeadh fad an mhapa déanta agad, agus thiocfá ar ais aríst ag tóigeál na ndual, agus ag cur isteach duailíní is 'chuile áit dhá bhfeilfidís" (sliocht as cuntas ar dhéanamh mapaí nó mataí — ó m'athair)
Cáiteoig ab eadh. Déanamh mapa a bheadh uirre. Chuirfeá duail innte ar an gcaoi chéadna. Bhí mise go maith ag déanamh mapaí agus tiachógaí tamall, ach ní fheicfeá duine ar bith ag déanamh aon-cheann aca anois
Chuirfeá duail agus baibíní sa gcír i mbarr an tighe. (mórán an rud céadna a theigheas 'sna mapaí. Coirníní tuighe)
Teastóchaidh tuilleadh duail agus baibíní l'aghaidh na círe siúd maran lib an braon a bheith i gcomhnaí as an maide mullaigh agaibh
Ní mór duit an bior sin a fháisceadh síos go maith idir na duail! Ná fág ar bogadh chor ar bith é
Tá máistir annsin thoir agus dheamhan aithne air nach duail lín a bhíos aige le na gasúir, leis an ngreadadh a thugas sé orra
Duail a chuirtí ionnta mar sin fadó. Tairngí a d'fheicfeá ag dul anois ionnta = píosa de mhaide nó de chlár a chuirtear isteach i bpoll le dhá chlár a shnadhmadh, nó le taobhán agus raca a shnadhmadh
Is dona a snadhmadh adhmad an tighe seo. Níor fáisceadh na duail ceart. Dhá bhfáiscthí, ní bheadh an oiread gíoscáin aca
Tá mise in don na rataí a ollú agus duail a chur ionnta féin agus 'sna taobháin, ach níl mé indon a gcur suas ceart in a dheidh sin, th'éis go sílfeá gurb é an rud is réidhche ar fad é.