Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deasóg
ainm-fhocal, buineann
geineamhnach uathaidh = deasóige.
An tabharthach uathaidh deasóig an leagan a bhíos air go h-iondamhail i gcaint
Níl sé cho coitianta i gCois Fhairrge agus atá sé faoi Rosmuc agus faoi Iorras Aithneach
an láimh dheas; agus go h-áirid leis an láimh dheas a chur igceartas leis an gciotóig.
+
Ní hí do chiotóig atá mé a iarraidh, ach do dheasóig. Sín amach do dheasóig
Céard atá agad in do dheasóig. Oscail í
TUILLEADH (6) ▼
Cuir do dheasóig ann. Ní bhainfidh tú aon-cheart dhe le do chiotóig. Ní mór duit a bheith ar do dheis ceart
Ní de'n mhúineadh do chiotóig a shíneadh ag duine ar bith. Má's fiú láimh a chraitheadh chor ar bith leis, is fiú an deasóig a thabhairt dó
Is diabhlaí an spreacadh atá ins an gciotóig aige thar an deasóig. An bhfaca tú ag lúbadh an rotha é?
Ní raibh agam ach mo dheasóig. Bhí an láimh eile i ngreim
D'eirigh droch-ghortú de'n deasóig 'nuair a bhí sé in a mhalrachán, agus is minic ag dul in a aghaidh í ó shoin
Rug sé greim barr-láimhe ar mo dheasóig agus thialtuigh (théaltuigh) sé leis isteach an doras mé. Níor airigh mé choidhchin nó go raibh mé in mo shuidhe ar chathaoir istigh ins an bpárlús aige. Is beag bídeach nachar thuit mé as mo sheasamh le náire
+
Rug sé greim deasóige orm agus shíl sé cor a chur innte. Níor liom féin ab fhaillighe é. Thug mé mo shean-dorna leis an gciotóig faoi pholl na cluaise dhó
Marach gur eirigh leis greim deasóige a fháil air, ní cheannsóchadh sé go faoithin é. Ach níl an oiread úsáide aige ins an deasóig — ná baoghal air — agus atá ins an gciotóig
TUILLEADH (1) ▼
Má fhastuigheann tú é ingreim deasóige agus cor a chur innte ar an bpuinte boise, cuirfidh tú dhá bhuille é. Ach mara mbeidh tú dubh-thráthamhail tá tú as, arae má bhrathann sé go bhfuil tú ag dul in a éadan, cuirfidh sé luighe fiadha ort de dhorna
+
Ionntuigh ar thaobh na deasóige ach a dtigidh tú go dtí an cras-bhóthar, agus déan ar t'aghaidh síos. 'Sé'n chéad teach é a fheicfeas tú romhat ar an árd
Sílimse gur ar thaobh na deasóige atá sé, ach ní móide gurb eadh. Tá sé cho fada anois ó a bhí mé ann agus gur diachta dhom cuimniú cé'n taobh a bhfuil sé
TUILLEADH (1) ▼
Teirigh trasna an droichid agus feicfidh tú é ar thaobh do dheasóige. Níl aon-ghoir agad a dhul amú air. Má theigheann tú trasna an droichid agus do dhá shúil a choinneál feannta, buailfidh tú isteach ar an smaois é (siubhalfaidh tú suas díreach chuige)