Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deasóg
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: deasóige
an tabharthach uatha deasóig an leagan a bhíos air go hiondúil i gcaint
níl sé chomh coitianta i gCois Fharraige agus atá sé faoi Ros Muc agus faoi Iorras Aithneach
an láimh dheas; agus go háirid leis an láimh dheas a chur i gceartas leis an gciotóig.
+
Ní hí do chiotóig atá mé a iarraidh ach do dheasóig. Sín amach do dheasóig
Céard atá agat in do dheasóig. Oscail í
TUILLEADH (6) ▼
Cuir do dheasóig ann. Ní bhainfidh tú aon cheart dhe le do chiotóig. Ní mór duit a bheith ar do dheis ceart
Ní den mhúineadh do chiotóig a shíneadh ag duine ar bith. Más fiú láimh a chroitheadh chor ar bith leis, is fiú an deasóig a thabhairt dó
Is diabhlaí an spreacadh atá sa gciotóig aige thar an deasóig. An bhfaca tú ag lúbadh an rotha é?
Ní raibh agam ach mo dheasóig. Bhí an láimh eile i ngreim
D'éirigh drochghortú den deasóig nuair a bhí sé ina mhalrachán, agus is minic ag dul ina aghaidh í ó shin
Rug sé greim barr láimhe ar mo dheasóig agus théaltaigh sé leis isteach an doras mé. Níor airigh mé choíchin nó go raibh mé in mo shuí ar chathaoir istigh sa bparlús aige. Is beag bídeach nár thit mé as mo sheasamh le náire
+
Rug sé greim deasóige orm agus shíl sé cor a chur inti. Níor liom féin ab fhaillí é. Thug mé mo sheandorna leis an gciotóig faoi pholl na cluaise dhó
Murach gur éirigh leis greim deasóige a fháil air, ní cheansódh sé go faoithin é. Ach níl an oiread úsáide aige sa deasóig — ná baol air — agus atá sa gciotóig
TUILLEADH (1) ▼
Má fhostaíonn tú é i ngreim deasóige agus cor a chur inti ar an bpointe boise, cuirfidh tú dhá bhuille é. Ach mura mbeidh tú dubhthráthúil, tá tú as, arae má bhraitheann sé go bhfuil tú ag dul ina éadan, cuirfidh sé luí fia ort de dhorna
+
Iontaigh ar thaobh na deasóige ach a dtige tú go dtí an crosbhóthar, agus déan ar t'aghaidh síos. 'Sé an chéad teach é a fheicfeas tú romhat ar an ard
Sílimse gur ar thaobh na deasóige atá sé, ach ní móide gurb ea. Tá sé chomh fada anois ó bhí mé ann agus gur diachta dhom cuimhniú cén taobh a bhfuil sé
TUILLEADH (1) ▼
Téirigh trasna an droichid agus feicfidh tú é ar thaobh do dheasóige. Níl aon ghair agat a dhul amú air. Má théann tú trasna an droichid agus do dhá shúil a choinneáil feannta, buailfidh tú isteach ar an smaois é (siúlfaidh tú suas díreach chuige)