Druim
—ainm-fhocal; buineann
—geineamhnach uathaidh droma
—Fuaim: í fada in "druim" cé's móite de'n Achréidh agus Dúithche Sheóigeach. Dromannaí — fuaim a (a i "fear") a bhíos ar an o annseo i gcomhnaí agus freisin i "droma"
1.
an chuid de dhuine nó de bheithidheach atá taobh thiar ó'n a guailní go dtí na chorrógaí.
a.
+–
Bhuail sé ar an druim é
Chuir sé an mála ar a dhruím
TUILLEADH (4) ▼
Fáisc ar do dhruim é
Buail ar do dhruim an máilín seo
Sin í an cheird a fhágfas an mála aniar ar a dhruim = sin í an obair a fhágfas ag iarraidh na déirce é
Chuir sí an mála ar a dhruím = bhánuigh sí é
+–
Tá sé ag tarraint (mhóna) len a dhruím = ar a dhruim atá sé ag tarraint na móna
'Ar ndú ní le druim a tharraingeós sib í? = dar ndóigh ní le (nó ar) 'ur ndromanna a tharraingeós sib an mhóin
TUILLEADH (3) ▼
An len a dhruim atá sé dhá cur aníos. Má's eadh is meathta an obair í. B'fhearr liom rud ar bith faoi'n domhan a thabhairt liom ar mo dhruím ná feamainn
Ní fhéadfá a iomchur le do dhruím. Tá an t-aistear ro-fhada, agus gan cinneadh go deo le gainea(mh), bíonn an oiread sin meadhchain ann. Is suarach an blas a bheadh ag Tom ort cheapfainn, dhá n-abruighthí leis a dhul ag tarraint len a dhruím
Nach gcaithfidh siad treabhadh nó tiomáilt (tiomáint) a dhéanamh: í a tharraint len a ndruím, nó a fágáil ar an bportach, nuair nach bhfuil aon-bhealach cairr ann, ná fiú agus bealach asail féin
+–
Is diabhlaí an meadhchan a bhí faoi do dhruim an uair sin = is diabhlaí an t-ualach a bhí ort
Níl aon-fhear in do thír a d'iomchróchadh an t-ualach sin faoin a dhruim, hébrí céard a dhéanfadh sé len a sháthadh roimhe i mbarra nó a tharraint in a dhiaidh i gcairt
TUILLEADH (6) ▼
Mara n-iomchruighidh tú faoi do dhruim é, meastú cé'n chaoi a bhféadfaidh tú a iomchur. Nach gcaithfidh muid 'chuile shórt a iomchur faoin a' (ar) ndruím annseo. 'Deile cé'n bealach atá againn
Níl aon-chapall ins na bólaí seo indon an oiread sin a iomchur faoin a druim. Is iomdha capall a tharraingeochadh i gcarr é
Ní raibh fáisceadh-faoi ar bith istigh againn, agus bhí an leac ro-éadtrom faoin a druim (druim an chapaill), agus b'éigin do dhuine againn suidhe amuigh chun tosaigh uirre (ar an leic) leis an gcarr a choinneál ó'n a dhul siar ar a sháil = ní raibh a dóthain meadhchain ins an leic amach idtosach an chairr, in aice le druim an chapaill
Ní mór duit na leath-bhairillí sin a choinneál amach go maith faoin a druim, nó eireochaidh an carr ort … Sin é é. Amach go maith chun tosaigh
Tá tromlach an ualaigh thiar chun deireadh, agus gan brigh amach faoin a druím. Is ar a chruadh-chúis di tarraint in aghaidh na n-árda leis
Bhí siad ar fad coiglighthe thiar indeireadh an "traipín" agus gan tada faoi dhruim an chapaill. 'Ar ndú' chaithfeadh sí cliseadh ins na h-árda. Badh é an t-iongantas é, nach ndeachaidh an traip druim ar ais uiliog
+–
Aindeoin a laghad toirt' agus atá ann, tá tuirsiú do dhroma in a dhiaidh sin ann
Thug sé tuirsiú mo dhroma dhom a thabhairt abhaile = ualach
TUILLEADH (2) ▼
Is beag an t-ualach a mbeadh tuirsiú mo dhroma-sa anois ann, ní ag ceasacht ar Dhia é. Ní raibh mé lá eile mar sin. Ach caitheann an aois a cuid féin a fháil
Buail ort é. Cuirfidh mise geall leat nach beag leat é, ach a n-iomchruighidh tú leath-mhíle é. Is trom cearc i bhfad adeir siad. Is beag an rud é sáith droma duine
+–
Bhainfeadh sé an craiceann de do dhruim dhá dtugtaí áird air. Níor mhór leis choidhchin a ndéanfá dó = bheadh sé an-dian ort ag obair
Sin é an áit ar baineadh an craiceann de mo dhruím-sa ar chaoi ar bith. D'fhága sé a shéala orm
TUILLEADH (3) ▼
Tá an craiceann bainte dhá dhruím indiu ar aon-chor. Tuilleadh glugair aige anois! Is fadó cheana nach raibh sé ar a mhine-ghéire cho mór sin
Siúd é an áit a mbainfí an craiceann de do dhruím. Diabhal bréag nach hé … Dheamhan pighinn a bhéas dhá bharr agad ach pighinn a bhéas saothruighthe. Deirimse leat go mbeidh
Dheamhan duine a ghabhfas ag obair annsin ach an té atá ag iarraidh an craiceann a bhaint dhá dhruim. Beidh tú in do chuid alluis ann ó thosóchas tú ar maidin go scuiridh tú trathnóna
+–
"Is maith a shaothruigheas an druim an bolg" (sean-fhocal) = ar an druim a theagas ceann trom an tsaothair le soláthar a dhéanamh do'n bholg
Tá mé dhá tarraint ar mo dhruim le seachtain. Is gearr go mbeidh díol an gharrdha tarraingthe anois agam, agus ní miste liom sin. Is maith a shaothruigheas an druim an bolg, mar adeir an ceann eile
TUILLEADH (7) ▼
Níl mé indon mé féin a dhíriú chor ar bith le tinneas droma le cupla lá. Tá mé thart aige. Neamh-chleachta a rinne é, is dóigh. Níor chuir mise aon tsúileoig fhataí le dhá bhliain déag go dtí an tseachtain seo caithte. Diabhal bréag nach maith a shaothruigheas an druim an bolg, ar chuma ar bith
Ní raibh "aon-lorries" ná aon-charrannaí ann an uair sin. Chaithfidís a gcuid earradh a thabhairt leo ar a ndruim nó déanamh dhá fuireasbhaidh. Ar chuala tú ariamh é, is maith a shaothruigheas an druím an bolg. Ba shin é a fhearacht aca ins an ám sin é
Sin é adeireadh sí i gcomhnaí: is maith a shaothruigheas an druim an bolg, agus í ag dul suas len a leath-chloich mhine ó'n D. Leigeadh sí tuairim agus céad scíth fúithe sin féin, ó d'fhágadh sí an D. go mbíodh sí ins an mbaile
Diabhal bréag nach saothruighthe an mhóin í, nuair a bhéas sí amuigh ar an mbóthar aca len a ndruim. Ach níl aon-cheo eile ag na daoine ach an ghlaicín mhóna sin anois. Marach í, nach mbeadh muid in ainriocht ar fad. Deir siad gur maith a shaothruigheas an druim an bolg. Is maith freisin
'Ar ndú' ní ag ceapadh atá tú go dtiocfaidh do bheatha ó Neamh agad annseo. Caithfidh tú a dhul amach agus leagan ort féin. Mara dteighidh 'sé do bholg féin a bhéas siar leis. Is maith a shaothruigheas an druím an bolg, bíodh a fhios agad
Níor mhiste liom beirthe é marach an deis atá ar mo dhruim. Tá sí faoi phianta ar fad. Dar mo choinsias tá mo dhruím-sa ag saothrú mo bhuilg ar an aimsir seo
Deirimse leatsa go bhfuil obair chruadh ar na dugaeraí sin ag iomchur málaí troma amach as soithigh. Hébrí cé'n pháighe a fhaghas siad is maith an aghaidh orra é. Dheamhan an seasfainn leath-lae choidhchin ann. Bíonn beatha ar foghnamh aca, ach ní mór dóibh sin. Saothruigheann an druim an bolg ar aon-chor
+–
Sé moladh na mná óige an druim a bheith fliuch aice = má bhíonn druim mná óige fliuch is cruthú é sin gur deá oibrí í; fágann sin go mbíonn sí ag tarraint fheamainne nó a leithide, agus amuigh faoi fhliuchán
Sin í an cailín agad nach bhfuil aon-tolgán aice cléibhín feamainne a chur aníos ar bruach. Sé moladh ná mná óige an druim a bheith fliuch aice, adeir siad
TUILLEADH (2) ▼
Níl aon-drugall aice sin roimh an gcliabh. Bean dícheallach í. Ach 'ar ndú, sé moladh na mná óige an druim a bheith fliuch aice, adeir siad
Tá sé ráite a mh'anam: sé moladh na mná óige an druim a bheith fliuch aice. Dar príosta muise, is beag aca atá molta anois mar sin, mar is duine sé nó seachráin aca a bhfuil a ndruim fliuch. Ní thiúrfaidh siad an tsiocair dhóib féin
+–
Níl falach léine ar mo dhruím = tá mé nocht
Is gearr nach mbeidh snáth léine ar mo dhruim = is gearr go mbeidh mé nocht
TUILLEADH (6) ▼
Chonnaic mise é sin ag imeacht agus gan falach léine ar a dhruim. Is maith postamhail indiu é
Ní fhágfaidís an léine ar do dhruím dá bhféadaidís = bhánóchaidís thú
'Sé a mbeadh uaidh an léine a bhaint de mo dhruím dhá gceapadh sé go rithfeadh leis = mé a bhochtú críochnuighthe
Beidh siad ar siubhal anois go mbainidh siad an léine de do dhruím. Is ait a bhéas tú ar do mhaidí nó bainfidh
Chaith siad in a bhun ariamh ariamh nó gur bhain siad an léine dhá dhruím. Tuilleadh ghéar de'n diabhal aige a d'éist leo!
Níl fiú agus na léine anois ar a dhruím len a bhfuil cáillte aige leis an mac sin, agus gan ceo dhá bharr aige in a dheidh sin. Is bocht an chaoi dhó é
+–
Déanfaidh mé dhá leith de chnáimh do dhroma
Deir siad gur shil an smior uiliog amach as cnáimh a dhroma, agus gurb shin é an tsiocair a bhí aige
TUILLEADH (1) ▼
Dírigh suas thú féin agus buail faoi. An bhfuil smior ar bith i gcnáimh do dhroma?
+–
Bhuail sé isteach ar alt an droma mé = an áit a bhfuil na hailt ins an druim
Mara leigidh tú dhom, cuirfidh mé ailt do dhroma as áit
TUILLEADH (2) ▼
Airighim driog eicínt isteach in alt mo dhroma, maran tinneas droma atá ag siocadh liom aríst, ní ag tabhairt gutha air é.
Anuas annsin díreach ar alt an droma a fuair mé é. Shíl mé go raibh mo chreach déanta
·
Bhuail sé anuas ar shlatrachaí a dhroma ar an talamh é = ar chlár a dhroma
Bhí sé sínte ar chlár a dhroma
+–
Eirigidh as an gceird sin. 'Bhfuil sib ag iarraidh 'u' (bhur) gcuid dramannaí (dromannaí) a bhriseadh
Bhain mé stangadh as mo dhruím ag iarraidh gaoithe a thabhairt di sin fadó an lá
TUILLEADH (2) ▼
Brisfidh mé do dhruím, mara leigidh tú de do chuid geabsaireacht'
Tá tinneas drama (droma) orm = tinneas in do dhruím de bharr a bheith cromta nó a leithide, lumbago
+–
Chuir sé an dorus isteach dhá dhruím = chuir sé a dhruim in a aghaidh agus bhrugh sé isteach é le teann fórsa
An bhfuil tú indon é a chur dhíot de do dhruim. Is diabhaltaí docht atá sé
TUILLEADH (1) ▼
An bhfaca tú ag dul a chodladh ariamh é. Indiaidh a dhroma a theigheas sé isteach ins an leabaidh = a dhruím a chur isteach idtosach
·
Bhí sé sínte druim in áirde ar an talamh = ar a bholg agus a dhruim as a chionn
Ná sín thú féin mar sin druim in áirde ins an leabaidh. Breagh nach ndéanann tú an rud a ghníos 'chuile dhuine: luighe ar do dhruim. Ach ní leigfeadh an ámhuilleacht duit an rud ceart a dhéanamh
·
Tá druim an bhric sin an-rosach
"Druim an scadáin, bolg an bhradáin, agus cloigeann truisc — sin trí bheatha mhaithe do charraera" (sean-fhocal)
b.
+–
Th'éis a raibh de chúram faoi'n saoghal ariamh air, agus th'éis a raibh de sclamhaireacht aige faoi thalamh, sin é a bhfuil aige anois faoi dheireadh: leitheid a dhroma thiar ar an gC. = uaigh
Oibrigheadh sé leis. Ní bhacfaidh muide é. Gheobhaidh sé a dhóthain talmhan' ar ball: leithead a dhroma mar a gheobhas muid uiliog. Diabhal ionga eile
TUILLEADH (4) ▼
Aindeoin ar tharraing sé de dhlighe agus de chlampar ariamh faoi'n riasc sin thuas, níl aige anois ach leithead a dhroma dhe. Nach mairg a bheadh teann, a Thighearna agus gan do shaoghal ach gearr!
Tá ar ndóthain talmhana againn. Cé'n ghnatha a bheadh againn dó. Má fhaghann muid leithead a' (ar) ndroma dhe bíodh muid buidheach … i bhfad uainn an anachain is mór a bháidhtear nó a dhóightear
Tá mo chuid talmhan-sa ar iarraidh anois, a mhuirnín. Ní iarrfaidh mise aríst go bráth dhe ach leithead mo dhroma. Dheamhan a dhath eile
Bhí an-chaitheamh in diaidh an bhaile aige go dtí an lá a ndeachaidh sé idtalamh. Chuaidh mise ag breathnú air seachtain shul a fuair sé bás. Ní raibh de leath-rann aige ach an baile. "Is caillte an rud do shúile a dhúnadh i dtír bhradach na deataighe seo" adeireadh sé. "Níor bhás liom mo bhás, dhá bhfaghainn leithead mo dhroma de thalamh glas na h-Éireann". Ní bhfuair, an duine bocht
+–
Thug sé leithead a dhroma dhó ar an urlár. Is gearr goirid a bhí sé dhá dhéanamh ach an oiread. = leag sé ar shlatrachaí a dhroma é
Is maith a bhéas sé ar a áirdeall féin anois, nó tiubharfaidh an ceann eile leithead a dhroma ar an talamh dhó. 'Sé atá deas air
TUILLEADH (2) ▼
Mara n-eirighidh tú as do chuid míoladóireacht' liomsa, is maith gasta a bhéas mé ag tabhairt leithead do dhroma de'n urlár sin duit, deirimse leat
Thug sé sin leithead a ndroma d'fhir ab fhearr ná eisean.
+–
Chodlóchainn ar leabaidh ar bith a mbeadh leithead mo dhroma innte. Ní ionntuighim ó luighim
Ní fear ar bith é le codladh leis. Ní thiocfadh iabh ná forus air i gcaitheamh na h-oíche, ach ag ionntú agus ag sníomh, agus dhá choigilt féin faoi na pluideanna. Ní fhágfadh sé leithead do dhroma féin agad innte (ins an leabaidh)
TUILLEADH (3) ▼
Is maith fairsing an seaicéad a bheadh leithead a dhroma siúd.
Leabaidh ar bith a bheadh leithead a dhroma siúd, níorbh fhuláir di méid a bheith innte. Nach geall le clár comhra é, bail ó Dhia agus ó Mhuire air.
Ní thiocfadh sé isteach ins an dorus sin thoir. Ba bheag an baoghal a bheadh air. Ní bheadh leithead a dhroma ann
c.
+–
Tá a dhruim linn = é ionntuighthe uaim
Bhí a dhruim liom, ach mar sin féin, chonnaic mé an lasadh a tháinic ann nuair a chaintigh mé ar Sheán.
TUILLEADH (6) ▼
Bhí sé ag imeacht agus a dhruim liom.
Chodail sé agus a dhruim liom
Ná cuir do dhruim liom mar sin
Is mór an droch-mheas ar dhuine ar bith é sin: go gcuirfeá do dhruim leis
Chuir mé mo dhruim leis an abhainn agus thug mé an casán eile orm fhéin = d'ionntuigh mé ó chasán na h-aibhne
Shílfeá go bhfuil do dhruim le balla agad bail ó Dhia ort = leigthe isteach ar bhalla agus t'aghaidh amach
+–
Tá siad thíos annsiúd 'chuile lá ins an mbliain, agus a ndruim le coirnéil aca, gan buille maitheasa a dhéanamh. Is furasta dhóib agus an tír dhá dtógáil
Ara dheamhan smeach a rinne sé siúd leis an tsíorruidheacht ach a dhruim le coirnéal annsiúd aige, ag caint ar chaiple rásaí le spriosáin na G.
TUILLEADH (1) ▼
Ní shásóchadh rud ar bith é aon-oíche ins an mbliain, mara dteigheadh sé soir annsin soir ag cuir a dhruim le coirnéil. Níl samhail ar bith anois aige ach na stucairí coirnéil a d'fheicfeá i nG.
+–
Tá do dhruim le doras na gaoithe annsin agad agus an seoideadh isteach ann. Teann anuas
Tá tú anois mar bhí Raftaraí caoch: "do dhruim le balla, ag seinm cheoil do phócaí falamha"
TUILLEADH (5) ▼
Bhí a dhruim leis an gcoca féir aige agus é dhá cláradh
Caitheann siad an oíche annsin thíos agus a ndruím le claidhe aca. Dheamhan mé gur beag an dochar dhóib slaghdán féin a tholgadh, agus iad dhá ndeallrughadh féin mar sin i gcomhnaí
Cuir do dhruim le leachta agus b'fhéidir go bhféadfá é a dheargadh. Nach diabhaltaí an sinneán atá ann
Bhí mo dhruim leis an ngaoith anoir agus má bhí féin, bhí sí do mo tholladh. Ba cháillte an lá é — ba chaillte sin
Ní beo é mara mbeidh a dhruim le teine aige mar sin i gcomhnaí. Ach b'fhéidir gurb é a chríonnacht atá sé a dhéanamh. Deireadh na seandaoine go mb'fhearr goradh cúl-cos ná céad bó ar chnoc
d.
+–
Thug mé mo dhruím do'n phoitín = thug mé cúl mo láimhe dó; dhiúltaigh mé é; d'eirigh mé as
Tabhair do dhruím dó sin, má tá barúintí do leasa fút. Is iomdha duine a d'fhága sé sin le fán cheana
TUILLEADH (5) ▼
Is fada an lá mé ag gealladh go dtiubharfainn mo dhruím do'n ól, ach tá sé déanta agam faoi dheireadh. Is fhearr go deireannach ná go bráth 'ar ndú'
Ní thiubharfaidh sé a dhruim di sin go sleibhe. Bhí sé cho maith dhóib gan cur chuige nó uaidh anois, mar ní thiubharfaidh sé toradh ar bith orra. A chomhairle féin do mhac dhanardha agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
B'fhearr dó go fada a dhruim a thabhairt do'n áit sin, agus gan é a thaobhachtáil beag ná mór. Tá siad ag cur dallach dubh air ann. Ach ní fhaghann duine ar bith a chomhairleachan in aisce, adeir siad
Shílfeá gur thug sé a dhruím uiliog do'n teach seo thíos le tamall. Tá faitíos orm nach in am a rinne sé é. Tháinic ciall cheannuighthe dhó faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh)
Tá a dhruim tugtha aige do'n scoil, agus fear is píce ní chuirfeadh amach ann anois é.
+–
Tá mo bholg thiar in mo dhruim len a bhfuil d'ocras orm
Is beag an dochar dhó a bholg a bheith thiar in a dhruim féin scáth a n-itheann sé.
TUILLEADH (4) ▼
Tá a bholg thiar in a dhruim. Is cosamhail nach bhfaghann an duine bocht a leath-dhíol le n-ithe. Nach bhfuil lán púirthín na h-átha de mhuirín air. Caithfidh fear na muiríne móire an greim a bhaint as a bhéal féin i gcomhnaí len a chur i mbéal na bpáistí. Deir siad nachar bhris cearc an áil a h-iogán ariamh
Tá mo bholg thiar in mo dhruim agam ag imeacht ar phutógaí falamha ó mhaidin indiu. Dheamhan thiomanta greim deoch, ná blogam a chuaidh ar mo bhéal ó d'imigh mé as seo ar maidin. Nach bhfuil ceart agam ocras féin a bheith orm
Teagann sé abhaile 'chuile phuínte agus a bholg thiar in a dhruim aige leis an ocras. Chaithfeadh sé go bhfuil an ghearradh-ghíonnach air, nó rud eicínt. D'íosfadh sé deoladh 'chuile ré soluis
Is diachta dhuit do bholg a bheith thiar in do dhruim agad ar scáth an t-achar ó d'ith tú gliúrach (gleorach) cheana. Is maith an dicheall do dhuine beatha a choinneál caithte agad
+–
Chuaidh mé go dtí é ach ní bhfuighinn tochas mo dhroma uaidh = an oiread agus a dhéanfadh mo dhruim a thochas; tada
Féadfaidh sibse a dhul ag imirt má's breagh lib. Níl tochas mo dhroma agam = cianóg ruadh
TUILLEADH (6) ▼
Ní bhfuair mé tochas mo dhroma d'obair le bliain go leith, ach ag forcabhás ar an dole bradach sin. Má seadh féin, is meathta an cheird sin.
Go dtugaidh Dia ciall duit. Ní thiubharfad sí tochas a dhroma dhó. Dheamhan é
Ba mhaith teann é scathamh ach níl tochas a dhroma aige anois
Tháinig sé annseo thoir ins an samhradh anuiridh. Chuaidh cúigear nó seisear againn soir aige, ag iarraidh oibre air. Gheall sé dhuinn go ndéanfadh sé cat agus dá rioball ach a dteigheadh sé go Baile Átha Cliath. Ach ní bhfuair muid tochas a (ar) ndroma ó shoin. Scéal ná scuan féin níor chuir sé chugainn
Fuair tú amach muis, cé a bheadh grádh-diadhamhail. Ní thiubharfadh sé tochas do dhroma dhuit, dhá gcaiththeá a dhul a chodladh in do throscadh. Agamsa atá a fhios é.
Dá mbeitheá ag dilleoireacht anois go h-eádarshuth ambáireach ní thiubharfaidh mise oiread tochas do dhroma dhuit. Mar sin, is fhearr duit eirghe as in am. Níl maith ar bith é a chur i bhfad scéil. Dheamhan a dhath
+–
Tá tú ar dhruim na muice anois (deirtear seo go minic in áit "muin na muice" mar is annamh an focal "muin" ar "dhruim" i nGaedhilge na Gaillimhe)
Tá sé ar dhruim na muice anois, má d'eirigh an posta sin leis. Nach ar dhaoine a bhíos an t-ádh thar a chéile, a Thighearna Dhé!
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé ar dhruim na muice anois agus 'sé an ceann céadna é a fhanóchas ann nó is cinneamhaint air é
Bhí sé ar dhruim na muice má b'fhíor dhó féin 'nuair a phós sé í sin, ach in a leabaidh sin, 'sé bóthar na muice báine amach atá sé a fháil anois. Ní de'n chríonnacht an chínnteacht i gcomhnaí — ní h-eadh sin
Tá léithe anois. Tá sí ar dhruim na muice má tá an mac ins an mbaile aice. Is fada ag tnuthán í go dtiocfadh sé
e.
+–
"An rud a chruinnighthear ar dhruim an diabhail imigheann sé ar a bholg" (sean-fhocal) = má fhaightear rud go h-éagcórach nó go mí-dhlisteannach, imigheann sé go dona, nó cuirtear droch-rath air aríst
Ní raibh aon-leathchuma faoi'n saoghal nach ndearna sí sin ar a dearbhráthair. Go fiú agus an pluid leabthan níor fhága sí aige í, an t-am ar bhásuigh an mháthair. Agus feacha anois í. Trí chéad punt curtha amach aice le dlí nach mbuachfaidh sí aon-phighinn go bráth air. Bhí sé cho maith di a dhul go díreach glan agus é a chaitheamh síos ins an bpoll is doimhne ins an bhfairrge leis an rud a rinne sí. Is cóir adeir siad: an rud a chruinnigheas duine ar dhruim an diabhail go n-imigheann sé ar a bholg
TUILLEADH (3) ▼
Níor fhága an ceann céadna bonn bán ar aonduine a raibh sé ag plé ariamh leis. Agus is dona an deis atá sé a chur air anois: ag imeacht dhá ól le súdairí. Ach an rud a chruinnighthear ar dhruim an diabhail, imigheann sé ar a bholg
Ar chuala tú ariamh é an rud a chruinnigheas duine ar dhruim an diabhail, caitheann sé ar a bholg é. Sin é a fhearacht ag J. anois é. Ní hé leath-chóir Dé é go bhfuil an mac ag ól mar atá sé. Chaithfeadh Dia é féin a fhoillsiú air, ar chaoi eicínt, agus a liachtaí pighinn cham a bhain sé amach ins an siopa sin ariamh. Ní raibh aon-chneamhaire gan chrochadh ach é sin. Nachar chuir sé faoi ndeara do D. Bh. N. annsin thiar fiacha a íoc faoi dhó
Agus tá an inghean ag dul ag pósadh an spreallaire sin th'éis a bhfuil de mhílte aice. Cé'n chaoi a dtaithnigheann sin leis an athair. Ní cheapfainn go mbeadh aon-ghnaoi mhór aige air siúd mar chliamhain. Déanfaidh sé aithgiorra an chuit thríd an ngríosaigh ar spré na h-inghine. Ach tuilleadh diabhail ag an athair. Ní bheadh Dia thuas nó d'agróchadh sé air é. Chaith sé a shaoghal ag sladadh dílleachtaí agus baintreachaí agus daoine dona. Anois b'fhéidir go dtiocfadh sé ar ais ar a mhéis féin chuige. Is gearr a bhéas an cliamhain siúd ag dul thrín a chuid mílte. Deir siad an rud a chruinnighthear ar dhruim an diabhail go n-imigheann sé ar a bholg. Is olc í eascainí baintrighe. Is dual di fearadh i gcomhnaí
+–
Bíodh a fhios agad, nach mbeadh agad ach é a mheabhrú dhó sin agus go mbainfeadh sé airgead de dhruim an diabhail. Is duine an-triollúsach amach agus amach é. Thosuigh sé annsin thoir agus gan sciúrtóig ó Dhia aige …
Ná bac le na Ghiúdaigh! Chonnaic mise i Meriocá iad. Dhéanfaidís brabach ar dhruim an diabhail, ach chreidim gurb air a dhruím a ghníos siad é — diúltaigheamuid dhó féin agus dóib féin!
TUILLEADH (5) ▼
Mhairfeadh sé sin ar dhruim an diabhail lá agus gur fhéad sé maireachtáil ab uil siad sin. Ní bhainfeadh aon-duine eile faoi'n mbogha gréine ceart díob ach é féin. Dar mo choinsias bhain agus ceart maith.
An fheamainn bhuidhe sin bhainfeadh sí fataí de dhruim an diabhail. Cheannaigh mé lucht di ó fhear aniar amach an bhliain cheana, agus leasuigh mé garrdha Dh. Fh. annsin thuas léithe. Níl aon-bhliain roimhe sin le mo ghéar-chuímne dhá raibh sé faoi fhataí nachar loic siad. Beannacht Dé dhuit a mhic ó, bhí an-bharr air. Dheamhan thiomanta fata dhá raibh ann nach raibh cho mór le gruadhán cloiche. Dar príosta leasóchaidh mé aríst imbliana léithe é, má eirigheann lucht di liom in áit ar bith
Dar diaguidhe, dhéanfadh an cráidhteachán sin slí amach ar dhruim an diabhail, ní hé amháin a mhalrait. Bean ar bith a bhí ag cur trí scóir uibheacha go G. chuile Shatharn dhá n-eirigheadh ar a súil an geimhreadh seo (gha)bh thart! Sin í an cailín nach ndrannann Seascach na gCearc len a cuid cearc. Ní hé sin do chuid eile againn muis. Ní raibh ubh le cur ar a mbéal againn ó lá 'eil Míchil go Lá 'eil Bríde
Tá fear R. an Mh. ag maireachtáil ar dhruim an diabhail. Níl tada timcheall air ach leacrachaí. An teirgéis talmhan' atá aige, níl spreab ar doimhneacht ann. An cladach féin atá ann, tá sé cho lom cho feidheartha le croidhe do bhoise. Níl an fheamainn ná an cairrgín ná tada eile ann, ach cuid an bheagáin. Níl a fhios agamsa faoi mo righe cé'n chaoi a maireann duine ar bith i R. an Mh., tá an áit cho maoilscreamhach cho bocht sin. Diabhal mé in a dheidh sin nach bhfeicfeá cheal ar bith orra shílfeá: ach níor dhúin Dia ariamh bearna nach n-osclóchadh sé ceann eile
Fear ar bith atá istigh ar an mbaile sin, tá sé ar dhruim an diabhail críochnuighthe. Tá paca amhus ann, nach bhfuightheá a leithidí eile dhá gcuirtheá slat chruínn ar Éirinn. Ní dhéanfadh duine ar bith thar baile amach cúis annsin ach duine a mbeadh féith ó L. (teallach éigcéill mí-chliúiteamhail atá ins an áit) ann. Duine a sclamhfadh, agus a changlóchadh, agus a sháithfeadh agus a mhartróchadh faoi agus thairis …
f.
+–
Tá figheachán dhruim an ronnaigh ar a cuid éadaigh = cineál figheacháin atá ag dul i gcosamhlacht le druim ronnaigh
Ní hé figheachán chnáimh an scadáin a bhí uirre, ach figheachán dhruim an ronnaigh
TUILLEADH (2) ▼
Ní hé 'chuile fhigheadóir atá indon figheachán dhruim an ronnaigh a dhéanamh. D'fheicfeá culaith de'n fhigheachán sin igcomhnaí ar Ch. 'Ar ndú' tá a chliamhain annsiúd thiar in a fhigheadóir mhaith
Is deas slachtar an chulaith cheann-asna atá ar J. Th., agus figheachán dhruim an ronnaigh uirre. Is annamh a d'fheicfeá an figheachán sin anois chor ar bith
+–
Spéir dhruim an ronnaigh atá ann anocht = "mackerel sky"
Tá druim ronnach san spéir = tá breacadh an ronnaigh san spéir
TUILLEADH (3) ▼
Ná bac le uair ar bith a bhfeicfidh tú spéir dhruim an ronnaigh. Ba mhó go mór a thaithneochadh an oíche aréir liom th'éis cho giobach agus a bhí na clabhtaí.
Shílfeá go bhfuil druím an ronnaigh thuas aríst. Tuilleadh de'n droch-uair, ní ag ceasacht ar Dhia é
Tá an-chol agam le spéir dhruim an ronnaigh sin. Ní bheadh a fhios agad céard adéarfá léithe. Sílim féin go bhfuil an aimsir ag tarraint
g.
+–
Shílfeá go bhfuil bearradh droma aige ar na caoirigh = bearradh a tugtar ar chaoirigh faoi Shamhain, ar fhaitíos go bhfuighidís fuacht. Bearrtar an druim aca, ach fágtar an bolg gan bearradh
Ní fheicfeá an oiread ag tabhairt bearradh droma ar na caoirigh anois agus a thugadh fadó, igcruthamhnas duit go gcaithfidh sé nach bhfuil an aimsir cho fuar agus a bhíodh sí roimhe seo. Ní túisce lá Samhna ar fáil fadó, ná a chloisfeá 'chuile fhear a mbeadh caoirigh aige ag rádh: "sin é in a Shamhain é. Ní mór dhom an bearradh droma a thabhairt ar na cupla caora seo, nó ní sháróchaidh siad an geimhreadh". Is beag an bearradh droma atá anois ann, mara bhfuil sé ag lucht an tsléibhe. Ach ní fuláir dóibh sin é. Tá an fuacht mór faoi shliabh
TUILLEADH (3) ▼
B'annamh liom muise an bearradh droma a thabhairt ar na caoirigh, ach tháinig sé an-fhuar i mbliana. Ba é a chosamhlacht an uair sin faoi Shamhain go dtiubharfadh sé geimhreadh cruadh uaidh. Ach inDomhnach shílfeá nachar tháinig sé cho dona sin fós, mara romhainn amach atá
Deir daoine go gcoinnigheann an bearradh droma siar na caoirigh, ach ní mheasaim féin go gcoinnigheann. Is fad ar a shaoghal é, má tá indán agus go mbíonn geimhreadh cruadh ann. Agus níl aon-gheimhreadh dhá bhfuil ag toidheacht anois nach geimhreadh cruadh é. Feacha an geimhreadh anuiridh …
M'anam a mhuirnín nach bhfuil siad againn, ní ag ceasacht ar Dhia é, le bearradh droma, ná bearradh bradach ná aon-bhearradh eile a thabhairt orra. Cailleadh dhá uascán bhreagha orainn anuiridh le cnuimhe, agus trí cinn an bhliain roimhe sin, agus dubhairt muid linn féin annsin ó thárla nach raibh siad ag eirghe linn nachar bhfiú duinn a bheith dhá (dhár) meath féin leo, agus leig muid uainn ar fad iad
2.
cúl, uachtar, barr, dromchladh, gruadh, an taobh uachtair nó an taobh amuigh de rud, an chuid is airde de rud.
a.
+–
Tá druim mo choise tinn. B'fhearr dhuit a dhul amach agus teachtaireacht a fháil dom. Ní iarrfainn ort é marach fios agam go bhfuil tú in do chomhnaí = an chuid uachtair de'n chois
Thuit sé annsin ar dhruim na bróige = uachtar na bróige adeirtear go h-iondamhail, ach bíonn "druím na bróige" ann scaithtí freisin
TUILLEADH (4) ▼
Bhí léine dhá triomú aige ar dhruim na cathaoireach = an slinneán agus an chuid cúil di ar fad
Cuir druim na cathaoireach le doras an drisiúir sin, ó tá an builtín briste. Mara gcuiridh beidh sé in a bhéal in áirde ag cuit ar feadh na h-oíche
Cuir druim na cathaoireach leis an dorus, ó tá Máire bhreagh amuigh. Is beag a bhéarfadh orm an bulta a fháscadh ar fad air, agus cead aice a theacht isteach ar a rogha caoi annsin. Ní dhéanfaí leath an cheart léithe.
Druim an bhuird = uachtar an bhuird; an chuid de bhilleoig an bhuird a mbíonn gréithí, éadach cláir agus eile air
+–
Níl an chruach sin sáthach tarraingthe as a druim = a h-uachtar suas in aice len a barr. Cruach mhóna nó fhéir atá i gceist. Ní abróchthá druim le cruach choirce
Tá an druim ro-dhíreach ar an gcruaich sin. Ólfaidh sí an bháisteach as éadan. Is furasta aithinte nach mórán meabhair a bhí ar chruacha ag an té a rinne í. Ní raibh ná meabhair ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Tá cruit amach uirre as a druim. Is gearr go dtuitidh brúisc di, agus caithfidh sib a leagan ar fad annsin
+–
Tá druim an fhóid uiliog fliuch, ach tá sé slán istigh. 'Sé a bhfuil uirre an cráinín beag fliuch sin taobh amuigh, ach ní brigh é sin. Caitheann sí tamall maith ag crádadh mar sin féin
Tá druim an fhóid tirm, ach tá an t-íochtar bog báithte. Ní fhéadfaidís a bheith ar a mhalrait, agus an plás atá aca
TUILLEADH (1) ▼
Hébrí cé'n sórt sníomh a bhíos air leis an sleaghán, ní mhúnluigheann sé druim an fhóid ceart. Tá a shliocht uirre: déanann sí mionús as éadan
·
Tá druim na h-iomaire faoi scáineadhachaí uiliog. Is olc é an spalpadh seo ag fataí
An bhfeiceann tú druim na h-iomaire agus gan a dhath ariamh fóid uirre. Is geall le cráin é le leigean isteach ingarrdha.
+–
Druim na talmhana = uachtar nó dromchladh na talmhana
Ní raibh sé ar dhruim na talmhana aon-duine ba lághaighe le gasúir ná é, gur bhuail an donacht é, ach uaidh sin amach, ní raibh aon-ghoir ag aonduine aca tangachtáil leis (teangmhastáil) = ar dhruim na talmhana: faoi'n saoghal; faoi'n mbogha bán
TUILLEADH (3) ▼
Níl sé ar dhruim na talmhan' indiu aon-chneamhaire is corónta ná é
Níl sé ar dhruim na talmhan' indiu aon-pheata is measa ná é sin le araoid ar bith a chur air
Níl a mhac samhail eile ar dhruim na talmhana. Sin í an fhírinne dhuit. An bhfeiceann tú an chluanaidheacht a bhíos air 'chuile lá?
+–
Tá sé in áit eicínt ar dhruím na fairrge faoi seo. Sheol sé ar scadáin
Tá an ghaoth sin isteach de dhruim na fairrge, an-fhuar
TUILLEADH (3) ▼
Imigheann sí léithe ins an sruth ar dhruim na fairrge.
D'fheicfeá é mar a bheadh corc ann ag snámh ar dhruim na fairrge
Ní theigheann sé go tóin puill chor ar bith. Cothuigheann sé druím na fairrge.
+–
Bhí sé thuas ar dhruim na h-aille = an t-uachtar
Tá druim na h-aille ar fad faoi eibheann (eidheann)
TUILLEADH (1) ▼
Tabhair aire dhuit féin thuas annsin Dia aithnighthear. Tá druim na h-aille sin an-tsleamhain, agus is fánach an chaoi a gcuirfí anuas indiaidh do mhullaigh thú
+–
Tá druim an bhóthair ro-shleamhain. Coinnigh le na colbhachaí. (druim an bhóthair = amach in a lár)
Tá cruit uiliog ar dhruim an bhóthair, agus é gleannach isteach leis an móinín bán. Tá sé cho bealuighthe leis an míádh freisin. Is éascaidh le duine treascairt a bhaint as ann
TUILLEADH (2) ▼
Druim an bhóthair sin thíos an áit a bhfuil an teara tiugh, níl sé in araidheacht ag aon-chapall déanta siubhal air. Tá cuislídheachaí dhe níos measa ná a chéile mar sin féin. Bhí aca colbh a fhágáil gan teara ar bith l'aghaidh lucht capaill
Níl agad le déanamh ach fanacht de dhruim an bhóthair, isteach go maith i leathtaobh. Tá an druim tugtha uaidh ar fad. Mara gcuiridh siad caoi air go goirid, ní bheidh goir ag tada é a shiubhal
+–
Siubhail soir annsin druim na trágha agus b'fhéidir go bhfeicfeá aon-cheann aca ins an ngainimh (druim na trágha = áit chrochta nó árduighthe a bhíos go h-iondamhail suas in aice le bharr na trágha)
Chinn uirre an luascáinín feamainne a thabhairt aníos druim na trágha. Rinne sí staic air. Is maith an capall í sin le dhul ag feamnadh léithe
TUILLEADH (3) ▼
Tá fíogach caithte thíos ar dhruim na trágha agus é lobhtha. Bhí sé thoir ins an bhfearsaid, ach d'árduigh buachaill báire eicínt anoir é, agus chaith sé imbéal an tseoil igcasán na ndaoine é, le faitíos nach mbeadh a dhóthain baladh bréan uaidh ins an áit a raibh sé.
Bhí an bheirt sínte síos ar dhruim na trágha agus iad dhá n-ionnfairt féin ins an ngaineamh, agus gan falach orra ach an oiread leis an oíche ar rugadh iad. Shílfeá go mba bheag an dochar dhá leithidí sin náire a bheith orra, ach dheamhan náire muis, ná cuid de náire. Is feasach dóib go maith nach n-aithneochaidh na daoine iad
Bhí taoille an-bheag ann anocht. Ní raibh an lán-mhara aníos thar dhruím na trágha
+–
Tá druim na dúirlinne uiliog réabtha de bharr taoille na h-oíche aréir. Ba deannachtach an oíche í (Druim an dúirlinne = strapadh árd a bhíos ar dhúirlinn in aice a bharr)
Chonnaic mé ag lascadh soir druim na dúirlinne árd-trathnóna é
TUILLEADH (2) ▼
Gheobhfá clocha thíos indruim na dúirlinne a d'fheilfeadh thar cionn dó sin
Nach diabhlaí an feochan a bhí aréir ann agus gur cuireadh aníos an snáth siúd thar dhruim na dúirlinne, agus ionann agus suas go dtí claidhe na curraighe … Anois céard adeir tú!
+–
Fan suas go maith ar dhruim na leice
Tá an-fhás bliana siar annsiúd ar dhruím na leice, ach bhí fuighleach againn thairti indiu. Beidh a shliocht uirre: gheobhaidh sí sceanadh an rabharta seo chugainn faoin a bheith slán duinn. Is maith an lear nach mór fós leis an ngarrdha seo thuas a leasú ar fad
TUILLEADH (3) ▼
Sciorr mé faoi'n gcléibhín ar dhruím na leice agus cuireadh amach ar mo bhéal agus ar m'fhiacla ins an locháinín mé. Níorbh í an tuairt a baineadh asam ba mheasa dhom chor ar bith, ach an scanradh. Tá na leacrachaí siúd an-bhealuighthe
An bhfuil a fhios agad céard a dhéanfainnse dhá mbadh mé thú? Thollfainn druím na leice annseo agus chuirfinn "blast" innte, agus ní bheinn ag sceidínteacht léithe chor ar bith … Beannacht Dé dhuit! Tá sé ro-ghar do'n teach! Nach bhfaca mise dhá gcur amach istigh i seomraí iad le bliain, agus ba bheag an millteanas a rinne siad
An dtomhaisfeá cé'n áit atá leagtha amach aige leis an teach a dhéanamh: thíos ar dhruim na leice siúd ar cholbh an bhóithrín. Ní thiocfaidh aon-deoir faoi go sleibhe ar chaoi ar bith.
+–
Tá an t-uisce anois faoi dhruim na carraige = tá an charraig ionann agus folctha ag an taoille tuile
D'fhan mé uirre (ar an gcarraig) nó go raibh an taoille tuile faoin a druim. Bhí an-mharbhú ar iasc ann. Is beag nachar baineadh mé ag teacht di isteach
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé indáil le in a thuile. Nach bhfeiceann tú an t-uisce faoi dhruím Chloch an Mh. Níl tada di leis, ach go bhfuil lonnadh beag fós ar a barr
Caithfidh tú a dhul suas ar dhruim na carraige ar fad
+–
Níl druim ar bith ar an gcnoc sin. Tá sé an-ghéar, an-chíríneach
Tá druim breagh soir ar an gcnoc siúd. Is beag nach bhféadfá é a threabhadh — agus níl a fhios agam nach bhféadfá freisin — dhá mb'fhéidir seisreach a thabhairt ann
TUILLEADH (5) ▼
Tá an teach soir amach ar dhruim an chnuic. Tá a fhios ag an lá gur righte an áit a bhfuil sé. Níl fascadh aige ar aon-tsinneán dhá séidfidh as aer
Céard atá orra má airigheann siad aon-phóilí ag teacht ach féithiú amach druim an chnuic, agus níl aon-ghoir breith orra, mara ndéanadh fear eolais é go díreach
D'fheicfeá an rossamh ag cairthiú anuas ar dhruim agus ar ghualainn an chnuic sin, agus gan deoir as aer annseo. Ach is túisce go mór a ghníos sé báisteach thuas ar an gcnoc, ná anuas annseo ins na h-ísleáin
D'ionnsuigh sé amach druim an chnuic ar maidin agus dheamhan dé a fritheadh air ó shoin, marab í an L. a thug sé air féin. 'Sí, má d'airigh sé aon-éadáil (aon-deoir phoitín) ann
Bhí caoirigh againne muis thuas annsin ar dhruím an chnuic sin i gcaitheamh an tsneachta mhóir, agus dheamhan lá clóic' a bhí orra, nuair a chuadhthas ar a dtóir th'éis na cascairte. Nachar dhiabhaltaí an seasamh aca é!
+–
Leag druim an leabhair anuas air agus coinneochaidh sí ó dhul thar maoil é
Bhuail sé leadóg de dhruim an leabhair mar sin isteach ar an ngruaidh orm, agus leig sé mo chuid fola liom. Níorbh é ba chionntaighe ach mise a leig leis é, nachar chuir taobhach air. Ba é a bhí agam a dhéanamh leis
TUILLEADH (1) ▼
Tá druim an leabhair uiliog stróicthe. Is deas an chaoi é ar leabhar nuadh, ar íoc mé mo dhá scilling uirre, tá mí ó shoin
+–
Tá druim an chárta seo ar fad geal
Tá comharthaí ar dhruim na gcártaí uiliog aca. Ní imreochadh Rí na Méaracán orra. Is dona na gnaithí a bhí ort nach thíos in do phóca a choinnigh do dhá scilling, thar agus a leigean leis an dá ghleacaidhe sin
TUILLEADH (1) ▼
Coinnigh druim do chuid cártaí liom. Feicim an aghaidh glaice a bhíos agad i gcomhnaí
b.
in a siuntaí, in a srathannaí, in a bhréidíní.
+–
Is diabhlaí an leac atá briste aca, agus í ag eirghe de dhruim a chéile = bheadh siuntaí treasna innte, agus thiocfadh sí leat in a bréidíní gan mórán stró, ach a mbristheá an chéad chuid
Chaith muid suas in a carra í idtús bliana agus fágadh mar sin í. M'anam agus ná raibh ag an diabhal i dtús na Bealtaine, 'nuair a bhí breith againn a dhul ar an bportach go raibh sí (móin) ag eirghe de dhromannaí a chéile agus an t-uisce ar fad fáiscthe aisti. Ní raibh a dhath ariamh le déanamh againn léithe ach a baint as a toirt agus a scaipeadh amach rud beag. Bhí sí in a snaoisín ar an bpuínte
TUILLEADH (4) ▼
Sílimse nach call "blast" ar bith de'n chloich sin. Tá siuntaí innte agus scoiltfeá í le geanntrachaí. Dhá bhféadthá sceabhadh ar bith a bhaint di, d'eireochadh sí de dhruim a chéile. Is furasta 'aithinte uirre é
Tá aoirde crann luinge d'fheamainn thíos annsiúd agus í ag eirghe de dhruím a chéile cheal aonduine a thóigfeadh í. Ba mhór an sciobadh a bhí aca uirre le bliain, dhá gcailleadh féin ag imeacht roimhe lá in a h-éadan, ach tá cead lobhadh aice annsiúd anois, agus gan iad ag féadachtáil freastal di
Bhí mise ag obair i gcoiléar sclátaí i Sasana — i Wales ab áil liom a rádh. Chonnaic mé an oiread sclátaí ann in aon-chnoc amháin agus a chuirfeadh ceann ar a bhfuil de thighthe in Éirinn. Sé a raibh le déanamh gob na piocóide a thabhairt di agus bheadh na sclátaí ag eirghe de dhruim a chéile agad (chugad)
Ní clocha coiléir atá ann ach clocha reatha. D'eireochaidís de dhruim a chéile gan anró ar bith mar d'fheicfeá brioscaí i mbosca. Ba mhór an spóirt lá oibre a dhéanamh ann — gan sórt stró ar bith, ach ag obair leat de réir do láimhe igcomhnaí. Níorbh é sin do'n choiléar thiar é. Dar priacaidhe, chaithfeá a bheith ar do mhine-ghéire annsin i gcomhnaí má b'olc maith leat é. Chaith mé trí seachtainí annsin arú (arbhú) anuiridh, agus ní raibh ionnam ach na cheithre eite nuair a bhí mé réidh leis
c.
+–
Is géar an sinneán atá ann anocht. Tá an ghaoth adtuaidh sin ag eirghe de dhruim sneachta = ag teacht as áit a bhfuil sneachta ann, agus is tuar é a gaimh go bhfuil sneachta air
Tháinig siota bheag gaimheamhail isteach thrí shiuntaí an doruis annsin aréir, agus dubhairt mé ar an bpuínte le M. Bh. a bhí annseo ar an teallach go mbadh siota é a bhí ag eirghe de dhruim sneachta. Mo léan géar b'fhíor dhom. An uair a chuir mé amach mo chloigeann ar maidin bhí sé ag biadhú leis
TUILLEADH (1) ▼
Mara bhfuil mearbhall mór ormsa a mhic Uí Ch. sin gaoth atá ag eirghe de dhruim sneachta. Tapuigh an portach agus is cuma dhuit ins an diabhal cé'n chaoi a dtiocfaidh an uair annsin. Ach mara mbeidh an fóidín móna istigh agad le do luirgne a bhreacadh, is fear in an-chaoi thú annsin, deirimse leat
·
Sin beochan gaoithe a tháinic de dhruim seaca. Chonnaic mé cluiche de na géabha fiádháine ag dul ó dheas anocht, agus tá an spéir an-lasta. Ní bheadh lá iongantais orm dhá gcaitheadh sé stráicín shneachta féin. Tháinig an-fhuacht ann ó thús oíche
Ní raibh cóta mór ná a dhath orm, agus bhí séideogaí tollta ann — gaoth a bhí ag eirghe de dhruim seaca, arae bhí troigh seaca ar an talamh cupla lá in a dhiaidh sin. Ba í an oíche ba mheasa í sílim a raibh mé amuigh ariamh. Is beag bídeach nachar deallruigheadh mé.
+–
An bhfaghann tú an baladh. Sin gaoth atá ag eirghe de dhruim ceilpe. Is furasta 'aithinte ar an mbaladh sin é.
Bhí oíche shíorraidhe bháistighe ann agus an aimsir an-mharbhthánta. Bhuail mé féin síos an bóithrín ar maidin. D'eirigh beochan beag gaoithe. Fuair mé féin an baladh. "Sin gaoth atá ag eirghe de dhruim dubhachain" arsa mé féin le M. Ch. a casadh liom ag an gC. "Ní féidir go mbeadh sé in a dhubhachan cho luath seo ins an mbliain" adeir M. Soir leis an mbeirt againn de mhaol a' (ar) mainge inGarrdha Árd T. Mh. Bhreathnuigh muid ar an mbarrainn. Bhí siad cho glas leis an eidheann, ach bhí na dasachaí thíos fútha rodtha as éadan, agus leagfadh an baladh bréan a bhí uatha thú
TUILLEADH (2) ▼
D'aithneochthá ar an ngaoith atá ann in a dheidh sin, gur gaoth í atá ag eirghe de dhruim an tsáile. Tá sí breagh úr agus gan fuacht ar bith innte
Sin braoim ar chuma ar bith a deirigh de dhruim caca. Marach gurb eadh ní fhéadfadh sé a bheith cho bréan agus atá sé. Tá tú tolgtha a dhiabhail, nó d'ith tú rud caillte eicínt. Níl a fhios agam nach ndeachaidh tú ag comórtas le na madraí faoi shean-chapall an tincéara a cailleadh annsin thíos arú (arbhú) indé. Oscluighidh a bhfuil de dhoirse ar an teach nó bréanfaidh sé muid
d.
+–
Bhuail sé failm orm de (le) dhruim na láimhe, agus is beag nachar bhain sé an mothú asam = druim na láimhe: an chuid amuigh di. Bos a tugtar ar an gcuid istigh
'Séard a ghníodh an máistir beag i gcomhnaí thú a bhualadh marbh de dhruím na láimhe. Deirim leat nachar bheag dhuit é, ach an oiread
TUILLEADH (1) ▼
Bhí muid ag ealadhain thíos tigh J. aréir. Bhí sé ingreim láimhe mar sin ionnam dhá cur anonn agus anall. Pé'r bith cé'n chaoi ar eirigh liom mo láimh a leigean marbh gan aireachtáil, bhuail sé de dhruim mo láimhe féin isteach ar an bpus mé. Marach cho beo agus a leig sé leis féin bheadh scéal aige air, feadh agus mise eirghe aige
+–
Thug mé druim mo láimhe dhó uiliog = thug mé druim dó uiliog; dhiúltaigh mé é, nó chuir mé suas dó
Chreidim gur thug sé druim a láimhe do'n ól ar fad. Theastuigh sin uaidh
TUILLEADH (1) ▼
Níor mhiste dhuit druim do láimhe a thabhairt do na mná feasta choidhchin, níor mhiste sin. Is fada an lá anois thú ag spochadh leo
3.
+–
Tá an lá thar druim anois = caithte nó ionann agus caithte
Corruigh amach. Siubhail uait go beo. Nach bhfeiceann tú gur gearr go mbeidh an lá thar druim, agus chúig mhíle bealaigh romhainn fós
TUILLEADH (13) ▼
Cá raibh tú aréir … áit ar bith! Dar priacaidhe muis, bhí an oíche thar druím an uair a tháinic tú. Chuala mé an coileach ag glaodhach eadarshuth go goirid roimhe sin. Ba é an tríomhadh h-eadarshuth aige é cheapfainn. Níl a fhios agam cá mbeadh aonduine go dtí an tráth sin
Cá bhfios domsa cá raibh sé, ach tá a fhios agam go raibh an oíche thar druim 'nuair a tháinig sé ag an damhsa ar chaoi ar bith. Idteach ósta in áit eicínt a chaith sé an oíche. D'eile
Nach bambairneach an rud nachar chuímnigh mé ar mo "watch". Dheamhan a fhios agam ó Dhia cé'n t-am ba cheart dó a bheith, ach tá an oíche caithte thar druím ar aon-nós. Nach shin í Réalta na Maidne ar an spéir
Bhí siad ag imirt chártaí nó go raibh an oíche caithte thar druim. Is diabhaltaí an cathú atá indiaidh na gcártaí céadna, ach níorbh iad ba mheasa, ach an ceann a d'fhága istigh iad go dtí an tráth sin, i leabaidh an bóthar amach a thabhairt dóib ag an h-aondéag a chlog, agus cead aca a theacht leis
Má bhí aon-cheo ariamh ann, ba mheasa ná é féin, chaithfeadh sé sin a fheiceál, arae níor tháinic sé isteach ó chuartaidheacht ariamh go mbeadh an oíche caithte thar druim. Ach feiceadh sé aon-cheo nó ná feiceadh; níor chuir sé aon-chúl air ar chaoi ar bith
Tá an lá caithte thar druim, agus gan déanta againn ó mhaidin ach cuid an bheagáin. Ach níl siar ná aniar ins na laetheanta seo — gearrógaí dubha na Nodlag.
Bhí an lá ag dul thar druim agus gan é ag tarraint anuas tada. 'Nuair ab fhada liom féin faoi dheireadh é, thosuigh mé ag baint spreabannaí ag an scéal, ach ní raibh faice le fáil uaidhsean, ach an nathaidheacht bheag sin a bhíos aige i gcomhnaí …
Bhí an oíche ag dul thar druim agus an fhéasta dhá caitheamh. D'eirigh an sean-phuicneach mór in a shuidhe faoi dheireadh agus faoi dhó: "a righ agus a Thighearna" adeir sé "is liom t'inghean. Shábháil mé ar an dragún í"
Tá an lá ag dul thar druim agus gan an mhaith dhá déanamh. Nach breagh nach meabhrochthá dhó cé'n mheanmna a chas anoir muid. Nó an bhfuil fút é a fhágáil mar sin. Mara gcuiridh muid bealadh faoi na h-ioscadaí, beidh an dubh ar an oíche shul a bhéas muid ins an mbaile, agus cuímnigh go gcaithfidh mise freastal do bheithidhigh fós anocht. Mar sin má tá rún agad an scéal a thionnscailt, déan as láimh é gan níos mó deireannais a leigean ort féin
Cé'n sórt roighinidheacht atá ort. Nach bhfuil a fhios agad nach bhfuil muid thar leath bealaigh fós, agus go bhfuil an lá ag dul thar druim. Is beag eile lae atá ann, agus beidh tús oíche anocht cho dubh leis an bpic
Is gearr a bhíos oíche an tráth seo 'bhliain ag dul thar druim. Níl ann ach go ndúineann sí ar éigin, agus bíonn an lá ag fáinniú aríst ar an bpuinte. Ag fágáil na tórradha dhuinn ar maidin ag an ceathair a chlog, bhí aithne lae air an uair sin
Dair leat is gearr an t-achar é, ach in a dheidh sin agus uiliog bhí an lá thar druim nuair a bhí mé ins an mbaile. Ach níl tapa ar bith fanta ins na cosa agam le goirid. Diabhal mé an uair a bhíos na beithidhigh seolta suas go dtí B. Sh. agam 'chuile lá go mbím séidthe, agus tabhair séidthe air scaithtí. Tá mo chuid coisidheacht-sa anois ar iarraidh, ní ag ceasacht ar Dhia é
Tá an lá ag dul thar druím agus gan an "rabhteálaidhe" seo ar fáil fós. Ach ní miste leis sin céard is cor do'n bhaile ach cead bóithreoireacht' a bheith aige féin. Tiocfaidh sé ar ball agus a ghoile in a ghlaic aige, ag strócadh mara leagtar beatha in a mhiainis ar an toirt.
4.
a.
de shiubhal, ar feadh, in imeacht.
+–
Tháinic sé de dhruim oíche = de shiubhal oíche; igcaitheamh oíche
Deanadh an méid sin ar fad dhe dhruim oíche. Ní raibh pioc air ag dul a chodladh dhúinn ins an oíche, agus bhí an bhail sin air ar maidin
TUILLEADH (3) ▼
Bhuail sé siar, agus níor chomhnuigh sé de dhruim oíche nó go ndeachaidh sé cho fada le U. Á. Bhí sé ann sul ar eirigh aonduine. D'fhan sé timcheall na sráide nó go raibh muintir an tighe ag eirghe. Ba é an chéad bhall é a chonnaic an deirbhshiúr ar an dorus a oscailt di ar maidin
D'imighidís as seo fadó leis an gcontráth, agus bhídís i mB. L. R. de dhruim oíche. Ba mhinic a dhean m'athair é go ndéanaidh Dia trócaire air. Dar príosta ba mhaith buan an giota bóthair é freisin, ach bhí na buinn ar foghnamh ag an dream a bhí ann an uair sin, ní hé sin do'n dream atá ann anois.
Is gránna an saothar atá déanta annseo thíos de dhruim oíche. Ar maidin indiu, fritheadh trí cinn de bhuláin le D. agus na drible bainte dhaobhtha amach ó'n dúid. Anois an bhfuil biseach agad?
·
Beidh tú ann gan stró ar bith de dhruim lae, má imigheann tú in am. Cá'id d'aireochadh do leithide-sa é, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort, fear láidir scafánta mar thú. Ní mó ná sean-chrupach mar mise, nach bhfuil aon-lúd fanta ionnam anois a ghlacfadh drugal roimhe. Ach an uair a bhí mé in mo bhrithin (bhithin) óg …
Bheadh sé déanta gan stró agad de dhruim lae dhá dtoisightheá ar mhochóirí agus gan aon-bhuille marbh a leigean in do chuid saothair go dtí taca árd-trathnóna. Cuirfidh mise geall leat go bhféadfaidh tú an gort a fhágáil roimh an sé a chlog.
b.
de bharr, ingeall ar, faoi rádh agus.
+–
An bhfeiceann tú S. Ó. B. annsin thoir. Deir siad gur eirigh sé sin maidin agus é liath de dhruim oíche amháin = de bharr, indiaidh, taréis
Bhí M. Ó. M. i mbád oíche. Oíche mhór a bhí innte, agus fuair sé cnáimh le creinneadh na h-aobha a thabhairt leis. Deir an dream a chonnaic é go raibh sé liath de dhruim na h-oíche sin. Ar aon-chor is len a linn a thárlaigh sé. Tá sé cho liath le broc le na cianta
TUILLEADH (3) ▼
An gcreidfeá go liathfadh ceann duine de dhruim oíche — oíche amháin. Chreidfinnse é. Is mór atá imní nó faitíos cráidhte indon a dhéanamh. Tá a chomharaidheacht len a chois. Chonnaic mé é. Chonnaic mé fear a raibh gruaig air cho dubh leis an bhfiach. Chonnaic mé é mar a d'fheicfinn indiu é, agus lá'r na bháireach, ba liathcha é ná aonduine dhá bhfaca mé in mo shaoghal ariamh. Is fíor dhom é. Ba é an teasbánadh is mó dhá bhfuair mise ariamh é. Ní raibh oiread agus an ribe in a chomharaidheacht féin ar maidin. Tá aithne ag cuid agaibhse ar an bhfear cho maith liomsa …
Thug na Black and Tans leo é ins na lorries agus gan falach dhár dhealbh an ghrian air, ach an oiread leis an oíche ar rugadh é, agus níor chomhnuigh siad gur fhága siad ar thráigh an L. Bh. é agus an snáth feamainne in a mhullach. D'fhuagair siad annsin air eirghe agus rith. 'Séard a bhí siad a iarraidh go gcaithfidís é. Ach dheamhan a chos a rithfeadh. Rinne sé a chríonnacht ins an méid sin ar chaoi ar bith. Chroch siad leo aniar aríst é agus thug siad isteach ins an mbearraic é, agus thosuigh siad dhá lascadh le beilteannaí. Níl a fhios cé'n spídeamhlacht a thug siad dó. Tháinic sé amach as an mbearraic sin uair eicínt leis an dearg-mhaidin, agus gan aon-ribe dubh in a cheann de dhruim na h-oíche … Is mór a chonnaic é. Nachar bheag an dochar dó. Ní bheadh tuilleadh beo chor ar bith dhá dteighidís thríd an oiread sin
Chuir sé geall as gaisce go gcodlóchadh sé ins an seomra. Bhí a cheann liath fré chéile ar maidin de dhruim na h-oíche sin, agus bhuail saobhchan é go dlúth in a dhiaidh: i gcruthamhnas duit go gcaithfeadh sé go raibh droch-rud eicínt ins an seomra
·
Chuaidh sé soir annsin agus bláth na h-óige air. Tháinic sé anoir tráthnóna agus é in a shean-fhear de dhruim an lae sin. Rud ar bith ach nach raibh sé cromta.
Thug sé an bás in a chnámha leis de dhruim an lae sin. Ar a theacht abhaile dhó ní íosfadh sé tada. Bhuail siar a chodladh dhó [féin]. Níor eirigh sé níos mó. Bhásuigh sé faoi cheann cheithre lá
5.
+–
Chuir mé druim ar ais é. = indiaidh a chúil, é a leagan ar a dhruim nó ar a thóin, malrait suidheachain nó deise a chur ar rud thar mar a bhí sé cheana
Chaith sé an chathaoir druim ar ais
TUILLEADH (13) ▼
Ní shásóchadh rud ar bith é ach an bord a chur druim ar ais ar an urlár agus é féin a shíneadh istigh ann. Dheamhan duine dhá bhfeicfeadh é, nach sílfeadh nach raibh a dhíol staidéir ann
Is beag dhá easonóir a fuair sé siúd, deirimse leat, ach an cléibhín a chaitheamh druim ar ais, agus a raibh ann a fhágáil mar sin.
Shíl sé mé a chur druim ar ais, ach bhí sé fánach aige. Ní chuirfeadh ná fear ab fhearr ná é
Deir siad go bhfuil na "Germans" dhá gcur druim ar ais aríst. Chonách sin orra! Buadh agus treis leo!
Bí áirdeallach nó cuirfidh tú an buicéad sin druim ar ais. Má dhóirteann tú an t-uisce sin ar fud an urláir, beidh rud ar a shon agad
D'eirigh sí, ach cuireadh druim ar ais síos ins an gclaise aríst í. Marach gur casadh an dá ghasúr ann, ba bhudóig chaillte a bheadh innte ar maidin, arae ní thiocfaí ag breathnú uirre go maidin
Chuaidh an lorry druim ar ais ins an díoga ach má chuaidh féin, níor eirigh faocha d'aon-duine dhá raibh ann míle buidheachas le Dia. Bhí Dia in a bhfabhar. 'SÉ a thug slán iad
Thosuigh an capall ag dul ar gcúl agus níor chomhnuigh sí ariamh ariamh, gur chuir sí an carr druim ar ais síos ins an srutháinín atá chois an bhóthair. Fhobair gur bhasc sí í féin
Tá an dúirlinn (toirlinn) uilig druim ar ais de bharr an oibriú a bhí ins an bhfairrge aréir. Oíche mhór a bhí innte
Ná leag druim ar ais mar sin é. Is fhearr dhuit a thóin a chur faoi
A dhearbhráthair m'anama thú d'eirigh sé de ghorta gharta agus chuir sé an stóilín agus a raibh ann druim ar ais, de'n iarraidh sin. Bhí an seaicéad anuas aige ar an toirt agus é ag iarraidh aon-fhear ins an teach amach ar "fair-play"
Má leagann tú an "tin can" sin ar forbhás annsin, is gearr go mbeidh sé druim ar ais ar an talamh. Leag in áit eicínt eile é
Chuirfeadh sé siúd cnoc, ní áirighim duine druím ar ais an uair a theagas uathbhás ceart air
6.
a.
in a iomlán, in a thoirt.
+–
Cheannuigh sé an chruach faoin a druim = gan í (cruach mhóna) a cheannacht in a sceidíní ná in a mhionchuideanna, ná de réir an ualaigh, an tonna ná eile, ach a ceannacht in a toirt mar a bhí sí
B'fhearr a dheanfá-sa ar an gcruaich sin len a dhíol de réir ualaigh, ná a díol faoi'n a druim mar sin. Tá an mhóin sin an-tseasmhach, agus is beag de'n díogha atá innte. Nach h-í cloch-mhóin an phortaigh thiar is mó a chuir tú innte. T'anam ó'n diabhal nach bhfuil meadhchan an ghuail innte sin
TUILLEADH (7) ▼
Coinnigh daingnighthe air anois, agus ná díol oiread agus ualach amháin leis aiste, mara gceannuighidh sé faoin a druim uait í. Má theigheann tú ag sceidínteacht léithe ní bheidh a leath oiread dhá barr agad agus a bheadh len a díol faoin a druim. Cuileálfaidh sé 'chuile fhód fliuch ag gabhail léithe. Feicfidh tú féin air gur díon déirce leis a fáil amach annseo nuair a bhéas sí gann. Beidh sí thrídh lasadh faoi Fhéil' Bríde seo chugainn
Ab iad a ndíol faoin a ndruim nó a ndíol de réir an chairr a rinne sé lena clocha. Cheapfainn go mbadh samhaoinighe dhó a ndíol de réir an chairr. Is deacair buille faoi thuairim mar is ceart a thabhairt do chlocha mar sin.
Ná bí ag caint ar charr ná ar charr! Ceannuigh an coca mar a fheiceas tú é faoin a dhruim, ná fág do dhiaidh é. Is deas í mo cheird, dhá leagan druim ar ais le carr a thabhairt duitse as, agus a dhéanamh ar ais aríst. Tá mé sáthach meathta mar atá mé agus gan tosuighe ar cheird de'n tsórt sin
Ba mhó go fada a bheadh de bharr an choca agadsa dhá ndíoltá in a charrannaí ar an margadh é, seachas a dhíol faoin a dhruim istigh in t'iothlainn féin. Tá féar in a ór anois, arae tá an farae uiliog ídighthe. Bhí an bhliain an-dona
Faoin a ndruim a dhíoltar na muc uiliog ann. Ach bíonn margadh muc annseo thoir gach Céadaoin, agus de réir an mheadhchain a dhíoltar ann iad. 'Sé an cás céadna é, ar aon-chor. Dheamhan ceo a gheobhas tú orra len a ndíol faoin a ndruim ach an oiread agus dá meaidhtí dhuit iad. Níl aon-bhuille bog ins na ceannachthóirí deirimse leat
Thug sé breith agus dá roghain dom margadh a dhéanamh liom len a díol faoin a druim nó a meadhchan. Facthas dom nach raibh mé ag fáil mo dhóthain dhá shásamh leis an méid a bhí sé a thairiscint dom uirre faoin a druim, agus thug muid isteach ins an "ngeáird" í gur mheadhuigh muid í. Seacht gclocha déag gan a dhath aige ná uaidh a bhí sí ar a cois. Déarfá nach raibh aon-chailleadh uirre ina muic
Thiubharfadh sé sé phunt agus dhá fhichead dom uirre faoin a druim. Níl a fhios agam nach mór an dul amú a bhí orm gan a leigean leis, arae 'sé sin an fáth, dheamhan sé lorry mar atá aige-san atá istigh in a corp, ná baoghal uirre. Dar príosta má thairgeann sé aríst dom é agus é dhá cur coróin nó deich scilleacha eile, beidh sí aige
b.
ar fad, ionann agus ar fad, uilig.
+–
D'ól sé an pionta dhá druim d'aon-deoch amháin = ar fad; uiliog
Tá gloine aige, agus dheamhan fear ins an tír indon a h-ól dhá druim in éindigh. Tá cion trí cinn mar an gceann sin innte. 'Sé do chloch-neart a lán a iomchur
TUILLEADH (8) ▼
D'ólfainn bairille pórtair dhá dhruím an puínte seo de ló, tá an oiread sin íota orm ó na faidhtíní sin. Bhí agam fuilint leis idtosach agus gan deoir ar bith a ól. Dhá ndéanainn sin bhí agam. Ach ó ólfas tú deoch ar bith, tá sé cho maith dhuit gan an soitheach a bhaint de do bhéal uaidh sin amach
Chonnaic mé S. B. a bhí annsin thiar ag cur galún pórtair ar a bhéal thoir tigh Dh. Sh. agus dhá ól dhá dhruim. Bhí an-bhruínn aige siúd dó ar aon-chor. Fear cumasach a bhí ann. Bhí druim aige cho leathan le clár an chomhra sin
Seo purgóid anois duit agus caith siar í … Níl maith ar bith dhuit a bheith ag blaismínteacht mar sin di. Ól dhá druim í.
Dhá bhfaighteá "saighead" (feic saighead), bhí agad deoch uisce a ól dhá dhruim shul a n-innseochthá d'aonduine go bhfuair tú í. Bhainfeadh sin an ghaimh aisti
Cuirfidh mé mo rogha geall leat anois nach n-ólfa tú canna bláthaighe dhá dhruim. Sin é é. Níl acmhuinn ag duine mórán bainne a ól chor ar bith, ach d'ólfadh sé an tsáith bhuidhneach (Mhuimhneach?) de phórtar nó de fuisce. Cé'n chiall é sin
Tuilleadh tae annseo! Tá an cupáinín gágach seo ólta dhá dhruim agam. Bheadh agus a trí oiread dhá mbeadh sé ann. Tá mé spalptha leis an tart.
Aire dhuit! Tá sé thuas in éadan an "jug". Ólfaidh sé dhá dhruim é shul a fhéadfas aonduine é a thógáil uaidh. Níl cás ná náire fanta ann … Tá sé ólta aige anois, ach ní raibh ann ach an teirgéis déarfainn. "Jug mór fada agus bainne i bhfad siar," mar adeir an ceann eile
Th'anam ó'n "docks" é ól dhá dhruim é agus ná bí ag fágáil fuighleach ar bith ann. Ní mórán éadála é sin. Tá gasúir na tíre indon an méid sin a chaitheamh siar
7.
as cor, as buille, bambairne a dhéanamh de …, dhá mhaidí, dá chúrsaí, dá leas.
+–
Chuir an méid sin dhá dhruim uiliog é = chuir an méid sin dhá bhuille, nó as cor ar fad é; rinne sin cíor-thuaithbheall dhe críochnuighthe; chuir sin an driúll ar an dreall air; that completely upset his plans, or disconcerted him
Bhí sé ag dul siar ann bog te nó gur dhubhairt M. B. leis ag séideadh faoi, nach raibh de spré aice ach fiche punt. Shílfeá go raibh thob ann agus thob as aige annsin, ach ní maith gur chreid sé é in a dheidh sin. Ach casadh M. in a bhealach ag ceann an bhóithrín agus dubhairt sé leis go raibh mac S. Th. Sh. ann an oíche roimhe sin, agus mara bhfuair sé í, go bhfuair sé ugach maith. Chuir sé sin dhá dhruim ar fad é i gceann 'chaon tsórt
TUILLEADH (13) ▼
'Bhfuil a fhios agad céard a chuir de mo dhruim ceart críochnuighthe mé, an chaint a chaith tusa. Well, bhí mé siúráilte glan nach bhfeicfinn aon-amharc go bráth aríst air. Is mór an nidh a dhul ag baint mealladh as duine mar sin. D'agróchadh Dia ort é, bíodh a fhios agad
Bhí sagart thiar annsin ag seanmóireacht uair. Séard adubhairt sé go mba é an t-ól a chuir na h-Éireannaigh ariamh dhá ndruím aon-uair dhár fhiach (fhéach) siad le tada a dhéanamh. "Ba mheasa go mór fada do mhuintir na h-Éireann an druncaeracht" adeir sé "ná Sasanaigh". Níl sí go maith. Tá a fhios ag 'chuile dhuine againn é sin
Shílfeá nach ndeacha sé ag an gcéilidhe. Céard a bhac é meastú? Bhí sé le dhul bog te ar maidin ann. Chuir rud eicínt dhá dhruim é muis. Marach gur chuir ghabhfadh sé ann agus cho líomhtha agus a bhí sé chuige
Bíonn sé ag gabhail ag pósadh 'chuile mhí ins an mbliain, ach cuireann rud eicínt dhá dhruim é i gcomhnaí, má's fíor dó féin. Anuiridh bhí sé "socruighthe" tigh Sh. L. ach níor phós sé í in a dheidh sin. Deir sé féin go dtáinic scéala as Ameriocá aige na laetheanta céadna gur bhásuigh dearbhráthair leis ann. Is tráthamhail go mbíonn rud eicínt len a chur dhá bhuille igcomhnaí. Sílim go bhfuil sé fearacht go leor eile: thob ann agus thob as aige, agus faitíos air 'nuair a theigheas sé ar an scian is géire nach mbíonn sé dhá fháil sáthach maith. Dheamhan duine a chonnaic mé ariamh ar an ealadhain sin, nach mbuailfí air í — ágóid eicínt — ins an deireadh. 'Sé dioghaltas Dé é
Ara bíodh unsa céille agad a dhuine sin. Ní chuirfeadh rud fánach mar sin duine ar bith dhá dhruim. Ar scáth focal cainte. Tabhair cead a gcinn dóibh. An uair a bhéas siad tuirseach eireochaidh siad as. Má thugann tú áird ar sprus-chaint de'n tsórt sin, beidh tú thar bharr do chéille 'chuile lá ins an mbliain
Is diabhlaí an báireóir é M. Bh. Tá sé an-tráthamhail go deo. Chuir an cúl sin a chuir sé amach muintir an Ch. dhá ndruim uiliog. Níor fhan maith ná maoin leo uaidh sin amach.
Bíonn gláimhthéisc agus gárdaí an tsaoghail mhóir aige. Shílfeá len a chloisteáil ag clabaireacht mar sin go ndéanfadh sé cat agus dá rioball, ach is furasta a chur dhá dhruim in a dheidh sin. Níl aon-chur leis ann nuair a theagas an crudh ar an táirnge
Dar fiadh muis, níl sé cho réidh sin C. a chur dhá dhruím má chaitheann sé rud in a chloigeann ceart. An bhfaca tú an uair ar shíl an sagart a bhacadh faoi'n talamh. Dar príosta níl a fhios agam cé aca is mó a raibh deifir ag imeacht an lá sin air — ar an sagart, nó air féin. Duine an-intinneamhail é C.
Mara bhfuil indán agus go bhféadfaidh na Gearmánaigh anois a gcur dhá ndruim le ínntreacht ar bith eile, tá faitíos orm go mbuailfidhear iad. Is suarach an t-íongnadh é agus a bhfuil d'amhuis ins an domhan in a n-éadan. Ní fhéadfadh tír amháin dhá fheabhas í a bheith inchinnte ar an domhan ar fad
'Sé'n t-ól a chuir dhá dhruim é. Marach sin, ní raibh cinneadh go deo leis. Deir siad rud ar bith a léighfeadh sé nó a chloisfeadh sé uair amháin go raibh sé aige len a shaoghal. Nachar mhór an feall é. Ach tá ag duine an t-ól a sheachaint. Mara seachnuighidh, beidh a chuid féin ag an ól.
Chuir sé dhá dhruim é le'r ól sé = bhánuigh sé é féin le'r ól sé
Ní chomhnóchaidh sé go gcuirfidh a chuid óil dhá dhruím é
'Sé'n peann a d'fhága dhá dhruim é. Bhí sé ro-ghasta ar fad leis, ag cur isteach leitreachaí faoi 'chuile dhuine. Chuir sé isteach ceann eicínt faoi dheireadh, a d'fhága a chosa nighte. Ní díol truaighe ar bith é. "Is mairg a bheadh go h-olc agus go bocht in a dhiaidh", is mairg sin.
+–
Tá mé curtha de dhruim seoil agad = mé a chur as rud a dhéanamh; mearbhall a chur orm faoi'n rud a bhí fúm a rádh, nó mé a chur amú ar mo cuid chainte; mé a chur as cor nó as cúrsa, nó as mo bhuille; rud a dhíothláithriú, a chur in ísle-bhrigh nó a chlaoidhe; fiar nó leath-bhord a bhaint as rud; mearbhall, dul-amú nó ciméar a chur ar dhuine; agus rl.
Ní chomhnóchaidh tú nó go gcuirfidh tú an gearrbhodach bocht eile de dhruim seoil, th'éis an tsaint atá aige ins an ngearrchaile sin. Ba cheart duit scruball a ghlacadh ann. B'fhéidir go ndéanfadh duine eicínt an cleas céadna ort féin fós
TUILLEADH (15) ▼
Bhí an saoghal ag féithiú leis thar cíonn, ach chuir bás a mhná de dhruim seoil é. Uaidh sin amach leig sé siléig is 'chuile shórt, agus dhíol sé an áit ar fad ins an deireadh. Is dóigh gurb é Sasana a thug sé air féin.
Is deacair deirimse leat Debhalera a chur de dhruim seoil anois … 'Ar ndú, seo é aríst é. Bíodh a fhios agad go bhfuil sé cho daingnighthe anois, agus nach gcuirfidhear as an áit a bhfuil sé é go ceann fiche bliain ó indiu. Foighid ort go go bhfeicidh tú!
Tá faitíos orm go gcuirfidh siad an Ghearmáin de dhruím seoil dhá fhada go dtí é. Ní congnamh maith di na tíreannaí eile sin ar fad a bheith ag eirghe as an gcogadh. Fágfaidh siad in a cadhan aonraic í ins an deireadh
'Sí do chuid clabaireacht' a chuir de dhruim seoil mé. Tá sé ag dul 'un seachmaill orm anois. Foighid ort go dtosuighidh mé aríst é. Ní raibh focal dó (dhe) sin, nach raibh agam ó thús go deireadh scathamh. Ach tá an chuímne ag imeacht uaim uiliog anois
Ní chomhnóchaidh siad len a gcuid dlí go gcuiridh siad de dhruim seoil an duine bocht. Cé'n t-údar atá aca dhó anois? Breagh nach leigfidís dó. Siúd é atá orra: ag iarraidh a dhíbirt as teach agus as talamh atá siad, go mbeadh a bhfuil ann aca féin
Ag an mbaile seo aghainne a bhí buadh troda ariamh, ach shílfeá go bhfuil muid de dhruim seoil le goirid ag an gC. Dh. Ní raibh sé amhlaidh scathamh muis. Ba bheag an sceaimhínteacht deirimse leat a bheadh ag an dream sin, ag dul thar bhóthar an bhaile seo. Ach airigheann siad an líne atá suas anois ann claoidhte
Bhí T. Ch. agus R. B. oíche ar meath ar na ronnaigh. Tháinic siad isteach ar maidin nó indeireadh oíche, agus an bhfuil a fhios agad cá raibh siad: ins an gcrompán sin atá síos faoin A. Fh. Bhí an oíche cho geal leis an lá. Níl a fhios aca anois ná an lá sin céard a chuir de dhruim seoil iad. Ba mhaith meabhrach an fear igcurrach é R. B.
Tá togha an amhráin aige sin. Dheamhan díos (níos) fhearr a chuala tú ariamh. Agus in a dheidh sin féin ní bhfuair sé comhaireamh na sop i mBaile Átha Cliath ag an rud sin a bhíos ar siubhal ann … an t-Oireachtas, is fíor dhuit. Deir an dream a chuala é nach raibh rath ar bith leis. An iomarca a bhí ólta aige is cosamhail. Sin é a chuir de dhruím seoil é. 'Sé a bhí deas air
Fear an-áirdeallach a bhí annsin ag tiomáilt mótair. Ní óladh sé deoir ná snig. Agus feacha in a dheidh sin gur cuireadh de dhruím seoil é. Cuireadh agus i lár an lae ghléigil freisin. Dheamhan carr a chuaidh ariamh cheana ins an áit ar cuireadh é. Deir siad nach leithne an t-aer ná an timpiste. Is minic amhlaidh é, inDomhnach
Chuala mé go raibh an máistir scoile seo thoir de dhruim seoil faoi dheireadh thiar thall, dhá fhada dhá ndeachaidh sé leis. Níl aige ach an mhí seo: tá sé briste. Bíodh sé buidheach dhó féin anois faoi ghéilleadh do dhroch-chomhairleachaí. An té a chuirfeadh comhairle a leasa air, ní bheadh aige air, ach meas magaidh. Múinfidh an saoghal anois é
Sin é a chuir na "Blue-shirts" de dhruím seoil annseo. Mharbhuigh siad é, lé'r bhuail siad air, ach ba chuma sin. Bheadh sé in a choileaichín aríst lá ar na bháireach, agus é faoi dhó cho líomhtha aca agus a bhí sé roimhe sin. Spreag sé na daoine in a n-aghaidh cho mór sin, agus nach raibh goir aca léine ghorm a fheiceál ar thom féin nach ndéanfaidís míle píosa dhi. An gceapfá choidhchin le breathnú air anois go mbeadh an oiread sin díocais ann. Is corr-dhuine a cheapfadh
Bhí sé thar am an obair sin (roint a bheith ar fheamainn dearg agus ar fheamainn reatha) a chur de dhruim seoil. Ba deas í mo cheird muis: a dhul síos 'un a' chladaigh agus an ceathramhadh cuid de'n méid a gheobhfadh T. Th. a fháil, faoi rádh agus go raibh dhá ghabhaltas aige-san agus gan agam-sa ach leath-ghabhaltas. Is cosamhail go gcuireadh Dia gaoth andeas ann le go mbeadh a cheithre oiread tairbhe aige-san uirre agus a bheadh agamsa.
Ar an dá luath agus a mbeidh an cogadh thart a mhic ó, cuirfear an mhóin de dhruim seoil aríst. Meas tusa an mbeidh lucht bailte móra sásta móin a cheannacht aríst, ach a dteagaidh fairsingeacht ar an ngual. Diabhal baoghal in a gcroiceann orra. Níl ann ach a (an mhóin) tapú anois cho uain agus atá pighneachaí beaga dhá barr
Ní thaithnigheann liom an chorruighe atá agad ar an teine sin chor ar bith anois. Bhí sí ag cnádadh go breagh gur thosuigh tú ag dochtúireacht uirre. Is mór m'fhaitíos go gcuirfidh tú de dhruim seoil ar fad í. Tá geis ar an teine sin nach bhfuil aon-duine indon a deargadh ach mise. 'Sí an tuagh a bhaint as láimh an tsaoir duitse a dhul in a h-éadan
Níl aon-áit ó thígh deamhain go tígh diúin dhá mbeadh an ceann céadna ag tarraint ann nach gcuirfeadh sé de dhruim seoil. Bhí sé annseo aréir, agus shaghd sé an tsean-lánamhain sin in árachaí a chéile. Tá mé ag ceapadh nachar chuala aon-duine iad ag rádh focal arranta le chéile cheana le deich mbliana. Ach thairg sean-Mh. aréir maide a chur imbéal Ph. Sin é buac an aidhbheirseora sin: ag fáil ghrínn ar dhaoine ag troid
+–
Cuirfidh a chlann de druim tighe é, mara bhfuil ag Dia. = bánóchaidh siad é; fágfaidh siad ins an gcruth é, go gcaithfidh sé a theacht agus a sheilbh a dhíol nó a fhágáil
Agus tá sé de dhruim tighe faoi dheireadh. B'fhada an seasamh aige é. 'Sé atá sé a thuaradh dhó féin le fiche bliain: sreothuidhthe na tíre istigh aige de shiubhal oíche agus lae, agus é ag caitheamh óil aca. 'Sé an t-iongantas é, nach fadó an lá ab éigin dó a shiopa a dhúnadh
TUILLEADH (9) ▼
Tá S. Ph. de dhruim tighe ag an sirriam. Tháinic sé ann indiu roimhe lá agus níor fhága sé luach leithphighne ag gabhail leis. In ómós 'chuile shórt chreidim a tháinic sé air. Nach bhfuil a fhios agad nachar íoc sé siúd aon-phighinn chíosa ná airgead acraí leis an tsíorruidheacht
Is maith a chruthóchas S. Ch. nó cuirfidh an coinnleoir de mhac sin aige de dhruim tighe é dhá mhéad í a dheis. Tá sé in ainm agus a bheith ag dul in a dhochtúr ach sin í an dochtúireacht eile. An uair a bheadh aige a bheith istigh ins an gColáiste 'sé an áit a mbíonn sé thíos i bpárlús J. in éindigh le bean na mbrístí, ag cur óil uirre as cosa idtaca. Is maith an dóigh dhó a bheith ar an gceird sin! Deirim leat nach bhfágfaidh sé bonn bán ar a athair, sin nó tá airgead in a chocaí beaga aige
Th'éis go mbídís salach as éadan ar a dhútha (dhúithche) ariamh, níor chuir an M. aon-fhear de dhruim tighe. Bhí sé géar go maith faoi'n gcíos, an té a bhí in acmhuinn a íoc, ach an té nach raibh, ní chuirfeadh sé thairis sin de thréas air. Ba bheag ab ionann é fhéin agus "máistirí" eile. Feacha an B. a bhí annsin thiar a chuir as seilbh as cnáimh éadain iad. Bhí grádh diadha ins na M. … Togha Caitlicigh a bhí ionnta
Is gearr go mbeidh sé de dhruim tighe agus áruis má mhaireann dó. Ní dhearna sé smeach ar bith imbliana thar agus ariamh. Láighe níor chuir sé idtalamh ó tháinic earrach nó gur imigh sé, cé's moite de na cupla súileóigín fhataí a chuir fear fánaighe dhó. Nach diabhaltaí an spreallaireacht atá air seachas aonduine. Bhí áit theoluidhe aige muise dhá dtugadh sé aire dhó.
Má shaitheann sí siúd a liodán ann, cuirfidh sí de dhruim tighe agus talmhana é. 'Bhfaca tú cheana an uair a chuir sí dlí ar Sh. T. Céard a bhí dhá barr aige. Bhí, é a bheith bochtuighthe ó shoin. Níor íoc a raibh istigh agus amuigh aige costas na cúirte dhó an uair sin. Is fiú í siúd a sheachaint. Ubhall na h-aithne í, diúltaigheamuid di
Má's leat gan a bheith de dhruim tighe, leigfidh tú de chúrsaí de'n tsórt sin. Dheamhan duine ariamh dhá bhfaca mé ag plé leo, nach hé mála na déirce a d'fhágfaidís air ins an deireadh. Ag súil le gnóthachan a chailleas an cearrbhach adeir siad.
B'fhurasta duine a chur de dhruim tighe ins an am sin. Bhí an dlí uiliog dóib féin ag na tighearnaí, agus ní raibh aon-ghoir ag an duine bocht "druid" a rádh. Ach d'athruigh an saoghal ó shoin. Is maith an scéal gur athruigh.
Is beag an tsúil le Dia atá ag an gcreachadóir bradach ag iarraidh an dílleachta bocht sin a chur de dhruim tighe. Nach beag an luadh atá ag an sagart a dhul agus é a bhacadh. Shílfeá go mbadh é an rud ba lugha dhó treampán eicínt a chur air. Ach is dóigh gur thug sé lán laidhre dhó len a chur in a shost
Chuir sé de dhruim tighe é féin le'r ól sé = chuir sé de thaobh tighe é féin le'r ól sé
8.
amach agus amach; críochnuighthe.
+–
Ní fhágfaí in aon-choláiste faoin domhan é, nach gcuirfí druim díbeartha air as, mara indán agus go gcasfaí i gcoláiste "bligeárds" é go díreach. Bheadh sé in a cheann feadhain annsin (druim díbeartha a chur air = é a dhíbirt, a ruaigeadh, a ionnarbadh, a chur chun bealaigh de'n bhuidheachas)
Cuireadh druim díbeartha air uiliog as an tír seo. An t-am a raibh sé tugtha síos faoi'n ngearrchaile sin thoir, chuaidh an sagart go dtí é, agus d'fhuagair sé air a bheith ag imeacht go beo deifreach, nó go gcuirfeadh sé féin ag imeacht é. Go deimhin, níorbh áirge mhór ar bith i bpobal é
TUILLEADH (7) ▼
Ar an mbaile seo a bhí sé taithighthe uiliog tamall, ach cuireadh druim díbeartha air as. D'ionnsuigh seala de na gearrbhodaigh oíche é. Dheamhan ceo dhá chuid millteanais a chonnaic mé, ach bhí le rádh in a dheidh sin go raibh sé ag tabhairt scaibhtéaracht faoi deara dhó féin insan aimsir deireadh
Is diabhlaí nach bhfuil deoir phoitín ar bith ins an tír anois. Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid póilíos! Bhí sé fánach ag na póilíos an ceann is fhearr a fháil air, ach 'siad na misinéaraí a chuir druim díbeartha air. 'Siad a bhí deas air. An uair a thosuigh sé siúd ag scaimhléaracht agus ag loscadh mionnaí mhóra, níor leig an faitíos d'aonduine gan a chomhairle a dhéanamh mar a mbeadh bairillín bréan — poll fataí d'fhear — mar é sin thíos ann, go díreach. Ach duine ar an dioscán é sin … Tá a fhios ag an lá gur imigh an tsubháilce as an tír an lá ar imigh an poitín. Ba é "Bainne Dubh na Féile" é dháiríre
Meastú cá'id go dteighidh druim díbeartha ar na Sasanaigh as Cúige Uladh, nó an ngabhfaidh go bráth. Is fusa é a rádh ná a dhéanamh arsa tusa. Tá siad an-dubh ann, agus tá na Sasanaigh cho geanntáilte sin ann, agus go dtóigfidh sé aimsir a gcur de dhruim seoil. Déanann siad an-dícheannadh ar na Rúmhánaigh (Rómhánaigh = Caitlicigh) thíos ann, nach ndéanann. Ó tá rútaí Chromail go daingean annsin fós
Ba cheart druim díbeartha a chur ar na Ghiúdaigh sin ar fad as an tír, agus cead a thabhairt dóib a dhul ar ais go dtí an áit ar b'as iad. Ní éadáil ar bith ins an tír iad. Nach shin iad a chroch Mac Dé ins an gcrann. Chrochfadh agus aríst dhá bhfaghaidís luach saothair as a ucht. Is orra nach mbeadh an mhairg.
Druim díbeartha a bhí a chur air fhéin agus ar a dhreám as an tír, agus cead a thabhairt dóib a dhul anonn go Sasana ó's ann atá a gcroidhe. Bhí an-chion aca ar thighearnaí i gcomhnaí, ach ní fhaghann siad deis ar a gcuid brocamais a dhéanamh anois, mar a rinne siad roimhe seo do na B., nuair a chaith siad an bhean a bhí idtinneas cloinne amach chois an chlaidhe.
Dhá bhfairsingigheadh na h-easógaí chuirfidís druim díbeartha ar na luchain agus ar na francaigh. Deirimse leat gur beag an luch ná an fhrancach a lonnóchas ins an áit a mbeidh siad sin
Meastú an féidir druim díbeartha a chur chor ar bith ar an sionnach. Tá an baile — an tír arsa tusa — sladtha aige. Céard adeir tú leis a d'árduigh leis cearc de'n tsráid annsin indé go deireannach, as comhair mó dhá shúl. Airigheann sé go bhfuil púdar gann. Marach sin is beag de'n tsireoireacht seo a bheadh air in aice na dtighthe
9.
leirg fhada agus é cothrom go leor as a bharr.
+–
Is diabhaltaí an druím atá ann = leirg réidh fhada; talamh árd cothrom agus réim dhe indiaidh a chéile
Druim an Fhir Ruaidh, Druim an Bháire, Corr an Droma, an Druim, Scoil an Droma (ainmneachaí áiteacha. Tá an Druím a bhfuil Scoil an Droma ann scaithín aniar ó Bhaile na Cille in Oileán Gharomna)
TUILLEADH (5) ▼
Tá an-druím soir ann.
Tá an druim sin ag dul ó Sh. an Gh. soir amach uiliog, go mbeiridh sí thoir ar thalamh C. an L. Aireochaidh tú cruadh teangmháilte faoi do chosa é, ach seachain na h-eascaidheachaí báidhte atá ó thuaidh dhe. Déanfaidh siad cíor-thuaithbhill dhíot, má eirigheann leat a dhul isteach ionnta.
Níl sé géar chor ar bith, arae ní cnoc atá ann ach druim réidh. 'Sé an cás céadna é le bheith ag siubhal ar an mbóthar sin amuigh. Talamh breagh roighin é. 'Seadh inDomhnach
Go gcuiridh Dia an t-ádh ort. Cá'il an talamh! Céard atá aige ach an druim siúd ó dheas de'n teach, agus níl fód saothruighthe istigh ar a corp sin. Riasc bradach gortach í ar fad. B'fhéidir go ndéanfaí talamh cuir di, ach m'anam dhá ndéantaí go mbadh le anró agus allus é. Ach pé aca sin é, bheadh an iomarca d'árd ann len a leasú go rathamhail choidhchin.
Bhíodh muid ag bualadh báire annsin fadó. Sin é an fáth Druim an Bháire. Bhí druim uiliog siar ann go sruthán. Is beag a cheapfá sin anois, mar roisteadh uiliog é ó shoin ag daoine ag baint mhóna ann. Tá an mhóin féin ídighthe anois ann
10.
+–
Déan "druim bó" anois = cúig ins na clocha péire, nó ins na screaga. 'Sí an cúigeadh cúig í. Ceann de na clocha péire a chur ar dhruim do láimhe, agus í a chaitheamh suas ins an aer. An chuid eile de na clocha péire a bheadh in do ghlaic a leagan ar an talamh, agus ceann an aeir a fhastú ag teacht anuas
Tá tú as. Chinn "druim bó" ort. Má's breagh leat é, tosuigh aríst. Ach ní dhéanfaidh tú aon-chúis an geábh seo ach an oiread
TUILLEADH (1) ▼
Rinne tú "bolg bó" ceart go leor. Traoiáil "druim bó" anois. Mar seo …
11.
·
Bhí siad ag déanamh bois ar druim = cluiche gasúr (fc. bos)
12.
Druim-dhearg, druim-fhada, druim-ghéar agus rl. = aidiachta as druim: is furasta adhmad a bhaint as a gcuideanna len a dtuiscint.
+–
Is aisteach an dath atá ar an laogh a rugadh dó. Druim-dhearg atá sé
Is druim-ghéar an bhó í = druim-ghéar chorr-chnámhach aice
TUILLEADH (1) ▼
Capall druim-fhada í = druim an-fhada aice
Druim in iontrálacha eile (29)
Ara beannacht Dé dhuit — a dhul ag cuartuidheacht an tráth seo d'oíche agus mé in mo dhall dúda le codladh. An bhfuil a fhios agad go raibh an oíche thar druim aréir 'nuair a chuaidh mise a chodladh … bó a bhfuil a h-aimsir caithte agus shílfeá go raibh an-chosamhlacht uirre in am-suipéir aréir. Bhí na grianáin "sleaiceáilte" (slackáilte) aice, ach mar sin féin níor rug sí
Bhain siad an dara thairt as shul a d'fhéad sé an fhaic a fhastú! 'Dhiabhail is é a fuair garbh é! Baineadh aithinneadhachaí as an druim aige deirimse leat
→
deasú
Tá na Sasanaigh caithte amach aríst druim ar ais as an nGearmáin. Rath a gceirde anois orra! Sin é an deasú orra! B'fhéidir nach mbeadh a leath-oiread gaisce aca aríst go ceann scathamh
Ní bheadh aon-ghnotha againn na h-aistreáin sin a thabhairt orainn féin ar ghealach dheirceach mar atá ann na h-oícheanntaí seo. Fan nó go dtigidh lán gealaighe, agus déanfaidh muid cuairt go maidin ann. Ma gheibhim-se mé féin istigh in a chlúid, ní chorróchaidh fear agus píce aisti mé, nó go mbeidh an oíche thar druim
Coinnigh an meáchan roint siar 'un deireadh. Tá sé ar fad faoin a druim (ualach ar chapall)
+
→
deis
Níl deis ar bith agamsa aon-bhuille oibre a dhéanamh. Feiceann tú féin an chaoi atá orm. Bíonn an mhaidin thar druim shul a bhíos freastal déanta agam ar bheithidhigh agus ar ghamhna
TUILLEADH (1) ▼
Cuir deis ar an gcoca féir sin agus ná bíodh leath-mhaing mar sin air. An chéad-sinneán a thiocfas, ionntóchaidh sé druim ar ais é
→
díocas
Amach leo ins an iothlainn agus chonnaic siad coca féir ann a bhí ídighthe roint as a bhun. Thosuigh "set" aca ag teacht de rithte reathach faoi ar 'chaon taobh agus ag baint a ndíocais mar sin as an gcoca. B'fhearr ag baint a ndíocais as an gcoca iad ná as rud eicínt eile arsa tusa. Chuir siad druim ar ais é ins an deire. Tá mé ag ceapadh go raibh T. le buile agus le báine
→
díol 1
Is mór faoi'n a luach a dhíol sé an chruach mhóna sin. Dhá ndíoladh sé faoin a druim í, an uair a d'éiligh J. a ceannacht, is mó a bheadh aige dhá barr, ná mar rinne sé
→
dócúil
Docamhail ar na mádraí céadna! Níor chodail mé aon-néal aréir aca nó go raibh an oíche thar druim, ach iad ag sclamhadh agus ag glafarnach ar an tsráid.
→
dol 2
Cuir dhá dhol den rópa tosaigh sin ar an stuaicín, agus fáisc an "chruib" (mhóna) go maith faoin a druim. Ní móide go mbeadh aon-chall dom a fáisceadh aríst nó go dteighinn Gaillimh
→
dólom
Ara beannacht Dé dhuit tá an áit sin dólom ar fad. Níl slí ná faghaltas ann. Cé'n chaoi a mbeadh agus cho maoilscreamhach agus atá an druim siúd soir ar chúla na dtighthe. Níl cion píosa talmhan' ar a fhuaid, ach leac ar fad. Sin é an méid
→
drabhlás
An drabhlás — an drabhlás ní dhá roint leis é. Ag imeacht ag caitheamh a chuid ag mná ósta. Agus níorbh iad sin féin ba mheasa dó dhá dhonacht iad, ach mná tharta. Agus bhíodh an oíche caithte thar druim an uair a thaobhuigheadh sé an teach ins an am a dtaobhuigheadh sé é. Gan eirghe go h-eadarshuth annsin, agus beithidhigh chuile dhuine ar a chuid, agus an tír ag baint bearraidheachaí dó (de). Nach shin é do dhóthain
→
driog
Is beag nar phréach mé thiar leis an dorus dúinte. Bhí an seoideadh isteach ann: gaoth thollta freisin. D'airigh mé drioganna ag rith síos le mo chaol-druim, agus bhí mo chroidhe ag eitealla leis an bhfuacht.
+
Chuadhamar isteach ann, ach 'sé a raibh dhá bharr againn druim-dhiúltú. Dar leat, ní mórán gean ar bith a bhí aige orainn as ucht a theacht dhá iarraidh. Bhí scathamh eile muis, agus ba mhaith leo aca an deis. Ach tá an iomarca glaodhach anois air, agus é ar a ghainne
TUILLEADH (5) ▼
Ní ghabhfaidh mé isteach annsin, le druim-dhiúltú a fháil. Is maith atá a fhios agamsa, cé'n fháilte a bhéas romham annsin. Ní maith liom a dhul ag brughadh ar an doicheall nó go gcinnidh orm.
Bhuail mé soir aige annseo uair nach raibh aon-ghráinne "diúain" (guano) agam, ná a luach. Bhí sé istigh romham ins an siopa. "An dtiubharfá céad "diúain" dom a Mhister F." arsa mise, "go ndíolaidh mé na muca." Thosuigh sé ag mungailt faoin a fhiacla, agus síos leis go tóin an tsiopa. Tháinic beirt nó triúr cuisliméaraí isteach. Thosuigh sé ag dradaireacht leo, agus choinnigh sé ag caint iad an fhad agus a d'fhéad sé. D'imigh siad, ach d'fhan seisean thíos ag méirínteacht le páipéir, agus níor thaobhuigh sé aníos mé fhéin, nó go dtáinic cuisliméara eicínt eile. "Go bráth aríst" arsa mise liom fhéin, "ní bhfuighidh tú an deis druim-dhiúltú a thabhairt domsa aríst, dhá dteighinn a chodladh in mo throscadh." Ó'n lá sin go dtí an lá atá indiu ann, níor sheas mise istigh in a theach, ná níor fhága mé luach na cianóige aige
Ní thiubharfainn de shásamh dhó anois, dhá mbadh mé thusa, go dtiubharfadh sé druim-dhiúltú dhom. Fan uaidh ar fad. Is furasta dhuit scoilb a fháil dhá fhuireasbhaidh. Fagh iasacht carr agus capall ó dhuine eicínt, agus buail suas go M., agus beidh díol an bhaile agad ag teacht anuas duit. Maidir leis sin agus len a chuid sailighe suaraighe, shílfeá gurb í Coill Mhór na Creatalaighe atá aige, tá sé cho ceanamhail sin uirre
Ní bhfuigheadh mo leithide-sa ach druim-dhiúltú ó'n sagart sin. Ach bheadh gnaoi thairis sin aige ar an té a mbeadh beann aige air: an té a bheadh ag sacadh corr-phunt isteach i gcúl a ghlaice anois agus aríst. Diabhal bréag nach maith spleádhach a bheadh sé leis an dream sin. Ach bíonn 'chuile shórt, adeir siad, ag luighe ar an lagar
Ní bhfuighinn ionnam fhéin druim-dhiúltú a thabhairt do dhuine ar bith ar an gcaoi sin. Ba mhór an rud le déanamh é. B'fhearr liom duine a leigean tharm cho réidh agus a d'fhéadfainn é ná a dhul ins an mbile buaic leis mar sin. Déanadh 'chuile dhuine a rogha rud ach sin é mo bhealach-sa.
Tá dhá oiread talmhana agad liom druim-scoilte = a dhá oiread go díreach glan, gan ceo chuige ná uaidh
→
dromán
Bhain sé cannda as bairille agus d'áitigh sé dhá rúscadh leis aniar ar an dromán. Dheamhan fuaim dhá raibh sé a bhaint as an dromán aige nach gcloisfeá in iar na tuatha. Tá ceart aige ar chuma ar bith, learsachaí (léasrachaí) a bheith ar an druim aige anocht. Dheamhan focal arranta adubhairt sé leis th'éise sin, ach é a thabhairt dhá shiubhal ar an dá luath agus a bhfuair sé é féin ar an mbóthar. Ghlac mé truaighe dhó, arae ní raibh láimh ná cois aige sin ins an míllteanas luath ná mall.
Tá an-spreacadh i gcnámha dromannacha an chapaill. Tá a chomhraidheacht len a chois. An bhfeiceann tú na h-ualaigh a tharraingeas sí. Is ar an druim a theagas an ceann trom de'n mheadhchan
→
dronnach
Nach hé atá dronnach as an druim! Bheitheá ag gabhailt air sin go ndéanfadh Dia Diarmuid (nó dearmad) díot, agus ní ghoillfeadh sé a dhath air
→
téigh as
Chuaidh sé amach ar fad as an druim ó a chonnaic mise go deireannach é. Is gearr go mbeidh sé cromta
Chaith sé scathamh fada ag iarraidh a dhul fúm agus é ag tnuthán go dtiubharfainn punt dó. Leig mise orm féin nach raibh a fhios agam cé air a raibh sé ag tarraint agus fios maith agam air. Bhí sé ag ceapadh go mbainfinnse an focal as a bhéal ach ba bheag an baoghal a bhí orm. Nuair a chinn air ins an deire d'iarr sé amach é, ach ní bhfuair sé ach druim-dhiúltú