Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Docamhail, Dócamhail
/dokū:l′/; /dōkū:l′/
docamhail is coitianta
ainm-fhocal, buineann
geineamhnach uathaidh: docamhla.
malrait socamhail, socamhal
cruadhtan, danracht, do-dhéantacht, easonóir, anró, tonnáiste, deacracht, teampán.
a.
·
Ní bheadh a fhios ag duine cé's fhearr an socamhail nó an docamhail scaithtí. Breathnuigh air seo amuigh. Ní cheal airgid atá air, ach cé'n sógh atá ar an saoghal aige in a dheidh sin, lá agus go bhfuil sé féin agus a bhean in árachaí a chéile 'chuile ré soluis.
·
Is deacair tada a dhéanamh ag docamhail (dócamhail, docamhlacht) na h-aimsire = an aimsir a bheith cruadh feannta fliuch
Chaith fuirgheacht calaidh trí seachtainí orainne cheana igcéibh an S. ag docamhail aimsire. D'imigh liom fhéin i leith faoi dheireadh agus d'fhága mé an bád agus a raibh ann annsin. Ní dheacha mé soir aríst nó go raibh sé in araidheacht a dhul 'un fairrge
·
Shílfeá go mbeadh duine ag saothrú an tsaoghail annseo ach tá 'chuile shórt ceart ach docamhail na fairrge in a dheidh sin. Dheamhan greim a gheobhas bádóir nach greim saothruighthe é
Beannacht Dé dhuit! Ní chuirfinn bó ar bith siar ann, agus gan fios agam nach basctha a bheadh sí trathnóna. Ní mó ná na gabhair atá in don docamhail na mbreaclachaí sin a mharaidheacht (bharraidheacht?)
b.
+
Docamhail ort! (eascaine) = nar eirighidh leat gan anró, agus teampáin; nar theighidh tú 'un tosaigh
Docamhail air le caoi a bheith air. Ó tá indán agus gur chuir sé sin de threampán ormsa, ní bheidh aige ach malrait, dar diagaí
TUILLEADH (3) ▼
Docamhail ort mar asal, mara tú atá roighin!
Docamhail air agad! Caith in aer é feasta agus ná bíodh muid bodhruighthe aige níos fuide
Docamhail ar na mádraí céadna! Níor chodail mé aon-néal aréir aca nó go raibh an oíche thar druim, ach iad ag sclamhadh agus ag glafarnach ar an tsráid.

Féach freisin