Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Druimscoilte
aidiacht.
Fuaim — í atá ar an e dheireannach ins an bhfocal scoilte — aidiacht bhriathar i gcomhnuí
glan; rointe go cruinn comh-ionann; barrainneach; cinnte.
+
Tá dhá oiread talmhana agad liom druim-scoilte = a dhá oiread go díreach glan, gan ceo chuige ná uaidh
An uair a roinntí an fheamuinn fadó ins an gcladach cheithre oiread linne druimscoilte a d'fhaghadh J. Ba shin é a chion, de réir mar a bhí na gabhaltais. Bhí dhá gabhaltas aige-san, agus muide ar leath-ghabhaltas. Nach muid a bhí in a' (ar) n-amadáin an uair sin féin, (ag) ghá(r) marbhú féin ag cruinneál feamuinne dhóib sin, agus gan muid ag fáil ach cuid Pháidín de'n mheacan di in a dheidh sin. Bhí a shliocht air: caitheadh suas an obair sin. An té is túisce aice anois, is aige a bhéas sí. Níl ann ach an sciob-sceab. Is fada a chaith siad ag cur in a aghaidh sin féin, agus ag tuineamh linn í a roint, ach bhí maith dhóib ann go deimhin!
TUILLEADH (6) ▼
An uair a fuair an t-athair bás roinneadh an áit druimscoilte idir an triúr mac. Sin é a d'fhága 'chaon duine aca ag scríobadh leis an ngánntan. Bhainfeadh duine amháin nó beirt féin b'fhéidir beatha mhaith amach ann, ach ní raibh díol an tríomhadh duine ann, gan an triúr a bheith ar an gcaolchuid. Bhí deis agus bráigill ag an athair ach is maith bocht iad an chlann anois
'Bhfuil 'fhios agad an chruach a bhí amuigh agamsa anuiridh ar an mbóthar thiar. Bhí a dhá oiread móna druimscoilte innte agus atá i gcruach na bliana seo. Sé "lorry" a bhí i gcruach na bliana anuiridh. Tá trí lorry ins an gcruaich seo. Diabhal fód thairis. Cuirfidh mé mo rogha geall leat
Roinn muid an lucht feamuinne druimscoilte — leath ag an duine. Dheamhan crann ná crann a cuireadh air. Thug mé breith a's dhá roghain do Sh. Rinne sé roghain go díreach ar an leith a thiubhar[fainn] féin dó, dhá bhfaghainn breith mo bhéil féin. Níor leasuigh mo chuid-se ach an dá chúl thoir de gharrdha Dh. Fh. agus an cúl ó dheas. Bhí scaipiúch bheag d'fhuighleach agus chaith mé isteach í ar an bpóicín sin thiar le h-aghaidh "mangols". Leasuigh cuid Sh. Garrdha na C. dó agus an T. Á. Ba mhó an drabhlás a bhí in a chuid-seisean ar chuma eicínt, aindeoin go ndearna muid an dá leith druimscoilte di mar atá mé th'éis a rádh leat
Fuair S. a thrí oiread druimscoilte le 'chaon duine de'n chlann. Ach nach hé an cás céadna é ar ball. Ar an gclann a thuitfeas sé ar fad — 'chuile chianóg ruadh dhó (dhe)
Mise a bhí ins an gcladach idtosach, ach bhí siadsan ann go dlúth in mo dhiaidh. Chuir mise comhartha ar ar fhéad mé de'n fheamuinn, ach bhí a thrí oiread aca-san liom druimscoilte. Ba dóib ab fhusa. Nach raibh cúigear aca ann agus mise in m'aonraic
Má roíntear an criathrach chor ar bith roínfear druimscoilte ar an mbaile é. Déanfaidh siad tórainneacha agus cead ag 'chuile dhuine annsin a chuid féin a fhálú má's breagh leis. Dheamhan an miste leo siúd dá mbeadh dlí faoi 'chuile lá ins an tseachtain. Nach hé a mbuac é: tuilleadh saothruighthe dóib fhéin
+
Ní fhaca mé aon-lá de'n mhíádh ariamh nó go ndeacha mé i bpáirt leis. Tugaimse mo mhallacht do'n [...]mhar aríst go deo. Dhíol muid cheithre "lorry" mhóna i mbliana. Mise a fuair a h-anró ar fad. Mé féin [agus na] gearrchaileadha. Ní theagadh seisean 'na phortaigh go dtí an dó dhéag 'chuile lá. Ach meann tú in a dheidh sin nach raibh sé ag iarraidh dhá leith druimscoilte a dhéanamh dhá luach, agus leath a bheith aige-san cho maith liomsa. "An bhfuil caint ar bith agad ar na gearrchailleadha" arsa mise. "Nach iadsan a shaothruigh uiliog í". "Gheobhaidh mise leath" adeir sé "nó beidh a fhios agam cé'n fáth. Mo chuid portaigh-sa a baineadh uiliog". "Bíodh aice i mbliana", arsa mise, "ach go lá na leice aríst, ní bhainfidh mise aon-fhód móna i bpáirt le aonduine"
Chuala mé an t-údar sagairt seo atá ag P. ag innseacht scéil oíche a raibh sé ibhfus againn anuiridh: beirt dearbhráthar a bhí ag troid faoi thalamh a d'fhága a n-athair aca. Ní raibh duine aca sásta leis an méid a d'eirigh leis féin dó, agus thug sé an ceann eile 'un dlighe ag iarraidh tuilleadh a bhaint dó. Diabhal easna de'n bhreitheamh, nó de'n ghiúistís, nó hébrí céard a bhí ann, nach nglaodhann amach air — agus orra uiliog — go bhfeicidís an talamh. "Tá tú ag rádh" adeir an breitheamh "go bhfuil sé ag déanamh leath-chuma ort. Roínn anois é mar is áil leat féin. Roínn "faireáilte" é — in a dhá leith druimscoilte". Roínn. "Bíodh breith agus dá roghain agadsa anois ar do rogha leithe" adeir sé leis an gceann eile. Meas tusa nach raibh an fear sin díreach?
TUILLEADH (1) ▼
Beirt dearbhráthar a bhí ann agus deirbhshiúr. Bhí an deirbhshiúr pósta agus triúr cloinne aice. Níor phós ceachtar de na dearbhráthrachaí ariamh. 'Séard a rinneadh leis an udhachta cheithre leith druimscoilte a dhéanamh di, cuid ag 'chaon dhuine de na dearbhráthracha, cuid ag an deirbhshiúr, agus cuid eile ag a clann eatorra. Deirimse leat go mbadh bheag é cuid an duine di, an uair a bhí sí roínte amach agus a ailp féin bainte ag 'chuile dhuine aisti. Ara ag na dligheadóirí a bhí an ceann reamhar di — 'deile

Druimscoilte in iontrálacha eile (1)

 
Mharbhuigh sé muic faoi Nodlaig — ceann a bhí suas le chúig clocha déag meadhchain ar a cois. Chuir sé oiread na fríde againn — díol béilí amháin. Níor dhéircighe dhuinn é. Dar mo choinsias níor chumaoin dó. Dheamhan ceo a bhí annseo ariamh nachar roinneadh druimscoilte leis — nachar roinneadh sin. Béidh a shliocht air: an rud céadna a dhéanamh leis aríst