Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
droimscoilte
aidiacht
fuaim: í atá ar an e dheireanach sa bhfocal scoilte (aidiacht bhriathartha) i gcónaí
glan; roinnte go cruinn comhionann; barainneach; cinnte.
+
Tá dhá oiread talúna agat liom droimscoilte — a dhá oiread go díreach glan, gan ceo chuige ná uaidh
Nuair a roinntí an fheamainn fadó sa gcladach, cheithre oiread linne droimscoilte a d'fhaigheadh J. Ba in é a chion de réir mar a bhí na gabháltais. Bhí dhá gabháltas aigesean, agus muide ar leathghabháltas. Nach muid a bhí ina (ár) n-amadáin an uair sin féin, (ag) dhá(r) marú féin ag cruinneáil feamainne dhóibh sin, agus gan muid ag fáil ach cuid Pháidín den mheacan di ina dhiaidh sin. Bhí a shliocht air: caitheadh suas an obair sin. An té is túisce aici anois, is aige a bheas sí. Níl ann ach an sciob sceab. Is fada a chaith siad ag cur ina aghaidh sin féin agus ag tuineadh linn í a roinnt, ach bhí maith dhóibh ann go deimhin!
TUILLEADH (6) ▼
Nuair a fuair an t-athair bás roinneadh an áit droimscoilte idir an triúr mac. Sin é a d'fhága chaon duine acu ag scríobadh leis an nganntan. Bhainfeadh duine amháin, nó beirt féin b'fhéidir, beatha mhaith amach ann, ach ní raibh díol an tríú duine ann gan an triúr a bheith ar an gcaolchuid. Bhí deis agus brá gill ag an athair ach is maith bocht iad an chlann anois
An bhfuil a fhios agat an chruach a bhí amuigh agamsa anuraidh ar an mbóthar thiar. Bhí a dhá oiread móna droimscoilte inti agus atá i gcruach na bliana seo. Sé lorry a bhí i gcruach na bliana anuraidh. Tá trí lorry sa gcruaich seo. Diabhal fód thairis. Cuirfidh mé mo rogha geall leat
Roinn muid an lucht feamainne droimscoilte — leath ag an duine. Dheamhan crann ná crann a cuireadh air. Thug mé breith is dhá roghain do Sh. Rinne sé roghain go díreach ar an leith a thabharfainn féin dó, dhá bhfaighinn breith mo bhéil féin. Níor leasaigh mo chuidse ach an dá chúl thoir de gharraí Dh. Fh. agus an cúl ó dheas. Bhí scaipiúch bheag d'fhuílleach agus chaith mé isteach í ar an bpóicín sin thiar le haghaidh meaingeals. Leasaigh cuid Sh. Garraí na C. dó agus an T. A. Ba mhó an drabhlás a bhí ina chuid seisean ar chuma eicínt, ainneoin go ndearna muid an dá leith droimscoilte di mar atá mé théis a rá leat
Fuair S. a thrí oiread droimscoilte le chaon duine den chlann. Ach nach é an cás céanna é ar ball. Ar an gclann a thitfeas sé ar fad — chuile chianóg rua dhó (dhe)
Mise a bhí sa gcladach i dtosach, ach bhí siadsan ann go dlúth in mo dhiaidh. Chuir mise comhartha ar ar fhéad mé den fheamainn, ach bhí a thrí oiread acusan liom droimscoilte. Ba dóibh ab fhusa. Nach raibh cúigear acu ann agus mise in m'aonraic
Má roinntear an criathrach chor ar bith, roinnfear droimscoilte ar an mbaile é. Déanfaidh siad tórainneacha agus cead ag chuile dhuine ansin a chuid féin a fhálú más breá leis. Dheamhan an miste leo siúd dá mbeadh dlí faoi chuile lá sa tseachtain. Nach é a mbuac é: tuilleadh saothraithe dóibh fhéin
+
Ní fhaca mé aon lá den mhí-ádh ariamh nó go ndeachaigh mé i bpáirt leis. Tugaimse mo mhallacht don [...]mhar aríst go deo. Dhíol muid cheithre lorry mhóna i mbliana. Mise a fuair a hanró ar fad. Mé féin agus na gearrchailí. Ní theagadh seisean 'na phortaigh go dtí an dó dhéag chuile lá. Ach meánn tú ina dhiaidh sin nach raibh sé ag iarraidh dhá leith droimscoilte a dhéanamh dhá luach agus leath a bheith aigesean chomh maith liomsa. 'An bhfuil caint ar bith agat ar na gearrchailí,' arsa mise. 'Nach iadsan a shaothraigh uileag í.' 'Gheobhaidh mise leath,' adeir sé, 'nó beidh a fhios agam cén fáth. Mo chuid portaighse a baineadh uileag'. 'Bíodh aici i mbliana,' arsa mise, 'ach go lá na leice aríst, ní bhainfidh mise aon fhód móna i bpáirt le aon duine'
Chuala mé an t-údar sagairt seo atá ag P. ag inseacht scéil oíche a raibh sé abhus againn anuraidh: beirt dearthár a bhí ag troid faoi thalamh a d'fhága a n-athair acu. Ní raibh duine acu sásta leis an méid a d'éirigh leis féin dó agus thug sé an ceann eile chun dlí ag iarraidh tuilleadh a bhaint dó. Diabhal easna den bhreitheamh, nó den ghiúistís, nó hé brí céard a bhí ann, nach nglaonn amach air — agus orthu uileag — go bhfeicidís an talamh. 'Tá tú ag rá,' adeir an breitheamh, 'go bhfuil sé ag déanamh leathchuma ort. Roinn anois é mar is áil leat féin. Roinn faireáilte é — ina dhá leith droimscoilte'. Roinn. 'Bíodh breith is dá roghain agatsa anois ar do rogha leithe,' adeir sé leis an gceann eile. Meas tusa nach raibh an fear sin díreach?
TUILLEADH (1) ▼
Beirt dearthár a bhí ann agus deirfiúr. Bhí an deirfiúr pósta agus triúr clainne aici. Níor phós ceachtar de na dearthárachaí ariamh. Séard a rinneadh leis an uachta, cheithre leith droimscoilte a dhéanamh di, cuid ag chaon dhuine de na deartháracha, cuid ag an deirfiúr, agus cuid eile ag a clann eatarthu. Deirimse leat go mba bheag é cuid an duine di nuair a bhí sí roinnte amach agus a ailp féin bainte ag chuile dhuine aisti. Ara ag na dlíodóirí a bhí an ceann ramhar di — deile

droimscoilte in iontrálacha eile (1)

 
Mharaigh sé muic faoi Nollaig — ceann a bhí suas le chúig clocha déag meáchain ar a cois. Chuir sé oiread na fríde againn — díol béilí amháin. Níor dhéircí dhúinn é. Dar mo choinsias, níor chomaoin dó. Dheamhan ceo a bhí anseo ariamh nár roinneadh droimscoilte leis — nár roinneadh sin. Beidh a shliocht air: an rud céanna a dhéanamh leis aríst